Cáin Mhótair
Réamhrá
Is ceanglas dlíthiúil é mótarcháin a bheith íoctha agat más mian leat d’fheithicil a thiomáint in áit phoiblí. Is muirear mótarcháin a ghearrann an Rialtas ar roinnt mótharfheithiclí. Bailíonn údaráis áitiúla mótarcháin.
Braitheann conas a mheasúnaítear d’fheithicil i dtaobh mótarchánach ar shaghas na feithicle atá agat. Mar shampla, déantar measúnú uirthi ar bhonn an mhéid seo a leanas:
- Bandaí astaíochtaí CO² le haghaidh gluaisteáin phríobháideacha a cláraíodh ó Iúil 2008 i leith agus gluaisteáin phríobháideacha a cláraíodh idir Eanáir agus Meitheamh 2008 a roghnaigh an bonn seo measúnaithe (Ní bhaineann seo le hiompórtálacha athláimhe a cláraíodh thar lear roimh 2008)
- Toilleadh innill (cc) le haghaidh gluaisteáin phríobháideacha a cláraíodh roimh Iúil 2008 agus feithiclí earraí príobháideacha, ar nós veaineanna
- Meáchan neamhualaithe le haghaidh feithiclí earraí tráchtála
Rialacha
Ní hamháin go leagann an dlí dualgas ort mótarcháin chun d’fheithicil a thiomáint, ach ceanglaítear ort fianaise a thaispeáint gur íoc tú aisti (is é sin, diosca reatha cánach) ar ghaothscáth d’fheithicle. Má theipeann ort diosca reatha cánach a thaispeáint ar d’fheithicil, meastar go bhfuil cion tiomána déanta agat agus eascróidh fíneáil mhuirir sheasta €60 as a eiseoidh maor tráchta nó Garda.
Tá feithiclí áirithe díolmhaithe ón gceanglas chun mótarcháin a íoc. Má eisítear iad in áit phoiblí, caithfear diosca reatha cánach a thaispeáint. I measc na bhfeithiclí atá díolmhaithe ón gceanglas chun mótarcháin a íoc, tá an méid a leanas:
- Feithiclí a dhéantar a dhíolmhú faoi na Rialacháin um Thiománaithe faoi Mhíchumas agus Paisinéirí faoi Mhíchumas (Lamháltais Chánach), 1994 (I.R. 353/1994)
- Feithiclí (aon rothar san áireamh ar a bhfuil ceangal chun é a thiomáint de chumhacht mheicniúil) nach bhfuil níos troime ná 400 kg meáchain (neamhualaithe), a dhéantar a oiriúnú agus a úsáidtear d’easláin
Féadfaidh tú teacht ar liosta d’fheithiclí díolmhaithe sna táblaí mótarchánach atá ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil.
Ó Eanáir 2016 i leith, laghdaítear an ráta mótarchánach do gach feithicil earraí tráchtála os cionn 4,000 kg, agus tugadh ráta nua bliantúil €500 d’fheithiclí idir 4,000 kg agus 12,000 kg agus ráta €900 d’fheithiclí os cionn 12,000 kg.
Athrú úinéireacht feithicle agus mótarcháin
Má dhíolann tú d’fheithicil nó má dhéanann tú í a thrádáil isteach le haghaidh feithicil ionaid, ní mór duit an t-athrú úinéireachta a chlárú. Déantar seo ar bhealach amháin as dhá bhealach agus braitheann seo ar cé acu ar cláraíodh nó nár cláraíodh an fheithicil i dtosach báire roimh nó i ndiaidh an 1 Eanáir 1993. Ní féidir leat íoc as cáin ar d’fheithicil nua go dtí go bhfuil clárú an athraithe úinéireachta tugtha chun críche. Féadfaidh tú stádas na feithicle a sheiceáil ar motortax.ie.
Ansin déanann tú an mhótarcháin a athnuachan ar an bhfeithicil agus Foirm RF100A á húsáid nó ar líne, faoi mar a ndéantar cur síos air thíos. Má tá an mhótarcháin ar d’fheithicil nua éagtha cheana féin, níl tú faoi dhliteanas íoc as an tréimhse riaráistí ó éag an diosca cánach deiridh go dtí deiridh na míosa díreach roimh an dáta a cheannaigh tú í.
Is cion é tiomáint gan mótarcháin a íoc, mar sin, níor cheart duit tiomáint go dtí go bhfuil deimhniú faighte agat gur tharla an clárúchán agus gur íoc tú an mhótarcháin. Féadfaidh tú níos mó a léamh inár gcáipéis ar athrú úinéireachta feithicle.
Diosca cánach a cailleadh a ionadú
Is féidir cáipéisí ionaid a fháil a bhaineann le mótarcháin. Soláthraítear thíos liosta cáipéisí agus an costas a bhíonn ar a n-ionadú;
Cáipéis | Costas ionaid |
Diosca cánach | €6 |
Leabhar/deimhniú cláraithe | €12 |
Deimhniú ceadúnaithe feithicle | €12 |
Chun cáipéisí ionaid a fháil, comhlánaigh Foirm RF134 (pdf) agus iarr go mbeidh comhalta den Gharda Síochána mar fhinné ar an bhfoirm seo ag stáisiún Gardaí. Seol d’fhoirm chomhlánaithe leis an táille chuí ar aghaidh chuig d’Oifig Mhótarchánach.
Aisíocaíochtaí mótarchánach
Is féidir, faoi chúinsí áirithe, chun aisíocaíocht ar mhótarcháin a éileamh. Ba cheart go ndéanfar d’iarratas ar aisíocaíocht go díreach le d’oifig mhótarchánach áitiúil, ar Fhoirm RF120 (pdf). I measc na gcúinsí inar féidir leat aisíocaíocht ar mhótarcháin a éileamh, tá an méid a leanas;
- Rinneadh an fheithicil a bhriseadh/a mhilleadh nó a seoladh go buan lasmuigh den Stát.
- Goideadh an fheithicil agus níor éirigh leis an úinéir í a aisghabháil
- Níor glacadh an fheithicil amach nó níor úsáideadh a fheithicil in áit phoiblí ag aon tráth ó eisíodh an diosca reatha
- Chuir úinéir na feithicle, mar gheall ar bhreoiteacht, gortú nó míchumas fisiciúil eile, deireadh le húsáid a bhaint as an bhfeithicil
- Chuir úinéir na feithicle, mar gheall ar asláithreacht ón stát ar mhaithe le cuspóirí gnó nó oideachais, deireadh le húsáid a bhaint as an bhfeithicil
- Chuir úinéir na feithicle, mar gheall ar sheirbhís thar lear leis na Fórsaí Cosanta, deireadh le húsáid a bhaint as an bhfeithicil
Caithfear dioscaí cánach a thabhairt suas láithreach mar gheall go ríomhtar aisíocaíochtaí, go ginearálta, ón gcéad mhí i ndiaidh an diosca a thabhairt suas. Ní mór trí mhí iomlána neamhéagtha féilire, ar a laghad, a fhágáil ar an diosca nuair a thugtar suas é. Sa chás go ndearnadh feithicil a bhriseadh, teastóidh deimhniú scriosta uait a eisíonn Saoráid Chóireála Údaraithe Feithicle a bhfuil a Ré Caite (ELV).
Feithicil nach bhfuil á tiomáint ar an mbóthar
Tugadh nósanna imeachta nua lena dhearbhú nach bhfuil feithicil á tiomáint ar an mbóthar ionas nach bhfuil ort íoc as mótarcháin don tréimhse sin. Ón 1 Deireadh Fómhair 2013, tá ort a dhearbhú roimh ré nach mbeidh d’fheithicil á tiomáint ar an mbóthar agus nach mbainfear úsáid aisti ar feadh tréimhse idir 3 agus 12 mhí agus leas á bhaint as Dearbhú um Neamhúsáid Mótarfheithicle Foirm RF150 (pdf). Ní mór an dearbhú um neamhúsáid a dhéanamh sa mhí chéanna ina n-éagann do dhiosca reatha mótarchánach. Má tá riaráistí mótarchánach le híoc, ní mór iad seo a íoc ina n-iomláine agus ní mór mótarcháin a íoc ar feadh 3 mhí, ar a laghad, chomh maith leis sin, sular féidir an dearbhú um neamhúsáid a dhéanamh.
Rátaí
Eisítear diosca mótarchánach ar feadh 3, 6, nó 12 mhí agus braitheann conas a ríomhtar an ráta ar shaghas na feithicle.
Baineann mótarcháin leis na feithiclí a leanas: gluaisteáin phríobháideacha, gluaisrothair, feithiclí earraí, tacsaithe, feithiclí móra seirbhíse poiblí (FSPanna)/busanna pobail agus feithiclí talmhaíochta agus feithiclí tógála foirgníocht tráchtála. Ar láithreán gréasáin na Roinne Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, féadfaidh tú súil a chaitheamh ar na rátaí mótarchánach. Chomh maith leis sin, tá rátaí mótarchánach ar fáil ag motortax.ie.
Ar láithreán gréasáin Power of One de chuid Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (an SEAI), féadfaidh tú súil a chaitheamh ar na leibhéil astaíochtaí CO² le haghaidh samhlacha éagsúla gluaisteáin.
Is ionann feithicil ‘seanré’, ar mhaithe le cuspóirí cánachais, agus feithicil atá 30 bliain d’aois nó níos sine. Nuair a dheimhnítear cé acu an gcáilíonn nó nach gcáilíonn an fheithicil do stádas ‘seanré’ – ní mór go léirítear go soiléir ar uimhir fonnaidh na feithicle agus leabhar cláraithe/deimhniú cláraithe na feithicle aois na feithicle.
Maidir le feithiclí nua nó athláimhe a cheannach, ní ghearrtar aon mhuirear ar shonraí faoi Athrú Úinéireachta a chlárú ag Oifigí Mótarchánach nó ag an Aonad Clárúcháin Feithiclí.
Conas iarratas a dhéanamh
Féadfaidh tú cáin a íoc ar fheithicil ar líne, nó tríd an bpost nó trí chuairt a thabhairt ar Oifig Mhótarchánach sa chontae ina gcoimeádtar an fheithicil de ghnáth.
Cáin a íoc ar fheithicil nua
Má tá d’fheithicil nua, teastaíonn ‘Iarratas ar Mhótarcháin den Chéad Uair’ Foirm RF100 uait. Tá seo ar fáil ón déileálaí gluaisteán nó ón duine ónar cheannaigh tú d’fheithicil. Nuair a dhéanann tú iarratas ar mhótarcháin den chéad uair, ní mór duit na cáipéisí a leanas a sholáthar ag d’Oifig Mhótarchánach áitiúil;
- Foirm RF100 gluaisrothar (pdf), feithicil eile (pdf)
- An táille chuí
Teastaíonn deimhniú faofa ó na Coimisinéirí Ioncaim do thiománaí/phaisinéir faoi mhíchumas, chomh maith, má tá an fheithicil díolmhaithe ó mhótarcháin faoi na Rialacháin um Thiománaithe faoi Mhíchumas agus Paisinéirí faoi Mhíchumas (Lamháltais Chánach).
Féadfaidh tú cáin a íoc ar fheithicil nua ar líne, chomh maith. (féach thíos)
Feithiclí earraí nó tráchtála
Tá riachtanais bhreise ann nuair a ghearrtar cáin ar fheithicil earraí/tráchtála. Má sháraíonn an t-ualach neamhualaithe 1,524 kg (Ollualach Feithicle 3,500 kg), teastaíonn duillín meáchain (ó dhroichead meáite údaraithe).
Mura sáraíonn an t-ualach neamhualaithe 1,524kg (Ollualach Feithicle 3,500 kg), teastaíonn foirm dhearbhaithe earraí RF111A (pdf) (ó Oifig Mhótarchánach). Ní mór go mbeidh comhalta den Gharda Síochána i Stáisiún Gardaí mar fhinné air seo.
B’fhéidir go dteastóidh fianaise bhreise go bhfuil an cháin chuí á gearradh ar an bhfeithicil, ar nós an mhéid seo a leanas:
- Deimhniú reatha árachas tráchtála don fheithicil
- Fianaise ar chlárú le haghaidh CBL
- Deimhnithe Imréitigh Cánach
- Fógra ar Fhoirm Chláraithe Cánach
Más fostaí thú agus má úsáideann tú d’fheithicil díreach ar mhaithe le hearraí a iompar i gcaitheamh d’fhostaíochta, teastóidh litir uait ó d’fhostóir a dhearbhaíonn amhlaidh. Ba cheart go dtabharfaí faisnéis sa litir, chomh maith, faoi d’fhostóir, ar nós chineál an ghnólachta agus a Uimhir Chláraithe Cánach.
Má tá an fheithicil bliain d’aois nó níos sine (mar shampla, má rinneadh í a iompórtáil), teastaíonn deimhniú ródacmhainneachta/ráiteas pas (ó thástálaí údaraithe). Má tá an fheithicil iompórtáilte, teastaíonn duillín meáite (ó dhroichead meáite údaraithe).
Feithiclí eile
Baineann na riachtanais bhreise a leanas le feithiclí eile:
- Ceadúnas FSP i gcás feithiclí beaga agus móra seirbhíse poiblí
- Ceadúnas Airteagal 60 le haghaidh busanna scoile
- Eisíonn tástálaí údaraithe feithiclí móra seirbhíse poiblí agus otharcharranna atá 1 bhliain d’aois nó níos sine deimhniú ródacmhainneachta/ráiteas pas
- Foirm dhearbhaithe feithicil tarrthála Foirm RF111B (ó Oifig Mhótarchánach) le haghaidh feithiclí tarrthála
Do mhótarcháin a athnuachan
Féadfaidh tú do mhótarcháin a athnuachan a fhad le 1 mhí sula mbíonn do cháin le dul in éag. Go ginearálta, tá dhá fhoirm ar fáil ar mhaithe le mótarcháin a athnuachan – Foirm Athnuachana Mótarchánach RF100A (pdf) agus Foirm Athnuachana Mótarchánach RF100B. Is í an t-aon difríocht idir an dá fhoirm seo ná gur foirm ríomhchlóite í RF100B a sheoltar chugat go huathoibríoch sa phost thart ar mhí sula mbíonn do cháin le dul in éag, agus tá RF100A ar fáil ó d’Oifigí Mótarchánach, leabharlanna poiblí agus stáisiúin Ghardaí.
Ní fhaigheann gach duine foirm sa phost, mar sin, is fútsa a bhíonn sé a sheiceáil cathain a rachaidh do cháin in éag. Ba cheart an fhoirm chomhlánaithe a sheoladh ar ais chuig d’Oifig Mhótarchánach áitiúil i bpearsan nó sa phost. (Féach ‘Cáin a íoc ar d’fheithicil ar líne’ thíos.) Má dhéanann tú iarratas i bpearsan, gheobhaidh tú do dhiosca nua láithreach bonn. Má dhéanann tú iarratas sa phost, ba cheart duit a fhad le 3 seachtaine a thabhairt sula bhfaighidh tú do dhiosca nua.
- Chun do mhótarcháin a athnuachan sa chás nach dtagann aon athrú ar an úinéir nó ar shonraí na feithicle (mar shampla, ainm, seoladh, nó toilleadh innill), féadfaidh tú Foirm RF100B a chomhlánú (foirm mheabhrúcháin ríomhairithe) nó Foirm RF100A a chomhlánú
- Chun do mhótarcháin a athnuachan sa chás go dtagann athrú ar shonraí an úinéara (ainm an úinéara, mar shampla), ní mór duit Foirm RF100A a úsáid
- Chun do mhótarcháin a athnuachan sa chás go dtagann athrú ar shonraí na feithicle ( mar shampla, toilleadh innill), ní mór duit Foirm um Athrú Critéar RF111 (pdf) a úsáid
Ní mór an táille chuí a sheoladh ar aghaidh le d’fhoirm athnuachana Teastaíonn deimhniú faofa ó na Coimisinéirí Ioncaim do thiománaí/phaisinéir faoi mhíchumas, chomh maith, má tá an fheithicil díolmhaithe ó mhótarcháin.
Feithiclí earraí agus feithiclí eile
Tá riachtanais bhreise ann i dtaca le feithiclí earraí agus eile nuair a dhéanann tú do mhótarcháin a athnuachan.
- Deimhniú ródacmhainneachta (DRA) a eisíonn tástálaí údaraithe do gach feithicil earraí, bus, cóiste agus otharcharr atá 1 bhliain d’aois nó níos sine
- Ceadúnas FSP i gcás feithiclí beaga agus móra seirbhíse poiblí
- Ceadúnas Airteagal 60 le haghaidh busanna scoile
Cáin a íoc ar d’fheithicil ar líne
Is féidir leat cáin a íoc ar fheithicil nua nó do mhótarcháin a athnuachan ar líne ag motortax.ie. Nuair a íocann tú cáin ar fheithicil nua, teastaíonn Foirm RF100 uait (atá ar fáil ó do dhéileálaí gluaisteán). Nuair a bhíonn do mhótarcháin á hathnuachan agat, teastaíonn Foirm RF100B (foirm mheabhrúcháin ríomhairithe) uait. Féadfaidh tú an mhótarcháin ar fheithicil athláimhe a cheannaigh tú le déanaí a athnuachan, ach ní mór gur tú féin úinéir cláraithe na feithicle (féach an cháipéis ar athrú úinéireacht feithicle).
Teastaíonn do chuid sonraí árachais agus cárta dochair nó creidmheasa chun an cháin a íoc. Ní féidir cáin a íoc ar líne ach ar na saghsanna a leanas d’fheithiclí; gluaisteáin phríobháideacha, gluaisrothair, tarracóirí talmhaíochta, tochaltóirí, comhbhuainteoirí, cóiste na marbh, feithiclí a oiriúnaítear d’úsáid ag daoine faoi mhíchumas, mótarcharbháin (seachas i gcás cáin a íoc den chéad uair) agus feithiclí seanré.
Féadfaidh tú mótarcháin a athnuachan a íoc ar fheithicil earraí/tráchtála ar líne a fhad agus go bhfuil deimhniú ródacmhainneachta agat atá bailí ó thús na tréimhse nua mótarchánach. Mura sáraíonn an t-ualach neamhualaithe 1,524kg (Ollualach Feithicle 3,500 kg), ní mór gur sheol tú foirm dhearbhaithe earraí RF111A chuig d’oifig mhótarchánach áitiúil.
Iarratas a dhéanamh ar aisíocaíocht mótarchánach
Chun iarratas a dhéanamh ar aisíocaíocht mótarchánach, is gá duit foirm RF120 a íoslódáil
agus a chomhlánú (pdf). Ba cheart go dtabharfaí le fios ar d’fhoirm
chomhlánaithe iarratais an diosca reatha cánacha agus an Deimhniú
Ceadúnaithe/Cláraithe Feithicle nó Leabhar Cláraithe na Feithicle. Má tá
aisíocaíocht á héileamh agat ar bhonn galair nó gortú, ba cheart duit
teastas dochtúra a chur san áireamh ó do dhochtúir nó do ghairmí
sláinte. Má tá aisíocaíocht á éileamh agat ar bhonn asláithreachta ón
Stát ar mhaithe le cuspóirí gnó nó oideachasúla, ba cheart go mbeadh
litir agat ó d’fhostóir nó do shaoráid oideachais mar fhianaise ina leith
seo. Ba cheart d’fhoirm iarratais chomhlánaithe a sheoladh ar ais chuig
d’Oifig Mhótarchánach, a dhéanfaidh d’iarratas a phróiseáil.
Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas
Is féidir leat do mhótarcháin a íoc ar líne ag www.motortax.ie.
Mar rogha air sin, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hOifig Mhótarchánach d’údaráis áitiúil chun teacht ar bhreis faisnéise agus chun do mhótarcháin a íoc. Tá faisnéis teagmhála do gach údarás áitiúil in Éirinn liostaithe i d’eolaire gutháin phoiblí.
Tá an tAonad Clárúcháin Feithiclí sa Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt freagrach as úinéireacht feithiclí a chlárú. Is féidir teagmháil a dhéanamh leo agus na sonraí thíos a úsáid:
Seirbhísí Ríomhaireachta Tiománaithe agus Feithiclí Rannán
An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt
Lár Bhaile na Sionna
Sionainn
An Clár
Éire
Teil:0818 411 412
Láithreán Gréasáin: http://www.dttas.ie/roads/english/motor-taxvehicle-registraton-nvdf
R-phost: Motortax@dttas.ie