An t-árachas mótair

Réamhrá

Caithfidh tú mótarárachas a bheith agat chun d’fheithicil a thiomáint ar bhóithre na hÉireann.

Tá mótarárachas in ainm is thú a chosaint in aghaidh dliteanais i gcás timpiste. Íocfaidh sé as costais réadmhaoin agus ghortuithe an tiománaí eile má dheimhnítear go raibh an locht ort as an timpiste. Má tá tú bainteach i dtimpiste agus má dheimhnítear nach raibh an locht ort, cumhdóidh árachas an pháirtí fhreagraigh do chostais.

Nuair a cheannaíonn tú polasaí árachais ó chomhlacht árachais, gheobhaidh tú diosca árachais agus deimhniú árachais. Caithfidh tú diosca árachais reatha a thaispeáint go soiléir ar d’fheithicil ag gach tráth nuair a bhíonn tú ag tiomáint. Caithfidh tú deimhniú reatha árachais a sholáthar nuair a íocann tú as do mhótarcháin.

Tá mar chuspóir ag an leathanach seo treoir agus comhairle phraiticiúil a sholáthar faoi conas a oibríonn mótarárachas in Éirinn.

Cuirtear eolas san áireamh ann ar an méid seo a leanas:

  • Saghsanna cumhdach árachais
  • Costas cumhdach árachais
  • Conas siopadóireacht a dhéanamh d’árachas
  • Mótarárachas agus tiomáint thar lear

Is féidir leat treoir a fháil ar an méid is gá duit a dhéanamh má bhíonn tú bainteach in imbhualadh um thrácht ar bhóithre ar láithreán gréasáin an Gharda Síochána. Cuireann Rialtas na hÉireann eolas ar fáil ar conas éileamh árachais a dhéanamh má tá tú bainteach i dtimpiste um thrácht ar bhóithre.

Saghsanna cumhdach árachais

Tá 3 shaghas mótarárachais ar fáil in Éirinn:

  • Tríú páirtí
  • Árachas tríú páirtí in aghaidh dóiteáin agus gada
  • Árachas cuimsitheach

Braithfidh cén saghas a roghnaíonn tú ar an leibhéal cumhdaigh a theastaíonn uait agus ar cé mhéid atá tú toiliúil a íoc.

Tríú páirtí

Is é árachas tríú páirtí an leibhéal íosta de mhótarárachas a theastaíonn in Éirinn agus ar fud an Aontais Eorpaigh (an AE) do gach feithicil.

Má tá tú bainteach i dtimpiste agus má tá an locht ort, ní chúiteoidh árachas tríú páirtí ach na páirtithe eile atá bainteach. D’fhéadfadh an t-árachas díobháil a rinneadh dá bhfeithicil nó aon ghortuithe a mbíonn siad thíos leo (do phaisinéirí san áireamh) a chúiteamh. Ní bhfaighidh tú aon chúiteamh as díobháil a rinneadh do d’fheithicil nó gortú a rinneadh ort féin.

Ní sholáthraíonn árachas tríú páirtí aon chumhdach as caillteanas nó díobháil a rinneadh do d’fheithicil mar gheall ar dhóiteán nó ar ghoid.

Árachas tríú páirtí in aghaidh dóiteáin agus gada

Is é árachas tríú páirtí in aghaidh dóiteáin agus gada an cineál mótarárachais is coitianta in Éirinn. Cuireann sé an leibhéal céanna cumhdaigh ar fáil a chuireann árachas tríú páirtí ar fáil ach go gcuirtear cumhdach breise ar fáil má dhéantar d’fheithicil a ghoid nó má dhéanann dóiteán díobháil di. Mura bhfuil an locht ort as timpiste, ní chumhdóidh árachas tríú páirtí in aghaidh dóiteáin agus gada thú as díobháil a rinneadh do d’fheithicil nó aon ghortuithe a mbíonn tú thíos leo.

Árachas cuimsitheach

Is é árachas cuimsitheach, i bhformhór na gcásanna, an cumhdach is costasaí ar an margadh. Cuireann sé an cumhdach céanna ar fáil a chuireann árachas tríú páirtí in aghaidh dóiteáin agus gada, ceadaíonn sé duit éileamh a dhéanamh ar dhíobháil a rinneadh de thimpiste do d’fheithicil féin, is cuma cé air nó uirthi a bhfuil an locht i gcás imbhuailte.

Cé go gcuireann árachas cuimsitheach an cumhdach is mó ar fáil duit, den chuid is mó, i gcás timpiste, is gnách nach gcumhdaíonn na polasaithe siúd ach costas na díobhála don fheithicil agus nach gcúitíonn siad tiománaithe as gortuithe a rinneadh dóibh féin.

Tiomáint gan árachas

Má theipeann ort mótarárachas a bheith agat nó má thiomáineann tú gan árachas in Éirinn, is gnách go ngearrtar na pionóis seo a leanas ort:

  • Fíneáil a mhéid le €5,000
  • 5 phointe pionóis; agus
  • Faoi lánrogha na cúirte, téarma príosúnachta nach faide ná 6 mhí.

Is féidir leis an gcúirt an cinneadh a dhéanamh go ndéanfar thú a dhícháiliú ó thiomáint, seachas pointí pionóis a ghearradh ort. Sa chás sin, dícháileofar thú ar feadh 2 bhliain nó níos faide i gcás an chéad chiona agus 4 bliana nó níos faide i gcás an dara cion a rinneadh laistigh de 3 bliana ó rinneadh an chéad chion.

Ba cheart duit a thabhairt faoi deara, sa chás go gcreideann comhalta den Gharda Síochána go bhfuil feithicil atá cláraithe in Éirinn (nó lasmuigh d’Éirinn) á húsáid in áit phoiblí gan árachas, is féidir an fheithicil a ghaibhniú.

Timpistí ina bhfuil tiománaí gan árachas bainteach

I gcás timpistí ina bhfuil tiománaithe gan árachas nó gan tásc bainteach, is é Biúró Árachóirí Mótar na hÉireann (MIBI) an comhlacht a chúitíonn na híospartaigh.

Caithfear aon éileamh ar dhíobháil phearsanta a sheoladh chuig an mBord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta (PIAB), ag an am céanna. Seo an comhlacht reachtúil a dhéanann measúnú neamhspleách ar chúiteamh do dhíobháil phearsanta d’íospartaigh thimpiste san ionad oibre, mótarfheithiclí agus dliteanais phoiblí.

Costas cumhdach árachais

Is é préimh árachais an íocaíocht mhíosúil nó bhliantúil a dhéanann tú le comhlacht árachais chun do pholasaí a choimeád gníomhach.

Deimhníonn an leibhéal riosca a mheasann árachóir a chruthaíonn tú mar thiománaí costas do phréimhe. Is féidir le hárachóir táille bhreise a ghearradh ar phréimh chaighdeánach chun aon riosca atá air a ghlacadh a chur san áireamh, i gcásanna áirithe. Tugtar ‘ualú’ air seo.

Caithfidh tú an t-eolas ábhartha go léir a nochtadh d’árachóir nuair a dhéanann tú d’árachas a cheannach i dtosach nó a athnuachan. Seachas sin, b’fhéidir go measfar go bhfuil an polasaí a cheannaíonn tú ina dhiaidh sin ar neamhní go hiomlán. Mura bhfuil tú cinnte cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil fíricí áirithe ábhartha, ba cheart duit iad a nochtadh don árachóir agus is faoin árachóir a bheidh sé ansin cinneadh a dhéanamh faoi.

Ón 1 Iúil 2022, ní féidir le comhlachtaí árachais méaduithe ar phréimh a ghearradh má fhanann tú níos faide leis an soláthraí céanna. Má dhéantar do mhótarárachas a athnuachan go huathoibríoch, caithfidh siad eolas breise a sholáthar freisin atá comhsheasmhach le soláthraithe eile. Déantar seo chun cabhrú leat breithniú a dhéanamh ar cibé acu ar cheart nó nár cheart duit soláthraithe a aistriú.

Tosca a dheimhníonn costas d’árachais

Déanfaidh comhlachtaí árachais breithniú ar na tosca seo a leanas nuair a bhíonn costas do phréimhe á ríomh:

Taithí. Go ginearálta, dá laghad taithí a bhíonn agat mar thiománaí, is airde is dóchúil a bheidh do phréimh. Déanann cibé acu an bhfuil tú ag tiomáint agus ceadúnas iomlán nó sealadach agat difear mór do chostas do phréimhe mótarárachais. Mura bhfuil ach ceadúnas sealadach agat, is féidir leat súil a bheith agat ná céadta euro sa bhreis a íoc ar do phréimh.

Stair éileamh. Fiafróidh gach comhlacht árachais an raibh árachas agat riamh roimhe seo i d’ainm féin. Mura raibh, fiafróidh siad díot ar thiomáin tú riamh faoi árachas duine eile gan bheith bainteach i dtimpiste. Cuirfear seo san áireamh nuair a ríomhtar préimh. Éiríonn árachas níos saoire de réir mar a fhaigheann tú níos mó taithí agus má bhíonn taifead tiomána gan pointí pionóis agat.

An áit a gcónaíonn tú. Is gnách go gcuirfear ualú i bhfeidhm orthu siúd a chónaíonn i gcathair mhór, go háirithe Baile Átha Cliath. Gearrfaidh roinnt comhlachtaí ualú freisin mura gcoimeádtar an fheithicil i ngaráiste nó ar chabhsán istoíche.

Méid d’fheithicle. Dá mhó inneall d’fheithicle, is mó a chosnóidh sé árachas a fháil di. Is éard is cúis leis seo ná gur dóchúla go mbeidh d’fheithicil bainteach i dtimpiste, de réir na staitisticí de, dá thapúla agus dá chumhachtaí atá d’fheithicil.

Aois d’fheithicle. Dá shine d’fheithicil, is deacra a d’fhéadfadh sé a bheith árachas a fháil di.

Luach d’fheithicle. Cuirtear luach feithicle san áireamh nuair a ríomhtar préimh d’árachas tríú páirtí in aghaidh dóiteáin agus gada, agus d’árachas cuimsitheach. Tá feithicil nua níos costasaí lena hathsholáthar ná mar atá seanfheithicil agus cosnóidh sé níos mó le hárachas a fháil di.

D’aois. Measann comhlachtaí árachais go bhfuil daoine óga agus daoine aosta i gcatagóirí ardriosca tiománaithe agus bíonn orthu préimheanna níos airde a íoc dá bharr.

Gairm agus úsáid. Ní chumhdóidh polasaí caighdeánach mótarárachais an fheithicil ach ar chuspóirí sóisialta, intíre agus pléisiúir, seachas chun earraí a iompar. Má tá an fheithicil á húsáid ar chuspóirí gnó, cuirfear ualú i bhfeidhm. Má tá an fheithicil á húsáid ar chuspóirí tráchtála, cuirfear ualú fiú níos airde i bhfeidhm.

Leibhéal an chumhdaigh a theastaíonn. I bhformhór na gcásanna, gearrfar préimh níos ísle ar árachas tríú páirtí ná mar a ghearrfaidh cumhdach tríú páirtí in aghaidh dóiteáin agus gada, agus is é árachas cuimsitheach an saghas is costasaí de chumhdach. Cuireann go leor árachóirí saghsanna rogha breise de chumhdach ar fáil freisin a mhéadaíonn costas do phréimhe. Is féidir a áireamh leis na saghsanna breise seo de chumhdach: bónas cheal éilimh a chosaint, cumhdach gaothscátha, earraí pearsanta a ndearnadh díobháil dóibh nó a goideadh, seirbhís éigeandála agus tarrthála, agus cumhdach d’fheithicil chíosa i gcás nach féidir d’fheithicil féin a thiomáint.

Barrachas. Tá saghas éigin de chlásal barrachais ag formhór na bpolasaithe árachais. Ciallaíonn seo go mbíonn tú faoi dhliteanas íoc as suim lena gcomhaontaítear i dtreo chostas aon éilimh (e.g., an chéad 250 euro). Ní bheidh tú in ann éileamh a dhéanamh ar shuimeanna níos lú ná an barrachas. I bhformhór na gcásanna, íslíonn a roghnú barrachas ard a íoc ar éilimh costas do phréimhe.

Cad is bónas cheal éilimh ann agus conas a oibríonn sé?

Cuireann formhór na n-árachóirí lascaine ar an bpréimh ar fáil do thiománaithe a bhfuil taifead saor ó éilimh acu: tugtar ‘bónas cheal éilimh’ nó ‘lascaine cheal éilimh’ air seo. Is gnách go mbronntar lascaine chéatadáin ar do phréimh ort ar scála aistritheach aníos do gach bliain tiomána saor ó éilimh a fhaide le 5 bliana. Is gnách gurb í an uasteorainn do bhónas cheal éilimh thart ar 60%, agus ní bhíonn ach 40% le híoc ag duine nach ndearnadh éileamh ina leith riamh.

Is féidir do bhónas cheal éilimh a aistriú ó chomhlacht árachais amháin go comhlacht eile, agus ó fheithicil amháin go feithicil eile. Ach baineann gach bónas cheal éilimh go sonrach le feithicil amháin in aon am amháin; ar an ábhar sin, má bhíonn dhá fheithicil agat, beidh ort bónas cheal éilimh a chruthú do gach feithicil. Mura bhfuil aon árachas agat i d’ainm féin ar feadh 2 bhliain nó níos faide, ní thabharfaidh go leor árachóirí do lascaine cheal éilimh duit nuair a dhéanann tú iarratas arís eile ar chumhdach árachais.

Má dhiúltaítear árachas duit

Tá an ceart ag árachóirí aonair cumhdach a dhiúltú duit, ach caithfidh siad an chúis atá leis an diúltú a thabhairt duit, má iarrann tú ar chúis. Má diúltaíodh cumhdach duit, tá tú i dteideal teagmháil a dhéanamh le Coiste Cásanna Diúltaithe Árachas Éireann, a gheobhaidh luachan árachais duit. D’fhonn gur féidir leis an gCoiste do chás a bhreithniú, ní mór luachan i scríbhinn a bheith iarrtha agat ó thrí árachóir ar a laghad agus ní mór gach ceann de na luachana sin a bheith diúltaithe duit ar dtús.

Conas siopadóireacht a dhéanamhd’árachas

Sula gceannaíonn tú mótarárachas, ba cheart duit an margadh is fearr a aimsiú agus luachana a fháil ó roinnt comhlachtaí éagsúla chun an polasaí a shainaithint is mó a fhreastalaíonn ar do riachtanais agus do bhuiséad.

Cuireann an Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí (an CICT) seicliosta (pdf) ar fáil ar féidir leat é a úsáid chun na polasaithe a chuireann árachóirí éagsúla ar fáil a chur i gcomparáid le chéile, chomh maith le treoir ar bhearta praiticiúla is féidir leat a dhéanamh chun costas do phréimhe a laghdú.

Áirítear leis seo:

  • D’árachas a íoc in aon bhabhta amháin
  • Do cheadúnas tiomána iomlán a fháil
  • Ciontuithe tiomána agus pointí pionóis a sheachaint
  • D’fheithicil a pháirceáil i láthair shlán
  • Tiománaithe taithíocha ainmnithe a chur le do pholasaí
  • Barrachas níos airde a íoc
  • A sheachaint d’fheithicil phearsanta a úsáid ar chuspóirí gairmiúla

Tiománaithe Óga

Más tiománaí óg thú, ba cheart duit machnamh a dhéanamh ar a bheith a ainmnithe ar pholasaí árachais tuismitheora mar thiománaí ainmnithe. Cuirfidh seo ar do chumas taifead sábháilteachta a bhunú agus d’fhéadfadh sé costas do phréimhe amach anseo a laghdú. Cuireann roinnt cuideachtaí lascainí ar fáil do dhaoine óga a lorgaíonn árachas ina n-ainm féin má bhí siad ina dtiománaí ainmnithe.

Caithfidh nach dtugann tú faoin gcleachtas ina ndearbhaíonn príomhthiománaí feithicle (mac nó iníon, de ghnáth) gur tiománaí níos taithíche an príomhthiománaí (tuismitheoir, de ghnáth) le costas a bpréimhe árachais a laghdú, áfach. Tá an cleachtas seo neamhdhleathach agus d’fhéadfaí do pholasaí mótarárachais a chealú nó thú a chiontú i gcalaois dá bharr.

Bróicéirí árachais

Is féidir leat dul i gcomhairle le bróicéir árachais (nó ‘idirghabhálaí’) nuair a bhíonn an polasaí á chuardach agat is mó a fhreastalaíonn ar do riachtanais. Déanann Banc Ceannais na hÉireann rialáil ar bhróicéirí árachais agus is é an ról atá acu ná comhairle shaineolach neamhchlaonta a sholáthar do dhaoine agus gnólachtaí a lorgaíonn árachas a cheannach. Is féidir iad a fhostú freisin le hidirbheartaíocht a dhéanamh le comhlachtaí árachais thar ceann a gcliant leis an margadh is fearr agus is féidir a fháil. Is féidir leat bunachar sonraí bróicéirí cláraithe árachais a chuardach ar fud na hÉireann.

Do mhótarárachas a athnuachan

I bhformhór na gcásanna, beidh ort do pholasaí árachais a athnuachan gach 12 mhí. Is féidir seo a dhéanamh ar líne, i bpearsan nó ar an nguthán, de ghnáth. Bí ar an airdeall go n-athraíonn préimheanna go minic ag pointe na hathnuachana agus is fiú, dá bharr, an margadh is fearr a chuardach agus luachana a fháil ó chomhlachtaí éagsúla sula ndéanann tú do pholasaí a athnuachan leis an árachóir céanna.

Caithfidh do chomhlacht mótarárachais d’fhógra athnuachana árachais a eisiúint ar a laghad 20 lá oibre roimh dháta éagtha do pholasaí árachais. Beidh do dheimhniú lascaine cheal éilimh san áireamh leis an bhfógra athnuachana freisin. Teastóidh an deimhniú seo uait más mian leat do mhótarárachas a athnuachan le comhlacht árachais éagsúil.

Nuair a bhíonn d’árachas le hathnuachan, caithfidh do sholáthraí árachais na rudaí seo a leanas a thabhairt duit:

  • Sonraí faoin bpréimh a íocadh ar mhótarárachas sa bhliain roimhe sin
  • Luachaintí do na roghanna polasaí go léir atá ar fáil duit, ar nós árachas cuimsitheach, árachas tríú páirtí in aghaidh dóiteáin agus gada, agus árachas tríú páirtí amháin
  • Eolas i mBéarla neamhchasta a thabhairt duit, chun gur féidir leat cinneadh feasach a dhéanamh

Mótarárachas agus tiomáint tharlear

Ag tiomáint san AE

Má cheannaíonn tú polasaí árachais ó chomhlacht árachais atá bunaithe san AE, gheobhaidh tú an leibhéal éigeantach íosta árachais, de ghnáth, a theastaíonn chun tiomáint in aon tír san AE. Ba cheart duit do chomhlacht árachais a chur ar an eolas i gcónaí, áfach, má bheartaíonn tú d’fheithicil a thabhairt thar lear agus seiceáil leo cad go díreach atá cumhdaithe ag do pholasaí.

Is gnách gur féidir leat do ghluaisteán a thabhairt go ballstát eile an AE ar feadh 31 lá gan aon táille bhreise a bheith gearrtha ort. Is féidir do chumhdach reatha a shíneadh sa chás go mbeartaíonn tú fanacht ar feadh a fhaide le 60 nó 90 lá, ach b’fhéidir go mbeidh ort táille bhreise a íoc ar an gcumhdach seo. Is féidir leat íoc as foirmeacha breise de chumhdach fad a bhíonn tú ag tiomáint thar lear, cosúil le cúnamh i gcás cliste.

Is féidir eolas breise a fháil faoi do chearta agus teidlíochtaí má bhíonn tú bainteach in imbhualadh um thrácht ar bhóithre le tiománaí faoi árachas nó nach bhfuil faoi árachas i mballstát eile an AE.

Ag tiomáint lasmuigh den AE

Má thiomáineann tú do ghluaisteán i dtír neamh-AE, ba cheart duit a sheiceáil le d’árachóir lena dheimhniú cad is gá duit a dhéanamh lena chinntiú go bhfuil tú cumhdaithe sa dlínse ábhartha.

I gcásanna áirithe, eiseoidh d’árachóir Cárta Glas duit. Meicníocht chosanta atá sa Chóras Cártaí Glasa d’íospartaigh thimpistí um thrácht ar bhóithre trasteorann ina bhfuil 47 balltír. Taispeánann an Cárta Glas d’údaráis forfheidhmiúcháin dlí áitiúla go bhfuil an leibhéal íosta éigeantach árachais agat a theastaíonn chun tiomáint go dlíthiúil i ndlínse rannpháirteach.

Ní theastaíonn Cártaí Glasa a thuilleadh ó mhótarfheithiclí atá cláraithe sa RA, iad siúd ina measc ó Thuaisceart Éireann, a thaistealaíonn go Poblacht na hÉireann nó go haon tír eile san AE.

Cuireann Biúró Árachóirí Mótar na hÉireann (MIBI) treoir maidir le Cártaí Glasa ar fáil.

Biúró Árachóirí Gluaisteán na hÉireann

5 Plás Mháistir an Chuain
IFSC
Baile Átha Cliath 1
DO1 E7E8
ÉIRE

Teil: +353 (0)1 676 9944
Láithreán Gréasáin: http://www.mibi.ie/
R-phost: info@mibi.ie

An tOmbudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean

3ú Úrlár
Teach Lincoln
Plás Lincoln
Baile Átha Cliath 2
D02 VH29
Éire

Teil: (01) 567 7000
Láithreán Gréasáin: http://www.fspo.ie/
R-phost: info@fspo.ie

Árachas Éire

Ionad Árachas
5 Plás Mháistir an Chuain
IFSC
Baile Átha Cliath 1
DO1 E7E8
Éire

Teil: +353 (0)1 676 1820
Facs: +353 (0)1 676 1943
Láithreán Gréasáin: http://www.insuranceireland.eu/

Coiste na gCásanna Diúltaithe

Árachas Éire
Ionad Árachas
5 Plás Mháistir an Chuain
IFSC
Baile Átha Cliath 1
DO1 E7E8
Éire

Teil: (01) 676 1820
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11 Iúil 2023