Mótarthimpistí

Réamhrá

Más rud é go bhfuil tú páirteach in imbhualadh mótair, ceanglaíonn an dlí ort rudaí áirithe a dhéanamh. Baineann sé seo nuair atá an t-imbhualadh le mótarfheithicil eile, le húsáideoir eile an bhóthair nó le rud feadh an bhóthair. Tá rudaí atá inmholta le déanamh freisin ar chúiseanna sábháilteachta agus chun cabhrú leis an chaillteanas airgeadais a d’fhéadfadh a bheith agat a laghdú.

Céard iad na hoibleagáidídlíthiúla atá orm?

Tá d’oibleagáidí dlíthiúla, má tá tú páirteach in imbhualadh mótair, leagtha amach in Alt 106 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1961 arna leasú.

Fan ag an láthair: Ba chóir duit do charr a stopadh agus fanacht ag láthair na timpiste ar feadh tamall réasúnta.

Tabhair eolas: Má tá Garda i láthair ag láthair an imbhuailte, ní mór duit na rudaí seo a leanas a thabhairt dóibh nuair a iarrtar ort:

  • D'ainm agus do sheoladh
  • An seoladh ina gcoimeádtar do charr
  • Ainm agus seoladh úinéir an chairr
  • Cláruimhir an chairr
  • Sonraí mótarárachais (dáta éaga an pholasaí san áireamh)

Mura bhfuil Garda i láthair, ní mór duit an t-eolas seo a thabhairt nuair a iarrtar iad:

  • An duine gortaithe (i gcás gur gortaíodh duine) – nó duine a chuireann ceist ar a son
  • An t-úinéir a bhfuil damáiste déanta dá maoin, nó duine éigin ag iarraidh ar a son

Mura bhfuil aon duine de na daoine seo i láthair, tabhair an t-eolas do dhuine neamhspleách a bhí i láthair nuair a tharla an t-imbhualadh.

Tuairiscigh an timpiste: Mura bhfuil Garda i láthair, ní mór duit an timpiste a thuairisciú chomh luath agus is féidir do Gharda atá in aice láimhe nó i stáisiún Gardaí. Is féidir leis an duine (más ann) ar thug tú an t-eolas dó é seo a dhéanamh. Mura bhfuil siad in ann é sin a dhéanamh, ní mór duit an timpiste a thuairisciú.

Céard ba cheart dom déanamh mátáim páirteach in imbhualadh mótair?

Déan cinneadh ar cheart na gluaisteáin a bhogadh: Má tá an t-imbhualadh tromchúiseach, ná bog na gluaisteáin. Más rud é gur beag imbhualadh atá ann agus go bhfuil na gluaisteáin ag blocáil an bhóthair nó ag cur úsáideoirí bóithre eile i mbaol, marcáil a n-áit ar an mbóthar agus ansin bog iad. Bí cúramach agus tú ag bogadh gluaisteáin damáiste agus bí san airdeall ar an mbaol a bhaineann le breosla a bheith ag sceitheadh.

Tabhair rabhadh do thiománaithe eile: Déan iarracht rabhadh a thabhairt don trácht atá ag teacht isteach chuig an timpiste. D’fhéadfaí rabhadh a thabhairt dóibh trí do shoilse ghuaise a úsáid. Má tá triantán frithchaiteach réamhrabhaidh agat, cuir ar an mbóthar é i bhfad go leor ó láthair an imbhuailte chun go leor rabhadh a thabhairt don trácht atá ag teacht. Má tharlaíonn an t-imbhualadh gar do chor sa bhóthar, déan cinnte go dtugann tú rabhadh don trácht ar an dá thaobh den chor.

Más gá duit cabhair ó úsáideoir bóithre eile a iarraidh chun rabhadh a thabhairt do thrácht, déan é sin láithreach.

Glaoigh ar chabhair: Má tá duine gortaithe, glaoigh ar na Gardaí (teileafón 999 nó 112) agus, más gá, ar na seirbhísí otharchairr.

Faigh eolas: Ba cheart duit an t-eolas a liostaítear thuas (faoi ‘Tabhair eolas’) a fháil ó na tiománaithe eile a bhí páirteach san imbhualadh. Má bhaineann damáiste do mhaoin leis an imbhualadh, faigh ainm, seoladh agus uimhir theileafóin an úinéara.

Faigh ainmneacha, seoltaí agus uimhreacha teileafóin aon fhinnéithe, d'fhéadfadh go mbeadh gá leo má tá ceist faoi dhilteanas.

Grianghraif: Glac grianghraif de láthair an imbhuailte má tá ceamara agat. Ba cheart go n-áireofaí orthu seo grianghraif de na feithiclí sula n-aistrítear iad.

Sonraí an Gharda: Ba cheart duit ainm nó uimhir an Gharda a cuireadh ar an eolas faoin imbhualadh a fháil. B’fhéidir go mbeidh ort a chinntiú go bhfuil tuairisc Gharda comhdaithe chun críche árachais.

Scríobh síos na rudaí a tharla: Ba chóir duit cuntas a scríobh ar na fíricí ábhartha go léir a bhain leis an imbhualadh chomh luath agus is féidir ina dhiaidh sin. Sínigh agus cuir dáta ar do chuntas (an t-am san áireamh) nuair atá sé críochnaithe.

Carranna gan árachas nó gan aithint: Más mian leat cúiteamh a éileamh i gcás ina bhfuil tú i dtimpiste le carr gan árachas nó gan aithint, déan teagmháil le Motor Insurer's Bureau of Ireland (MIBI). Chomh maith leis sin, déileálann an MIBI le héilimh a eascraíonn ó thiománaithe in Éirinn ó thíortha eile nó ó thiománaithe Éireannacha thar lear.

Tuilleadh eolais: Le haghaidh tuilleadh comhairle ar na rudaí ba cheart duit a dhéanamh ag láthair na timpiste, féach ar Rialacha an Bhóthair (pdf).

Imbhuailtí tráchta tromchúiseacha ar bhóithre

Nuair a tharlaíonn imbhualadh tráchta tromchúiseach ar an mbóthar agus bíonn gortú tromchúiseach nó marfach mar gheall air, déanfaidh na Gardaí agus b’fhéidir an cróinéir imscrúdú. D’fhéadfadh ionchoisne a bheith i gceist leis nó fiú ionchúiseamh coiriúil.

D'fhoilsigh an Grúpa um Shábháilteacht ar Bhóithre PARC ‘Finding your way’ (pdf). Is treoir í d’íospartaigh ina bhfuil an tiománaí atá faoi amhras faoi imbhualadh marfach nó gortú tromchúiseach tar éis maireachtáil agus go bhféadfadh ionchúiseamh coiriúil a bheith i ndán dóibh.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 16 Deireadh Fómhair 2023