Anseo atá tú: Baile > Taisteal agus Áineas > Gluaisteánaíocht > Scrúduithe tiomána > Scrúduithe tiomána gluaisrothair in Éirinn

Print Page Send to a Friend

Scrúduithe tiomána gluaisrothair in Éirinn

Eolas

Déanann An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt scrúdú tiomána a chur ar thiománaithe gluaisrothar in Éirinn chuig caighdeán a chloíann le Treoir an AE um Cheadúnais Tiomána. Déantar na scrúduithe as ionaid scrúdaithe atá lonnaithe ar fud na tíre agus nuair is féidir, beidh do scrúdú eagraithe san ionad a ainmníonn tú ar an bhfoirm iarratais.

Ní mór do ghluaisrothaithe a eisíodh ceadúnais sealadacha tiomána ar feadh dhá bhliana dóibh scrúdú tiomána a dhéanamh. Ní mór a bheith ar an eolas nach féidir leat iarratas a dhéanamh ar an tríú cheadúnas sealadach ná ar aon cheann eile ina dhiaidh sin d'aon earnáil feithicle muna bhfuil tú in ann fianaise a thaispeáint go bhfuil iarratas déanta agat ar an scrúdú tiomána. Ní mar a chéile sna contaetha ar fad atá na tréimhsí feithimh agus na rátaí pas agus mar sin moltar duit iarratas a dhéanamh ar an scrúdú tuairim agus 10 mí sula dtéann an dara cheadúnas sealadach gluaisrothair in éag. Scrúdú caighdeánach é an scrúdú tiomána gluaisrothair agus baineann na hionaid scrúdaithe úsáid as na córais scrúdaithe chéanna. Ba cheart cuimhniú nach nglacfar le gluaisrothair le taobhcharranna le n-úsáid sa scrúdú tiomána in Éirinn. Is féidir leat anois iarratas agus íocaíocht ar an scrúdú tiomána a dhéanamh ar an idirlíon (féach thíos faoin mír "Conas iarratas a dhéanamh").

Tá scrúdú tiomána ann le fáil amach:

  • An bhfuil Rialacha an Bhóthair ar eolas agat
  • An bhfuil an t-eolas agus scil agat le tiomáint go cumasach de réir na rialacha sin
  • An bhfuil tú in ann tiomáint le homós do shábháilteacht úsáideoirí eile bóthair agus gan ciotaí a dhéanamh dóibh.

Ba cheart duit staidéar a dhéanamh ar Rialacha an Bhóthair roimh an scrúdú, sin leabhrán atá foilsithe ag An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt agus atá ar fáil i d'oifig phoist áitiúil agus i siopaí leabhar ar 3 euro. Is maith an plean é freisin cleachtadh tiomána a dhéanamh chomh minic agus is féidir leat ar gach cineál bóthair agus i ngach cineál cúinsí tráchta. Cuirfidh sé sin feabhas ar do theicnic thiomána agus tabharfaidh sé misneach duit.

Ar lá an scrúdaithe, ba cheart duit neart ama a fhágáil le go mbeidh tú ag an ionad scrúdaithe le cúpla nóiméad le sparáil. Nuair a ghlaotar d'ainm tugtar isteach sa seomra scrúdaithe thú agus tá tús oifigiúil leis an scrúdú.

Scrúdaitheoirí an scrúdaithe tiomána

Tá scrúdaitheoirí an scrúdaithe tiomána fostaithe ag An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt agus déantar iad a earcú tríd chomórtais oscailte agus teoranta a eagraíonn Coimisiún na Státseirbhíse agus an Coimisiún um Cheapacháin Áitiúla. Tá ceadúnas tiomána gluaisrothair ag gach scrúdaitheoir an scrúdaithe tiomána gluaisrothair. Ní mór coinníollacha faoi leith atá leagtha síos ag an gCoimisiún a shásamh le bheith i do scrúdaitheoir don scrúdú tiomána gluaisrothair. Bhí an comórtas is déanaí le scrúdaitheoirí a earcú don scrúdú tiomána in Éirinn ann sa bhliain 1998 agus líontar folúntais ar fud na tíre ón bpainéal seo fós. Mar chuid den chomórtas is déanaí b'éigean d'iarrthóirí intofa triail infheidhmeachta a dhéanamh chomh maith le scrúdú praiticiúil ar a scileanna tiomána agus agallamh iomaíoch.

Bíonn fógraí i gcónaí curtha sna nuachtáin náisiúnta nuair a bhíonn comórtais ag teacht aníos do na poist seo. Is féidir leat freisin do shuim a chlárú i gcomórtais a bheidh ann sa todhchaí don phost seo ar shuíomh idirlín an Choimisiúin (féach "Cá háit le hiarratas a dhéanamh", thíos).

Áiseanna do ghluaisrothaithe atá bodhar/a bhfuil bac ar a gcuid éisteachta/nach é an Béarla a dteanga labhartha

Má tá bac ar do chuid éisteachta, tá cead agat teangaire a bheith in éineacht leat don scrúdú béil. Ní féidir le do theagascóir tiomána a bheith ina t(h)eangaire agat agus ní féidir leis/léi dul in éineacht leat ar an gcuid phraiticiúil den scrúdú. Is féidir leis an scrúdaitheoir treoracha scríofa a thabhairt duit don chuid seo den scrúdú agus iad a thaispeáint mar is cuí; is féidir leis an scrúdaitheoir freisin úsáid a bhaint as bun teanga chomhartha. Ba cheart a chuimniú má tá an fheithicil a bhíonn in úsáid agat don scrúdú athraithe ar aon bhealach le bheith feiliúnach do dhuine atá faoi mhíchumas (mar shampla, má bhíonn uirlísí stiúrtha breise uirthi) beidh sé seo curtha in iúl tríd chóid bhreise a bheith ar do cheadúnas tiomána. Má tá riachtanais speisialta agat ba cheart iad seo a chur in iúl ar an bhfoirm iarratais don scrúdú tiomána sa chaoi go mbeidh aon socruithe cuí déanta duit nuair a thagann tú i láthair don scrúdú.

Is féidir iarratas a dhéanamh go mbeadh an scrúdú tiomána rite trí mheán na Gaeilge. (Ní mór duit an leagan Gaeilge den fhoirm iarratais a chomhlánú agus í a chur isteach ar an ngnáthbhealach). Muna b'é an Béarla do theanga dhúchais is féidir leat teangaire a bheith i do chuideachta don scrúdú béil. Arís, ní féidir le do theagascóir tiomána a bheith ina t(h)eangaire agat agus ní féidir leis/léi dul in éineacht leat ar an gcuid phraiticiúil den scrúdú. Is féidir leis an scrúdaitheoir treoracha scríofa a thabhairt duit don chuid seo den scrúdú agus iad a thaispeáint mar is cuí.

Beidh an scrúdaitheoir ag iarraidh breathnú ar do cheadúnas agus iarrfar ort foirm a shíniú a dheimhníonn go bhfuil an gluaisrothar feiliúnach le bheith ar an mbóthar agus go bhfuil sé faoi árachas. Beidh ort ansin roinnt ceisteanna a phiocfar ó Rialacha an Bhóthair a fhreagairt. Rachaidh an scrúdaitheoir in éineacht leat ansin chuig do ghluaisrothar le tús a chur leis an gcuid phraiticiúil den scrúdú.

Scrúdú praiticiúil ar scileanna

Tabharfar treoracha soiléara duit roimh an scrúdú cén bealach a bheidh le tógáil agat. Má bhíonn rud ann nach dtuigeann tú, ba cheart duit iarraidh ar an scrúdaitheoir é a athrá. In Éirinn, ní bhíonn teagmháil raidió ag gluaisrothaithe atá ag déanamh scrúdaithe ar scileanna praiticiúla i rith an scrúdaithe leis an scrúdaitheoir. Ina áit sin, leanann an scrúdaitheoir thú i gcarr. I gcúinsí eisceachtúla, mar shampla, má bhíonn an trácht an-trom, d'fhéadfadh an scrúdaitheoir tú a leanúint de shiúl na gcos. Ná bí ró-bhuartha má dhéanann tú botún le linn an scrúdaithe. Ní gá go mbeidh sé chomh holc agus a cheapann tú agus ní gá go mbeidh teipthe ort sa scrúdú.

Déantar measúnú ort: ag imeacht ó thaobh an bhóthair, ag tiomáint sa trácht, ag tiomáint ar an taobh clé de bhloc agus ar an taobh deis. Beidh ort U-casadh a dhéanamh ar leithead an bhóthair le taispeáint go bhfuil tú in ann smacht a choinneáil ar an ngluaisrothar in áit chúng. D'fhéadfadh tú pointí a chailliúint as úsáid a bhaint as do chos leis an rothar a a choinneáil socair. Iarrfar ort ansin rothaíocht go mall, ag luas siúil ar feadh 50 méadar nó mar sin le taispeáint go bhfuil an smacht cuí agat ar an bhfeithicil.

Déanfar measúnú ar ghnéithe de do thiomáint: suíomh ar an mbóthar; scoitheadh agus pasáil; beartú roimh ré agus sonrú; úsáid a bhaint as comharthaí; dul chun cinn; luas; cloí le soilse tráchta, comharthaí agus marcanna bóthair agus úsáid chuí a bhaint as uirlisí smachta na feithicle. Ag pointe éigean i rith an scrúdaithe iarrfaidh an scrúdaitheoir ort na comharthaí láimhe a dhéanamh. Beidh ort freisin casadh ar chlé agus ar dheis cúpla babhta, plé le compal agus stopadh ag soilse tráchta.

Nuair a fhilleann tú ar an ionad scrúdaithe tabharfaidh an scrúdaitheoir isteach sa seomra scrúdaithe thú leis an toradh a thabhairt duit. Má éiríonn leat, tabharfar Teastas Inniúlachta duit atá bailí ar feadh dhá bhliana. Má theipeann ort iarratas a dhéanamh ar cheadúnas sa tréimhse dhá bhliana sin beidh ort an scrúdú tiomána a athdhéanamh. Má theipeann ort sa scrúdú tiomána, tabharfar liosta cuimsitheach duit de na botúin a rinne tú, ba cheart duit staidéar a dhéanamh air agus iad a réiteach sula ndéanann tú an scrúdú arís.

Ní ceadúnas tiomána é an Teastas Inniúlachta agus ní thugann sé cead duit a bheith ag tiomáint ar mhótarbhealach ná paisinéir pilliún a iompar. Níl an Teastas Inniúlachta bailí taobh amuigh d'Éirinn.

Rialacha

Tá roinnt rudaí nach mór duit a dhéanamh le fáil réidh don scrúdú tiomána gluaisrothair chomh maith le riachtanais dlíthiúla nach mór duit a chloí leo.

  • Tá sé fíor thábhachtach déanamh cinnte roimh ré go bhfuil do ghluaisrothar ag cloí le aon teorannú Cv atá leagtha síos ar do cheadúnas sealadach sula bhfreastalaíonn tú ar an scrúdú. Muna bhfuil an gluaisrothar ag cloí leis an teorannú, ní féidir leat an scrúdú a dhéanamh.
  • Ní mór duit teastas mótarchánach reatha a bheith ar taispeáint ar do ghluaisrothar nó a bheith i do sheilbh nuair a thagann tú i láthair don scrúdú.
  • Ba cheart go mbeadh an fheithicil feiliúnach don bhóthar agus go mbeadh ar a laghad 1.6mm de dhoimhneas círe ag na boinn - an doimhneas círe nach mór a bheith ag boinn in Éirinn.
  • Ní mór don ghluaisrothar cloí le rialacháin um shoilsiú gluaisrothar.
  • Ní gá go mbeadh treo-tháscairí, stoplampaí ná scatháin ar an ngluaisrothar, ach má tá ba cheart go mbeadh siad ag obair go foirfe.
  • Ba cheart go mbeadh an gluaisrothar glan ar an taobh amuigh.

Rataí

Ní mór go mbeadh an táille chuí don earnáil scrúdaithe in éineacht leis an iarratas ar an scrúdú tiomána.

Earnáil Feithicil Táille don scrúdú
A Gluaisrothair ós cionn 125cc le cumas níos mó ná 100 Cm san uair a dhéanamh €85
A1 Gluaisrothair le hinneall de 51-125cc agus/nó cumas luais de ós cionn 45Cm/u agus le ráta cumhachta nach mó ná 11 cV €85
M Móipéid le huas-luas de 45csu agus le méid a hinnill aníos go 50 cc aici €85

Ba cheart íocaíocht a dhéanamh le seic, ordú poist nó ordú airgid. Ba cheart dóibh seo a bheith crosáilte agus iníoctha leis an Údarás Um Shábháilteacht Ar Bhóithre. Ní aisíocfar táillí.

Conas iarratas a dhéanamh

Is féidir leat iarratas a dhéanamh anseo ar an idirlíon ar an scrúdú tiomána agus an táille a íoc. Beidh cárta creidmheasa ag teastáil len é seo a dhéanamh - VISA nó Mastercard. Teastóidh seoladh bailí ríomh-phoist freisin uait. Nó, is féidir foirm iarratais a íoschóipeáil (pdf) ón Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt nó cóip a fháil ón Oifig Áitiúil Mótarchánach. Ní mór go mbeadh an táille reatha in éineacht leis an bhfoirm iarratais chomhlánaithe.

Ní mór duit fógra deich lá a thabhairt más gá duit an scrúdú tiomána a chur ar ceal, nó caillfidh tú an táille atá íoctha. Is féidir leat dhá choinne a chur ar ceal gan an táille a chailliúint nó sula mbeidh ort iarratas nua a dhéanamh.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Údarás Um Shábháilteacht Ar Bhóithre

Páirc Ghnó Ghleann na Muaidhe
Cnoc an tSabhaircín
Béal an Átha
Maigh Eo
Éire

Teil:(096) 25000
Lóghlao:1890 506 080
Facs:(096) 25252
Láithreán Gréasáin: http://www.rsa.ie
R-phost: info@rsa.ie

Déantar scrúdaitheoirí scrúdaithe tiomána a earcú tríd chomórtais oscailte agus teoranta a eagraíonn Coimisiúin na Státseirbhíse agus an Coimisiún um Cheapacháin Áitiúla. Tá tuilleadh eolais maidir le comórtais do cheapachán mar scrúdaitheoir scrúdaithe tiomána ar fáil ó:

An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí

Teach na Caibidle
26/30 Sráid na Mainistreach Íocht
Baile Átha Cliath 1
Éire

Teil:+353 1 858 7400
Lóghlao:1890 449 999
Facs:+ 353 1 858 7500
Láithreán Gréasáin: http://www.publicjobs.ie/
R-phost: info@publicjobs.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 2 February 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • An Tástáil Tiomána
    Is riachtanas eigeantach e go ndeanann tú an tástáil tiomána sula dtabharfar an tríú ceadúnas sealadach duit nó aon cheann eile ina dhiaidh sin.
  • Tástálacha tiománaithe do thiománaithe le míchumas in Éirinn
    Ní foláir do gach tiománaí in Éirinn (lena n-áirítear tiománaithe le míchumas) tabhairt faoi thástáil phraicticiúil ar a gcuid oilteachtaí tiomána. Faigh níos mó eolais i dtaobh na dtastálacha tiomána do thiománaithe le míchumas.
  • Cúrsaí traenála gluaisrothair ceadaithe in Éirinn
    Tá An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt i gcomhair le Cumann Traenála Rothaithe na hÉireann aontaithe ar chúrsa traenála náisiúnta gluaisrothair a bheadh in úsáid ar fud na tíre.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.