Ní féidir leat iarratas a dhéanamh don tríú ceadúnas sealadach nó aon cheadúnas ina dhiaidh sin, d'aon earnáil feithicle muna ndéanann tú an tastáil tiomána.
'Sé an An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt a chuireann ar fáil an tastáil tiomána de réir caighdeán treorach an Aontas Eorpach (EU) ar cheadúnais tiomána. Bíonn an tástáil tiomána ar siúl i Ionaid Tástála ar fud na tíre agus déanfar gach iarracht an tástáil tiomána a shocrú san ionad atá roghnaithe agat ar an fhoirm iarratais.
Is riachtanas éigeantach é an tástáil tiomána do thiománaithe gluaisteáin a bhfuil ceadúnas sealadach 2 bhliain éisithe dóibh. Tá sé tábhachtach a bheith ar an eolas nach féidir leat cur isteach ar cheadúnas sealadach ina dhiaidh sin tríú nó le haghaidh aon chatagóir feithicle mura ndéanfaí tú tástáil tiomána. Ó Nollaig 2007 ní féidir leat tástáil tiomána a dhéanamh ar feadh ar a laghad sé mhí tar éis dul do chéad cheadúnas foghlaimeora (sa chás nach bhfuil tú ag athrú ó cheadúnas sealadach go ceadúnas foghlaimeora) i gcás catagóirí A, A1, M, W agus B.
Brathann an méid ama a bheidh tú ag fanacht leis an tástáil ar an contae mar tá difir mhór ó chontae go contae, da bharr sin tá sé molta go ndéanfaidh tú iarratas ar an tástáil 10 mí sula mbeidh an tréimhse thuas ar an dara ceadúnas sealadach. Is scrúdú caighdeánach atá ann agus úsaidtear na modhanna tástála céanna sna hIonaid Tástála go léir ar fud na tíre.
Tá an tástáil tiomána ceaptha a chrúthú, cé acu:
Sula ndéanann tú an tástáil tiomána ba cheart duit staidéar a dhéanamh ar Rialacha an Bhóthair atá foilsithe ag an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt. Tá an leabhar seo ar fáil in Oifigí poist agus siopaí leabhair ar luach €5. Ba cheart tiomáint a chleachtadh an oiread agus is féidir ar gach cineál bóthar agus faoi dhálaí tráchta den uile chinéal. Cuirfidh seo go mór le do tháithí tiomána agus le do mhuinín asat féin roimh iarratas a chur isteach ar do thástáil.
Ar lá na tástála ba chóir duit a bheith i láthair san Ionad Tástála roimh an am atá ceaptha do do thástáil. Glaoífear d'ainm agus tabharfar isteach i seomra scrúdaithe tú agus tosaíonn an scrúdú tástála go hoifigiúil.
Seiceálfaidh an tástálaí tiomána do cheadúnas sealadach agus iarrfar ort ráiteas a shíniú go bhfuil d'fheithicil ródachmhainneach agus go bhfuil cumhdach árachais na feithicle i bhfeidhm go cuí agus gur leor é. Beidh ort ceisteanna a fhreagairt ar Rialacha an Bhóthair. Rachaidh an tástálaí tiomána go dtí an fheithicil, chun an scrúdú praiticiúil a dhéanamh leat.
Tabharfaidh an tástálaí treoracha shoiléire duit le linn na tástála ó thus deireadh, ba chóir duit a rá leis an tástálaí muna dtuigeann tú treor ar leith. Má dhéanann tú botún, ná bí róbhuartha faoi. B'fhéidir nach mbeadh sé chomh dona agus a cheapfá agus nár ghá go mbeadh teipthe ort da bharr.
Déanfar do thiomáint a mheasúnú faoi na dálaí seo a leanas: tosú ó stad, tiomáint i dtrácht, stopadh, cúlú timpeall coirnéil, casadh timpeall agus aghaidh a thabhairt sa treo eile, tosú ar chnoc agus páirceáil.
Déanfar measúnú ar na gnéithe seo a leanas de do thiomáint: suíomh ar an mbóthar, scoitheadh agus dul thar trácht eile, féachaint romhat agus tabhairt faoi deara, úsaid scáthán agus comharthaí, dul ar aghaidh, luas géilleadh do shoilse tráchta agus do shíneacha is marcálacha áirithe, iarrfaidh an tástálaí ort comharthaí láimhe a léiriú. Bí ag súil go mbeidh ort cúpla casadh ar dheis agus ar chlé a dhéanamh, dul timpeall ailleagán agus stopadh ag soilse tráchta.
Nuair a fhilleann tú ar an Ionad Tástála, tabharfar tú isteach sa seomra scrúdaithe le toradh na tástála a thabhairt duit. Má éiríonn leat, gheobhaidh tú deimhniú inniúlachta chun tiomáint. Beidh an deimhniú báilí go ceann 2 bhliain. Ba chóir duit ceadúnas iomlán a fháil lastuigh den tréimhse sin nó beidh ort pas a fháil sa tástáil tiomána arís chun ceadúnas iomlán a fháil. Má theipeann ort, gheobhaidh tú tuairisc mhion ar na lochtanna a tharla le linn na tástála. Tabhair aird faoi leith orthu agus tú ag ullmhú don chéad tástáil eile.
Tá cupla rud a chaithfeas tú a dhéanamh agus tú ag ullmhú don tástáil tiomána agus na riachtanais dleathúil a chaithfeas tú a chomhlíonadh
Déan cinnte go bhfuil an táille cuí istuigh leis an fhoirm iarratais, beidh sé seo ag brath ar an earnáil feithicil a bheidh agat agus tú ag déanamh an tástáil tiomána.
| Earnáil | Taille |
| A, A1, B, EB, M agus W | 85 euro |
| C, C1, D agus D1 | 120 euro |
| EC, EC1, ED agus ED1 | 120 euro |
Ba cheart íocaíocht a dhéanamh le seic, ordú poist nó ordú airgid. Ba cheart go mbeadh an íocaíocht iníoctha leis an Údarás Um Shábháilteacht Ar Bhóithre. Níl na táillí ináisíoctha.
Le iarratas a dhéanamh ar thástáil tiomána, cur isteach anseo, no isfhoirm Tástáil Tiomána a fháil anseo (pdf) féidir an ón Oifig Cánach Feithicil áitiúil. Ba cheart go mbeadh an táille cuí istigh leis an iarratas.
Má tá tú ag iarraidh do choinne a chur ar ceal, caithfear fógra 10 lá a thabhairt agus muna ndéanfar é seo, forghéillfear an táille. Is féidir leat 2 choinne a chur ar ceal gan an táille a chailliúint ná iarratas nua a dhéanamh.
Páirc Ghnó Ghleann na Muaidhe
Cnoc an tSabhaircín
Béal an Átha
Maigh Eo
Éire
Teil:(096) 25000
Lóghlao:1890 506 080
Facs:(096) 25252
Láithreán Gréasáin: http://www.rsa.ie
R-phost: info@rsa.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.