Anseo atá tú: Baile > Taisteal agus Áineas > Gluaisteánaíocht > Scrúduithe tiomána > Cúrsaí traenála gluaisrothair ceadaithe in Éirinn

Print Page Send to a Friend

Cúrsaí traenála gluaisrothair ceadaithe in Éirinn

Eolas

Go minic is úsáideoirí leochaileacha bóthair iad úsáideoirí gluaisrothar, móipéidí agus scútair. Is féidir leis na feithiclí seo taisteal ar luasanna arda agus i ngach cineál aimsire. Is féidir leat a bheith sábháilte ag taisteal ar ghluaisrothar ach is mór an cúnamh é do do shábháilteacht féin go mbeadh tú ar an eolas maidir leis na dainséir éagsúla atá ar an mbóthar, do stíl tiomána féin agus do dhualgais mar úsáideoir bóthair.

Is ionann gluaisrothaithe in Éirinn agus níos lú ná dhá faoin gcéad (2%) de thiománaithe feithiclí ceadúnaithe na tíre. Ba cheart duit a chuimhniú áfach gurb iad gluaisrothaithe tuairim agus 11% de na daoine a bhásaigh ar na bóithre in Éirinn sa bhliain 2001.

Leidí le gluaisrothaíocht go sábháilte in Éirinn

Tá dualgais faoi leith ort mar ghluaisrothaí in Éirinn nuair atá tú ag tiomáint do ghluaisrothair:

  • Ní mór duit Rialacha an Bhóthair a bheith ar eolas agat chomh maith le do dhualgais mar ghluaisrothaí
  • Ní mór duit a bheith cinnte go bhfuil do ghluaisrothar feiliúnach don bhóthar i gcónaí; san áireamh anseo ní mór a bheith cinnte go bhfuil na boinn den doimhneas círe cuí agus go bhfuil na lampaí agus frithneoirí ar fad ag obair mar is ceart
  • Ba cheart duit díriú ar an tiomáint 100% den am, an t-am ar fad
  • Ba cheart duit iarracht a dhéanamh aon dainséar ar an mbóthar a réamhfheiceáil
  • Más gá duit stopadh, ba cheart duit tiomáint ag luas a thugann deis duit stopadh taobh istigh den achar cuí
  • Ba cheart duit spás sábháilte a choinneáil idir do fheithicil féin agus an fheithicil amach romhat
  • Ba cheart duit a bheith ar an eolas maidir le droch aimsir agus droch chúinsí bóthair
  • Ba cheart duit a bheith le feiceáil an t-am ar fad.

Rialacha

Faoi láthair níl aon riachtanas ann traenáil a fháil i dteicníc thiomána gluaisrothair mar chuid den scéim cheadúnais sealadaigh do ghluaisrothair in Éirinn. Ach, thug an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt le fios le déanaí go bhfuil sé ag breathnú ar an riachtanas seo a thabhairt isteach do ghluaisrothaithe a bhfuil ceadúnais sealadacha acu in Éirinn.

Ní mór go mbeadh ceadúnas bailí tiomána dhá iompar agat i gcónaí don earnáil chuí gluaisrothair atá dhá thiomáint agat. Is coir é gan a bheith in ann ceadúnas tiomána a thaispeáint nuair a iarrtar ort é.

Rataí

Ní ionann an praghas atá ar cheachtanna tiomána gluaisrothair ná an fhad a mhaireann na ceachtanna sin i ngach áit. Déan é seo a chinntiú roimh ré leis an teagascóir tiomána nó scoil tiomána.

Conas iarratas a dhéanamh

Más mian leat freastal ar chúrsa le Cumann Traenála Rothaithe na hÉireann ba cheart duit dul i dteagmháil leis an gCumann agus sonraí teagmhála a fháil don teagascóir traenála ceadaithe is gaire duit.

Is féidir eolas teagmhála do scoileanna tiomána i do cheantar a fháil san eolaí teileafóin phoiblí nó ó Grúpa Gníomhaíochta do Ghluaisrothaí na hÉireann.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Grúpa Gníomhaíochta do Ghluaisrothaí na hÉireann

1b Ardán Uí Rinn
Inse Chór
Dublin 8
Éire

Teil:+353 (0)1 4530797
Facs:+353 (0)1 4536343
Láithreán Gréasáin: http://www.magireland.org/

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 23 April 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.