Eisítear ceadúnais do na mílte duine in Éirinn gach bliain chun mótarfheithiclí a thiomáint. I measc na bhfeithiclí seo tá gluaisrothair, gluaisteáin, veaineanna, leoraithe, innealra talmhaíochta, etc. D’fhonn ardchaighdeáin um shábháilteacht ar bhóithre a chinntiú, tá sé tábhachtach go mbíonn gach duine feasach ar na dlíthe atá i bhfeidhm maidir le gluaisteánaíocht in Éirinn agus ar na pionóis a ghearrtar nuair a sháraítear an dlí.
Leagtar amach san Acht um Thrácht ar Bhóithre na príomhfhorálacha lena mbaineann gluaisteánaíocht in Éirinn. Pléann an reachtaíocht le saincheisteanna ar nós ceadúnú feithicle, caighdeáin feithicle, do chuid oibleagáidí agus freagrachtaí, etc. Is féidir a áireamh le cionta gluaisteánaíochta tiomáint ar meisce, tiomáint ar luas, tiomáint gan fianaise i leith árachais nó mótarchánach, tiomáint gan aird agus aire chuí a thabhairt agus tiomáint gan crios sábhála ort. Tugadh isteach cion nua in 2006 – tiomáint agus guthán póca i do lámh agat.
Is féidir thú a dhícháiliú ó fheithicil a thiomáint má chiontaíonn breitheamh thú i leith cion tiomána nó i leith feithicil lochtach a thiomáint. Is féidir a áireamh le feithicil lochtach a thiomáint feithicil a thiomáint nach bhfuil sábháilte chun bóthair. Ina theannta sin, tá córas srianta agus fíneálacha páirceála i bhfeidhm ar fud na hÉireann.
Éistear le gairmeacha a eisítear do shaoránaigh mar gheall ar chionta gluaisteánaíochta sa Chúirt Dúiche agus tá ag an mbreitheamh i gceannas an chumhacht chun dícháiliú ó thiomáint a ghearradh mar aon le droimscríobhanna ceadúnais tiomána. Éistear le ciontaí gluaisteánaíochta i gciontú tiomána dáinséaraí atá ina cúis le bás sa Chúirt Chuarda os comhair breithimh agus giúiré mura bpléadálann an cosantóir ciontach roimh an éisteacht.
Tá ag an nGarda Síochána an chumhacht chun tiománaí feithicle a ghabháil mar gheall ar roinnt cionta gluaisteánaíochta. Áirítear leis na cionta seo tiomáint ar meisce agus tiomáint dháinséarach.
Braitheann pionóis ar chiontú mar gheall ar chionta gluaisteánaíochta ar a thromchúisí atá na cionta agus ar cé acu cionta athuaire iad nó céaduaire iad. D’fhéadfaí a áireamh le pionóis fíneálacha airgid, droimscríobh ceadúnas tiomána, dícháiliú ó thiomáint ar feadh an tsaoil, agus sna cásanna is tromchúisí, príosúnacht. Sa mhullach air sin, tá córas pointí pionóis i bhfeidhm maidir le roinnt cionta gluaisteánaíochta. Tá liosta de na cionta gluaisteánaíochta a dtugtar pointí pionóis ina dtaobh anseo.
Tháinig méadú faoi na pionóis uasta airgid (fíneálacha) faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre, 2006 is féidir le cúirt a ghearradh maidir le formhór na gcionta comónta gluaisteánaíochta.
Is ionann na pionóis ar chiontú mar gheall ar thiomáint dháinséarach atá ina cúis le bás agus na pionóis i leith dúnorgana agus déantar thú a dhícháiliú ó thiomáint ar feadh tréimhse chúig bliana ar a laghad i dteannta an phionóis thuas. Ó Dheireadh Fómhair 2011, gabhann dícháiliú éigeantach leis an uile chiontú sa Chúirt Dúiche mar gheall ar chionta um thiomáint ar meisce ar feadh tréimhse 6 mhí ar a laghad. Ina theannta sin, tá sé de chumhacht ag an nGarda Síochána feithiclí a ghabháil nach bhfuil faoi chumhdach árachais nó, faoi chúinsí áirithe, feithiclí nár íocadh cáin orthu nó feithiclí nach bhfuil deimhniú ar ródacmhainneacht acu.
Is gnách go ndéanann cúirt orduithe dícháilithe a chuireann srian ar dhuine ceadúnais tiomána a shealbhú go bailí nó ar chur isteach ar cheadúnas ar feadh tréimhse shainithe nó luaite ama. Is féidir le dícháiliú, ar a shon sin, bheith mar thoradh ar an gcóras pointí pionóis. Is í an tréimhse dhícháilithe sé mhí agus tá sí á riar ag an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt.
Is ann do chúig shaghas éagsúla de dhícháiliú ó thiomáint:
1.Neamhoiriúnach le tiomáint mar gheall ar ghalar fisiciúil; nó
2.Neamhoiriúnach le tiomáint de bharr míchumas fisiciúil nó meabhrach; nó
3.Neamhinniúil le haon fheithicil nó le haon aicme d’fheithicil a thiomáint.
Is féidir leo iarratas a dhéanamh ar an gCúirt Dúiche le haghaidh ordú dícháilithe speisialta.
- feithicil a thiomáint ar bhealach dáinséarach nó meargánta
- tiomáint buille is teithead
- mótarfheithicil a thiomaint faoi thionchar alcóil nó substainte eile ag a mbíonn tionchar ar chumas meabhrach agus fisiciúil an tiománaí nó a dhéanann iad a laghdú
- feithicil a thiomáint níos tapúla ná an luas a cheadaítear
Sular tháinig an coinbhinsiún i bhfeidhm, tháinig comhaitheantas dícháiliú tiomána idir Éirinn agus an RA (lena n-áirítear Tuaisceart Éireann) i bhfeidhm ón 28 Eanáir 2010.
Is féidir aon ordú dícháilithe a eisíonn na cúirteanna a achomharc laistigh de 14 lá ó dháta an chiontaithe. Má ordaíonn an breitheamh thú a dhícháiliú ó thiomáint agus mura ndéanann tú an ciontú a achomharc, gheobhaidh tú Fógra ó Oifig Fíneálacha de chuid na Cúirte Dúiche, an áit ar tháinig tú i láthair, ina luaifear nach mór duit do cheadúnas tiomána a thabhairt dóibh láithreach.
Ceanglóidh Oifig Fíneálacha na Cúirte Dúiche ort aon cheadúnas tiomána atá faoi do sheilbh agat a thabhairt dóibh, mar aon le sonraí an Ordaithe Cúirte. Gearrann dícháiliú ó thiomáint droimscríobh uathoibríoch éigeantach 3 bliana ar do cheadúnas tiomána. Cuirtear tús leis an tréimhse droimscríofa nuair a chuirtear i gcrích an tréimhse dhícháilithe. Seolfar do cheadúnas chuig d'Oifig Mótarchánach áitiúil, áit a gcoinneofar é go dtí gur féidir é a bhailiú nuair a bhíonn an tréimhse dhícháilithe thart.
Is éard atá i ndroimscríobh, go hacomhair, taifead a thugann sonraí duit faoi do chiontuithe gluaisteánaíochta. Ní dhéantar é a chur i dtaifead ar do cheadúnas tiomána go fisiciúil. Ina ionad sin, déantar an taifead a choimeád i gComhad Náisiúnta na bhFeithiclí agus na dTiománaithe a oibríonn an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt.
Anuas air sin, déantar iontráil ar an taifead ceadúnas maidir le córas pointí pionóis an droimscríofa. Fanann droimscríobhanna ar thaifead do cheadúnais ar feadh 3 bliana agus ní mór duit do chomhlacht árachais a chur ar an eolas fúthu nuair a bhíonn d’árachais mótair á athnuachan agat. Is gnách go mbíonn méaduithe ar do phréimh árachais mar thoradh ar dhroimscríobhanna ar thaifead do cheadúnais. Is gnách go mbíonn dícháiliú ó thiomáint mar thoradh ar an dara droimscríobh nó ar dhroimscríobhanna dá éis sin.
Tá córas de chiontuithe tiomána muirir sheasta á oibriú in Éirinn a ligeann do thiománaí feithicle a rinne ciontuithe áirthe faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre agus a braitheadh, muirear nó fíneáil sheasta a íoc mar mhalairt ar dhul os comhair na cúirte leis an gcion tiomána a fhreagairt. I measc na gciontuithe a chuimsítear tá páirceáil mhídhleathach, ciontuithe maidir le crios sábhála, tiomáint i lána bus agus guthán póca a bheith i do lámh agat agus tú ag tiomáint.
Tá ag an Aire an chumhacht a dhearbhú gur ciontuithe muirir sheasta a bheidh in aon chion achomair (nó aon mhionchion) faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961-2011. Tá ag duine 28 lá ó dháta eisiúint fhógra an mhuirir sheasta leis an bhfíneáil a íoc. Mura n-íoctar é laistigh de 28 lá, méadaítear an muirear faoi 50% agus mura n-íoctar ina dhiaidh sin é tar éis 28 lá sa bhreis air sin, cuirtear tús le himeachtaí cúirte.
Má fhaigheann tú fógra um muirear seasta le haghaidh cion tiomána, agus mura raibh tú ag tiomáint na feithicle, ní mór duit an fógra a thabhairt ar ais chuig an nGarda Síochána le sonraí faoin duine ag a raibh an fheithicil á tiomáint (lena n-áirítear a (h)uimhir cheadúnas tiomána) san fhoirm atá ceangailte leis an bhfógra muirir sheasta don chuspóir sin. Eiseoidh an Garda Síochána ansin fógra muirir sheasta do thiománaí na feithicle sin. Is é úinéir cláraithe na feithicle an duine a seolfar an fógra um muirear seasta chucu murar sainaithníodh tiománaí na feithicle ag an tráth a braitheadh an chion, (e.g. bhraith ceamara luais an chion nó má bhí gluaisteán páirceáilte go mídhleathach). Murabh é úinéir cláraithe na feithicle an tiománaí, tá dualgas air/uirthi, de réir an dlí, an Garda Síochána a chur ar an eolas faoin duine ag a raibh an fheithicil á tiomáint ag tráth na ciona.
Má chailleann tú d’fhógra um muirear seasta nó má dhéantar díobháil dó, ba cheart duit dul i dteagmháil leis an Oifig Próiseála Muirear Sheasta:
Seolfar athphriontáil den fhógra chugat sa phost. Ar a shon sin, ní chuirtear síneadh leis an tréimhse ama a cheadaítear le haghaidh íocaíochta trí iarratas a chur isteach ar athphriontáil.
Má íoctar an fógra um muirear seasta laistigh de na teorainneacha dlíthiúla ama agus mura gcuirtear tús le himeachtaí cúirte, ní bheidh seo le sonrú ar thaifead coiriúil i dtaca leis an gcion.
Tá breis faisnéise le fáil ar fhógraí um muirear seasta ar láithreán gréasáin an Gharda Síochána.
Tá dualgas ar thiománaithe in Éirin fianaise a thaispeáint gur íoc siad a mótarcháin agus go bhfuil acu árachas reatha mótair ar ghaothscáth a bhfeithiclí. Má thagann an Garda Síochána ar fheithicil nach bhfuil polasaí reatha árachas mótar, tá acu an chumhacht an fheithicil a ghabháil go dtí an tráth a sholáthraíonn an t-úinéir deimhniú árachais a dhéanann úsáid na feithicle a chur faoi árachas. Beidh úinéir na feithicle faoi dhliteanas an uile mhuirir nó chostais a thabhaíonn an Garda Síochána i mbaint nó i stóráil na feithicle. Chuir an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 2006, síneadh leis an gcumhacht seo le feithiclí a ghabháil a chláraítear lasmuigh d’Éirinn.
Ar an gcuma chéanna, tá ag an nGarda Síochána an chumhacht aon fheithicil a ghabháil nár íocadh cáin uirthi ar feadh tréimhse dhá mhí nó níos faide. Is éard a chiallaíonn seo, go réalaíoch, má stopann an Garda Síochána thú agus feithicil á tiomáint agat agus má tá dáta na mótarchánach don fheithicil éagtha le dhá mhí nó níos faide, is féidir leis an nGarda Síochána an fheithicil sin a urghabháil agus a ghabháil go dtí an tráth is féidir leis an úinéir cruthúnas a thaispeáint gur íocadh an mhótarcháin don fheithicil sin, le dáta gafa na feithicile a áireamh freisin (i.e., na riaráistí a bhí dlite ar an bhfeithicil a íoc). Arís eile, beidh úinéir na feithicle faoi dhliteanas an uile mhuirir agus chostais a thabhaíonn an Garda Síochána i mbaint nó i stóráil na feithicle.
Cruthaíodh cion nua faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre, 2006, lena mbaineann guthán póca a bheith i do lámh fad atá feithicil á tiomáint in áit phoiblí. Tugadh an dlí isteach leis an ngnáthnós a dhíbirt lena mbaineann gutháin phóca á n-úsáid ag tiománaithe fad atá siad ag tiomáint agus gan a bheith ag díriú go hiomlán ar a dtiomáint dá bharr. Guthán póca a bheith i do lámh is éard atá i gceist leis an gcion agus ní gá go mbeadh glao á dhéanamh ag an tiománai nó á chur ar an tiománaí ach díreach guthán póca a bheith ina lámh acu.
Tá díolúine ón gcion ag líon daoine. Mar shampla, baill den Gharda Síochána, an tseirbhís otharcharranna nó an tseirbhís briogáid dóiteáin má tá siad ag gníomhú i gcúrsa a ndualgais agus an guthán póca ina lámh acu maidir le feidhmiú a ndualgais. Ciallaíonn ‘a bheith i do lámh’ maidir le guthán póca, greim láimhe a bheith agat ar an nguthán nó é a iompar le ball eile den chorp. Níl fearais lámhshaora ghutháin nó teicneolaíocht Bluetooth in aghaidh an dlí faoi láthair agus ní chuimsítear iad faoi shainiú guthán póca.
Beidh sé ina chosaint ag aon duine a chúisítear leis an gcion guthán póca a bheith ina lámh acu agus iad ag tiomáint más féidir leo a léiriú go raibh an guthán á úsáid acu do na cuspóirí a leanas:
Ón 1 Meán Fómhair 2006, is éard atá i gceist leis an gcion, cion mhuirir sheasta €60 a chuirfidh dhá phointe pionóis le do cheadúnas. Beidh tú faoi dhliteanas ag ciontú achomair sa chúirt i leith fhíneáil aicme C agus ceithre phointe pionóis ar do cheadúnas.
Ní aithnítear idir ballstáit pointí pionóis agus droimscríobhanna ar cheadúnais tiomána a fuarthas i dtíortha eile (lena n-áirítear Ballstáit an tAE/LEE). Cé gur shínigh na ballstáit Coinbhinsiún Eorpach maidir le dícháiliú tiomána i Meitheamh 1998, a thug éifeacht le dícháiliú áirithe ar fud an AE, níor tháinig an ciontú i bhfeidhm go fóill.
I gcleachtas, ar an ábhar sin, ciallaíonn seo má fhaigheann tú pointí pionóis nó má tá droimscríobhanna agat ar do cheadúnas tiomána sula dtéann tú go hÉirinn, ní aistreofar na pointí pionóis nó na droimscríobhanna seo chuig ceadúnas tiomána Éireannach. Má dícháilíodh thú, áfach, ó thiomáint i dtír eile agus go raibh seo anuas ar thréimhse phríosúnachta do chionta tiomána, d’fhéadfadh nach mbeifeá in ann do cheadúnas iomlán eachtrach tiomána a aistriú do cheadúnas iomlán tiomána anseo in Éirinn.
Má tá tú ag tiomáint agus ceadúnas eachtrach tiomána agat in Éirinn agus má fhaigheann tú pointí pionóis anseo, gheobhaidh tú an ghnáthfhíneáil reachtúil ach ní chuirfear pointí pionóis le do cheadúnas eachtrach tiomána. Má aistríonn tú do cheadúnas eachtrach tiomána dá éis sin do cheadúnas tiomána Éireannach, gníomhófar do phointí pionóis Éireannacha ar do cheadúnas nua tiomána Éireannach.
Tá achomhairc leis an gCúirt Chuarda d’fhonn ciontú a fhreaschur as a n-eascraíonn dícháiliú ó thiomáint saor in aisce.
Cosnaíonn achomhairc leis an gCúirt Dúiche d’athbhronnadh do cheadúnais tiomána má dícháilíodh thú €52.
Íoctar an uile fhíneáil a bhailíonn an Garda Síochána nó daoine údaraithe leis an stát mura luaitear a mhalairt sa dlí.
Má ciontaíodh thú i leith cionta gluaisteánaíochta agus má dícháilíodh thú ó thiomáint i gCúirt Dúiche, is féidir leat an dícháiliú a achomharc leis an gCúirt Chuarda. Ní mór duit achomharc a chur isteach laistigh de 14 lá ó dháta do chiontaithe. Más mian leat ionadaíocht a dhéanmh duit féin, cabhróidh an cléireach cúirte i do Chúirt Dúiche áitiúil na foirmeacha riachtanacha a chomhlánú. Mar mhalairt air sin, is féidir leis an dlíodóir cabhrú leat.
Má dícháilíodh thú ó thiomáint agus más mian leat iarratas a dhéanamh ar na cúirteanna d'athbhronnadh luath do cheadúnais ort, is féidir leat amhlaidh a dhéanamh as do stuaim féin nó trí dhlíodóir i ndiaidh na táillí cuí a íoc. Is féidir leat cur isteach ar athbhronnadh luath do cheadúnais tiomána ort nuair atá leath de do thréimhse dhícháilithe caite. Ach ní féidir leat cur isteach ar athbhronnadh luath áit a bhfuil an dícháiliúchán ar feadh dhá bhliain nó níos lú. Is féidir leis an gcúirt an tréimhse dhícháilithe a laghdú go dtí dhá thrian den tréimhse dhícháilithe tosaigh.
Tabharfaidh cléireach cúirte do Chúirte Dúiche agus Cuarda faisnéis duit faoi na hionaid agus na dátaí cúirte.
Bíonn do cheadúnas tiomána á choimeád ag d’Oifig Mótarchánach áitiúil nuair a bhíonn tú dícháilithe. D’fhonn do cheadúnas tiomána a fháil ar ais nuair a bhíonn do thréimhse dhícháilithe éagtha, déan teagmháil le d’Oifig Mótarchanach áitiúil.
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chóip de do thaifead ceadúnas tiomána faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí leis an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt. Ní mór duit táille €6 a chur leis an iarratas seo.
Tá faisnéis teagmhála do Chúirt Dúiche áitiúla chomh maith le faisnéis teagmhála do Chúirte Cuarda áitiúl ar fáil ag tús an uile eolaí gutháin phoiblí.
15 / 24 Sráide na Foinn Uisce Thuaidh
Margadh na Feirme
Baile Átha Cliath 7
Éire
Teil:+353 (0)1 8886000
Láithreán Gréasáin: http://www.courts.ie
An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt
Lár Bhaile na Sionna
Sionainn
An Clár
Éire
Teil:(061) 365 000
Lóghlao:1890 411 412
Facs:(061) 363 480
Láithreán Gréasáin: http://www.transport.ie/roads/motortax/index.asp?lang=ENG&loc=2468
R-phost: Motortax@dttas.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 8in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.