Má chuaigh do cheadúnas tiomána reatha amú, nó má goideadh é, má rinneadh damáiste dó nó má loiteadh é, ba chóir duit iarratas a dhéanamh chuig d’Oifig Mótarchánach áitiúil chun ceadúnas a fháil ina áit. Tá an ceadúnas seo ina chóip dhíreach de do bhuncheadúnas tiomána nó do cheadúnas foghlaimeora.
Má tá forálacha speisialta ar bith ar do bhuncheadúnas nó do cheadúnas
(mar shampla, riachtantas go gcaitheann tú spéaclaí, nó go dtiomáineann
tú feithicil oiriúnaithe nó go bhfuil droimscríobh ar do cheadúnas),
luafar é seo ar an gceadúnas dúblach/gceadúnas freisin. Beidh do cheadúnas
dúblach/cheadúnas bailí ar feadh na tréimhse céanna agus atá do
bhuncheadúnas/cheadúnas.
Tá sé mar riachtanas in Éirinn go mbíonn do cheadúnas tiomána/cheadúnas sealadach a bheith leat an t-am ar fad nuair a bhíonn tú ag tiomáint. Coir is ea gan do cheadúnas a chur ar fáil nuair a iarrann ball den Gharda (fórsa póilíneachta na hÉireann) é.
Má chuaigh do cheadúnas tiomána/cheadúnas sealadach amú, nó má goideadh é, má rinneadh damáiste dó nó má loiteadh é agus má tá sé suas chun dáta (is é sin, bailí le haghaidh úsáide), féadann tú cur isteach ar cheann eile trí fhoirm iarratais a chomhlánú D.800. Ní mór do Gharda i do Stáisiún Gardaí áitiúil an fhoirm seo a shíniú agus a stampáil.
Má chuaigh do cheadúnas sealadach reatha nó do
cheadúnas tiomána Éireannach iomlán amú nó má goideadh é agus nach
bhfuil sé bailí anois, ní féidir leat ach cur isteach ar cheadúnas nua.
Ní mór duit foirm dhearbhaithe ceadúnais chaillte (Foirm D8 A) atá ar fáil
ó do Stáisiún Gardaí áitiúil a chomhlánú. Ní mór don oifigeach atá
ar dualgas ag an Stáisiún Gardaí an fhoirm a shíniú agus a stampáil agus
ní mór í a chur isteach le d’fhoirm iarratais chun do cheadúnas tiomána
nó do cheadúnas sealadach a athnuachan. Ní mór duit freisin a chur isteach
céannacht le grianghraf, mar shampla do phas.
Tá táille €10 ann chun ceadúnas tiomána nó ceadúnas sealadach dúblach a fháil ón d’Oifig Mótarchánach.
Íocann tú an gnáth-tháille ceadúnais má chuaigh do cheadúnas amú nó
má goideadh é ach má tá sé as dáta nuair a bhíonn tú ag déanamh
athnuachana air.
Tá an fhoirm iarratais D.800 ar fáil ó d’Oifig Mótarchánach áitiúil agus do Stáisiún Gardaí áitiúil. Ní mór do Gharda i do Stáisiún Gardaí áitiúil an fhoirm seo a shíniú agus a stampáil.
Ba chóir duit d’fhoirm iarratais comhlánaithe a sheoladh ar ais chuig d’Oifig Mótarchánach áitiúil agus ní mór na nithe seo a leanas a bheith in éineacht leis:
Ba chóir iarratas ar cheadúnas tiomána athsholáthair nó ar cheadúnas sealadach tiomána athsholáthar a sheoladh go díreach chuig d’Oifig Mótarchánach áitiúil.
Cuireann an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre faisnéis ar fáil faoi cheadúnais tiomána.
Páirc Ghnó Ghleann na Muaidhe
Cnoc an tSabhaircín
Béal an Átha
Maigh Eo
Éire
Teil:(096) 25000
Lóghlao:1890 506 080
Facs:(096) 25252
Láithreán Gréasáin: http://www.rsa.ie
R-phost: info@rsa.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.