Anseo atá tú: Baile > Taisteal agus Áineas > Gluaisteánaíocht > Ceadúnú Tiománaithe > Ceadúnas tiomána iomláin a athnuachan

Print Page Send to a Friend

Ceadúnas tiomána iomláin a athnuachan

Eolas

Caithfidh tú do cheadúnas tiomána a bheith agat i gcónaí agus tú ag tiomáint. Tá an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt freagrach as ceadúnú tiománaithe. Is iad na príomhúdaráis áitiúla, áfach, na húdaráis cheadúnaithe agus eisíonn siad ceadúnais thiomána. Tá 29 údarás ceadúnaithe (Oifigí Mótarchánacha) timpeall na tíre agus ba cheart duit d’iarratas a chur isteach chuig an gceann is giorra don áit ina bhfuil cónaí ort.

Chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas tiomána, ba cheart go mbeadh gnáthchónaí ort in Éirinn. Glactar leis go bhfuil gnáthchónaí ort in Éirinn má tá tú i do chónaí anseo de ghnáth ar feadh ar a laghad 185 lá sa bhliain fhéilire, mar gheall ar cheangail phearsanta agus ghairme.

Sa bhliain 2006 cheadaigh an Coimisiún Eorpach an tabhairt isteach de cheadúnas tiomána aonair AE in ionad na cinn atá in úsáid faoi láthair sna ballstáit. Táthar ag siúl go dtiocfaidh an ceadúnas tiomána AE nua isteach faoi 2012 agus go mbeidh deireadh leis na ceadúnais thiomána a eisítear sna ballstáit faoin mbliain 2032. Míníonn an cháipéis seo an staid reatha maidir le ceadúnais thiomána a athnuachan in Éirinn.

Rialacha

Tá tú i dteideal iarratas a dhéanamh do cheadúnas tiomána a athnuachan sna cásanna seo a leanas:

  • Má tá ceadúnas tiomána agat a bheidh neamhbhailí taobh istigh de thrí mhí.
  • Más rud é go raibh ceadúnas tiomána agat a d’éag níos lú ná 10 mbliana ó shin

Más rud é gur éag do cheadúnas tiomána 10 mbliana nó níos mó ó shin, ní mór duit Tástáil Teoirice Tiomána a dhéanamh agus ansin iarratas a dhéanamh ar cheadúnas foghlaimeora tiomána.

Braitheann tréimhse bailíochta cheadúnas tiomána ar aois an iarratasóra. Tá ceithre bhraicéad aoise ann do thréimhse bailíochta cheadúnas tiomána.

  • Má tá tú faoi 60 bliain, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar cheadúnas 3 bliana nó 10 mbliana.
  • Má tá tú níos sine ná 60 bliain ach níos óige ná 67 bliain, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar cheadúnas 3 bliana nó ceadúnas a éagfaidh sula mbaineann tú 70 bliain amach.
  • Má tá tú níos sine ná 67 bliain nó níos óige ná 70 bliain, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar cheadúnas 3 bliana.
  • Má tá tú níos sine ná 70 bliain, beidh deimhniú oiriúnachta tiomána ó do dhochtúir uait chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas 3 bliana nó ceadúnas bliana.

Má athraím m’ainm nó mo sheoladh an bhfuil orm iarratas a dhéanamh ar cheadúnas tiomána nua?

Cé go bhfuil ort do cheadúnas tiomána a bheith agat i gcónaí agus tú ag tiomáint, níl ort, de réir an dlí, do cheadúnas a athrú má athraíonn tú d’ainm nó do sheoladh. Ach moltar é a dhéanamh. Tá ort fianaise a thaispeáint de do cheadúnas má iarrann An Garda Siochana ort é a dhéanamh, mar sin ba cheart go mbeadh an t-eolas ar do cheadúnas cothrom le dáta.

Is seirbhís in aisce é do cheadúnas a athrú chun d’ainm nó do sheoladh a athrú. Tá sé saor in aisce freisin droimscríbhinn a thógáil ó do phas, catagóir a chur leis nó earráid ar do cheadúnas ceartaithe.

Ní mór duit foirm iarratais D.401 comhlánaithe, 2 ghrianghraf pas (sínithe ar chúl) agus aon cháipéisí tacaíochta a theastaíonn, cosúil le teastas pósta bunaidh a sheoladh. Déan teagmháil le d'Oifig Mótarchánach le haghaidh tuilleadh eolais.

Cén chaoi a ndéanaim ceadúnas tiomána caillte/goidte a athchur?

Má chailltear nó má ghoidtear do cheadúnas tiomána reatha, nó má dhéantar damáiste dó nó má tá sé athloite, ba cheart duit iarratas a dhéanamh chuig d'Oifig Mótarchánach áitiúil ar cheann nua. Is éard atá sa cheadúnas athchuir ná dúblach nó cóip díreach de do cheadúnas tiomána bunaidh. Is féidir leat a fháil amach conas do cheadúnas tiomána reatha a athchur inár gcáipéis ar cheadúnas tiomána Éireannach caillte nó goidte a athchur.

Má tá do cheadúnas tiomána caillte nó goidte éagtha cheana féin agus mura bhfuil sé bailí níos mó, ní féidir leat ach cur isteach ar cheadúnas tiomána nua. Féach Conas iarratas a dhéanamh thíos.

Rataí

Seo a leanas an costas a bhaineann le ceadúnais thiomána:

  • Cosnaíonn ceadúnas tiomána bliana €5
  • Cosnaíonn ceadúnas tiomána trí bliana €15
  • Cosnaíonn ceadúnas tiomána deich mbliana €25

Is féidir le tiománaithe atá níos sine ná 70 bliain a cheadúnas tiomána a athnuachan saor in aisce.

Tá sé saor in aisce freisin ceadúnas tiomána a mhalartú chun ainm nó seoladh nua a thaispeáint nó chun catagóir nua a chur leis.

Conas iarratas a dhéanamh

Is féidir leat cóip den fhoirm iarratais D.401 a fháil ó d'Oifig Mótarchánach áitiúil, leabharlann nó stáisiún Garda. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an bhfoirm ar líne anseo agus beidh sé a phost chugat.

Ba cheart duit d'fhoirm iarratais a sheoladh ar ais chuig d’Oifig Mótarchánach áitiúil agus ní mó duit na rudaí seo a leanas a chur leis:

  • Dhá ghrianghraf pas atá díreach mar a chéile, le cúl an dá cheann sínithe agat.
  • Do cheadúnas tiomána reatha nó an ceann is déanaí eisithe. Más rud é gur chailleadh nó gur ghoideadh do cheadúnas tiomána is déanaí eisithe, ní mór duit dearbhú cheadúnas caillte (Foirm D8.A) a chomhlánú, atá ar fáil ó do Stáisiún Garda áitiúil. Ní mór duit an fhoirm, sínithe agus stampáilte ag na Gardaí, a chur isteach le d’iarratas.
  • D'fhéadfadh tuarascáil liachta a bheith ag teastáil. Tá tuarascáil liachta riachtanach sna cásanna seo a leanas:

    - má tá tú ag cur isteach ar Chatagóirí C, C1, D, D1, EC, EC1, ED nó ED1 ach amháin más rud é gur sholathaigh tú tuarascáil liachta atá fós ábhartha

    - más rud é go mbeidh tú 70 bliain d'aois nó níos sine ar an gcéad lá den tréimhse bailíochta den cheadúnas

    - má tá galair nó míchumais áirithe agat

    - má tá titimeas nó alcólachas agat

    - má thógann tú drugaí nó cógas a d’fhéadfadh tionchar a bheith agat ar d’acmhainneacht tiomáint go sábháilte Íoslódáil foirm thuarascáil liachta (D.501) (pdf) (ní mór dó a bheith priontáilte droim le droim ar leathanach amháin). Tá an fhoirm seo ar fáil ó d’Oifig Mótarchánach nó is féidir leat iarratas a dhéanamh ar fhoirm D.501 tríd an bpost trí CitizensInformation.ie freisin. Ba cheart do chleachtóir liachta cláraithe do scrúdú liachta a dhéanamh agus ansin an fhoirm a chomhlánú. Ní mór duit an dearbhú a shíniú ar an bhfoirm thuarascáil liachta agus an cleachtóir liachta cláraithe i láthair.

  • An táille cuí Má tá tú ag cur isteach ar do cheadúnas tríd an bpost, íoc an táille le seic, dréacht bainc nó ordú poist, íoctha chuig d'údarás áitiúil. Má tá tú ag cur isteach ar do cheadúnas tiomána duine le duine, is féidir leat an táille a íoc le hairgead tirim.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Ba cheart iarratas a dhéanamh ar cheadúnas tiomána díreach chuig d’oifig Mótarchánach áitiúil.

Soláthraíonn an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre eolas ar cheadúnais thiomána.

Údarás Um Shábháilteacht Ar Bhóithre

Páirc Ghnó Ghleann na Muaidhe
Cnoc an tSabhaircín
Béal an Átha
Maigh Eo
Éire

Teil:(096) 25000
Lóghlao:1890 506 080
Facs:(096) 25252
Láithreán Gréasáin: http://www.rsa.ie
R-phost: info@rsa.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 25 August 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.