Anseo atá tú: Baile > Taisteal agus Áineas > Gluaisteánaíocht > Ceadúnú Tiománaithe > Ceadúnais tiomána foghlaimeora do leantóirí

Print Page Send to a Friend

Ceadúnais tiomána foghlaimeora do leantóirí

Réamhrá

Is ceanglas reachtúil atá ann nach mór duit ar a laghad ceadúnas tiomána foghlaimeora (ar a dtugtaí ceadúnas sealadach roimhe seo) a bheith agat don chatagóir chuí feithicle más mian leat leantóir atá níos mó ná 750kg meáchain nuair atá sé lódáilte go hiomlán, a tharraingt in áit phoiblí in Éirinn. Ní mór duit do cheadúnas foghlaimeora a bheith leat an t-am ar fad nuair atá tú ag tiomáint.

Is ar An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt atá an fhreagracht fhoriomlán maidir le ceadúnú tiománaithe. Is údaráis ceadúnaithe iad na príomh-údaráis áitiúla, áfach, agus eisíonn siad ceadúnais tiomána. Tá 29 údarás ceadúnaithe (Oifig Mótarchánach) timpeall na tíre agus ba chóir duit d’iarratas a dhéanamh chuig an gceann is gaire don áit ina bhfuil cónaí ort.

Ní mór duit gnáthchónaí a bheith ort in Éirinn chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas foghlaimeora. Meastar go bhfuil gnáthchónaí ort in Éirinn má bhíonn cónaí ort anseo go hiondúil ar feadh ar a laghad 185 lá i ngach bliain féilire, mar gheall ar cheangal pearsanta agus ceirde.

Rialacha

Sula dtosaíonn tú ag foghlaim tiomána ar bhóithre poiblí in Éirinn agus tú ag tarraingt leantóir le huasmheáchan níos airde ná 750kg, ní mór duit ceadúnas foghlaimeora a bheith agat don chatagóir feithicle tarraingte le leantóir is mian leat a thiomáint. Ní mór duit a bheith i do shealbhóir de cheadúnas tiomána reatha do chatagóir feithicle tarraingte cheana féin, sula n-eiseofar an chéad cheadúnas foghlaimeora.

Chomh fada is atá tú ag tiomáint le ceadúnas foghlaimeora, ní mór duit duine atá ceadúnas tiomána reatha don chatagóir céanna de fheithicil tarraingte móide leantóir a bheith in éineacht leat agus tú a bheith faoina maoirsiú. Chomh maith leis sin, ní mór don duine atá in éineacht leat an ceadúnas tiomána a bheith aige/aici ar feadh ar laghad dhá bhliain.

Má tá ceadúnas foghlaimeora agat do chatagóir feithicle/leantóra, ní féidir leat tiomáint ar an mótarbhealach, feidhmiú mar thiománaí tionlacan don chatagóir sin, nó daoine eile a iompar ar luach saothair.

Ní mór do shealbhóirí cheadúnais foghlaimeora L-phlátaí a bheith chun tosaigh agus chun cúil na feithicle atá á tiomáint i gcónaí. Ba chóir go mbeadh an pláta ina 'L' dearg ar chúlra bán agus ní ceart iad a bheith níos lú ná 15cm ar airde le teorainn ar a laghad 2cm.

Catagóirí leantóirí

Seo a leanas na catagóirí agus aois íosta an tiománaí a bhaineann le tiománaí atá ag tarraingt leantóir, le huasmheáchan níos airde ná 750kg nuair atá sé lódáilte go hiomlán:

Catagóirí leantóirí
Catagóir Cineál feithicle Aois íosta an tiománaí
EB Feithiclí i gcatagóir B le leantóir 17 mbliana d’aois
EC1 Feithiclí earraí i gcatagóir C1 sa chás nach bhfuil meáchan iomlán na feithicle agus an leantóra agus é lódáilte go hiomlán, os cionn 12,000kg, agus nach bhfuil an leantóir lódáilte go hiomlán níos troime ná an fheithicil earraí folamh. 18 mbliana d’aois
EC Feithiclí earraí i gcatagóir C le leantóir (cuimsíonn sé seo trucail altacha) 18 mbliana d’aois
ED1 Feithiclí phaisinéirí i gcatagóir D1 sa chás nach bhfuil meáchan iomlán na feithicle agus an leantóra agus é lódáilte go hiomlán, os cionn 12,000kg, agus nach bhfuil an leantóir lódáilte go hiomlán níos troime ná an fheithicil phaisinéirí folamh. 21 bliain d’aois
ED Feithiclí paisinéirí i gcatagóir D le leantóir 21 bliain d’aois

Is iondúil go mbíonn ceadúnas sealadach bailí ar feadh dhá bhliain. Chun do chéad cheadúnas foghlaimeora a fháil, ní mór duit ceadúnas tiomána iomlán don chatagóir sin de fheithicil tarraingte a bheith agat cheana féin. Mar shampla, chun do chéad cheadúnas foghlaimeora a fháil do Chatagóir EC, ní mór duit ceadúnas tiomána reatha a bheith agat do Chatagóir C. Ní mór duit teastas do thástáil teoirice tiomána don chatagóir cuí a bheith agat freisin. (Tá teastas tástála teoirice tiomána bailí ar feadh dhá bhliain.)

Ní féidir leat cur isteach ar an tríú ceadúnas foghlaimeora nó ar aon cheann ina dhiaidh sin murar féidir leat a chruthú:

  • go ndearna tú tástáil tiomána sa tréimhse dhá bhliain díreach roimh an iarratais (ceadófar ceadúnas foghlaimeora dhá bhliana)

  • Fianaise de dháta tástála atá ag teacht aníos (ceadófar ceadúnas foghlaimeora ar feadh bliana)

Má chuaigh do cheadúnas sealadach tiomána in éag 5 bliana ó shin, breathnófar ar d’iarratas mar iarratas ar do chéad cheadúnas sealadach tiomána.

Má athraím mo sheoladh nó m’ainm, an gá dom iarratas a dhéanamh ar cheadúnas sealadach tiomána nua?

Cé nach mór duit do cheadúnas sealadach tiomána a bheith leat an t-am ar fad nuair atá tú ag tiomáint, níl aon iachall ort faoin dlí do cheadúnas a athrú má athraíonn tú d’ainm nó do sheoladh. Moltar duit é sin a dhéanamh, áfach. Tá iachall ort fianaise ded’ cheadúnas a thaispeáint má iarrann An Garda Síochána ort é sin a dhéanamh, agus mar sin ba chóir faisnéis chun dáta a bheith ar do cheadúnas.

Is seirbhís saor in aisce atá i gceist chun do cheadúnas a mhalartú chun d’ainm nó do sheoladh a athrú. Tá sé saor in aisce freisin droimscríobh a bhaint de cheadúnas, catagóir de bhreis a chur leis, nó botún a cheartú.

Ní mór duit foirm iarratais comhlánaithe, 2 ghrianghraf den chineál a úsáidtear do phas (agus iad sínithe ar a gcúl) agus aon dhoiciméid tacaíochta a theastaíonn, cosúil le bunchóip de theastas pósta, a sheoladh isteach. Téigh i dteagmháil le d'Oifig Mótarchánach chun tuilleadh eolais a fháil.

Cén chaoi a ndéanaim ceadúnas sealadach tiomána atá caillte nó goidte a athsholáthar?

Má chuaigh do cheadúnas tiomána reatha amú, nó má goideadh é, má rinneadh damáiste dó nó má loiteadh é, ba chóir duit iarratas a dhéanamh chuig d’Oifig Mótarchánach áitiúil chun ceadúnas a fháil ina áit. Tá an ceadúnas seo ina chóip díreach de do bhuncheadúnas sealadach tiomána. Is féidir leat tuilleadh a fháil amach inár ndoiciméad ar athchóip a fháil de cheadúnas sealadach tiomána Éireannach a chuaigh amú nó a goideadh.

Rataí

Tá ceadúnais foghlaimeora bailí ar feadh dhá bhliain (nó bliain amháin i gcásanna áirithe) agus cosnaíonn siad €15. Tá sé saor in aisce dóibh siúd atá 70 bliana d’aois nó os a chionn.

Tá malartú ceadúnais tiomána chun ainm nó seoladh athraithe a léiriú saor in aisce freisin.

Conas iarratas a dhéanamh

Má tá iarratas á dhéanamh agat ar cheadúnas foghlaimeora chun leantóir a tharraingt, ba chóir duit iarratas a dhéanamh ar cheadúnas don chatagóir cuí. Ní mór duit ceadúnas tiomána a bheith agat freisin don chatagóir don fheithicil tarraingte.

Chun do chéad cheadúnas foghlaimeora a fháil, ní mór duit teastas bailí do thástála teoirice tiomána don chatagóir cuí a sheoladh isteach le d’iarratas.

Tá an fhoirm iarratais do cheadúnas sealadach tiomána (D.201) ar fáil ó d’Oifig Mótarchánach áitiúil, leabharlann nó stáisiún Garda. Is féidir leat an fhoirm D.201 a iarraidh ar líne anseo.

Ba chóir iad seo a leanas a bheith in éineacht le d’fhoirm iarratais:

  • Dhá ghrianghraf mar a chéile den chineál a úsáidtear do phas, le cúl an dá cheann sínithe agat féin.
  • Teastas breithe nó pas. Níl gá leis seo má
    - tá ceadúnas tiomána reatha agat nó má bhí ceann agat sna deich mbliana seo caite
    - nó má tá ceadúnas sealadach tiomána reatha agat nó má bhí ceann agat sna cúig bliana seo caite
    - nó má tá ceadúnas tiomána bailí agat a d’eisigh stát eile de chuid an AE nó tír “aitheanta”.
  • Tuairisc ar radharc na súl. Íoslódáil an fhoirm do thuairisc ar radharc na súl(D.502) (pdf). Tá an fhoirm seo ar fáil ó d’Oifig Mótarchánach freisin nó is féidir leat an fhoirm D.502 a iarraidh sa phost trí CitizensInformation.ie. Ní mór foirm do thuairisc ar radharc na súl a bheith in éineacht le gach iarratas ar cheadúnas foghlaimeora céad uaire. Ba chóir do radharceolaí oftalmach cláraithe nó liachleachtóir cláraithe an scrúdú ar radharc na súl a dhéanamh. Ba chóir dó/di an fhoirm D.502 a chomhlánú ansin, agus a bheith mar fhinné ag do dhearbhú sínithe ar an bhfoirm.
  • Tuairisc liachta. Tá tuairisc liachta riachtanach má:
    - tá tú ag cur isteach ar Chatagóirí EC, EC1, ED nó ED1
    - tá tú chun a bheith 70 bliana d’aois nó níos mó ar an gcéad lá den tréimhse dá bhfuil an ceadúnas á eisiúint
    - tá aon cheann de na míchumais nó galair a liostaítear
    - tá titimeas nó alcólachas ort
    - thógann tú drugaí nó cógas a d’fhéadfadh cur isteach ar do chumas tiomáint go sábháilte.
    Íoslódáil foirm tuairisce liachta (D.501) (pdf) (ní mór í a phriontáil droim le droim ar leathanach amháin). Tá an fhoirm seo ar fáil ó d’Oifig Mótarchánach nó is féidir leat an fhoirm D.501 a iarraidh sa phost trí CitizensInformation.ie. Ba chóir do liachleachtóir cláraithe do scrúdú dochtúra a dhéanamh agus ansin an fhoirm a chomhlánú. Ní mór duit an dearbhú ar an bhfoirm thuairisc liachta a shíniú i láthair an liachleachtóra cláraithe.
  • Do cheadúnas tiomána reatha nó an ceann is déanaí a bhí agat agus, má tá ceann agat, do cheadúnas sealadach tiomána reatha nó an ceann is déanaí a bhí agat. Má chuaigh do cheadúnas sealadach tiomána is déanaí amú nó má goideadh é, ní mór duit dearbhú go bhfuil do cheadúnas imithe amú (Foirm D8.A), atá ar fáil ó do Stáisiún na nGardaí áitiúil a chomhlánú. Ní mór duit an fhoirm a sheoladh isteach, sínithe agus stampáilte ag na Gardaí, le d’iarratas ar athnuachan.
  • Do theastas tástála teoirice tiomána.
  • An táille chuí. Má tá iarratas á dhéanamh agat ar do cheadúnas tríd an bpost, íoc an táille le seic, dréacht bainc nó ordú poist, atá iníoctha le d’údarás áitiúil. Má tá iarratas á dhéanamh agat ar do cheadúnas tiomána go pearsanta, is féidir leat an táille a íoc in airgead tirim.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Ba chóir iarratas ar cheadúnas sealadach tiomána a sheoladh go díreach chuig d’oifig Mótarchánach áitiúil.

Tá liosta de theagascóirí faofa ar fáil ar láithreán gréasáin Teagascóir Tiomána Faofa an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre. Cuireann siad faisnéis ar fáil faoi cheadúnais sealadacha freisin.

Is féidir leat rialacha an bhóthair a léamh ag www.rotr.ie.

Údarás Um Shábháilteacht Ar Bhóithre

Páirc Ghnó Ghleann na Muaidhe
Cnoc an tSabhaircín
Béal an Átha
Maigh Eo
Éire

Teil:(096) 25000
Lóghlao:1890 506 080
Facs:(096) 25252
Láithreán Gréasáin: http://www.rsa.ie
R-phost: info@rsa.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 17 September 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.