Anseo atá tú: Baile > Taisteal agus Áineas > Gluaisteánaíocht > Ceadúnú Tiománaithe > Ceadúnais tiomána foghlaimeora le haghaidh ghluaisrothar

Print Page Send to a Friend

Ceadúnais tiomána foghlaimeora le haghaidh ghluaisrothar

Eolas

Is ceanglas reachtúil atá ann nach mór duit ar a laghad ceadúnas tiomána foghlaimeora a bheith agat don chatagóir cuí feithicle más mian leat gluaisrothar a thiomáint in áit phoiblí in Éirinn. Má tá ceadúnas foghlaimeora agat, ní mór duit do cheadúnas a bheith leat an t-am ar fad nuair atá tú ag tiomáint.

Is ar An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt atá an fhreagracht fhoriomlán maidir le ceadúnú tiománaithe in Éirinn. Is údaráis cheadúnaithe iad na príomh-údaráis áitiúla, áfach, agus eisíonn siad ceadúnais tiomána. Tá 29 údarás ceadúnaithe (Oifig Mótarchánach) timpeall na tíre agus ba chóir duit d’iarratas a dhéanamh chuig an gceann is gaire don áit ina bhfuil cónaí ort.

Ní mór duit gnáthchónaí a bheith ort in Éirinn chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas foghlaimeora. Meastar go bhfuil gnáthchónaí ort in Éirinn má bhíonn cónaí ort anseo go hiondúil ar feadh ar a laghad 185 lá i ngach bliain féilire, mar gheall ar cheangal pearsanta agus ceirde.

Rialacha

Sula bhfoghlaimíonn tú chun tiomáint ar bhóithre poiblí, ní mór duit ceadúnas tiomána foghlaimeora a bheith agat a chuimsíonn an catagóir gluaisrothair is mian leat a thiomáint. Ní mór teastas do thástáil teoirice a fháil sula mbronnfar ceadúnas foghlaimeora gluaisrothair. Ní mór a thabhairt faoi deara nach bhfuil cead ag sealbhóirí ceadúnais foghlaimeora paisinéirí cúlóige a iompar (.i. paisinéirí ar chúl a ngluaisrothair) nó tiomáint ar mhótarbhealach.

Ní mór do thiománaithe gluaisrothair le ceadúnais foghlaimeora L phlátaí a léiriú ar thabard ard-infheictheacht fluaraiseach buí. (Is beannóg nó éadach seachtrach gan muinchillí le huaimeanna oscailte ar na taobhanna atá i tabard). Ní mór an litir ‘L’ a bheith ar a laghad 15cm ar airde ar chúlra bán agus a bheith ar do bholg agus ar do dhroim. Is cion coiriúil atá ann do thiománaithe gluaisrothair atá ina bhfoghlaimeoirí gan L phlátaí a bheith ar taispeáint acu.

Catagóirí gluaisrothair

Tá trí chatagóir gluaisrothair in Éirinn atá ceadaithe chun úsáidte ar bhóithre poiblí. Tá aoiseanna íosta sainithe ann do thiománaithe gluaisrothair freisin.

Catagóirí gluaisrothair agus móipéidí
Catagóir Cineál feithicle Aois íosta an tiománaí
A1 Gluaisrothair suas le 11kW nó 125cc le nó gan taobhcharr 16 bliana d’aois
A Gluaisrothair le nó gan taobhcharr 18 mbliana d’aois
M Móipéidí le huas-luasteorainn de 45ksu agus inneall suas le 50cc 16 bliana d’aois

Tá srian i bhfeidhm ar cheadúnais foghlaimeora Catagóir A. Cuireann an srian seo teorainn ar an sealbhóir ceadúnais do ghluaisrothair (le nó gan taobhcharr) atá faoi réir teorainn cumhachta de 25Kw. Fanann an srian seo i bhfeidhm ar feadh dhá bhliain ón uair a chríochnaíonn tú do thástáil tiomána gluaisrothair don chatagóir seo agus tar éis duit do cheadúnas tiomána iomlán a fháil don chatagóir seo.

Is iondúil go mbíonn ceadúnas foghlaimeora chun gluaisrothar a thiomáint bailí ar feadh dhá bhliain. Ní féidir leat tástáil tiomána a dhéanamh ar feadh ar a laghad sé mhí tar éis duit do chéad cheadúnas foghlaimeora a fháil (sa chás nach bhfuil tú ag athrú ó cheadúnas sealadach go ceadúnas foghlaimeora).

Ón uair a bunaíodh an tSeirbhís um Thástáil Teoirice Tiomána in 2001, ní mór teastas do thástáil teoirice a fháil sula mbronnfar an chéad cheadúnas foghlaimeora do ghluaisrothar. Ní féidir leat cur isteach ar an tríú ceadúnas foghlaimeora murar féidir leat a chruthú go:

  • ndearna tú tástáil tiomána sa tréimhse dhá bhliain díreach roimh an iarratais (ceadófar ceadúnas foghlaimeora dhá bhliain)

  • Fianaise de dháta tástála atá ag teacht aníos (ceadófar ceadúnas foghlaimeora ar feadh bliana)

Má chuaigh do cheadúnas sealadach in éag 5 bliana ó shin, ní mór duit scrúdú teoirice a dhéanamh sula n-eiseofar ceadúnas foghlaimeora.

Má athraím m’ainm nó mo sheoladh, an gá dom iarratas a dhéanamh ar cheadúnas foghlaimeora gluaisrothair nua?

Cé nach mór duit do cheadúnas foghlaimeora a bheith leat an t-am ar fad nuair atá tú ag tiomáint, níl aon iachall ort faoin dlí do cheadúnas a athrú má athraíonn tú d’ainm nó do sheoladh. Moltar duit é sin a dhéanamh, áfach. Tá iachall ort fianaise ded’ cheadúnas a thaispeáint má iarrann An Garda Síochána ort é sin a dhéanamh, agus mar sin ba chóir faisnéis chun dáta a bheith ar do cheadúnas.

Is seirbhís saor in aisce atá i gceist chun do cheadúnas a mhalartú chun d’ainm nó do sheoladh a athrú. Tá sé saor in aisce freisin droimscíobh a bhaint de cheadúnas, catagóir de bhreis a chur leis, nó botún a cheartú.

Ní mór duit foirm iarratais comhlánaithe, 2 ghrianghraf den chineál a úsáidtear do phas (agus iad sínithe ar a gcúl) agus aon dhoiciméid tacaíochta a theastaíonn, cosúil le bunchóip de theastas pósta, a sheoladh isteach. Téigh i dteagmháil le d’Oifig Mótarchánach áitiúil chun tuilleadh faisnéise a fháil.

Cén chaoi a ndéanaim ceadúnas foghlaimeora atá caillte nó goidte a athsholáthar?

Má cailleadh do cheadúnas foghlaimeora reatha, nó má goideadh é, má rinneadh damáiste dó nó má loiteadh é, ba chóir duit iarratas a dhéanamh chuig d’Oifig Mótarchánach áitiúil chun ceadúnas a fháil ina áit. Tá an ceadúnas seo ina chóip díreach de do bhuncheadúnas foghlaimeora. Is féidir leat tuilleadh a fháil amach inár ndoiciméad ar athchóip a fháil de cheadúnas foghlaimeora Éireannach a cailleadh nó a goideadh.

Rataí

Tá ceadúnais foghlaimeora gluaisrothair bailí ar feadh dhá bhliain (nó bliain amháin i gcásanna áirithe) agus cosnaíonn siad €15. Tá sé saor in aisce dóibh siúd atá 70 bliana d’aois nó os a chionn.

Tá malartú ceadúnais foghlaimeora chun ainm nó seoladh nua a léiriú saor in aisce freisin.

Conas iarratas a dhéanamh

Má tá iarratas á dhéanamh agat ar cheadúnas foghlaimeora chun gluaisrothar a thiomáint, ba chóir duit iarratas a dhéanamh ar cheadúnas do Chatagóirí A nó A1 nó M. Sula ndéanann tú iarratas ar do chéad cheadúnas foghlaimeora, ní mór duit Tástáil Teoirice Tiomána a dhéanamh. Nuair a éiríonn leat i do Thástáil Teoirice Tiomána, tabharfar teastas duit, agus ní mór duit an teastas seo a sheoladh isteach le d’iarratas ar cheadúnas foghlaimeora. Tá teastas tástála teoirice tiomána bailí ar feadh dhá bhliain ón dáta a eisítear é.

Tá an fhoirm iarratais do cheadúnas foghlaimeora (D.201) ar fáil ó d’Oifig Mótarchánach áitiúil, leabharlann nó stáisiún Garda. Is féidir leat an fhoirm D.201 a iarraidh ar líne anseo.

Ba chóir iad seo a leanas a bheith in éineacht le d’fhoirm iarratais:

  • Dhá ghrianghraf mar a chéile den chineál a úsáidtear do phas, le cúl an dá cheann sínithe agat féin.
  • Teastas breithepas. Níl gá leis seo má
    - tá ceadúnas tiomána reatha agat nó má bhí ceann agat sna deich mbliana seo caite
    - nó má tá ceadúnas foghlaimeora reatha agat nó má bhí ceann agat sna cúig bliana seo caite
    - nó má tá ceadúnas tiomána bailí agat a d’eisigh stát eile de chuid an AE nó tír “aitheanta”.
  • Tuairisc ar radharc na súl. Íoslódáil an fhoirm do thuairisc ar radharc na súl(D.502) anseo (pdf). Tá an fhoirm seo ar fáil ó d’Oifig Mótarchánach freisin nó is féidir leat an fhoirm D.502 a iarraidh sa phost trí CitizensInformation.ie. Ní mór foirm do thuairisc ar radharc na súl a bheith in éineacht le gach iarratas ar cheadúnas foghlaimeora céad uaire. Ba chóir do radharceolaí oftalmach cláraithe nó liachleachtóir cláraithe an scrúdú ar radharc na súl a dhéanamh. Ba chóir dó/di an fhoirm D.502 a chomhlánú ansin, agus a bheith mar fhinné ag do dhearbhú sínithe ar an bhfoirm.
  • Tuairisc liachta. Tá tuairisc liachta riachtanach má:
    - tá tú chun a bheith 70 bliain d’aois nó níos mó ar an gcéad lá den tréimhse dá bhfuil an ceadúnas á eisiúint
    - tá aon cheann de na míchumais nó galair a liostaítear
    - tá titimeas nó alcólachas ort
    - thógann tú drugaí nó cógas a d’fhéadfadh cur isteach ar do chumas tiomáint go sábháilte.
    Íoslódáil foirm thuairisc liachta (D.501) anseo (pdf) (ní mór í a phriontáil droim le droim ar leathanach amháin). Tá an fhoirm seo ar fáil ó d’Oifig Mótarchánach nó is féidir leat an fhoirm D.501 a iarraidh sa phost trí CitizensInformation.ie. Ba chóir go ndéanfadh liachleachtóir cláraithe do scrúdú dochtúra agus ansin an fhoirm a chomhlánú. Ní mór duit an dearbhú ar an bhfoirm thuairisc liachta a shíniú i láthair an liachleachtóra chláraithe.
  • Do cheadúnas tiomána agus/nó do cheadúnas foghlaimeora reatha nó an ceann is déanaí a bhí agat. Má cailleadh do cheadúnas foghlaimeora is déanaí nó má goideadh é, ní mór duit dearbhú go bhfuil do cheadúnas caillte (Foirm D8.A), atá ar fáil ó do Stáisiún na nGardaí áitiúil a chomhlánú. Ní mór duit an fhoirm a sheoladh isteach, sínithe agus stampáilte ag na Gardaí, le d’iarratas ar athnuachan.
  • Do theastas tástála teoirice tiomána.
  • An táille chuí. Má tá iarratas á dhéanamh agat ar do cheadúnas tríd an bpost, íoc an táille le seic, dréacht bainc nó ordú poist, atá iníoctha le d’údarás áitiúil. Má tá iarratas á dhéanamh agat ar do cheadúnas foghlaimeora go pearsanta, is féidir leat an táille a íoc in airgead tirim.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Ba chóir iarratas ar cheadúnas foghlaimeora ar ghluaisrothar a sheoladh go díreach chuig d’oifig Mótarchánach áitiúil.

Tá liosta de theagascóirí faofa ar fáil ar láithreán gréasáin Teagascóir Tiomána Faofa an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre. Cuireann siad faisnéis ar fáil faoi cheadúnais foghlaimeora freisin.

Is féidir leat rialacha an bhóthair a léamh ag www.rotr.ie.

Údarás Um Shábháilteacht Ar Bhóithre

Páirc Ghnó Ghleann na Muaidhe
Cnoc an tSabhaircín
Béal an Átha
Maigh Eo
Éire

Teil:(096) 25000
Lóghlao:1890 506 080
Facs:(096) 25252
Láithreán Gréasáin: http://www.rsa.ie
R-phost: info@rsa.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 17 September 2010

Teanga

English | Polsku | Română

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.