Anseo atá tú: Baile > Taisteal agus Áineas > Gluaisteánaíocht > Ceadúnú Tiománaithe > Ceadúnais tiomána foghlaimeora le haghaidh busanna agus trucailí

Print Page Send to a Friend

Ceadúnais tiomána foghlaimeora le haghaidh busanna agus trucailí

Réamhrá

Is ceanglas reachtúil atá ann nach mór duit ar a laghad ceadúnas tiomána foghlaimeora (ar a dtugtaí ceadúnas sealadach roimhe seo) a bheith agat don chatagóir cuí feithicle más mian leat bus nó trucail a thiomáint in áit phoiblí in Éirinn. Ní mór duit do cheadúnas foghlaimeora a bheith leat an t-am ar fad nuair atá tú ag tiomáint.

Is ar An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt atá an fhreagracht fhoriomlán maidir le ceadúnú tiománaithe. Is údaráis cheadúnaithe iad na príomh-údaráis áitiúla, áfach, agus eisíonn siad ceadúnais tiomána. Tá 29 n-údarás ceadúnaithe (Oifig Mótarchánach) timpeall na tíre agus ba chóir duit d’iarratas a dhéanamh chuig an gceann is gaire don áit ina bhfuil cónaí ort.

Ní mór duit gnáthchónaí a bheith ort in Éirinn chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas foghlaimeora. Meastar go bhfuil gnáthchónaí ort in Éirinn má bhíonn cónaí ort anseo go hiondúil ar feadh ar a laghad 185 lá i ngach bliain féilire, mar gheall ar cheangal pearsanta agus ceirde.

Rialacha

Sula dtosaíonn tú ag foghlaim tiomána ar bhóithre poiblí in Éirinn, ní mór duit ceadúnas foghlaimeora a bheith agat a chuimsíonn an catagóir bus nó trucaile is mian leat a thiomáint. Ní mór teastas do thástáil teoirice a fháil sula mbronnfar an chéad cheadúnas foghlaimeora. Ní mór duit a bheith i do shealbhóir de cheadúnas tiomána do Chatagóir B (carr) freisin.

Ní mór do thiománaithe bus agus trucail le ceadúnas foghlaimeora, duine atá ceadúnas tiomána reatha don chineál céanna feithicle a bheith in éineacht leo agus iad a bheith faoina maoirsiú. Chomh maith leis sin, ní mór don duine atá in éineacht leat an ceadúnas tiomána a bheith aige/aici ar feadh ar laghad dhá bhliain.

Má tá ceadúnas foghlaimeora agat le haghaidh bus nó trucail, ní féidir leat tiomáint agus leantóir á tharraingt agat, tiomáint ar an mótarbhealach, feidhmiú mar thiománaí tionlacan, nó daoine eile a iompar ar luach saothair.

Ní mór do shealbhóirí cheadúnais foghlaimeora L-phlátaí a bheith chun tosaigh agus chun cúil na feithicle atá á tiomáint i gcónaí. Ba chóir go mbeadh an pláta ina 'L' dearg ar chúlra bán agus ní ceart iad a bheith níos lú ná 15cm ar airde le teorainn ar a laghad 2cm.

Catagóirí busanna agus trucailí

Seo mar a leanas na catagóirí do bhusanna agus trucailí agus aois íosta an tiománaí:

Catagóirí busanna agus trucailí
Catagóir Cineál feithicle Aois íosta an tiománaí
C1 Feithicil earraí idir 3,500kg agus 7,500kg 18 mbliana d’aois
C Feithiclí earraí os cionn 3,500kg 18 mbliana d’aois
D1 Feithiclí phaisinéirí le cóiríocht do níos mó ná ochtar agus suas le 16 duine. 21 bliain d’aois
D Feithiclí paisinéirí le cóiríocht do níos mó ná ochtar. 21 bliain d’aois

Is iondúil go mbíonn ceadúnas foghlaimeora bailí ar feadh dhá bhliana.

Chun do chéad cheadúnas foghlaimeora a fháil, ní mór duit ceadúnas tiomána iomlán do chatagóir B a bheith agat cheana féin. Ní mór duit teastas do thástáil teoirice do chatagóir C a fháil freisin más mian leat trucail a thiomáint agus do chatagóir D más mian leat bus a thiomáint. (Ní theastaíonn ceadúnas tiomána C1/C uait sula bhfaigheann tú ceadúnas foghlaimeora D1/D.)

Ní féidir leat cur isteach ar an tríú ceadúnas foghlaimeora nó ar aon cheann ina dhiaidh sin murar féidir leat a chruthú go:

  • ndearna tú tástáil tiomána sa tréimhse dhá bhliain díreach roimh an iarratais (ceadófar ceadúnas foghlaimeora dhá bhliana)

  • Fianaise de dháta tástála atá ag teacht aníos (ceadófar ceadúnas foghlaimeora ar feadh bliana)

Má chuaigh do cheadúnas tiomána foghlaimeora in éag 5 bliana ó shin, ní mór duit scrúdú teoirice a dhéanamh sula n-eiseofar ceadúnas foghlaimeora.

Má athraím m’ainm nó mo sheoladh, an dteastaíonn ceadúnas foghlaimeora nua uaim?

Cé nach mór duit do cheadúnas foghlaimeora a bheith leat an t-am ar fad nuair atá tú ag tiomáint, níl aon iachall ort faoin dlí do cheadúnas a athrú má athraíonn tú d’ainm nó do sheoladh. Moltar duit é sin a dhéanamh, áfach. Tá iachall ort fianaise ded’ cheadúnas a thaispeáint má iarrann An Garda Síochána ort é sin a dhéanamh, agus mar sin ba chóir faisnéis chun dáta a bheith ar do cheadúnas.

Is seirbhís saor in aisce atá i gceist chun do cheadúnas a mhalartú chun d’ainm nó do sheoladh a athrú. Tá sé saor in aisce freisin droimscríobh a bhaint de cheadúnas, catagóir a chur leis, nó botún a cheartú.

Ní mór duit foirm iarratais comhlánaithe, 2 ghrianghraf den chineál a úsáidtear do phas (agus iad sínithe ar a gcúl) agus aon dhoiciméid tacaíochta a theastaíonn, cosúil le bunchóip de theastas pósta, a sheoladh isteach. Téigh i dteagmháil le d'Oifig Mótarchánach chun tuilleadh eolais a fháil.

Cén chaoi a ndéanaim ceadúnas foghlaimeora atá caillte nó goidte a athsholáthar?

Má chaill tú do cheadúnas tiomána reatha, nó má goideadh é, má rinneadh damáiste dó nó má loiteadh é, ba chóir duit iarratas a dhéanamh chuig d’Oifig Mótarchánach áitiúil chun ceadúnas a fháil ina áit. Tá an ceadúnas seo ina chóip díreach de do bhuncheadúnas foghlaimeora. Is féidir leat tuilleadh a fháil amach inár ndoiciméad ar athchóip a fháil de cheadúnas foghlaimeora Éireannach a cailleadh nó a goideadh.

Céard a theastaíonn uaim chun a bheith i mo thiománaí bus nó trucaile gairmiúil?

Ó Mheán Fómhair 2008 do thiománaithe busanna agus ón 10 Meán Fómhair 2009 do thiománaithe trucailí, ní mór duit Deimhniú ar Inniúlacht Ghairmiúil (DIG) Tiománaí a bheith agat chun a bheith i do thiománaí bus nó trucail ghairmiúil. Chun DIG Thiománaí a fháil, ní mór duit an tástáil teoirice tiomána a bhaint amach ar dtús agus do cheadúnas tiomána foghlaimeora a fháil. Ansin ní mór duit éirí leat iontu seo a leanas:

  • Tástáil teoirice ilroghnach DIG Thiománaí
  • Tástáil teoirice cás-staidéir DIG Thiománaí
  • An tástáil tiomána
  • Tástáil phraiticiúil DIG Thiománaí

Má tá do cheadúnas tiomána iomlán do thrucail agat roimh an 10 Meán Fómhair 2009, gheobhaidh tú an DIG Thiománaí go huathoibríoch gan an scrúdú praiticiúil agus na tástálacha teoirice DIG a dhéanamh.

Chun do DIG Thiománaí a choinneáil, ní mór duit 7 n-uair an chloig oiliúna a dhéanamh gach bliain.

Cuireann láithreán gréasáin an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre faisnéis ar fáil faoi dheimhniú ar inniúlacht ghairmiúil an Tiománaí.

Rataí

Tá ceadúnais foghlaimeora bailí ar feadh dhá bhliana (nó bliain amháin i gcásanna áirithe) agus cosnaíonn siad €15. Tá sé saor in aisce dóibh siúd atá 70 bliana d’aois nó os a chionn.

Tá malartú ceadúnais tiomána chun ainm nó seoladh athraithe a léiriú saor in aisce freisin.

Conas iarratas a dhéanamh

Ba chóir duit iarratas a dhéanamh ar cheadúnas foghlaimeora do Chatagóir C nó C1 chun trucail a thiomáint agus Catagóir D nó D1 chun bus a thiomáint. Sula ndéanann tú iarratas ar do chéad cheadúnas foghlaimeora, ní mór duit Tástáil Teoirice Tiomána a dhéanamh. Nuair a éiríonn leat i do Thástáil Teoirice Tiomána, tabharfar teastas duit, agus ní mór duit an teastas seo a sheoladh isteach le d’iarratas ar cheadúnas foghlaimeora. Tá teastas tástála teoirice tiomána bailí ar feadh dhá bhliain.

Ní mór duit ceadúnas tiomána do chatagóir B a bheith agat freisin.

Tá an fhoirm iarratais do cheadúnas foghlaimeora (D.201) ar fáil ó d’Oifig Mótarchánach áitiúil, leabharlann nó stáisiún Garda. Is féidir leat an fhoirm D.201 a iarraidh ar line anseo agus beidh sé a phost chugat.

Ba chóir iad seo a leanas a bheith in éineacht le d’fhoirm iarratais:

  • Dhá ghrianghraf mar a chéile den chineál a úsáidtear do phas, le cúl an dá cheann sínithe agat féin.
  • Tuairisc ar radharc na súl. Íoslódáil an fhoirm do thuairisc ar radharc na súl(D.502) (pdf). Tá an fhoirm seo ar fáil ó d’Oifig Mótarchánach freisin nó is féidir leat an fhoirm D.502 a iarraidh sa phost trí CitizensInformation.ie. Ní mór foirm do thuairisc ar radharc na súl a bheith in éineacht le gach iarratas ar cheadúnas foghlaimeora céad uaire. Ba chóir do radharceolaí oftalmach cláraithe nó liachleachtóir cláraithe an scrúdú ar radharc na súl a dhéanamh. Ba chóir dó/di an fhoirm D.502 a chomhlánú ansin, agus a bheith mar fhinné ag do dhearbhú sínithe ar an bhfoirm.
  • Tuairisc liachta. Íoslódáil foirm thuairisc liachta (D.501) (pdf) (ní mór í a phriontáil droim le droim ar leathanach amháin). Tá an fhoirm seo ar fáil ó d’Oifig Mótarchánach nó is féidir leat an fhoirm D.501 a iarraidh sa phost trí CitizensInformation.ie. Ba chóir do liachleachtóir cláraithe do scrúdú dochtúra a dhéanamh agus ansin an fhoirm a chomhlánú. Ní mór duit an dearbhú ar an bhfoirm thuairisc liachta a shíniú i láthair an liachleachtóra cláraithe.
  • Do cheadúnas tiomána reatha nó an ceann is déanaí a bhí agat agus, má tá ceann agat, do cheadúnas foghlaimeora reatha nó an ceann is déanaí a bhí agat. Má chaill tú do cheadúnas foghlaimeora tiomána is déanaí nó má goideadh é, ní mór duit dearbhú go bhfuil do cheadúnas caillte (Foirm D8.A), atá ar fáil ó do Stáisiún na nGardaí áitiúil a chomhlánú. Ní mór duit an fhoirm a sheoladh isteach, sínithe agus stampáilte ag na Gardaí, le d’iarratas ar athnuachan.
  • Do theastas tástála teoirice tiomána.
  • An táille chuí. Má tá iarratas á dhéanamh agat ar do cheadúnas tríd an bpost, íoc an táille le seic, dréacht bainc nó ordú poist, atá iníoctha le d’údarás áitiúil. Má tá iarratas á dhéanamh agat ar do cheadúnas tiomána go pearsanta, is féidir leat an táille a íoc in airgead tirim.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Ba chóir iarratas ar cheadúnas foghlaimeora a sheoladh go díreach chuig d’oifig Mótarchánach áitiúil.

Tá liosta de theagascóirí faofa ar fáil ar láithreán gréasáin Teagascóir Tiomána Faofa an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre. Cuireann siad faisnéis ar fáil faoi cheadúnais foghlaimeora freisin.

Is féidir leat rialacha an bhóthair a léamh ag www.rotr.ie.

Údarás Um Shábháilteacht Ar Bhóithre

Páirc Ghnó Ghleann na Muaidhe
Cnoc an tSabhaircín
Béal an Átha
Maigh Eo
Éire

Teil:(096) 25000
Lóghlao:1890 506 080
Facs:(096) 25252
Láithreán Gréasáin: http://www.rsa.ie
R-phost: info@rsa.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 26 May 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.