Ceadúnas Tiomána Idirnáisiúnta

Cad é Ceadúnas TiománaIdirnáisiúnta?

Aistriúchán ar do cheadúnas tiomána is ea ceadúnas tiomána idirnáisiúnta a cheadaíonn duit feithiclí a thiomáint i dtíortha lasmuigh den AE/LEE. Ní mór duit do cheadúnas tiomána a iompar leis agus tú ag tiomáint. Bíonn sé bailí ar feadh bliain amháin. Déanann tú iarratas ar an AA ar cheadúnas tiomána idirnáisiúnta.

Eisítear dhá chineál ceadúnas tiomána idirnáisiúnta in Éirinn:

  • Ceadúnas Tiomána Idirnáisiúnta ó Choinbhinsiún 1949, arb é an ceadúnas tiomána is coitianta eisithe é agus a aithnítear i mbunús tíortha.
  • Ceadúnas Tiomána Idirnáisiúnta ó Choinbhinsiún 1949, atá ag teastáil sna tíortha seo a leanas - an Bhrasaíl, an Bhurúin, an Iaráic, an Nigéir agus an tSomáil.

Cá féidir liom mo Cheadúnas Tiomána Idirnáisiúnta a úsáid?

Is féidir leat do cheadúnas tiomána idirnáisiúnta a úsáid i dtír ar bith a shínigh Coinbhinsiún 1926 nó 1949 na NA ar thrácht ar bhóithre. Féach an fhoirm iarratais chun teacht ar liosta tíortha ina n-aithnítear an ceadúnas.

Aithníonn cuid mhór tíortha eile nach sínitheoirí de chuid choinbhinsiún 1949 iad an ceadúnas tiomána idirnáisiúnta agus glactar leis iontu. Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le d’ambasáid nó do chonsalacht roimh thaisteal le seiceáil cé acu an bhfuil ceadúnas tiomána idirnáisiúnta ag teastáil sa tír a mbeidh tú ag tabhairt cuairte uirthi nó nach bhfuil.

Cé is féidir cur isteach air?

Tá ceadúnas tiomána idirnáisiúnta ar fáil do chónaitheoirí in Éirinn, a bhfuil ceadúnas tiomána Éireannach iomlán acu agus do gach sealbhóir ceadúnais AE/an LEE a chónaíonn in Éirinn.

Ní féidir ceadúnas tiomána idirnáisiúnta a fháil in Éirinn sna cásanna seo a leanas:

  • Níor éirigh leat do thástáil tiomána a phasáil agus tá ceadúnas foghlaimeora agat
  • Má tá do cheadúnas tiomána ar tí dul as feidhm taobh istigh de 6 mhí

Ba chóir duit do cheadúnas tiomána féin a thabhairt leat (fiú má tá ceadúnas idirnáisiúnta tiomána agat) nuair a bhíonn tú ag taisteal thar lear. B’fhéidir go mbeidh ort an ceadúnas seo a thaispeáint le haghaidh iniúchta, mar shampla, agus carr á fháil ar cíos agat thar lear.

Bíonn gach ceadúnas tiomána idirnáisiúnta bailí ar feadh bliana ón dáta eisiúna.

Cé mhéid a chosnaíonn sé?

Cosnaíonn ceadúnas tiomána idirnáisiúnta (a bhíonn bailí ar feadh 1 bhliain) €15 ( tseirbhís tapa) i gcás mearsheirbhíse. (Áirítear leis seo táille riaracháin/phoist €5 in aghaidh an cheadúnais).

Cosnaíonn an tseirbhís chaighdeánach €10.

Conas iarratas a dhéanamh

Is féidir leat foirm iarratais a íoslódáil do cheadúnas tiomána idirnáisiúnta. Tá cóip den fhoirm ar fáil freisin ó Sheirbhísí Taistil AA. Úsáideann tú an fhoirm chéanna má tá do cheadúnas á athnuachan agat.

Caithfear an méid seo a leanas a chur ar fáil le d’iarratais:

  • Cóip de do cheadúnas tiomána Éireannach reatha (an tosach agus an cúl)
  • Grianghraf de mhéid phas atá sínithe ar an gcúl
  • Is féidir an táille €15.00 a íoc trí sheic/ordú poist leis an AA nó trí chárta creidmheasa nó dochair, Google Pay nó Apple Pay
  • Cóip de bille teaghlaigh ar a bhfuil dáta le 3 mhí anuas (má táthar ag cur isteach ar cheadúnas tiomána neamh-Éireannach)

Tá eolas breise ar fáil ar cheadúnais tiomána idirnáisiúnta ar láithreán gréasáin AA.

Cé chomh fada a thógfaidh sé chun mo Chead Tiomána Idirnáisiúnta a fháil?

Má úsáideann tú an tseirbhís tapa (€15), gheobhaidh tú d’iarratas laistigh de 7 lá oibre, agus seolfar ar ais chugat é sa ghnáthphost.

Má úsáideann tú an tseirbhís chaighdeánach (€10), gheobhaidh tú d'iarratas laistigh de 10 lá oibre.

Má tá iarratas á dhéanamh agat ó lasmuigh d’Éirinn, ceadaigh 5 lá oibre breise. Tá sé seo i gcás moilleanna postais idirnáisiúnta.

Cá ndéanfaidh mé iarratas?

Seol d’fhoirm iarratais chomhlánaithe leis an bpost i gclúdach litreach séalaithe chuig: AA Travel Services, P.O. Bosca 11331, Baile Átha Cliath 2. 

Má tá cóip den fhoirm á lorg agat nó má theastaíonn uait dul i dteagmháil le AA Travel Services, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leo ag: 

Seirbhísí Taistil AA

Teach Talamh Mhuire
20-21 Sráid Liam Theas
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil: +353 (0)1 617 9988
Lóghlao: 0818 227 228
Láithreán Gréasáin: https://www.theaa.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 1 Lúnasa 2023