Anseo atá tú: Baile > Taisteal agus Áineas > Gluaisteánaíocht > Ceadúnú Tiománaithe > Láncheadúnas tiomána

Print Page Send to a Friend

Láncheadúnas tiomána

Eolas

Nuair a éiríonn leat i dtástáil tiomána in Éirinn, tá tú i dteideal iarratas a dhéanamh ar cheadúnas tiomána don chatagóir feithicle dá ndearnadh tástáil ort. Ní mór duit do cheadúnas tiomána a bheith leat an t-am ar fad nuair atá tú ag tiomáint.

Is ar An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt atá an fhreagracht fhoriomlán maidir le ceadúnú tiománaithe. Is údaráis ceadúnaithe iad na príomh-údaráis áitiúla, áfach, agus eisíonn siad ceadúnais tiomána. Tá 29 údarás ceadúnaithe (Oifig Mótarchánach) timpeall na tíre agus ba chóir duit d’iarratas a dhéanamh chuig an gceann is gaire don áit ina bhfuil cónaí ort.

Ní mór duit gnáthchónaí a bheith ort in Éirinn chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas tiomána. Meastar go bhfuil gnáthchónaí ort in Éirinn má bhíonn cónaí ort anseo go hiondúil ar feadh ar a laghad 185 lá i ngach bliain féilire, mar gheall ar cheangal pearsanta agus ceirde.

Má tá ceadúnas tiomána Éireannach agat, glactar leis an gceadúnas chun é a úsáid nó é a mhalartú i ngach ballstát eile de chuid an AE/LEE. Má tá tú ag taisteal taobh amuigh den AE/LEE agus go mbeidh tú ag tiomáint, b’fhéidir go mbeadh gá agat le ceadúnas tiomána idirnáisiúnta.

In 2006 d’fhaomh an Coimisiún Eorpach tabhairt isteach ceadúnas tiomána AE amháin chun teacht in áit na cinn atá á n-úsáid i láthair na huaire sna ballstáit. Ceaptar go dtiocfaidh an ceadúnas tiomána AE nua i bhfeidhm faoi 2012 agus go mbeidh deireadh tagtha leis na ceadúnais tiomána a eisíonn gach ballstát faoi 2032. Míníonn an cháipéis seo mar a sheasann rudaí faoi láthair maidir le hiarratas a dhéanamh ar cheadúnas tiomána in Éirinn nó athnuachan a dhéanamh air.

Rialacha

Tá tú i dteideal iarratas a dhéanamh ar cheadúnas tiomána má:

  • d'éirigh leat i dtástáil tiomána le déanaí
  • Tá ceadúnas tiomána agat a rachaidh in éag taobh istigh de 3 mhí agus gur mian leat é a athnuachan
  • Tá ceadúnas tiomána agat a chuaigh in éag níos lú ná deich mbliana ó shin agus gur mian leat é a athnuachan
  • Tá ceadúnas tiomána agat agus gur mian leat catagóir feithiclí de bhreis a chur leis agus nach dteastaíonn tástáil tiomána
  • Tá tú ag malartú ceadúnas tiomána bailí reatha a d’eisigh ballstát eile de chuid an AE/LEE nó “stát aitheanta” eile.

Braitheann an tréimhse ama dá n-eiseofar ceadúnas tiomána ar aois an iarrthóra. Tá 4 aoisghrúpa faoina dtiteann tréimhse cheadúnais.

  • Má tá tú faoi 60 bliana d’aois, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar cheadúnas 3 bliana nó ar cheadúnas 10 mbliana.
  • Má tá tú níos mó ná 60 bliain d’aois, ach níos lú ná 67 mbliana d’aois, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar cheadúnas 3 bliana nó ar cheadúnas a rachaidh in éag ar an lá sula sroicheann tú 70 bliana d’aois.
  • Má tá tú os cionn 67 bliana d’aois, ach faoi 70 bliana d’aois, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar cheadúnas 3 bliana.
  • Má tá tú os cionn 70 bliana d’aois, teastóidh deimhniú oiriúnachta chun tiomána uait ó do dhochtúir chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas bliana nó ceadúnas trí bliana.

Má chuaigh do cheadúnas tiomána in éag 10 mbliana ó shin, ní mór duit Tástáil Teoirice Tiomána a chomhlánú. Tar éis duit do Thástáil Teoirice Tiomána a dhéanamh, ní féidir leat ach iarratas a dhéanamh ar ceadúnas tiomána foghlaimeora agus beidh ort do thástáil tiomána a dhéanamh arís.

Catagóirí Feithiclí

Tá mótarfheithiclí in Éirinn roinnte i gcatagóirí éagsúla ar mhaithe le ceadúnú tiománaithe. Is é seo an gnáthchleachtas ar fud an Aontais Eorpaigh. Tá 14 chatagóir san iomlán ag Éire, ag dul ó ghluaisrothair go feithiclí talmhaíochta. Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi chatagóirí feithiclí agus aoiseanna íosta thiománaithe anseo.

Srianadh ar cheadúnais tiomána gluaisrothair

Tá srianadh i bhfeidhm ar cheadúnais tiomána Catagóir A. Cuireann an srianadh seo teorainn ar an sealbhóir ceadúnais do ghluaisrothair (le nó gan taobhcharr) le teorainn cumhachta de 25Kw nó níos lú. Fanann an srian seo i bhfeidhm ar feadh dhá bhliain ón uair a chríochnaíonn tú do thástáil ceadúnais tiomána gluaisrothair don chatagóir seo agus tar éis duit do cheadúnas tiomána iomlán a fháil don chatagóir seo.

Ó Mheán Fómhair 2011 ar aghaidh, tiocfaidh laghdú ar na teorainneacha um thiomáint ar meisce go dtí 20mg/100ml do dhaoine le ceadúnais foghlaimeora agus dóibh siúd atá ag tiomáint le ceadúnas iomlán sa chéad dá bhliain ó fuair siad an ceadúnas iomlán.

Tá tuilleadh faisnéise le fáil ar bhearta eile a bheartaítear ar láithreán gréasáin an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre.

Má athraím m’ainm nó mo sheoladh, an gá dom iarratas a dhéanamh ar cheadúnas tiomána nua?

Cé nach mór duit do cheadúnas tiomána a bheith leat an t-am ar fad nuair atá tú ag tiomáint, níl aon iachall ort faoin dlí do cheadúnas a athrú má athraíonn tú d’ainm nó do sheoladh. Moltar duit é sin a dhéanamh, áfach. Tá iachall ort fianaise ded’ cheadúnas a thaispeáint má iarrann An Garda Síochána ort é sin a dhéanamh, agus mar sin ba chóir faisnéis chun dáta a bheith ar do cheadúnas.

Is seirbhís saor in aisce atá i gceist chun do cheadúnas a mhalartú chun d’ainm nó do sheoladh a athrú. Tá sé saor in aisce freisin droimscríobh a bhaint de cheadúnas, catagóir a chur leis, nó botún a cheartú.

Ní mór duit foirm iarratais D.401 comhlánaithe, 2 ghrianghraf den chineál a úsáidtear do phas (agus iad sínithe ar a gcúl) agus aon dhoiciméid tacaíochta a theastaíonn, cosúil le bunchóip de theastas pósta, a sheoladh isteach. Téigh i dteagmháil le d'Oifig Mótarchánach chun tuilleadh eolais a fháil.

Cén chaoi a bhfaighim ceadúnas tiomána in áit cheann a chuaigh amú/a goideadh?

Má chuaigh do cheadúnas tiomána reatha amú, nó má goideadh é, má rinneadh damáiste dó nó má loiteadh é, ba chóir duit iarratas a dhéanamh chuig d’Oifig Mótarchánach áitiúil chun ceadúnas a fháil ina áit. Tá an ceadúnas seo ina chóip díreach de do bhuncheadúnas tiomána. Is féidir leat a fháil amach conas athchóip de cheadúnas tiomána a fháil inár ndoiciméad ar athchóip a fháil de cheadúnas tiomána Éireannach a chuaigh amú nó a goideadh.

Rátaí

Seo a leanas an costas a bhaineann le ceadúnais tiomána:

  • Cosnaíonn ceadúnas tiomána bliain amháin €5
  • Cosnaíonn ceadúnas tiomána trí bliana €15
  • Cosnaíonn ceadúnas tiomána deich mbliana €25

Is féidir le tiománaithe os cionn 70 bliana d’aois athnuachan a dhéanamh ar a gceadúnas tiomána saor in aisce.

Tá malartú ceadúnais tiomána chun ainm nó seoladh nua a léiriú nó chun catagóir nua a chur leis saor in aisce freisin.

Conas Iarratas a dhéanamh

Is féidir leat cóip den fhoirm iarratais D.401 a fháil ó d’Oifig Mótarchánach áitiúil, leabharlann nó stáisiún Garda. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an bhfoirm ar líne anseo agus beidh sé a phost chugat.

Má tá ceadúnas tiomána á athnuachan agat, caith súil ar ár ndoiciméad – Ceadúnas tiomána iomlán a athnuachan.

Ba chóir duit d’fhoirm iarratais comhlánaithe a sheoladh ar ais chuig d’Oifig Mótarchánach áitiúil agus ní mór na nithe seo a leanas a bheith in éineacht leis:

  • Dhá ghrianghraf mar a chéile den chineál a úsáidtear do phas, le cúl an dá cheann sínithe agat féin.
  • An ceadúnas foghlaimeora reatha atá agat nó an ceann is déanaí a eisíodh duit. Má chuaigh do cheadúnas foghlaimeora is déanaí amú nó má goideadh é, ní mór duit dearbhú go bhfuil do cheadúnas imithe amú (Foirm D8.A), atá ar fáil ó do Stáisiún Gardaí áitiúil. Ní mór duit an fhoirm a sheoladh isteach, agus síniú agus stampa an Gharda Síochána a fháil, le d'iarrtas ar athnuachan.
  • D’fhéadfadh sé go dteastódh tuairisc liachta. Tá tuairisc liachta riachtanach má:
    - tá tú ag déanamh iarratas ar Chatagóirí C, C1, D, D1, EC, EC1, ED nó ED1 murar chuir tú tuairisc liachta ar fáil cheana féin atá fós infheidhme.
    - tá tú chun a bheith 70 bliana d’aois nó níos mó ar an gcéad lá den tréimhse dá bhfuil an ceadúnas á eisiúint
    - tá aon cheann de na míchumais nó galair a liostáiltear
    - tá titimeas nó alcólachas ort
    - thógann tú drugaí nó cógas a d’fhéadfadh cur isteach ar do chumas tiomáint go sábháilte.
    Íoslódáil foirm thuairisc liachta (D.501) (pdf) (ní mór é a phriontáil droim le droim ar leathanach amháin). Tá an fhoirm seo ar fáil ó d’Oifig Mótarchánach nó is féidir leat an fhoirm D.501 a iarraidh sa phost trí CitizensInformation.ie. Ba chóir go ndéanfadh liachleachtóir cláraithe do scrúdú dochtúra agus ansin an fhoirm a chomhlánú. Ní mór duit an dearbhú ar an bhfoirm thuairisc liachta a shíniú i láthair an liachleachtóra cláraithe.
  • Deimhniú Inniúlachta (má d’éirigh leat i dtástáil tiomána le déanaí).
  • An táille chuí. Má tá iarratas á dhéanamh agat ar do cheadúnas tríd an bpost, íoc an táille le seic, dréacht bainc nó ordú poist, atá iníoctha le d’údarás áitiúil. Má tá iarratas á dhéanamh agat ar do cheadúnas tiomána go pearsanta, is féidir leat an táille a íoc in airgead tirim.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Ba chóir iarratas ar cheadúnas tiomána a sheoladh go díreach chuig d’oifig Mótarchánach áitiúil.

Cuireann an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre faisnéis ar fáil faoi cheadúnais tiomána

Is féidir leat rialacha an bhóthair a léamh ag www.rotr.ie.

Údarás Um Shábháilteacht Ar Bhóithre

Páirc Ghnó Ghleann na Muaidhe
Cnoc an tSabhaircín
Béal an Átha
Maigh Eo
Éire

Teil:(096) 25000
Lóghlao:1890 506 080
Facs:(096) 25252
Láithreán Gréasáin: http://www.rsa.ie
R-phost: info@rsa.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 14 February 2012

Teanga

English | Polsku | Română

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.