Anseo atá tú: Baile > Taisteal agus Áineas > Gluaisteánaíocht > Ceadúnú Tiománaithe > Do cheadúnas tiomána a athrú go ceadúnas tiomána Éireannach

Print Page Send to a Friend

Do cheadúnas tiomána a athrú go ceadúnas tiomána Éireannach

Eolas

Is féidir ceadúnas tiomána a d’eisigh ballstáit de chuid an AE nó ballstát de chuid LEE (an Iorua, Lichtinstéin agus an Íoslainn) a mhalartú i gcomhair ceadúnas tiomána Éireannach. Is féidir ceadúnas tiomána a d’eisigh stáit aitheanta áirithe a mhalartú i gcomhair ceadúnas tiomána Éireannach freisin.

Más sealbhóir tú de cheadúnas tiomána a d’eisigh tír nach bhfuil aitheanta i gcomhair malartaithe ceadúnais tiomána, ní féidir leat do cheadúnas a mhalartú i gcomhair ceadúnas Éireannach. Ní bhfaighidh tú ceadúnas tiomána Éireannach ach amháin tar éis duit dul tríd an nós imeachta ceadúnaithe tiománaithe iomlán, ag tosnú leis an tástáil teoirice tiomána.

Rialacha

Sealbhóirí ceadúnais arna n-eisiúint ag ballstát AE/LEE

Má tá ceadúnas tiomána agat a d’eisigh ballstát AE/LEE, is féidir leat tiomáint in Éirinn chomh fada is atá do cheadúnas reatha bailí. Más mian leat do cheadúnas tiomána a mhalartú i gcomhair ceadúnas tiomána Éireannach comhionann, ní mór duit é sin a dhéanamh taobh istigh de 10 mbliana ón dáta a théann do cheadúnas tiomána in éag.

Sealbhóirí ceadúnais arna n-eisiúint ag stáit aitheanta

Tá comhaontuithe ag Éire le tíortha/stáit áirithe eile a shannann iad mar stáit aitheanta chun cuspóirí mhalartú ceadúnais tiomána. Is iad sin:

  • an Astráil
  • Giobráltar
  • Geansaí
  • Manainn
  • an tSeapáin
  • Geirsí
  • An Afraic Theas
  • An Chóiré Theas
  • An Eilvéis
  • Nua-Shéalainn*
  • Téaváin*

*Cuireadh faoi IR 402/2010 Nua-Shéalainn agus Téaváin le liosta na stáit aitheanta ach le cáilíochtaí áirithe.

Más sealbhóir tú de cheadúnas a d’eisigh ceann de na stáit seo, is féidir leat tiomáint in Éirinn nuair a thagann tú ar cuairt, chomh fada is atá do cheadúnas bailí. Má bhíonn gnáthchónaí ort in Éirinn, is féidir leat tiomáint ar feadh suas le 12 mhí ón dáta a thagann gnáthchónaí ort, chomh fada is nach bhfuil do cheadúnas imithe in éag. Meastar go bhfuil gnáthchónaí ort in Éirinn má bhíonn cónaí ort anseo go hiondúil ar feadh ar a laghad 185 lá i ngach bliain féilire, mar gheall ar cheangal pearsanta agus ceirde.

Más mian leat do cheadúnas tiomána a mhalartú i gcomhair ceadúnas tiomána comhionann Éireannach, ní mór duit é sin a dhéanamh taobh istigh de bhliain amháin ón uair a théann do cheadúnas tiomána in éag.

Sealbhóirí cheadúnais tiomána ó thíortha eile

Murab as aon cheann de na tíortha thuas thú, (mar shampla, más as Cheanada nó na Stáit Aontaithe thú) agus go bhfuil do cheadúnas tiomána náisiúnta féin nó ceadúnas tiomána idirnáisiúnta agat ó do thír féin, is féidir leat tiomáint in Éirinn ar feadh do chuairt sealadach (suas le 12 mhí).

Má tá tú ag fanacht in Éirinn ar feadh tréimhse níos faide ná 12 mí, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar cheadúnas tiomána Éireannach, ach beidh ort dul tríd an nós imeachta ceadúnaithe tiománaithe iomlán. Ní mór duit tástáil teoirice tiomána a dhéanamh ar dtús, iarratas a dhéanamh ar cheadúnas tiomána foghlaimeora agus do thástáil tiomána a dhéanamh in Éirinn. Má éiríonn leat i do thástáil tiomána, eiseofar ceadúnas tiomána Éireannach iomlán duit.

Catagóirí Feithiclí

Tá mótarfheithiclí in Éirinn roinnte i gcatagóirí éagsúla ar mhaithe le ceadúnú tiománaithe. Is é seo an gnáthchleachtas ar fud an Aontais Eorpaigh. Tá 14 catagóir san iomlán ag Éire, ag dul ó ghluaisrothair go feithiclí talmhaíochta. Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil inár ndoiciméad ar chatagóirí feithiclí agus aoiseanna íosta thiománaithe.

Cionta tiomána a rinneadh i ndlínsí eile

Níl pointí pionóis agus droimscíobh ar cheadúnas tiomána a fuarthas i stáit eile (lena n-áirítear ballstáit AE/LEE) aitheanta in Éirinn. Seo mar gheall go bhfuil na pionóis seo eisithe ag cúirteanna i ndlínsí eile. Go praiticiúil, ciallaíonn sé seo má fuair tú pointí pionóis nó droimscríobh ar cheadúnas tiomána roimh duit a theacht go hÉirinn, nach n-aistríonn na pointí pionóis nó driomscríobh seo go ceadúnas tiomána Éireannach. Má tá tú cosctha ó thiomáint i ndlínse eile, áfach, (mar shampla, mar gheall ar thiomáint ar meisce) ní gá go mbeidh tú ábalta do cheadúnas reatha a mhalartú i gcomhair ceadúnas tiomána Éireannach.

Má tá tú ag tiomáint ar cheadúnas tiomána eachtrannach in Éirinn agus go bhfaigheann tú pointí pionóis anseo, gheobhaidh tú an ghnáth-fhíneáil reachtúil ach ní chuirfear na pointí pionóis ar do cheadúnas tiomána eachtrannach. Má mhalartaíonn tú do cheadúnas tiomána eachtrannach i gcomhair ceadúnas tiomána Éireannach ina dhiaidh sin, cuirfear do phointí pionóis Éireannacha i bhfeidhm ar do cheadúnas tiomána Éireannach.

Rataí

Seo a leanas na táillí chun ceadúnas tiomána iomlán arna eisiúint ag tír aitheanta a mhalartú i gcomhair ceadúnas tiomána Éireannach:

  • Ceadúnas tiomána le haghaidh bliain amháin: €5
  • Ceadúnas tiomána 3 bliana: €15
  • Ceadúnas tiomána 10 mbliana: €25

Conas Iarratas a dhéanamh

Chun do cheadúnas tiomána a mhalartú i gcomhair ceadúnais tiomána Éireannaigh, ní mór duit foirm iarratais i gcomhair ceadúnas tiomána a chomhlánú (foirm D401). Is féidir leat cóip den fhoirm iarratais D.401 a fháil ó d’Oifig Mótarchánach áitiúil, leabharlann nó stáisiún Garda. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an bhfoirm ar líne anseo agus beidh sé a phost chugat.

Beidh ort foirm do mhalartú ceadúnais tiomána (foirm D900) a chomhlánú freisin. Tá cóip de fhoirm D900 ar fáil ó d’Oifig Mótarchánach áitiúil. Is féidir leat foirm D900 a íoslódáil anseo (pdf) freisin.

Ba chóir duit d’fhoirm iarratais comhlánaithe a sheoladh ar ais chuig d’Oifig Mótarchánach áitiúil agus ní mór na nithe seo a leanas a bheith in éineacht leis:

  • Foirm D900: Malartú cheadúnas tiomána - dearbhú maidir le bailíocht cheadúnas tiomána aitheanta
  • Dhá ghrianghraf den chineál a úsáidtear do phas atá mar an gcéanna, le cúl an dá cheann sínithe agat féin.
  • Do cheadúnas tiomána reatha nó an ceann is déanaí a eisíodh duit (má tá nó má bhí ceadúnas agat sna deich mbliana seo caite) agus do cheadúnas tiomána foghlaimeora (má tá ceann nó má bhí ceann agat sna cúig bliana seo caite).
  • D’fhéadfadh sé go dteastódh tuairisc liachta. Tá tuairisc liachta riachtanach má:
    - tá tú ag déanamh iarratas ar Chatagóirí C, C1, D, D1, EC, EC1, ED nó ED1 murar chuir tú tuairisc liachta ar fáil cheana féin atá fós infheidhme.
    - tá tú chun a bheith 70 bliana d’aois nó níos mó ar an gcéad lá den tréimhse dá bhfuil an ceadúnas á eisiúint
    - tá aon cheann de na míchumais nó galair a liostaítear
    - tá titimeas nó alcólachas ort
    - thógann tú drugaí nó cógas a d’fhéadfadh cur isteach ar do chumas tiomáint go sábháilte.
    Íoslódáil foirm thuairisc liachta (D.501) (pdf) (ní mór í a phriontáil droim le droim ar leathanach amháin). Tá an fhoirm seo ar fáil ó d’Oifig Mótarchánach nó is féidir leat an fhoirm D.501 a iarraidh sa phost trí CitizensInformation.ie. Ba chóir do liachleachtóir cláraithe do scrúdú dochtúra a dhéanamh agus ansin an fhoirm a chomhlánú. Ní mór duit an dearbhú ar an bhfoirm thuairisc liachta a shíniú i láthair an liachleachtóra cláraithe.
  • Deimhniú Inniúlachta (má d’éirigh leat i dtástáil tiomána le déanaí).
  • An táille chuí. Má tá iarratas á dhéanamh agat ar do cheadúnas tríd an bpost, íoc an táille le seic, dréacht bainc nó ordú poist, atá iníoctha le d’údarás áitiúil. Má tá iarratas á dhéanamh agat ar do cheadúnas tiomána go pearsanta, is féidir leat an táille a íoc in airgead tirim.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Ba chóir iarratas chun ceadúnas tiomána a mhalartú a sheoladh go díreach chuig d’oifig Mótarchánach áitiúil.

Cuireann an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre faisnéis ar fáil faoi cheadúnais tiomána

Údarás Um Shábháilteacht Ar Bhóithre

Páirc Ghnó Ghleann na Muaidhe
Cnoc an tSabhaircín
Béal an Átha
Maigh Eo
Éire

Teil:(096) 25000
Lóghlao:1890 506 080
Facs:(096) 25252
Láithreán Gréasáin: http://www.rsa.ie
R-phost: info@rsa.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 27 April 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.