Tá mótarfheithiclí in Éirinn roinnte i gcatagóirí éagsúla i gcomhair ceadúnú tiománaithe. Is é seo an gnáthchleachtas ar fud an Aontais Eorpaigh. Tá 14 catagóir san iomlán ag Éire, ag dul ó ghluaisrothair go feithiclí talmhaíochta. Tá aois íosta leagtha síos do thiománaí gach catagóir feithicle. I bhfocail eile, sular féidir leat iarratas a dhéanamh ar cheadúnas chun feithicil a thiomáint in Éirinn, ní mór duit aois áirithe a bheith agat.
Nuair a dhéanann tú iarratas ar cheadúnas tiomána nó ar cheadúnas
tiomána foghlaimeora (ar a dtugtaí ceadúnas sealadach tiomána roimhe seo),
tá na catagóirí feithiclí a bhfuil tú údaraithe a thiomáint/a fheidhmiú
liostaithe ar do cheadúnas. Is cion tromchúiseach atá ann aon fheithicil a
thiomáint nach bhfuil ceadúnas agat dó.
Bíodh is gur ceadúnas tiomána nó ceadúnas tiomána foghlaimeora atá agat, níl tú i dteideal ach an chatagóir feithicle a thiomáint dár eisíodh an ceadúnas nó ceadúnas foghlaimeora.
Más mian leat catagóir eile de mhótarfheithicil a chur leis an gceadúnas tiomána nó ceadúnas foghlaimeora atá agat faoi láthair, ní mór don cheadúnas atá agat faoi láthair a bheith bailí fós. Is féidir catagóirí áirithe feithiclí a chur le do cheadúnas reatha gan aon ghá a bheith le tástáil tiomána nó tástáil teoirice tiomána. Teastaíonn tástáil tiomána agus/nó tástáil teoirice tiomána chun catagóirí eile a chur leis.
Seo mar a leanas na catagóirí do ghluaisrothair agus móipéidí agus aois íosta an tiománaí
| Catagóirí gluaisrothair agus móipéidí | ||
| Catagóir | Cineál feithicle | Aois íosta an tiománaí |
| A1 | Gluaisrothair suas le 11kW nó 125cc le nó gan taobhcharr | 16 bliana d’aois |
| A | Gluaisrothair le nó gan taobhcharr | 18 mbliana d’aois |
| M | Móipéidí le huas-luasteorainn de 45ksu agus inneall suas le 50cc | 16 bliana d’aois |
Tá ceadúnais foghlaimeora do chatagóir A srianta do ghluaisrothair suas le 25kW (timpeall 285cc). Tá an srian seo i bhfeidhm ar feadh dhá bhliain tar éis duit do chéad cheadúnas tiomána do chatagóir A a fháil.
Tá tuilleadh eolais ar fáil inár ndoiciméad maidir le ceadúnais tiomána foghlaimeora do ghluaisrothair agus ceadúnais tiomána do ghluaisrothair.
Seo mar a leanas na catagóirí do charranna agus do fheithiclí oibre agus aois íosta an tiománaí:
| Catagóirí carranna agus feithiclí oibre | ||
| Catagóir | Cineál feithicle | Aois íosta an tiománaí |
| B | Feithiclí le suíocháin i gcomhair suas le 8 paisinéir agus uas-mheáchan de 3,500kg (a chuimsíonn leantóir a tharraingt sa chás nach dtéann uas-mheáchan an leantóra thar 750kg nuair atá sé lódáilte go hiomlán) | 17 mbliana d’aois |
| W | Feithiclí oibre a bhfuil nó nach bhfuil leantóir acu, cosúil le tarracóir talún nó JCB | 16 bliana d’aois |
Ní cheadaíonn ceadúnais foghlaimeora do chatagóir B duit leantóir a tharraingt.
Tá tuilleadh eolais ar fáil inár ndoiciméid maidir le ceadúnais tiomána foghlaimeora do charranna agus do fheithiclí oibre agus ceadúnais tiomána.
Seo mar a leanas na catagóirí do bhusanna agus trucailí agus aois íosta an tiománaí:
| Catagóirí busanna agus trucailí | ||
| Catagóir | Cineál feithicle | Aois íosta an tiománaí |
| C1 | Feithicil earraí idir 3,500kg agus 7,500kg | 18 mbliana d’aois |
| C | Feithiclí earraí os cionn 3,500kg | 18 mbliana d’aois |
| D1 | Feithiclí paisinéirí le cóiríocht do níos mó ná ochtar agus suas le 16 duine. | 21 bliain d’aois |
| D | Feithiclí paisinéirí le cóiríocht do níos mó ná ochtar. | 21 bliain d’aois |
Cuimsíonn na catagóirí seo leantóir a tharraingt sa chás nach dtéann uas-mheáchan an leantóra thar 750kg nuair atá sé lódáilte go hiomlán. Ní cheadaíonn ceadúnais foghlaimeora na gcatagóirí seo duit leantóir a tharraingt, áfach.
Tá tuilleadh eolais ar fáil inár ndoiciméid maidir le ceadúnais tiomána foghlaimeora do bhusanna agus trucailí agus ceadúnais tiomána.
Seo a leanas na catagóirí agus aois íosta an tiománaí a bhaineann le tiománaí atá ag tarraingt leantóir, le huasmheáchan níos airde ná 750kg nuair atá sé lódáilte go hiomlán:
| Catagóirí leantóirí | ||
| Catagóir | Cineál feithicle | Aois íosta an tiománaí |
| EB | Feithiclí i gcatagóir B le leantóir | 17 mbliana d’aois |
| EC1 | Feithiclí earraí i gcatagóir C1 sa chás nach bhfuil meáchan iomlán na feithicle agus an leantóra agus é lódáilte go hiomlán, os cionn 12,000kg, agus nach bhfuil an leantóir níos troime ná an fheithicil earraí folamh nuair atá sé lódáilte go hiomlán | 18 mbliana d’aois |
| EC | Feithiclí earraí i gcatagóir C le leantóir (cuimsíonn sé seo trucail altacha) | 18 mbliana d’aois |
| ED1 | Feithiclí paisinéirí i gcatagóir D1 sa chás nach bhfuil meáchan iomlán na feithicle agus an leantóra agus é lódáilte go hiomlán, os cionn 12,000kg, agus nach bhfuil an leantóir níos troime ná an feithicil phaisinéirí folamh nuair atá sé lódáilte go hiomlán. | 21 bliain d’aois |
| ED | Feithiclí paisinéirí i gcatagóir D le leantóir | 21 bliain d’aois |
Tá tuilleadh eolais ar fáil inár ndoiciméid maidir le ceadúnais tiomána
foghlaimeora do leantóirí agus ceadúnais tiomána.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.