Is éard atá i gceist le feithicil a bhfuil a ré caite (nó ELV) ná gluaisteán nó feithicil éadrom thráchtála atá le diúscairt ag an úinéir cláraithe (i bhfocail eile, gluaisteán nó veain bheag atá le bheith briste). Ó 1 Eanáir 2007, ní mór d'úinéirí gluaisteáin agus veaineanna a bhfuil a ré caite feithiclí dá leithéid a fhágáil ag saoráid cóireála údaraithe (ATF) atá ceadaithe nó ceadúnaithe go cuí. Ní féidir le saoráid cóireála údaraithe táille a ghearradh as feithicil a bhfuil a ré caite a ghlacadh. Nuair a dhéantar ceann de na feithiclí seo a fhágáil ag saoráid cóireála údaraithe, gheobhaidh an t-úinéir teastas scriosta.
Rialaítear diúscairt feithiclí a bhfuil a ré caite ós rud é gur bagairt iad don chomhshaol. Is é an príomhchúis a bhaineann leis seo ná go gcuimsíonn feithiclí a bhfuil a ré caite ábhair ghuaiseacha. San áireamh leo, mar shampla, tá cadhnraí luaidhe-aigéadacha, sreabháin lena n-áirítear ola bhealaithe, fuarthán, leacht coscán, agus tiontairí catalaíocha, a gcaithfear gach ceann acu a dhiúscairt ar bhonn sábhailteachta d'fhonn bac a chur ar thruailliú.
Laghdaíonn diúscairt fhreagrach na bhfeithiclí seo líon na bhfeithiclí úd a dhéanfaí iad a thréigean nó a dhumpáil go mídhleathach. Meastar go ndéantar suas le 7% de na feithiclí a bhfuil a ré caite a dhumpáil go mídhleathach i roinnt ballstát de chuid an AE.
Leagann Treoir AE 2000/53/EC sainbhearta le bheith curtha i bhfeidhm ag Ballstáit maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite a bhailiú, stóráil, chóireáil, dhíchóimeáil, a athúsáid agus a athchúrsáil. Tugadh an Treoir isteach go dlí na hÉireann trí na Rialacháin (Feithiclí a bhfuil a Ré Caite) um Bainistiú Dramhaíola 2006 (IR 282 de 2006) (pdf).
Is éard atá i bhfeithicil a bhfuil a ré caite ná feithicil shainithe a mbeidh a húinéir chláraithe dá diúscairt mar dhramhaíl. Baineann feithiclí deireadh a saol úsáideach amach de ghnáth toisc iad a bheith sean (idir 12 -14 bliana d’aois de ghnáth), nó toisc go ndearnadh an-damáiste dóibh i dtimpiste. Níl aois sheasta ann, dá réir sin, chun feithicil a bhreithniú mar fheithicil a bhfuil a ré caite.
Caithfaidh feithicil a bhfuil a ré caite a bheith fágtha ag saoráid cóireála údaraithe. Tá ar gach déantúsóir nó allmhaireoir feithicle córas bailithe náisiúnta a chur i bhfeidhm ina bhfuil saoráid cóireála amháin ar a laghad dá leithéid i ngach cathair agus limistéar comhairle. Cuireann na saoráidí seo seirbhís fágála saor in aisce d'fheithiclí a bhfuil branda an táirgeora sin orthu. Is féidir go mbeadh saoráid neamhspleách ann chomh maith i do cheantar féin a ghlacfaidh le d'fheithicil a bhfuil a ré caite.
Má dhéantar feithicil a bhfuil a ré caite a fhágáil ag saoráid neamhúdaraithe, ní bhfaighidh an t-úinéir teastas scriosta agus d'fhéadfadh sé fós a bheith taifeadta mar úinéir cláraithe na feithicle ar Chomhad Feithiclí Náisiúnta na Roinne Iompair, Turasóireachta agus Spóirt.
Is fadhb úinéir na feithicle í seo. Caithfidh saoráid cóireála údaraithe atá mar chuid de líonra táirgeoirí feithicil shainithe ar bith ó bhranda an táirgeora sin a ghlacadh agus ní féidir léi táille a ghearradh. Ní gá do shaoráid cóireála údaraithe neamhspleách feithicil a ghlacadh ach má ghlactar léi, ní féidir táille a ghearradh. Is fíor an dá chás seo ar an gcoinníoll go bhfuil an fheithicil iomlán a bheag nó a mhór. Más rud é go gcaithfear an fheithicil a iompar go dtí an tsaoráid cóireála (le trucail tarraingthe mar shampla), is faoin úinéara atá sé an costas seo a íoc.
Níl aon liosta amháin ann de shaoráidí cóireála údaraithe d'fheithiclí a bhfuil a ré caite. Le haghaidh sonraí maidir le do shaoráid cóireála fhaofa áitiúil déan teagmháil le d'údarás áitiúil nó le hallmhaireoir na feithicle.
Tá oibleagáid ar oibreoir shaoráid cóireála údaraithe d'fheithiclí a bhfuil a ré caite:
Ní féidir táille a ghearradh ort as feithicil a bhfuil a ré caite a fhágáil ag saoráid cóireála údaraithe, más úinéir chláraithe na feithicle úd thú agus má tá an fheithicil slán. Cuimhnigh na doiciméid cláraithe feithicle a thabhairt leat.
Ach má tá páirteanna ríthábhachtacha na feithicle (mar shampla, an t-inneall, an giarbhosca, an traiseoladh agus tiontaire catalaíoch) ar iarraidh, nó má chuimsíonn an fheithicil dramhaíl, is féidir táille a ghearradh ort. Is riail láimhe maith é ná má theastaíonn uait go nglacfaí leis an ngluaisteán saor in aisce, ná déan páirteanna spártha a bhfuil luach orthu a bhaint roimh ré.
I ndiaidh duit d'fheithicil a fhágáil ag saoráid cóireála údaraithe, déanfaidh úinéir nó oibreoir na saoráide:
Caithfear an fheithicil a chóireáil laistigh de 10 lá i ndiaidh dó a bheith fágtha ag an saoráid.
Is cion é duitse (nó do shaoráid cóireála údaraithe) gan an dlí a chomhlíonadh maidir le diúscairt feithiclí a bhfuil a ré caite. Go háirithe, is cion é gan cloí leis na rialacha a bhaineann le teastais maidir le scriosadh feithiclí nó gan feithicil a bhfuil sé i gceist agat í a dhiúscairt mar dhramhaíl a fhágáil ag saoráid cóireála údaraithe.
Tá pionóis as cionta a leagtar amach faoi na hAchtanna um Bainistiú Dramhaíola bainteach. Is féidir fíneáil ar fiú €3,000 é agus/nó 12 mhí i bpríosún a ghearradh i ndiaidh ciontaithe go hachomair. Tá rogha d'fhíneáil suas le €15,000,000 agus/nó 10 mbliana príosúnachta ar fáil don chúirt i gcás ciontaithe ar díotáil.
Ní ghearrfar táille ort má fhágann tú feithicil a bhfuil a ré caite ag saoráid cóireála údaraithe, chomh fada is gur tusa úinéir chláraithe na feithicle sin.
Is féidir táillte a ghearradh ort as feithicil a fhágáil, má tá comhpháirteanna ríthábhachtacha na feithicle ar iarraidh.
Déan teagmháil le déantúsóir nó allmhaireoir d'fheithicil, nó d'údarás áitiúil le haghaidh tuilleadh faisnéise.
Tá tuilleadh faisnéise faoin dlí maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite a fhágáil ar fáil ó Rannóg Bac agus Aighabhála Bheartas Dramhaíola an:
Teach an Chustaim
Baile Átha Cliath 1
Éire
Teil:(01) 888 2000
Lóghlao:1890 202 021
Facs:(01) 888 2888
Láithreán Gréasáin: http://www.environ.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.