Má dhíolann tusa feithicil nó é a chur mar pháirt-íocaíocht i gcoinne ceann nua, caithfidh tú an t-athrú úinéireachta a chlárú. Déantar é seo i gceann de dhá bhealach, ag brath ar an raibh an carr cláraithe ar dtús, roimh nó i ndiaidh an 1ú Eanáir 1993.
Is féidir leat athrú úinéireachta a chlárú ag An Oifig Cánach Mótarach áitiúil, má bhí do charr cláraithe den chéad uair roimh nó ar an dáta seo. Caithfidh an t-athrú úinéireachta a bheith cláraithe go díreach leis An Aonad Chlárúcháin Feithiclí den Roinn Comhshaoil agus Rialtas Áitiúil, más i ndiaidh an 1ú Eanair 1993 a cláraíodh an carr.
Má dhíolann tusa feithicil go príobháideach, beidh ort foirm (RF200) Athrú Úinéireachta a líonadh, atá ar fáil ón Oifig Cánach Mótarach áitiúil. Caithfidh tú an fhoirm líonta agus an leabhar Turais (Log Book) a thabhairt go dtí an Oifig Cánach Mótarach áitiúil, nó iad a sheoladh chucu.
Má dhíolann tú an feithicil le trádálaí mótarach, caithfidh tú an fhoirm RF200 agus é líonta a thabhairt nó a sheoladh chuig an Oifig Cánach Mótarach áitiúil. Ní chuireann tú an leabhar Turais (Log Book) isteach leis mar caithfidh tú í seo a thabhairt don trádálaí mótarach, ag am an díolacháin.
Má dhíolann tú an feithicil go príobháideach, caithfidh tú Roinn B den Teastas Ceadúnaithe Feithiclí, a fuair tú nuair a cheannaigh tú an carr, a líonadh agus a sheoladh chuig an Aonad Clárúcháin Feithiclí den Roinn Comhshaoil agus Rialtas Áitiúil. Beidh na sonraí nua cláraithe agus beidh an Teastas seolta chuig an úinéara nua. Caithfidh tú an Teastas Clárúcháin Feithiclí rud a fhaigheann tú freisin nuair a cheannaíonn tú carr, a thabhairt don úinéara nua, ag am an díolacháin.
Má dhíolann tú an carr le trádáláí mótarach, caithfidh tú foirm RF105 a líonadh, atá le fáil ón trádálaí motarach. Caithfidh tú an fhoirm líonta a sheoladh chuig an Aonad Clárúcháin Feithiclí den Roinn Comhshaoil agus Rialtas Áitiúil, agus an Teastas Ceadúnaithe Feithiclí maraon leis an Teastas Clárúcháin Feithiclí a thabhairt don trádálaí mótarach.
Má cheannaíonn tú feithicil a bhí cláraithe ar dtús, roimh an dáta seo, caithfidh tú Roinn B den fhoirm RF200 a líonadh agus a sheoladh ar aghaidh, agus Roinn C a choinneáil don díoltóir le líonadh. Beidh na sonraí nua cláraithe sa leabhar Turais (Log Book) a bhéas curtha ar ais chuig an úinéara nua.
Má cheannaíonn tú feithicil go príobháideach, a bhí cláraithe ar dtús i ndiaidh an dáta seo, caithfidh an díoltóir do chuid sonraí a líonadh isteach i Roinn B den Teastas Ceadúnaithe Feithiclí agus é a sheoladh chuig an Aonad Clárúcháin Feithiclí den Roinn Comhshaoil agus Rialtas Áitiúil. Beidh na sonraí nua cláraithe agus seolfar an teastas Ceartaithe chugat. Tabharfaidh an díoltóir an Teastas Clárúcháin Feithiclí duit nuair a cheannaíonn tú an carr.
Is féidir cáipéisí athsholáthair a fháil a bhaineann le hathruithe ar úinéireacht feithicile. Is mar seo a leanas atá an liosta cáipéisí agus an costas a bhaineann lena n-athsoláthar;
| Cáipéis | Costas Athsholáthair |
| Leabhar Cláraithe | 12 euro |
| Teastas ceadúnúcháin feithicile | 12 euro |
| Diosca mótarchánach | 6 euro |
Chun cáipéisí athsholáthair a fháil, íoschóipeáil agus comhlánaigh foirm RF134 (pdf) agus agus iarr ar bhall den Gharda Síochána ag stáisiún Gardaí a bheith ina bhfinné ar an bhfoirm. Seol d’fhoirm chomhlánaithe leis an táille chuí chuig d’Oifig Mhótarchánach.
Níl aon táille le n-íoc le sonraí Athrú úinéireachta a chlárú ag na hOifigí Cánach Mótarach nó ag an Aonad Clárúcháin Feithiclí.
An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt
Lár Bhaile na Sionna
Sionainn
An Clár
Éire
Teil:(061) 365 000
Lóghlao:1890 411 412
Facs:(061) 363 480
Láithreán Gréasáin: http://www.transport.ie/roads/motortax/index.asp?lang=ENG&loc=2468
R-phost: Motortax@dttas.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.