Anseo atá tú: Baile > Taisteal agus Áineas > Gluaisteánaíocht > Díol nó ceannach feithicle > Carr nua a cheannach in Éirinn

Print Page Send to a Friend

Carr nua a cheannach in Éirinn

Eolas

Tá gach carr nua agus carranna a allmhairítear go hÉirinn faoi réir ag Cáin Chláraithe Feithiclí (CCF) agus caithfear iad a chlárú leis na Coimisinéirí Ioncaim. Má tá tú ag ceannach carr nua nó ag allmhairiú cairr isteach go hÉirinn ó thar lear, caithfidh tú trí rud a dhéanamh sula gceadaítear duit do charr a thiomáint:

  • Cáin Chláraithe Feithiclí (CCF) a íoc
  • Árachas gluaisteán a bheith agat
  • Mótarcháin a íoc

Tá dualgas ar gach tiománaí ceadúnas tiomána bailí a bheith aige nó aici i gcónaí nuair atá siad ag tiomáint. Tá tuilleadh eolais ar fáil inár ndoiciméid maidir le ceadúnais tiomána foghlaimeora agus láncheadúnais tiomána.

Lipéadú feithiclí

Tugadh isteach córas lipéadaithe in Iúil 2008 a chuireann ar chumas tomhaltóirí astuithe carbóin (CO2) i gcarranna nua a chur i gcomparáid le chéile. Léiríonn an chéad chuid den lipéad an seacht mbanda astuithe atá ann agus aithníonn sé banda na feithicle sin a bhfuil lipéad greamaithe di. Tá trí phointe thábhachtacha faisnéise do thomhaltóirí sa dara cuid den lipéad:

  • an ráta de Cháin Chláraithe Feithiclí atá iníoctha ar an bhfeithicil,
  • an mhótarcháin bhliantúil atá iníoctha
  • an méid breosla atá riachtanach chun an fheithicil a thiomáint ar feadh 18,000 ciliméadar

Cuireann an tríú cuid den lipéad leis an bhfaisnéis a bhíonn sa chéad agus sa dara cuid agus tagraíonn sé don tábhacht a bhaineann le hiompar an tiománaí. Tugann codanna eile den lipéad faisnéis riachtanach faoin bhfeithicil dá bhfuil sé ceangailte, lena n-áirítear déanamh, múnla, toilleadh an innill, tarchur, cineál breosla agus ídiú breosla.

Cáin Chláraithe Feithiclí

Tá gach carr nua in Éirinn faoi dhliteanas ag Cáin Chláraithe Feithiclí atá iníoctha nuair a dhéantar an carr a chlárú ar dtús. Is riachtanas dlíthiúil é seo agus d'fhéadfadh pionóis throma a bheith mar thoradh ar moill a dhéanamh an carr a chlárú nó an cháin a íoc.

Caithfear carranna a allmhairíodh (a iompórtáladh) a chlárú freisin. Ní mór duit coinne a dhéanamh le hionad de chuid na Seirbhíse Tástála Náisiúnta Gluaisteán chun go ndéanfar an carr a thástáil agus caithfidh tú an Cháin Chláraithe Feithiclí a íoc. Féach ar ár ndoiciméad faoi allmhairiú cairr.

Ceannach ó dhíoltóir carranna

Má cheannaíonn tú carr nua ó dhíoltóir (seomra taispeána carranna srl.), beidh an díoltóir freagrach as an bhfeithicil a chlárú agus cáin a íoc sula dtugtar duit í. Ba chóir don chostas CCF a bheith san áireamh i bpraghas na feithicle. Déanfar d'fheithicil a sholáthar duit leis na plátaí clárúcháin feistithe air cheana féin.

Chomh luath agus atá an fheithicil cláraithe leis na Coimisinéirí Ioncaim agus CCF íoctha, gheobhaidh tú (nó do dhíoltóir mótair):

  • Admháil don CCF íoctha a léiríonn an uimhir chlárúcháin atá sannta don charr atá agat.
  • Foirm RF 100 le húsáid nuair atá iarratas á dhéanamh ar cháin bhóthair.

Plátaí clárúcháin feithicle

Caithfear plátaí clárúcháin a léiríonn an uimhir chlárúcháin sannta a bheidh le feiceáil ar do charr laistigh de 3 lá ón dáta clárúcháin. Má cheannaíonn tú carr ó dhíoltóir, beidh na plátaí clárúcháin feistithe faoin am a ghlacann tú seilbh air. Má cheannaíonn tú an carr go príobháideach, beidh plátaí clárúcháin ag teastáil uait - is féidir iad a ordú ó fhormhór na ndíoltóirí mótair.

Deimhniú cláraithe feithicle

Eisíonn An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt deimhniú clárúcháin i gcomhair do chairr nua. Seolfar é seo sa phost chugat tar éis duit iarratas a dhéanamh ar an oifig mótarchánach áitiúil le mótarcháin na feithicle a íoc.

Árachas Gluaisteán

Is riachtanas dlíthiúil in Éirinn árachas gluaisteán a bheith agat má theastaíonn uait carr a thiomáint in áit phoiblí. Léigh tuilleadh anseo faoi riachtanas maidir le hárachas mótair.

Mótarcháin

Is táille é mótarcháin atá gearrtha ag rialtas na hÉireann ar mhótarfheithiclí in Éirinn. Úsáidtear ioncam ó mhótarcháin chun cothabháil agus uasghrádú a dhéanamh ar an ngréasán bóithre. Is ar astuithe CO2 an chairr a shocraítear an táille mótarchánach i gcomhair cairr nua agus is ar thoilleadh an innill a cheaptar é i gcás feithiclí eile. Tá feithiclí áirithe díolmhaithe. Léigh tuilleadh anseo faoi riachtanas do mhótarcháin.

Faoisimh agus díolúintí cánach

Tá faoisimh agus díolúintí difriúla ó CCF agus tá tuilleadh eolais le fáil ó oifig cánach áitiúil na gCoimisinéirí Ioncaim. Tá faoiseamh ar fáil chomh maith do;

  • tiománaithe áirithe faoi mhíchumas
  • Cuairteoirí go hÉirinn a raibh feithiclí dá gcuid féin acu thar lear ar feadh níos mó ná 6 mhí agus a bheidh ina gcónaí anseo go sealadach
  • Cuairteoirí go hÉirinn a raibh feithiclí dá gcuid féin acu thar lear ar feadh níos mó ná 6 mhí agus atá ag bogadh go hÉirinn go buan
  • Daoine atá seolta go hÉirinn mar chuid den chór taidhleoireachta

NÓTA: Má tá tú ag bogadh go hÉirinn agus tú ar dhuine díobh siúd a bhfuil díolúine acu ó CCF a íoc, ní féidir leat d'fheithicil a dhíol go ceann breis agus 12 mhí tar éis don fheithicil a bheith cláraithe. Má tá dualgas ort CCF a íoc, is féidir leat d'fheithicil a dhíol anseo in Éirinn chomh luath agus atá sé cláraithe. Tá tuilleadh eolais ar fáil ó oifig cánach áitiúil na gCoimisinéirí Ioncaim.

Gluaisteáin leictreacha

Beidh díolúine ó Cháin Chláraithe Feithiclí le fáil i gcomhair feithiclí leictreacha baisctháirgthe go dtí an 31 Nollaig 2012.

Beidh scéim deontas ar fáil ó Eanáir 2011 go Nollaig 2012 i gcomhair feithiclí leictreacha a thiomáintear le cumhacht ceallraí (BEVanna) agus i gcomhair hibridí a phlugáiltear isteach agus a shásaíonn caighdeáin áirithe. Is iad seo a leanas na deontais:

  • €5,000 i gcomhair BEVanna a chosnaíonn €20,000 nó níos mó
  • €2,000 go €4,500 i gcomhair BEVanna a chosnaíonn níos lú ná €20,000
  • €2,500 i gcomhair hibridí a chosnaíonn €18,000 nó níos mó

Scéim traipisithe carranna

Tugadh isteach scéim traipisithe carranna le héifeacht ó Eanáir go Nollaig 2010. Thug sé faoiseamh chomh hard le €1,500 ó Cháin Chláraithe Feithiclí faoin scéim i gcás cairr a bhí 10 mbliana nó níos mó a chaitear i dtraipisí nuair a cheannaigh tú carr nua a bhfuil bandaí astuithe CO2 A nó B ag baint leis. Bhí an scéim leathnaithe don tréimhse Eanáir 2011 chun Meitheamh 2011 le faoiseamh CCF laghdú de suas le € 1,250

Is ionann carr a chaitheamh i dtraipisí agus é a thógáil chuig saoráid oifigiúil cóireála le haghaidh Feithiclí a bhfuil a Ré Caite (FRC) agus go n-eisíonn an tsaoráid sin Teastas Scriosta i leith an chairr sin.

Carr a allmhairiú

Má tá tú ag tabhairt do charr go hÉirinn go sealadach (.i., nuair atá tú ar laethanta saoire, ar thuras gnó, srl.)ní gá duit CCF a íoc ar an bhfeithicil.

Má tá tú ag allmhairiú carr nua ó thír eile AE caithfidh tú CBL a íoc - rud a dhéantar go hiondúil nuair atá an carr á chlárú. Is ionann carr nua agus carr nár úsáideadh ar feadh tréimhse níos faide ná 6 mhí nó nár tiomáineadh níos faide ná 6,000 ciliméadar. Tá CBL iníoctha fiú amháin nuair atá CBL íoctha sa tír eile.

Ní mór duit CBL (agus dleacht chustaim) a íoc má tá tú ag allmhairiú carr nua nó carr réchaite ó thír lasmuigh den AE.

Tá tuilleadh eolais ar fáil inár ndoiciméad feithicil a allmhairiú go hÉirinn.

Rátaí CCF

Tá Cáin Chláraithe Feithiclí (CCF) bunaithe ar Phraghas Díola Margaidh Oscailte (PDMO) na feithicle. B’fhéidir go mbeidh tú in ann meastachán a fháil faoin CCF i gcomhair feithicle ó Chóras Fiosraithe ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim faoi Cháin Chláraithe Feithiclí.

Ó Iúil 2008, níl CCF do charranna (Catagóir A) bunaithe a thuilleadh ar mhéid an innill, ach ar leibhéal astuithe CO2 an chairr.

Rátaí CCF d'fheithiclí i gCatagóir A ó 1 Iúil 2008
Rátaí astuithe CO2 Rátaí CCF
Banda A Faoi bhun 120 gram in aghaidh an chiliméadair 14% de PDMO (íosmhéid €280)
Banda B 121 – 140 gram in aghaidh an chiliméadair 16% de PDMO (íosmhéid €320)
Banda C 141 – 155 gram in aghaidh an chiliméadair 20% de PDMO (íosmhéid €400)
Banda D 156 – 170 gram in aghaidh an chiliméadair 24% de PDMO (íosmhéid €480)
Banda E 171 – 190 gram in aghaidh an chiliméadair 28% de PDMO (íosmhéid €560)
Banda F 191 – 225 gram in aghaidh an chiliméadair 32% de PDMO (íosmhéid €640)
Banda G os cionn 225 gram in aghaidh an chiliméadair 36% de PDMO (íosmhéid €720)

Féadfaidh tú leibhéil astuithe CO2 na ndéanamh éagsúla carranna a sheiceáil ar láithreán gréasáin Fhuinneamh Inmharthana Éireann (SEAI).

Rátaí Cánach Cláraithe Feithiclí i gcomhair feithiclí eile
Catagóir Feithicil Ráta CCF (VRT)
B Veaineanna díorthaithe ó charranna agus ó jípeanna 13.3% de PDMO (faoi réir ag íoscháin de €125) (Ó Eanáir 2011, muirearófar feithiclí tráchtála éadrom a raibh muirearaithe táille Catagóir C roimhe sin, táille Catagóir B.)
C Feithiclí eile cosúil le tarracóirí, veaineanna móra, leoraithe, carranna seanré (os cionn 30 bliana d'aois), mionbhusanna (íosmhéid 12 phaisinéir) Ó 1 Bealtaine 2011 bunráta €200.
Carbháin mótar / mótarthithe 13.3% de PDMO ó Eanáir 2011
Gluaisrothair (nua) €2 in aghaidh cc suas go dtí 350cc agus €1 in aghaidh cc ina dhiaidh sin.
Gluaisrothair (réchaite) Mar an gcéanna le cinn nua. Déantar an méid iomlán a laghdú de chéatadán ansin ag brath ar aois. (Os cionn 30 bliana 100% laghdú)
Feithiclí hibride leictreacha agus solúbtha breosla* Faoiseamh CCF suas le €2,500 maidir le roinnt feithiclí baisctháirgthe áirithe go dtí 31 Nollaig 2010. Bíonn méid an faoiseamh CCF ag brath ar aois na feithicle. Fadaítear tréimhse na scéime suas go 31 Nollaig 2012 le faoiseamh CCF suas go €1,500.
Feithiclí hibride leictreacha plugála** Faoiseamh CCF suas le €2,500 maidir le roinnt feithiclí baisctháirgthe áirithe go dtí 31 Nollaig 2012. Bíonn méid an faoiseamh CCF ag brath ar aois na feithicle
Feithiclí agus gluaisrothair leictreacha*** Díolmhaithe ó CCF go dtí an 31 Nollaig 2012

* Díorthaíonn feithicil hibride leictrigh a cuid cumhachta ó mheascán de mhótar leictreach agus d’inneall dóchain inmheánaigh agus is féidir í a thiomáint ag gluaiseacht leictreonach amháin ar feadh coda ábhartha dá gnáth-thimthriall tiomána. Tá cumas ag inneall i bhfeithicil sholúbtha breosla cumasc d'eatanól (íosmhéid 80%) agus peitreal a úsáid.

**Ciallaíonn feithicil leictreach hibrideach plugála feithicil sraith-tháirgthe a fhaigheann a cumhacht mhótair ó mheascán de mhótar leictreach agus inneall dócháin inmheánaigh, áit a bhfaigheann an mótar leictreach a chumhacht ó cheallra is féidir a luchtú ón inneall dócháin inmheánaigh agus ó phríomlíonra leictreachais srutha ailtéarnaigh (AC) agus is féidir a thiomáint ar leictreachas amháin ar feadh cuid mhaith dá ghnáth-thimthriall tiomána.

**Is le mótar leictreach amháin a thiomáintear feithicil nó gluaisrothar leictreach.

Tuilleadh Eolais

Tá liosta úsáideach foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim de Cheisteanna Coitianta faoi CCF in Éirinn. Tá faisnéis acu freisin faoi Chóras Cháin Chláraithe Feithiclí i gcomhair carranna atá bunaithe ar astuithe CO2.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 3 May 2011

Teanga

English | Polsku | Română

Ábhar Gaolmhar

  • Carr a iompórtáil go hÉirinn
    Déantar cur síos sa doiciméad seo ar an mbealach le carr a iompórtáil isteach go hÉirinn.
  • Comhairle maidir le carr nua a cheannach in Éirinn
    Go ginearálta nuair a cheannaíonn tú carr nua in Éirinn is ó dhíoltóir nó ó gharáiste a cheannaíonn tú é. Tá costais bhreise ag baint le carr a cheannach ba chóir a bheadh ar eolas agat sula gceannaíonn tú ceann.
  • Budget 2008
    Budget 2008 was announced on 5 December 2007. Summary of the main changes. This document is updated regularly during early December.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.