Ceisteanna shábháilteachta agus bagáiste aerlíne

Eolas

Mar chuid de bhearta ginearálta sábháilteachta aeriompair, níl cead agat rudaí áirithe a thabhairt isteach i limistéar srianta in aerfort in Éirinn nó ar bord eitleáin a fhágfaidh aerfort san AE. Is mar gheall gur féidir na rudaí sin a úsáid mar airm atá seo amhlaidh. Tá na rialacha maidir le sábháilteacht aeriompair i bhfeidhm go hidirnáisiúnta, agus méadaíodh iad go suntasach le blianta beaga anuas.

Moltar duit dul i dteagmháil le d’aerlíne sula n-imíonn tú chun comhairle a fháil mura bhfuil tú cinnte faoi cheist sábáilteachta ar bith, nó má tá tú ag iarraidh earraí áirithe a thabhairt leat. Más eol duit roimh ré céard iad na hearraí ar a bhfuil cosc ar a n-iompar ar bord aerárthaigh, cinnteoidh seo gur féidir leat do chuid riachtanais bhagáiste a phleanáil dá réir.

Rialacha

Tá cosc ar na rudaí seo a leanas a thabhairt isteach i gceantair shrianta aerfoirt nó ar bord eitleáin mar bhagáiste nach bhfuil seiceálta isteach/láimhe:

•Airm lámhach teilgeáin – airm tine, gunnaí bréaga nó macasamhla, páirteanna airm tine (seachas radhairc teileascópacha) aerghunnaí, gunnaí millíní, gunnaí BB, gunnaí solais, piostail tosaithe, boghanna nó crosbhoghanna, saigheada, gunnaí harpúin agus sleághunnaí, crainn tabhaill agus catapalt

•Gléasanna stiúdta deartha go sonrach chun stiúdadh nó díluailiú - stiúdghunnaí, taser agus stiúdsmachtíní, stiúdairí ainmhí agus marfóirí ainmhí, ceimiceáin díchumasaithe nó éagumasaithe, gáis agus sprae, amhail mace, sprae piobair, sprae phiobar buí, deorghás, sprae aigéid agus sprae éarthach ainmhí

•Earraí géara - sceana (le lanna os cionn 6cm), rásúir, gearrthóirí bosca, siosúir (le lanna os cionn 6cm ón mbuthal), tuanna, scoiltirí, piocóidí oighir, claimhte, marc-chlaíomh, trealamh géar ealaíon comhraic

•Uirlisí trádála - gróite, druillirí agus bairr druillirí, sábha, séidtóirsí, gunnaí cornáin, gunnaí tairní, nó aon uirlis le lanna nó crann os cionn 6cm m.s. Scriúirí nó siséil

•Uirlisí maola – oibiachtaí is féidir a úsáid chun gortú trom a chur nuair a úsáidtear iad le bualadh lena n-áirítear bataí spóirt, clubanna, bataí agus trealamh ealaín comhraic

•Pléascáin agus substaintí agus gléasanna loiscneacha - armlón, caipíní pléasctha, maidhmitheoirí agus aidhníní, gránáidí mianach agus stóir pléascáin míleata eile, tinte ealaíne agus gléasanna piriteicniúla eile, sorcóirí ginte deataigh, dinimít, púdar gunna agus pléascáin plaisteacha

•Aon earra eile ar féidir leis a bheith in úsáid nó oiriúnaithe go réasúnta chun gortú a chur ar dhuine.

Coigistítear agus/nó coinsíntear na hearraí liostaithe thuas chuig broinn an eitleáin. Bíonn cead ag foireann an eitleáin rudaí áirithe, ar nós cuitléarachta, a choinneáil agus iad ar dhualgas, má tá siad riachtanach dá ndualgais i rith na heitilte.

Srianta ar leachtanna agus seicphointí slándála

Tá srianta ar fud an AE in 2006 a chuireann srian ar iompar leachtanna i mbagáiste láimhe a dhéanann tú a iompar ar bord an eitleáin. Ní féidir leat ach méideanna beaga de leachtanna a ghlacadh leat sa bhagáiste láimhe. Ní mór do na leachtanna sin bheith i ngabhdáin aonair ag a bhfuil uastoilleadh 100ml an ceann. Ní mór na leachtanna a phacáil i mála trédhearcach plaisteach in-athshéalaithe amháin ag a bhfuil toilleadh 1 lítear ar a mhéid. Leachtanna atá sna nithe a leanas:

  • Uisce agus deochanna eile, anraithí agus síoróipí
  • Glóthaí (lena n-áirítear glóthach ghruaige agus chithfholctha
  • Uachtair, lóiseanna agus olaí
  • Cumhráin
  • Taos (lena n-áirítear taos fiacla)
  • Mascára
  • Gabhdáin bhrúchóirithe (lena n-áirítear sobal bearrtha, sobail agus díbholaígh eile)

Is féidir leat fós leachtanna a phacáil i mbagáiste a dhéanann tú a sheiceáil isteach, ní bhaineann na srianta nua ach le bagáiste láimhe. Sa mhullach air sin, is féidir leat aon chógais agus riachtanais chothaithe (lena n-áirítear bianna linbh) lena n-úsáid le linn an turais. Cuimhnigh, féadfar iarraidh ort a chruthú go dteastaíonn siad.

Is féidir leat, freisin, leachtanna (ar nós deochanna agus cumhrán) a cheannach i siopa san AE tar éis duit dul níos faide ná an pointe a thaispeánann tú do phas bordála, nó ar bord eitleáin atá á oibriú ag aerlíne den AE. Má dhíoltar na hearraí seo i mála speisialta séalaithe – ná hoscail é go dtí go ndéantar thú a sciathadh, de bharr gur féidir leo a bhfuil ann a ghabháil ag an seicphointe. Chuir an Coimisiún Eorpach na Ceisteanna Coititanta maidir le hiompar leachtanna mar bhagáiste láimhe i dtoll a chéile.

Do riachtanais bhagáiste a phleanáil

  • Dean cinnte go bhfuil do mhála dúnta/ceangailte i gceart agus, más féidir, faoi ghlas.
  • Ceangal iallacha scaoilte agus déan cinnte nach bhfuil rud ar bith ag crochadh ón mála – d'fhéadfadh siad a dhul i bhfastú sa chóras bagáiste.
  • Ná chuir leigheas, cáipéisí tábhachtacha, rudaí luachmhara, ná airgead tirim i do bhagáiste seiceálta – tabhair leat iad i do bhagáiste nach bhfuil seiceálta isteach/láimhe.
  • Chuir lipéad le d'ainm agus seoladh iomlán do cheann scríbe taobh istigh, agus d'ainm agus cathair do cheann scríbe ar an taobh amuigh.
  • Bíonn leibhéil éagsúla meacháin agus miosúir (leithead, fad agus araile) ag aerlínte do bhagáiste seiceálta agus do bhagáiste nach bhfuil seiceálta isteach/láimhe. D'fhéadfadh sé tarlú go mbeidh ort táillí breise a íoc má tá do bhagáiste níos mó ná an teorainn atá leagtha síos ag an aerlíne. Seiceáil le rannóg seirbhíse custaiméara na haerlíne roimh thaisteal.

Aitheantas

Ní foláir duit lipéad soiléir a chur ar chuile phíosa bagáiste seiceálta (bagáiste nó málaí a chuireann tú faoi chúram na haerlíne agus tú ag seiceáil isteach) le d'ainm agus seoladh do cheann scríbe. Moltar duit lipéad mar sin a chur taobh istigh de gach píosa bagáiste. (Amanna, tugann na haerlínte na lipéid seo duit saor in aisce agus tú ag seiceáil isteach).

Bain den bhagáiste na clibeanna agus lipéid uilig atá fágtha ó eitiltí roimhe sin – d'fhéadfadh siad do bhagáiste a chur amú, nó moill a chur air.

Imeacht

Roimh duit do bhagáiste a thabhairt isteach ag an ionad seiceála isteach, déan cinnte go bhfuil glas air. Nuair a ghlactar leis ag an ionad seiceála isteach, cuirfear clib cinn scríbe ar gach píosa bagáiste ag taispeáint d'uimhir eitilte agus ceanglaítear admháil do do thicéad. Tá sé tábhachtach go gcoinníonn tú admháil do bhagáiste mar bíonn eolas tábhachtach uirthi faoi shonraí d'eitilt, aerlíne, agus araile, agus tabharfaidh sí cúnamh duit do bhagáiste a fháil.

Déan cinnte go bhfuil an ceann scríbe agus uimhir eitilte ceart ar an gclib, agus má tá eitiltí cónasctha le tógáil agat en route, go bhfuil do bhagáiste seiceálta go dtí do cheann scríbe deireanach.

Sábhailteacht

Seiceálfaidh foireann sábháilteachta do bhagáiste láimhe roimh duit dul ar bord d'eitilt trí fhearas X-ghathach a úsáid.

Bíodh do ríomhaire glúine agus aon ghléasanna leictreacha eile réidh le cur i dtráidirí ag pointe slándála an aerfoirt. Moltar freisin gach gléasanna a bheith luchtaithe go hiomlán agat sula bhfuil tú ag taisteal. Mura bhfuil tú cinnte cad is féidir leat a thabhairt, fiosraigh le d’aerlíne le féachaint cén ghléasanna leictreonacha agus leictreacha a cheadaítear ar bord.

Ná hiompair pacáistí le hábhair gan aithint ar son daoine eile agus má iarrtar ort é sin a dhéanamh, téigh i dteagmháil láithreach le gardaí an aerfoirt, lucht custaim, nó ball den fhoireann.

Scagfaidh an fhoireann sábhailteachta do bhagáiste seiceálta agus cuirfidh siad é i gcomparáid leis an liosta paisinéara roimh ualú. D'fhéadfadh fiachas an aerlíne a bheith laghdaithe i dtaobh bagáiste seiceálta agus bagáiste nach bhfuil seiceálta isteach araon má cuireadh an bagáiste ar fáil ag an ionad seiceála isteach agus é pacáilte go mí-oiriúnach, nó pacáilte i mála nó cás a raibh damáiste déanta dó, nó má chuir tú isteach é i ndiaidh an ama seiceálta isteach a bhí leagtha síos.

Rudaí teoranta

D'fhéadfadh d'aerlíne nithe áirithe bagáiste a iompar le réamh-chúramaí speisialta. D'fhéadfadh táille bhreise a bheith gearrtha chun na rudaí seo a iompar, agus ba cheart duit i gcónaí dul i dteagmháil leis an aerlíne roimh ré maidir leis na socruithe a chaithfidh tú a dhéanamh. Tá samplaí de rudaí teoranta thíos:

  • Trealamh spóirt; ceadaítear trealamh spóirt (i.e., maidí gailf, cláracha toinne, cláracha sneachta, scíonna, rothair, agus araile) mar bhagáiste seiceálta amháin
  • Áiseanna chun cúnamh gluaiseachta a thabhairt (sé sin, cineálacha áirithe cathaoireacha rothaí leictreacha, frámaí siúil agus araile)
  • Úirlisí ceoil
  • Madraí na nDall (tabharfaidh aerlínte ar leith cead do phaisinéirí a bhfil míchumas na súl orthu taisteal lena madraí ach iad a bheith ceangailte go dlúth agus má chomhlíonann siad rialacháin choraintín ag an gceann scríbe).

A thuilleadh faisnéise

Téigh i dteagmháil le d’aerlíne má tá aon imní ort faoi bhagáiste aerlíne nó faoi shaincheisteanna slándála ar bord. Is féidir leat freisin breathnú ar shuíomh gréasáin an aerfoirt i gcomhair a thuilleadh eolais ar shlándáil an aerfoirt.

Is iad cuid de na aerfoirt in Éirinn:

•Aerfort Bhaile Átha Cliath

•Agus Chorcaigh.

•Aerfort na Sionainne

•Aerfort idirnáisiúnta Bhéal Feirste

•Ireland West airport (Knock)

•Kerry airport

Conas Iarratas a dhéanamh

Téigh i dteagmháil le d'aerlíne má tá ceisteanna agat faoi bhagáiste aeir nó sábháilteacht ar bord eitleáin.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 31 Eanáir 2023