Anseo atá tú: Baile > Taisteal agus Áineas > Aer-Thaisteal > Cúiteamh i dtaobh eitiltí ró-lán

Print Page Send to a Friend

Cúiteamh i dtaobh eitiltí ró-lán

Eolas

Ciallaíonn bordáil diúltaithe gur dhiúltaigh an aerlíne duit dul ar eitilt sceidealta cé go raibh ticéad bailí agat, gur dheimhnigh tú d'áirithint ar an eitilt, agus go raibh tú ag an ionad seiceála isteach taobh istigh den teorainn ama a bhí leagtha síos ag an aerlíne.

Tarlaíonn bordáil diúltaithe nuair a dhíolann aerlínte níos mó ticéid d'eitilt sceidealta ná mar atá suíocháin ar an eitleán. Díolann aerlínte níos mó ticéid ná mar atá suíocháin ar an eitleán go minic, mar ní dheimhníonn suas le 10% de phaisinéirí a áirithintí in am, ní thagann siad go dtí an t-ionad seiceála isteach in am, nó beartaíonn siad gan dul ar an eitilt ar an dáta áirithe sin. D'fhéadfadh sé mar sin go mbeadh suíocháin fholamha ar an eitilt, agus bíonn caillteanas ag baint leis na heitiltí sin.

Rialacha

Tá cearta tomhaltóirí ar leith ag aerphaisinéirí faoi dhlí Eorpach. Nuair a cheannaíonn tú ticéad le haghaidh aerthaistil, déanann tú conradh leis an aerlíne. Is é ceann de théarmaí an chonartha seo go ndeimhníonn tú go mbeidh tú sásta dul ar an eitilt ar dháta an taistil (d'áirithint dearbhaithe agat) agus beidh ort a bheith ag an ionad seiceála isteach chun a thaispeáint go bhfuil ticéad bailí agat agus go bhfuil tú réidh chun taisteal ar an dáta atá ar do thicéad.

Muna bhfuil d'áirithint dearbhaithe agat in am, nó muna dtagann tú go dtí an t-ionad seicéala isteach ag an am atá leagtha síos ag an aerlíne, d'fhéadfadh an aerlíne a dhiúltú duit dul ar an eitleán, mar nach bhfuil do chuid den chonradh leis an aerlíne comhlíonta agat. Tá an ceart ag an aerlíne a rá go bhfuil téarmaí do chonartha leo sáraithe agat. Má dhiúltaítear duit dul ar an eitleán i gcuinsí mar seo, ní chaithfidh an aerlíne cúiteamh ar bith a thairiscint duit, agus níl tú i dteideal cúitimh ar bith. D'fhéadfadh an aerlíne, áfach, suíochán a thabhairt duit ar eitilt níos deireanaí (le táille nó gan táille) má tá sé ar fáil. Braitheann sé ar nósanna na aerlíne ar leith an mbeidh ort íoc as an eitilt arís i gcás nár dhearbhaigh tú d'áirithint nó nár tháinig tú ag an ionad seiceála isteach ag an am a bhí leagtha síos.

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara má tá tú ag taisteal saor in aisce, nó ar tháille níos lú nach bhfuil ar fáil don phobal go díreach nó go hindíreach, nach gcaithfidh an aerlíne cúiteamh bordála diúltaithe a íoc duit.

Aerlíne gan ticéid

Ciallaíonn taisteal gan ticéad nach bhfaigheann tú an gnáthchúpón eitilte nó ticéad. Ina áit, seolfaidh cuid de na haerlínte cúrsa taistil phriontáilte, nó admháil ríomh-phoist agus glactar leo siúd mar do "thicéad paisinéara". Má dhéanann tú d'áirithint leis an aerlíne ar an bhfón, d'fhéadfadh siad uimhir áirithinte a thabhairt duit, agus is é sin do "thicéad paisinéara". Ní foláir duit do chúrsa taistil phriontáilte, admháil ríomh-phoist nó uimhir áirithinte a thabhairt leat nuair a thagann tú chuig an ionad seiceála isteach mar beidh eolas tábhachtach ar d'admháil/cúrsa taistil nó uimhir áirithinte maidir le d'amanna agus dátaí taistil, agus araile. Ní foláir duit chomh maith fóta-aitheantas i bhfoirm inghlactha a thabhairt leat. Má tá tú ag taisteal lasmuigh den AE nó do thír ar bith seachas an Ríocht Aontaithe, ní foláir duit do phas a thabhairt leat (agus víosa más gá). Má tá tú ag taisteal idir Éire agus an Ríocht Aontaithe, ní foláir duit foirm fóta-aitheantais inghlactha a bheith agat. Glacann Éire páirt i gConradh Schengen (ach amháin i gcás víosaí). Mar sin beidh do phas (agus víosa más gá) ag teastáil má tá tú ag taisteal chuig áit ar bith seachas an Ríocht Aontaithe. Is iad foirmeacha fóta-aitheantais inghlactha ná:

  • Pas bailí
  • Ceadúnas tiomána le griangraf
  • Cárta idirnáisiúnta mic léinn
  • Cárta aitheantais náisiúnta
  • Pas bus le griangraf
  • Aitheantas Garda le griangraf
  • Aitheantas oibre le griangraf

Sainmhíniú téarmaí aerthaistil ábharthacha

Ciallaíonn "áirithint dearbhaithe" go bhfuil uimhir na heitilte, dáta agus am na heitilte agus an noda "OK" nó iontráil ar bith eile sa spás cuí ar an dticéad díolta leat ag an aerlíne nó a gníomhaire taistil údaraithe. Ciallaíonn sé sin go nglacann an aerlíne le d'áirithint agus go bhfuil siad ag deimhniú go nglacann siad leis.

Ciallaíonn "eitilt sceidealta" eitilt a bhfuil na rudaí seo a leanas go léir san áireamh inti:

  • Iompraíonn an t-eitleán paisinéirí agus lasta agus/nó post ar luach saothair. Sé sin le rá, gearrann an aerlíne táillí ar dhaoine chun taisteal leo, agus chun post/lasta a iompar dóibh sa chaoi is gur féidir leis an bpobal suíocháin a cheannach ar gach eitilt ón aerlíne nó ó ghníomhaire údaraithe (sé sin, gníomhaire taistil).

Ní foláir d'eitilt sceidealta a oibriú idir dhá áit ar a laghad (de réir amchláir fhoilsithe nó le heitiltí a théann chomh rialta nó chomh minic sin go mbíonn na heitiltí mar chuid de shraith aitheanta).

Ciallaíonn eitilt "ró-lán" eitilt ina bhfuil an líon paisinéirí le háirithintí deimhnithe ar an eitilt agus a thagann go dtí an t-ionad seiceála isteach taobh istigh den am atá leagtha síos, níos mó ná an méid suíochán atá ar fáil ar an eitilt.

Tugtar "deonach" ar dhuine a bhfuil ticéad bailí aige/aici, a dhearbhaigh a (h)áirithint agus a thagann go dtí an t-ionad seiceála taobh istigh den teorainn ama atá leagtha síos ag an aerlíne agus a aontaíonn leis an aerlíne a (h)áirithint a thabhairt suas dí mar mhalairt ar chúiteamh.

Ciallaíonn "Ceann scríbe deireanach" an ceann scríbe ar an ticéad eitilte a thug tú isteach ag an gcuntar seiceála isteach. Má tá níos mó ná eitilt amháin i gceist (mar shampla eitiltí cónasctha), is é do cheann scríbe deireanach an ceann scríbe deireanach ar do chúpón eitilte nó ticéad. Má tá tú ag togáil eitiltí cónasctha gur féidir a dhéanamh gan stró, níl tú i dteideal cúitimh fiú má cuireadh moill ort de bharr bordála diúltaithe.

Ní foláir do gach aerlíne foirm a thabhairt do gach paisinéir a dhiúltaítear dó/dí bórdáil ag cur síos ar na rialacha cúitimh i dtaobh bordála diúltaithe atá i bhfeidhm ag an aerlíne.

Rataí

Má tá bórdáil diúltaithe duit, íocfaidh an aerlíne íoschúiteamh láithreach gan dochar mar a leanas bunaithe ar an gceann scríbe deireanach atá luaite ar do thicéad:

  • 150 euro d'eitiltí suas le 3,500 km
  • 300 euro d'eitiltí níos mó ná 3,500 km.

Chomh maith le híoschúiteamh, bíonn rogha agat idir na rudaí seo a leanas:

  • Aisíocann an aerlíne duit, gan pionós, costas an ticéid don chuid den turas nach bhfuil déanta agat, nó
  • Atheagraíonn siad do chúrsa go dtí do cheann scríbe deireanach chomh luath agus is féidir nó
  • Atheagraíonn siad do chúrsa go dtí do cheann scríbe ar dháta níos deireanaí a fheileann duit.

Nuair a thairiscíonn an aerlíne atheagrú cúrsa do do cheann scríbe deireanach ar eitilt eile, más féidir leo do chúrsa a atheagrú ionas go sroichfidh tú do cheann scríbe taobh istigh de 2 uair ó am sroichte sceidealta do chéad eitilt (d'eitiltí suas do 3,500 km), d'fhéadfadh siad do chúiteamh a laghdú go dtí 75 euro gan dochar. Más féidir leis an aerlíne do chúrsa a atheagrú ionas go sroichfidh tú do cheann scríbe deireanach taobh istigh de 4 uair ó am sroichte sceidealta do chéad eitilt (d'eitiltí os cionn 3,500 km) d'fhéadfadh siad do chúiteamh a laghdú go dtí 150 euro gan dochar. Ní chaithfidh méid an chúitimh a bheith níos mó ná praghas do thicéid go dtí do cheann scríbe deireanach.

Íocfar do chúiteamh in airgead tirim, nó má ghlacann tú leis, d'fhéadfadh an aerlíne é a íoc le dearbháin taistil agus/nó seirbhísí eile.

Má aontaíonn tú le bheith curtha i ngrád níos ísle ná an ceann ar d'áirithint, ar eitilt ró-áirithe, tá tú i dteideal aisíocaíochta ar an difríocht idir na praghasanna. Sé sin le rá, má chuir tú taisteal gnó/céad ghrád in áirithe agus má tá bórdáil diúltaithe duit, d'fhéadfadh an aerlíne suíochán a thairiscint duit i ngrád níos ísle, ach caithfidh siad an difríocht idir praghas an suíocháin a cheannaigh tú agus praghas an suíocháin a thógann tú, a aisíoc leat.

Chomh maith le na híoschúitimh luaite thuas, ní foláir don aerlíne na rudaí seo a leanas a chur ar fáil saor in aisce do phaisinéirí atá bórdáil diúltaithe dóibh ar eitiltí sceidealta:

  • Costais ghlaoite fóin agus/nó teachtaireachtaí telex/faics chuig do cheann scríbe
  • Béilí agus sólaistí de réir an ama feithimh
  • Lóistín in óstán má tá fanacht thar oíche ar a laghad i gceist
  • Má tá níos mó ná aerfort amháin ag tabhairt seirbhíse do bhaile, cathair, nó régiún agus má thairiscíonn an aerlíne eitilt duit a théann chuig aerfort difriúil ón gceann a bhí curtha in áirithe agat, ní foláir don aerlíne costas an taistil idir an aerfort eile agus do rogha aerfoirt a íoc.

Taisteal láneagraithe

Má tá bordáil diúltaithe duit ar eitilt a díoladh mar chuid de thuras láneagraithe (sé sin eitilt agus lóistín) ní foláir don aerlíne cúiteamh a íoc don fhoireann turais a rinne an conradh leat. Rinne an fhoireann turais conradh leat nuair a dhíol siad do thuras láneagraithe agus tá na cearta sin cosanta chomh maith faoi dhlí Eorpach. Gan dochar do do chearta faoi na dlíthe seo, ní foláir don fhoireann turais an cúiteamh a bhfuair siad ón aerlíne a chur ar aghaidh chugat.

Do chearta paisinéara a fhorghníomhú

Ar an Meitheamh 2005, thug an tAire freagracht do Choimisiún um Rialáil Eitlíochta chun an dlí a chur i bhfeidhm ar eitiltí ró-lán. (Is é sin, an dlí atá leagtha síos i Rialachán 261/2004 a fhorghníomhnú).

Má tá gearán agat faoi dhiúltú bordála agus cúitimh i dtaobh eitiltí ró-lán, caithfidh tú tosú trí theagmháil a dhéanamh go díreach leis an aerlíne.

Má chreideann tú nár baineadh amach do theidlíocht do chúiteamh/cúnamh, is ansin ba cheart duit teagmháil a dhéanamh go díreach leis an gCoimisiún um Rialáil Eitlíochta. Seol sonraí chuig an gCoimisiún i scríbhinn, mar aon le haon eolas tacaíochta. Ba cheart duit a thabhairt faoi deara nach mbaineann an Rialachán ach le gearáin a tharla ó Feabhra 2005 ar aghaidh, an dáta a cuireadh an Rialachán nua i bhfeidhm.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 23 November 2009

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Ceangaltas seirbhíse do phaisinéirí aeir
    Is comhaontú gan feidhm dlithiúil é an Ceangaltas Seirbhíse do Phaisinéirí Aeir atá sínithe ag aerlínte ar leith agus a dhéanann cur síos ar na caighdeáin seirbhísí a thabharfaidh siad do phaisinéirí aeir.
  • Cearta aerphaisinéirí san Aontas Eorpach
    Faigh eolas faoi do chearta agus tú ag ceannach ticéid, ag cur eitiltí in áirithe, agus ag taisteal ar eitleáin le haerlínte Eorpacha.
  • Fiachas aerlíne
    Déanann an cháipéis seo cur síos ar dlíthe idirnáisiúnta a thugann cosaint do phaisinéirí i gcás báis, gortaithe, cailleadh bagáiste nó i gcás damáiste déanta do bhagáiste.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.