Anseo atá tú: Baile > Taisteal agus Áineas > Aer-Thaisteal > Ceangaltas seirbhíse do phaisinéirí aeir

Print Page Send to a Friend

Ceangaltas seirbhíse do phaisinéirí aeir

Eolas

Tá comhaontú, gan feidhm dlithiúil, idir aerlínte ar leith maidir leis na seirbhísí a chuirfidh siad ar fáil do dhaoine a thaistealaíonn leo.

An táille is lú atá ar fáil a thairiscint tríd chuile cheann dá n-aonaid díreacha

Déanfaidh gach aerlíne na rudaí thíos:

  • Cuirfidh siad an táille chuí is lú agus is féidir ar fáil do phaisinéirí tríd a gcórais áirithinte fóin, a suímh idirlín, agus a n-oifigí ticéid don dáta, eitilt agus grád seirbhíse atá ag teastáil.
  • Cuirfidh siad paisinéirí ar an eolas go bhféadfadh táillí difriúla a bheith ar fáil ó na haonaid éagsúla seo.
  • Cuirfidh siad paisinéirí ar an eolas faoi théarmaí agus coinníollacha a bhaineann leis an táille a roghnaíodh agus cánacha, táillí nó costais ar bith a bhaineann leis.

Ag glacadh leis an táille socraithe tar éis dó a bheith íoctha

Glacann gach aerlíne leis nach méadofar an táille ar an dáta, eitilt agus grád seirbhíse áirithinte nuair a íocann tú as an ticéad. Beidh ort athruithe cánacha, táillí agus costais a íoc áfach, nó aisíocfar duit iad.

Ag tabhairt fógra do phaisinéirí faoi moilleanna, cealúcháin agus malartuithe slí atá ar eolas

Glacann gach aerlíne leis go dtabharfaidh sí an t-eolas is fearr atá ar fáil faoi moilleanna, cealúcháin agus malartuithe slí do pháisinéirí ag an aerfort agus ar bord eitleáin ar bith a bhaineann sé leis, chomh luath agus is féidir.

Ag tabhairt cúnaimh do phaisinéirí a bhfuil moill curtha orthu

Glacann gach aerlíne leis go gcuirfidh sí cúnamh cuí, mar shampla lóistín, béilí agus araile ar fáil do phaisinéirí a bhfuil moill níos mó ná 2 uair an chloig curtha orthu, má ligeann an staid áitiúil dí an cúnamh sin a thabhairt. Tabharfar cúnamh do phaisinéirí ar eitilt turais lán-eagraithe a bhfuil moill curtha orthu de réir polasaithe foilsithe na foirne turais. D'fhéadfadh sé tarlú nach dtabharfar cúnamh i gcásanna a bhaineann le stailceanna fada i seirbhísí riachtanacha, achrann polaitiúil, nó cásanna eisceachtúla eile thar chumas na haerlíne. D'fhéadfadh sé tarlú nach dtabharfaí cúnamh ach an oiread dá gcuirfeadh sé moill níos faide ar an imeacht.

Ní chaithfear an cúnamh luaite thuas a thairiscint ar:

  • Bealaí a reachtáiltear faoi dhualgais seirbhíse poiblí (ciallaíonn dualgais seirbhíse poiblí go n-eitlíonn an aerlíne bealach ar leith atá fóirdheonta ag an rialtas de réir an údaráis atá ag sainmhiniú an dualgais, nó
  • Má chuireann an aimsir isteach ar eitilt ar bhealaí ina gcuireann cúrsaí aimsire isteach go mór ar rialtacht eitiltí
  • Ar bhealaí faoi 300 Cm atá ag tabhairt seirbhíse d'aerfoirt iargúlta le heitleáin le líon suíochán níos lú ná 80.

Glacann gach aerlíne leis go leagfaidh sí amach ráitis soiléir agus gonta faoina polasaí cúnaimh do pháisinéirí a bhfuil moill curtha orthu agus go gcuirfear iad ar fáil do phaisinéirí. Clúdóidh an ráiteas liostaí bealaí ina bhfuil eisceachtaí ó pholasaithe na haerlíne i bhfeidhm.

Ag seachadadh bagáiste chomh luath agus is féidir

Glacann gach aerlíne leis go ndéanfaidh sí chuile iarracht bagáiste seiceálta ar fad a sheachadadh go dtí an Halla Teachta san aerfort chomh luath agus is féidir. I gcásanna bagáiste seiceálta a cuireadh amú, déanfaidh gach aerlíne chuile iarracht réasúnta an bagáiste a sheachadadh don phaisinéir taobh istigh de 24 uair óna theacht go dtí an ceann scríbe deireanach, gan táille. Tabharfaidh an aerlíne cúnamh láithreach chomh maith a bhéas in ann riachtanais réasúnta gearrthéarmacha an phaisnéara a chomhlíonadh.

Ag ceadú áirithintí fóin a choinneáil nó a chur ar ceal gan ceangaltas nó pionós taobh istigh de 24 uair

Ach amháin nuair atá spriocamanna ticéad i gceist, tabharfaidh gach aerlíne cead do phaisinéirí:

  • Áirithint fóin déanta díreach leis an aerlíne a choinneáil gan íocaíocht ar feadh ar a laghad 24 uair, nó
  • Sa chás go mbíonn íocaíocht láithreach ag teastáil ag am na háirithinte, áirithint a chur ar ceal gan píonós suas go 24 uair.

Inseoidh an aerlíne do phaisinéirí cén modh áirithinte atá i bhfeidhm nuair atá siad ag déanamh na háirithinte. D'fhéadfadh cuid de na haerlínte siamsacha cinneadh a dhéanamh an áis seo a chur ar fáil suas go trí lá roimh imeacht amháin. D'fhéadfadh sé tarlú nach mbeadh an tairiscint seo i bhfeidhm ar bhealaí le heitleáin le líon suíochán níos lú ná 80. Ba cheart go gcuirfidh an aerlíne paisinéirí ar an eolas faoi eisceachtaí mar sin.

Ag cur aisíocaíochtaí láithreacha ar fáil

Má dhéanann páisinéir éileamh ar aisíocaíocht agus má tá sé/sí i dteideal íocaíochta ar thicéad ceannaithe díreach ón aerlíne, cuirfidh gach aerlíne aisíocaíochtaí ar fáil taobh istigh de 7 lá gnó ar thicéad ceannaithe le cárta creidmheasa agus taobh istigh de 20 lá gnó ar thicéad ceannaithe le seic nó airgead tirim. Aisíocfar cánacha, táillí nó costais ar bith bailithe le táille an ticéid agus luaite ar an ticéad muna n-úsáidtear an ticéad. Tá ticéid neamhaisíoctha san áireamh anseo. Déantar na haisíocaíochtaí ar chánacha, táillí agus costais taobh istigh de na teorainneacha ticéid chéanna a bhaineann le ticéid.

Ag cur cúnaimh ar fáil do phaisinéirí le gluaiseacht laghdaithe agus paisinéirí faoi mhíchumas

Cuirfidh gach aerlíne eolas ar fáil faoi na seirbhísí a chuireann sí ar fáil do phaisinéirí faoi mhíchumas agus paisinéirí le gluaiseacht laghdaithe.

Riachtanais paisinéirí i gcás moille fada ar bord eitleán a chomhlíonadh

Déanfaidh gach aerlíne chuile iarracht réasúnta bia, uisce, leithris agus cóir leighis a chur ar fáil do phaisinéirí ar bord eitleán atá ar an talamh gan teacht ar an gcríochfort ar feadh tamaill fhada de bharr moille. Déanfaidh gach aerlíne chuile iarracht ionas nach mbeidh na paisinéirí coinnithe ar bord an eitleáin i rith moilleanna fada.

Ag déanamh iarrachtaí dlús a chur le seiceáil isteach

Cuirfidh gach aerlíne spriocamanna seiceáila isteach réasúnta i bhfeidhm. Déanfaidh gach aerlíne cinnte, chomh fada agus is féidir, ag comhoibriú leis na haerfoirt, nach mbeidh na láithreacha imeachta plúchta, agus go gcuirfear dlús le seiceáil isteach.

An líon paisinéirí a bhfuil bordáil diúltaithe dóibh a laghdú

Sa chás go mbíonn eitilt ró-lán, ar an gcéad dul síos cuardóidh an aerlíne deonaigh atá sásta a suíocháin a thabhairt suas ar an eitilt atá i gceist.

Ag cur eolais ar fáil do phaisinéirí faoi choinníollacha tráchtála agus feidhme na n-aerlínte.

Cuirfidh gach aerlíne an t-eolas seo a leanas ar fáil dá paisinéirí

  • Amanna imeachta agus teachta sceidealta na n-eitiltí atá socraithe
  • An aerfort/críochfort imeachta agus teachta
  • Líon na stadanna en-route
  • Athrú eitleáin, críochfoirt nó aerfoirt ar bith
  • Coinníollacha ar bith a bhaineann le táille na heitilte
  • Ainm an charraera oibrigh agus uimhir na heitilte. Má athraítear an carraeir oibríoch i ngan fhios don shealbhóir ticéid roimh ré, agus nach bhfuil sé/sí sásta leis an athrú beidh sé/sí i dteideal aisíocaíochta nó a bheith iompartha ar an gcéad eitilt eile de chuid an aerlíne sa ghrád céanna.
  • An féidir tobac a chaitheamh ar an eitilt.
  • Deimhniú amanna eitiltí. Má dhéanann an aerlíne athrú suntasach d'am sceidealta na heitilte tar éis do phaisinéar ticéad a cheannach, agus sa chás nach bhfuil an aerlíne in ann áirithint a thabhairt don phaisinéar sin ar eitilt eile atá sásúil dó/di, beidh an paisinéar i dteideal aisíocaíochta.
  • Liúntas bagáiste saor in aisce agus teorainneacha fiachais.
  • Liúntas bagáiste carbaid.
  • An cineál eitleáin a bhéas in úsáid ar an mbealach agus leagan amach na suíochán (an t-achar idir na línte suíochán).
  • Na seirbhísí a bhíonn ar fáil go hiondúil ar bord an eitleáin.
  • Áiseanna do phaisinéirí faoi mhíchumas agus táille ar bith atá orthu.
  • An féidir suíocháin ar leith a chur in áirithe nó a chionroinnt roimh ré.
  • Táillí ar bhagáiste iomarcach.
  • Coinníollacha Carraeireachta na haerlíne.
  • Sonraí cláir eitleora minic na haerlíne má tá a leithéid ar fáil.
  • Clár cúnaimh i dtaobh bagáiste atá imithe amú, damáiste déanta dó, nó moill curtha air.
  • Sonraí Ceangaltais Seirbhíse do Phaisinéirí Aeir agus plean seirbhíse na haerlíne féin.

Ag tabhairt eolais faoin gcarraeir oibríoch

I gcás eitiltí a oibrítear faoi códroinnt, saincheadúnas, nó comhaontú léasa fadthéarmach socraithe, déanfaidh an aerlíne na rudaí thíos:

  • Inseoidh siad do phaisinéirí ainm na haerlíne atá ag oibriú na heitilte. Cuirfear paisinéirí ar an eolas nuair a dhéanann siad áirithint sa chás go ndéantar an áirithint trí chóras dáilte faoi smacht díreach na haerlíne, mar shampla oifigí na haerlíne féin, córas áirithinte fóin, agus araile, nó ag an aerfort agus iad ag seiceáil isteach. Sa chás go ndéantar an áirithint trí chóras dáilte nach bhfuil faoi smacht díreach na haerlíne, sé sin gníomhairí taistil agus suímh idirlín neamhspleácha, cuirfidh an aerlíne i gcuimhne do na gníomhairí taistil agus do na hoibrithe ar na suímh idirlín paisinéirí a chur ar an eolas agus iad ag déanamh áirithinte.
  • Déanfaidh siad soiléir trí chaint chuí go bhfuil conradh an phaisinéara idir é/í agus an aerlíne mhargaíochta, sé sin an aerlíne a bhfuil a huimhir shainaitheanta ar an ticéad eitilte/cúpón nó duillín bealaigh taobh le huimhir na heitilte. (Séard atá i gceist le huimhir shainaitheanta ná uimhir speisialta eisithe ag údarás náisiúnta na n-aerlínte agus a thugann ainm na haerlíne le fios. Mar shampla, ciallaíonn BA British Airways, ciallaíonn LH Lufthansa, ciallaíonn EI Aer Lingus, agus araile).
  • Cuirfidh siad paisinéirí atá ag taisteal ar sheirbhísí códroinnte ar an eolas go bhféadfaidh an caighdeán seirbhíse a bheith difriúil agus nach gcaithfidh sé go mbeidh an Ceangaltas Seirbhíse do Phaisinéirí Aeir i bhfeidhm. (Séard atá i gceist le códrannta ná comhaontú idir dhá aerlíne difriúil seirbhísí agus minicíocht a roinnt ar an mbealach céanna. Ciallaíonn sé seo go bhféadfaidh aon cheann de na haerlínte na seirbhísí a chur ar fáil ar an lá a thaistealaíonn tú).

Bheith sásta aird a thabhairt ar ghearáin phaisinéirí

Go hiondúil, cuirfidh gach aerlíne freagra substainteach ar fáil ar ghearáin scríofa ó phaisinéirí taobh istigh de 28 lá ó dháta an ghearáin. Muna bhfuil sí in ann an gearán a iniúchadh i gceart taobh istigh den achar sin, tabharfaidh an aerlíne freagra eatramhach don phaisinéir ag léiriú na moille. Ainmneoidh gach aerlíne áit teagmhála oiriúnach do ghearáin phaisnéara. Beidh seoladh agus/nó uimhir fóin agus ainm roinne na seirbhíse custaiméara seo curtha ar fáil in amcláracha, ar shuímh idirlín agus ar fhoinse eolais phoiblí ar bith eile, agus beidh sé ar fáil freisin i ngníomhairí taistil údaraithe ag an aerlíne.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 9 April 2008

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.