Anseo atá tú: Baile > Taisteal agus Áineas > Aer-Thaisteal > Fiachas aerlíne

Print Page Send to a Friend

Fiachas aerlíne

Eolas

Tá dlíthe idirnáisiúnta i bhfeidhm a chuireann córas idirnáisiúnta caighdeáin agus rialacha faoi thaisteal aeir ar fáil agus go háirithe, rialacha coiteanna maidir le íosteorainneacha fiachais ar iompar paisinéirí, lasta agus bagáiste i gcás báis, gortaithe, damáiste, moille nó nithe imithe ar iarraidh. Aontaíodh leis na dlíthe seo agus cuireadh i bhfeidhm iad ar fud an domhain ar an gcéad dul síos i 1929 agus in áiteanna áirithe ar an domhan, tá na teorainneacha leagtha síos i reachtaíocht 1929 fós i bhfeidhm inniu. Tugtar Coinbhinsiún Vársá (1929) ar an gcéad dlí idirnáisiúnta seo, agus feictear tagairt don reachtaíocht seo ar chúl ticéid agus cúpóin aerlíne go dtí an lá atá inniu ann.

Thar na blianta, rinneadh líon athruithe agus athbhreithnuithe ar bhunchoinbhinsiúin Vársá, méadú i dteorainneacha fiachais airgid san áireamh. Tugtar "Córas Vársá" ar na hathruithe seo agus bunchoinbhinsiúin Vársá i dteannta a chéile.

Cé gur chuir Coinbhinsiúin Vársá méid áirithe comhionannais ar fáil, mar shampla bhí na teorainneacha airgid chéanna i bhfeidhm i líon tíortha, tuigeadh sna 1990í go raibh na teorainneacha fiachais fós ró-íseal de réir caighdeáin an lae inniu (timpeall 19,000 euro i gcás báis phaisinéara). Chomh maith leis sin, bhí na dlíthe maidir le fiachas aerlíne neamhionann agus trína chéile ós rud é nach raibh na hathruithe éagsúla uilig a rinneadh do na bundlíthe curtha i bhfeidhm ag cuid de na tíortha. Ciallaíonn sé seo fós go bhféadfadh teorainneacha fiachais a bheith níos airde nó níos ísle ná i dtíortha eile, ag brath ar an áit a tharlaíonn an timpist nó eachtra.

Rialacha

Taisteal aeir ar aerlínte an AE (bás/díobháil do phaisinéirí)

Chun an réim fiachais a fheabhsú i gcás báis nó díobhála do phaisinéirí aerlínte an AE, chuir ballstáit an AE reachtaíocht i bhfeidhm i 1997 chun a bheith cinnte go bhfuil na teorainneacha céanna i bhfeidhm i ngach ballstát an AE. Ní chlúdaíonn reachtaíocht 1997 áfach, damáiste, moill, nó cailleadh bagáiste. Braitheann teorainneacha fiachais maidir le damáiste, moill nó cailleadh bagáiste nó lasta fós ar Choinbhinsiúin Vársá.

Faoi láthair, níl teorainn airgeadais ar bith ar fhiachas aerlíne den AE maidir le damáiste a d'fhulaing tú i gcás báis, gortaithe nó díobhála corpartha ar bith eile. Gheobhaidh paisinéirí atá ag taisteal le haerlíne an AE cúiteamh iomlán i gcás timpiste, is cuma cén áit a tharlaíonn sé (sé sin taobh istigh nó taobh amuigh den AE) agus gheobhaidh siad íocaíochtaí láithreach más gá chun cúnamh a thabhairt le cruatan eacnamaíoch ar bith ag an am.

Déanfaidh an aerlíne de chuid an Aontais Eorpaigh réamhíocaíocht, gan moill agus in aon chás, taobh istigh de 15 lá tar éis dóibh an duine atá i dteideal cúitimh a aithint, chun déileáil le riachtanais eacnamaíocha ag an am, de réir na ndeacrachtaí a d'fhulaingíodh mar gheall ar an dtimpist. Má fhaigheann duine bás, ní bheidh an réamhíocaíocht níos lú ná 15,000 SDR (timpeall 21,600 euro) an páisinéara. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach gciallaíonn réamhíocaíocht go nglactar le fiachas agus d'fhéadfadh sé tarlú go gcuirtear san áireamh iad má íocfar aon airgead eile ar bhonn fiachais aerlíne de chuid an AE. Go ginearálta, ní chaithfear iad seo a aisíoc. Chun éilimh níos lú a réiteach, nuair atá siad ag tabhairt freagra ar éilimh díobhála ó pháisinéirí suas go dtí 100,000 SDR (timpeall 144,000 euro), ní féidir na haerlínte de chuid an AE a shaoradh óna bhfiachas ach amháin sa chás gur tharla an damáiste de thoradh faillí an té a maraíodh nó a ghortaíodh nó gur chuir sé/sí leis.

D'fhéadfá breathnú ar théacs na reachtaíochta seo 1997 den AE(pdf) (Tugtar Rialachán Comhairle 2027/97 Fiachas Carraera Aeir i gcás timpistí aeir).

Tá reachtaíocht 1997 le n-athrú go gairid arís, an t-am seo le tuilleadh méaduithe a dhéanamh ar theorainneacha fiachais i gcás báis nó díobhála do phaisinéirí agus chun teorainneacha fiachais i dtaobh damáiste, moille nó caillte bagáiste agus lasta a chur san áireamh.

Taisteal aeir ar aerlínte nach aerlínte AE iad (bás nó díobháil do phaisinéirí)

Tá na dlíthe faoi fhiachas aerlíne casta, agus mar gheall ar sin, bíonn teorainneacha éagsúla i bhfeidhm i dtíortha éagsúla ar fud an domhain. D'fhéadfadh siad a bheith chomh íseal le 19,000 euro i gcás báis nó gortaithe do phaisinéir. Moltar duit árachas taistil atá oirúnach a fháil roimh do thuras agus chomh maith leis sin d'fhéadfá seiceáil roimh thaisteal chun na teorainneacha fiachais atá i bhfeidhm san aerlíne lena bhfuil tú ag taisteal a fháil amach.

Damáiste, cailleadh nó moill bagáiste

Tá na teorainneacha fiachais aerlíne atá i bhfeidhm i dtaobh damáiste, caillte nó moille bagáiste leagtha síos de réir an Chórais Vársá. Tá reachtaíocht nua á réiteach chun na teorainneacha seo a mhéadú maidir le taisteal ar aerlínte an AE agus ar aerlínte idirnáisiúnta chomh maith, ach déanann na rialacha seo a leanas cur síos ar an staid faoi láthair. Ba cheart duit a thabhairt faoi deara freisin go bhfuil coinníollacha áirithe ag baint le fiachas aerlíne i gcás damáiste, caillte, nó moille bagáiste:

  • Tá fiachas aerlíne bunaithe ar mheachán do bhagáiste/malaí, ní ar luach an bhagáiste féin nó na nithe atá i do bhagáiste.
  • D'fhéadfadh sé tarlú nach nglacfaidh aerlínte le fiachas i dtaobh rudaí luachmhara, sobhriste nó tábhachtacha atá pacáilte i gcoimeadáin mí-oiriúnacha nó briste, agus a bhfuil damáiste déanta dóibh faoi bhealach. Moltar duit i gcónaí nithe a phacáil i gcoimeadáin oiriúnacha, agus árachas taistil oiriúnach a fháil roimh thaisteal má tá tú ag iompar rudaí mar sin.

Bagáiste seiceálta

Bagáiste/málaí a chuir tú faoi chúram na haerlíne nuair a sheiceáil tú isteach atá i gceist anseo agus nuair a dheimhnigh tú go mbeidh tú ag tógáil do shuíocháin ar an eitilt. Ní ghlacfaidh cuid de na haerlínte freagracht as cailleadh seodra, rudaí luachmhara eile agus airgead atá i do bhagáiste seiceálta. B'fhéidir go mbeidh tú in ann dearbhú a shíniú ag deimhniú go bhfuil rudaí níos luachmhara i do bhagáiste, agus b'fhéidir go mbeidh an rogha agat táillí breise a íoc nuair a sheiceálann tú isteach i gcás caillte do bhagáiste, nó dá ndéanfaí damáiste dó. Muna shíníonn tú dearbhú agus muna n-íocann tú na táillí breise, tá teorainn timpeall US$20 an cileagram de bhagáiste seiceálta ar fhiachas na haerlíne i gcás damáiste do do bhagáiste seiceálta.

Bagáiste nach bhfuil seiceálta isteach

Seo bagáiste/málaí/earraí saor ó dhleacht/rudaí pearsanta atá i do sheilbh agus tú ag bordáil an eitleáin. I gcás damáiste do do bhagáiste nach bhfuil seiceálta isteach, tá teorainn timpeall US $400 an paisinéara ar fhiachas na haerlíne.

Conas Iarratas a dhéanamh

Má tá tú ag taisteal ar aerlíne agus má chailltear do bhagáiste, má dhéantar damáiste dó, nó má chuirtear moill air, ba cheart duit ar dtús tuairisc a chur faoi bhráid ionaid seirbhíse custaiméara d'aerlíne faoin gcailleadh, damaiste, nó moill, agus Tuairisc Mhírialtachta Maoine a líonadh. Cludóidh an Tuairisc Mhírialtachta Maoine sonraí d'eitilte (sé sin an aerlíne, dáta, uimhir eitilte, am agus araile), do bhagáiste, d'ainm agus seoladh agus araile. Tabharfar cóip den tuairisc duit agus coinneoidh an aerlíne an chóip eile.

Ba cheart duit na lipéid bhagáiste a tugadh duit agus tú ag seiceáil isteach do chuid bagáiste a fháil (Lipéid iad seo a thug an fhoireann seiceála isteach duit agus tá barrachód agus uimhir orthu. Baineann an uimhir thagartha seo le do bhagáiste agus tabharfaidh sí cúnamh don aerlíne do bhagáiste a aithint agus é a chuardach duit.)

Muna dtugtar do bhagáiste ar ais duit i rith do shaoire nó do thurais, cuimhnigh admhálacha na rudaí a bhí ort a cheannach mar gheall ar do bhagáiste caillte a choinneáil.

Déan do ghearán láithreach i scríbhinn chuig an aerlíne (tá teorainn ama 21 lá ó sheachadadh do bhagáiste chun éileamh a dhéanamh).

Má fhaigheann tú amach go raibh damáiste déanta do do bhagáiste faoi bhealach (sé sin nuair a bhí tú ag taisteal) ba cheart duit do ghearán a dhéanamh don aerlíne taobh istigh de sheacht lá.

Má tá árachas saoire agat, ba cheart duit do chomhlacht árachais a chur ar an eolas faoi chailleadh do bhagáiste nó an damáiste deanta dó, chomh luath agus is féidir.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 29 April 2008

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.