Tá cearta áirithe agat faoi dlí Éireannach agus Eorpach nuair atá tú ag taisteal ar eitleán le haerlínte Eorpacha. Ní foláir d'aerlínte Eorpacha, gníomhairí taistil, foirne turais agus gach gnó eile a bhfuil baint acu le seirbhísí aerthaistil a chur ar fáil, do chearta a chomhlíonadh. Baineann na cearta seo le ceisteanna mar do cheart chun eolas cruinn a fháil faoi eitiltí agus áirithintí, dualgais gníomhairí taistil, fiachas má chailltear bagáiste nó má tharlaíonn timpistí, cúiteamh i dtaobh eitiltí ró-lán, agus araile.
Tá an ceart agat eolas cruinn agus neodrach a fháil agus tú ag fiosrú faoi, nó ag cur eitilt in áirithe le gníomhaire taistil. Ní foláir do do ghníomhaire taistil eolas oibiachtúil a chur ar fáil duit ('sé sin eolas nach gcuireann aerlíne amháin chun tosaigh ar aerlíne eile, nó eolas roghnach maidir le hinfhaighteacht) nuair a chuireann tú ceist faoi eitiltí agus áirithintí óna chóras áirithinte ríomhairithe, go dtí go dtaispeánann tú cé acu is fearr leat, nó go dtugann tú do rogha don ghníomhaire taistil. Ciallaíonn sé seo go gcaithfidh do ghníomhaire taistil eolas a thabhairt duit faoi na roghanna uilig maidir le turas san ord thíos:
Ní foláir do do ghníomhaire taistil an t-eolas a thaispeánann an córas ríomhaire a chur ar fáil duit má tá sé uait trí an scaileán a thaispeáint duit, nó an t-eolas a phriontáil duit. Bíonn ar na haerlínte, chomh maith, eolas iomlán a chur ar fáil don chóras ríomhairithe chun go mbeidh an t-eolas ar fáil do do ghníomhaire taistil agus duit féin. Má chuireann tú do thicéad in áirithe leis an aerlíne, ní foláir do do ghníomhaire taistil an t-eolas uilig atá ar fáil ón gcóras ríomhairithe a chur ar aghaidh faoi:
Má tá ticéad bailí agat, má tá d'áirithint dearbhaithe agus má tá tú ag an ionad seiceála isteach ag an aerphort taobh istigh den am atá leagtha síos ag an aerlíne agus fós muna dtugtar cead duit an t-eitleán a bhordáil mar gheall go bhfuil an eitilt ró-lán, tá ceart cúitimh agat faoi dhlí Eorpach.
Má tá tú ag taisteal san aer mar chuid de thuras láneagraithe nó saoire ceannaithe san Eorap, ní foláir duit eolas soléir, ceart agus cruinn a fháil ón eagraí faoi do thuras. Léigh tuilleadh faoi do chearta, eolas faoi bróisiúir, aistrithe, táillí agus gearáin.
Ó mhí Iúil amach 2007, ní ceadmhach d’aerlínte ná do thionscnóirí turasóireachta diúltú paisinéirí a iompar ná glacadh lena gcuid áirithintí ar an ábhar gur lú a gcumas gluaiseachta. Ní bhaineann sé seo ach le heitiltí as aerfoirt an AE. Forálann Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006 nach féidir duine a eiteach faoi áirithint ná faoi theacht ar bord ach ar ábhair bhailí shábháilteachta nó murar féidir go fisiciúil an duine atá faoi mhíchumas nó ar lú a chumas gluaiseachta a thabhairt ar bord nó a iompar mar gheall ar mhéad an eitleáin nó ar mhéad na ndoras atá air. Má diúltaítear duine faoi áirithint, caithfear rogha inghlactha eile a thairiscint dó. Má diúltaítear duine faoi theacht ar bord, caithfear aisíoc nó athchúrsa a thairiscint dó. Ní mór d’údaráis an aerfoirt cúnamh a chur ar fáil gan aon chostas breise a ghearradh ar an duine atá i gceist, ach os a chionn sin féadfaidh siad tobhach a ghearradh ar na paisinéirí uile.
Tháinig forálacha eile i bhfeidhm ó Iúil 2008 de bhun an Rialacháin seo. Ina measc seo, tá:
Tá tuilleadh eolais ar fáil ar láithreán gréasáin an Choimisiúin um Rialáil Eitlíochta flightrights.ie.
Tá an ceart ag páisnéirí atá ag cur ticéid aeir in áirithe san Eorap eolas a bheith acu faoi sonraí pearsanta ar bith atá coinnithe nó stóráilte futhu ar chórais áirithinte ríomhairithe, cad chuige a úsáidfear an t-eolas, agus cé atá i gceannas ar an eolas. Nuair atá gníomhaire taistil ag déanamh áirithint ar do shon ar chóras ríomhaire, ní foláir dó/di a insint duit cén fáth a bhfuil an t-eolas riachtanach, cé chomh fada agus a bhéas sé coinnithe, ainm an chomlachta ríomhaire agus conas a d'fhéadfá dul i dteagmháil leo. Ní foláir eolas a thabhairt do dhuine ar bith a dhéanann iarratas air faoin eolas atá stóráilte faoi/fuithi ar an gcóras áirithinte ríomhairithe. Tá an Coimisiún Cosanta Sonraí in Éirinn ann chun do cheart chun eolas a bheith agat ar sonraí coinnithe fút ar ríomhaire a chaomhnú.
Ó Dheireadh Fómhair 2005 i leith, tá dlí nua curtha i bhfeidhm ag “Bureau of Customs and Border Protection” na Stát Aontaithe. Dá dheasca seo tá de cheangal ar na haerlínte atá ag brath paisinéirí a iompar go dtí na Stáit Aontaithe faisnéis a chur ar fáil fúthu roimh ré.
Seo samplaí den chineál faisnéise a fhéadfaidh nó a bhfuil cead ag an aerlíne a iarraidh ort:
Tabhair do d’aire go bhfuil iallach ort an fhaisnéis seo a chur ar fáil don aerlíne agat. Má tá imní ar bith ort faoi sholáthar na faisnéise seo, téigh i dteagmháil go díreach le d’aerlíne. Tá ráite ag Coimisiún Cosanta Sonraí na hÉireann go bhfuil dualgas dlíthiúil ar na haerlínte an fhaisnéis seo a chur ar fáil d’údaráis na Stát Aontaithe agus cuirfear na paisinéirí ar an eolas faoin riachtanas seo nuair a chuirfidh siad a n-eitilt in áirithe.
Féadfar tuilleadh eolais faoin gCóras Réamh-Fhaisnéise faoi Phaisinéirí a fháil anseo.
Níl aon teorainn airgeadais maidir le dliteanas de chuid aerlíne an AE i leith damáistí a bhain tú i gcás báis, créachtú nó aon díobhála coirp eile. Le haghaidh damáistí suas go dtí 113,100 SDR, ní féidir leis an aerlíne comórtas éilimh ar chúiteamh. Faigh amach tuilleadh faoi aerlíne dliteanas tar éis báis nó díobhála do phaisinéir, nó damáiste nó caillteanas bagáiste inár ndoiciméad ar dhliteanas aerlíne.
Tá na cearta thuas leagtha síos i ndlí de chuid an AE nó i ndlí Éireannach a tugadh isteach chun reachtaíocht an A.E. a chur i bhfeidhm. Ní foláir d'aerlínte, gníomhairí taistil, foirne turais agus chuile ghnó eile a bhfuil baint acu le seirbhísí aerthaistil a chur ar fáil, iad a chomhlíonadh. Ba cheart duit a bheith eolach ar do chearta agus a bheith sásta iad a chosaint.
Má cheapann tú nach raibh meas ar do chearta, agus nach bhfuair tú an
caighdeán seirbhíse nó cúitimh atá ag dul duit, ba cheart duit dul i
dteagmháil le Rannóg Rialacháin Eitleoireachta na Roinne Iompair, nó oifig
an Stiurthóra um Ghnóthaí Tomhaltóirí agus iad a chur ar an eolas faoi.
D'fhéadfá chomh maith dul i dteagmháil le hArd-Stiúrthóireacht Iompair
agus Fuinnimh Choimisiún na hEorpa.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.