Dóigh mhaith is ea obair dheonach le coinneáil gníomhach, scileanna nua a fhoghlaim agus le bheith páirteach i do phobal áitiúil. Tá cead agat obair gan íocaíocht a dhéanamh mar shaorálaí agus d’íocaíocht leasa shóisialaigh a choinneáil. Beidh ort, áfach, leanúint ar aghaidh agus gach coinníoll a bhaineann le d’íocaíocht a chomhlíonadh.
Is é d’Oifig Leasa Shóisialaigh Áitiúil nó an rannóg a íocann
d’íocaíocht leasa shóisialaigh a chinnteoidh de ghnáth go bhfuil cead
agat d’íocaíocht leasa shóisialaigh a choinneáil agus oibriú mar
shaorálaí.
De ghnáth, faigheann tú íocaíocht míchumais cionn is nach féidir leat oibriú. Má tá tú ag fáil Liúntas Míchumais, Sochar Breoiteachta nó Pinsean Easláinte, ní mór duit cead a fháil le hoibriú mar shaorálaí. Ní mór duit cur isteach ar an rannóg a íocann d’íocaíocht leasa shóisialaighsula dtosaíonn tú ar obair dheonach ar bith.
Má tá tú ag fáil Pinsean Easláinte
níl cead agat níos mó ná 19.5 uair d’obair dheonach a dhéanamh sa
tseachtain. Má tá tú ag fáil Sochar Breoiteachta
nó Liúntas
Míchumais, níl aon teorainn ar líon na n-uaireanta sa tseachtain a
bhfuil cead agat oibriú gan íocaíocht mar shaorálaí.
Le bheith incháilithe le haghaidh íocaíocht cúramóra ní mór duit a bheith ag soláthar cúraim lánaimseartha. Má tá tú ag fáil Liúntas Cúramóra nó Sochar Cúramóra, tá cead agat uasmhéid de 15 uair sa tseachtain d’obair dheonach a dhéanamh. Sula dtosaíonn tú ag obair mar shaorálaí, ní mór duit cead a fháil ó rannóg an Liúntais Chúramóra nó an tSochair Chúramóra sa Roinn Coimirce Sóisialaí.
Caithfidh tú a bheith ar fáil agus ag lorg oibre chun Liúntas Cuardaitheora Poist nó Sochar Cuardaitheora Poist a fháil. Más mian leat obair dheonach a dhéanamh, ní mór duit cead a fháil ar dtús ón d’Oifigeach Breithiúnachta ag d’Oifig Leasa Shóisialaigh Áitiúil. Ní mór duit leanúint de choinníollacha d’íocaíocht cuardaitheora poist a shásamh.
Glacann Oifigeach Breithiúnachta roinnt fachtóirí san áireamh agus cinneadh á dhéanamh go bhfuil an obair atá i gceist deonach, áirítear leo siúd:
Áirítear le samplaí den obair dheonach a bhféadfadh le cuardaitheoir poist a dhéanamh cuidiú le clubanna óige, grúpaí cúraim, grúpaí spóirt, agus cumainn chónaitheoirí áitiúla.
Dá mba mhian leat obair dheonach a dhéanamh agus leanúint den Liúntas Cuardaitheora Poist nó Sochar Cuardaitheora Poist a fháil, ní mór duit iarratas a dhéanamh faoi réir rogha na hoibre deonaí sula dtosaíonn tú ar obair dheonach ar bith. Chun iarratas a dhéanamh, comhlánaigh foirm iarratais (VW1), atá ar fáil ó d’Oifig Leasa Shóisialaigh Áitiúil.
Má tá tú ag fáil ceann de na híocaíochtaí atá liostaithe thíos, níl aon bhac ar líon na n-uaireanta nó ar chineál na oibre gan íocaíocht a bhfuil cead agat a dhéanamh. Ar a bharr sin, níl réamhchead ag teastáil uait chun obair dheonach a dhéanamh.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.