Faisnéis do chuardaitheoirí poist óga

Reamhra

Caithfidh cuardaitheoir poist óga comhlíonadh a dhéanamh ar na coinníollacha céanna nach mór do chuardaitheoirí eile poist iad a chomhlíonadh chun íocaíocht cuardaitheora poist a fháil ach d’fhéadfadh go mbeadh tacaí spriocdhírithe ag teastáil uathu chun cabhrú leo dul isteach san fhórsa oibre. Tugadh isteach Rannaíocht an Aosa Óig (féach thíos) chun tacair a thabhairt do gach cuardaitheoir poist óg agus chun deis a thabhairt dóibh bheith páirteach in oiliúint, oideachas agus taithí oibrí a dhéanamh nó a bheith i bhfostaíocht lán-aimsire.

Liúntas Cuardaitheora Poist

Más rud é go bhfuil tú díreach tar éis an scoil a fhágáil, ní fhéadfaidh tú Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil. D'fhonn Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil, caithfidh go bhfuil tú as an scoil ar feadh 3 mhí ar a laghad agus go bhfuil tú 18 mbliana d'aois ar a laghad. Tosaíonn an tréimhse 3 mhí ón lá ar a bhfágann tú an scoil nó ón lá tar éis do scrúdaithe deiridh má tá scrúduithe á ndéanamh agat.

Faigheann daoine atá faoi bhun 26 bliain d'aois nach bhfuil leanaí acu ráta laghdaithe Liúntas Cuardaitheora Poist. Má ghlacann siad le háit ar chúrsa oideachais, ar chúrsa oiliúna nó ar scéim taithí oibre, gheobhaidh siad ráta níos airde íocaíochta. Is féidir leat dul chuig ár gcáipéisí ar roghanna oideachais agus oiliúna agus ar scéimeanna tacaíocht fostaíochta chun tuilleadh faisnéise ar na rátaí a íoctar a fháil.

An t-uasráta Liúntas Cuardaitheora Poist do dhaoine faoi bhun 25 bliain d'aois nach bhfuil leanaí acu
Aois Ráta pearsanta Méadú d'aosach cáilitheach
18 - 24 €129.70 €129.70

I gcás daoine faoi bhun 25 bliain d'aois, níl feidhm ag na rátaí laghdaithe pearsanta Liúntas Cuardaitheora Poist ná ag na rátaí laghdaithe Liúntas Cuardaitheora Poist d'aosaigh cháilithe maidir leis na daoine seo a leanas:

  • Daoine a bhfuil leanaí cleithiúnacha acu
  • Daoine atá ag aistriú ó Liúntas Míchumais go Liúntas Cuardaitheora Poist
  • Daoine a bhfuil a n-éileamh nasctha le héileamh roimhe ar Liúntas Cuardaitheora Poist a rinneadh laistigh den 12 mhí ina raibh feidhm ag an ráta pearsanta uasta
  • Leanaí áirithe a bhí faoi chúram FSS le linn an 12 mhí sular bhain siad 18 mbliana amach. Déantar na daoine sin a mheasúnú trí leas a bhaint as an ráta Liúntas Cuardaitheora Poist atá i bhfeidhm do dhaoine atá 25 bliain d'aois nó níos sine.

Más rud é go raibh tú ag fáil ráta aoischoibheasa laghdaithe Liúntas Cuardaitheora Poist agus go nglacann tú páirt i gcúrsa oideachais, i gcúrsa oiliúna nó i scéim tacaíocht fostaíochta, beidh feidhm ag an ráta pearsanta laghdaithe íocaíochta maidir leis an gcúrsa nó leis an scéim sin fad is atá tú faoi bhun 25 bliain d'aois. Nuair a bheidh an cúrsa críochnaithe agat, fillfidh tú ar an ráta aoischoibhneasa Liúntas Cuardaitheora Poist a fuair tú roimhe.

Sochar Cuardaitheora Poist

Caithfidh go bhfuil 104 ranníocaíocht árachais shóisialaigh agat (2 bhliain) chun cáiliú le haghaidh Sochar Cuardaitheora Poist. Ciallaíonn sé sin nach gcáileoidh roinnt mhaith daoine óga le haghaidh Sochar Cuardaitheora Poist más rud é go gcailleann siad a bpost nó nach féidir leo fostaíocht a fháil. Má d'oibrigh tú go páirtaimseartha le linn na scoile nó an choláiste, is féidir go mbeidh go leor ranníocaíochtaí ÁSPC agat chun cáiliú le haghaidh Sochar Cuardaitheora Poist. Mar sin féin, má bhí do mheántuilleamh seachtainiúil níos lú ná €300, is féidir nach gcáileoidh tú ach le haghaidh ráta níos ísle Sochar Cuardaitheora Poist.

Mic Léinn

Ní féidir le mic léinn tríú leibhéil Liúntas Cuardaitheora Poist ná Sochar Cuardaitheora Poist a éileamh agus iad ag staidéar go lánaimseartha. Tá feidhm ag an dícháiliú sin maidir leis na tréimhsí saoire samhraidh idir blianta acadúla (mura mac léinn lánfhásta thú). Féadfaidh tú íocaíocht cuardaitheora poist a éileamh a luaithe is a chríochnaíonn tú an coláiste go buan, áfach, mura féidir leat obair a fháil. Tá sé amhlaidh freisin má fhágann tú an coláiste gan do chúrsa a chur i gcrích. Is féidir go mbeidh tú ábalta íocaíocht cuardaitheora poist a éileamh agus tú ag obair ar thionscadal nó ar thráchtas taighde má tá tú ar fáil i gcomhair oibre le linn na tréimhse sin.

Is féidir go gcabhróidh creidmheasanna mac léinn leat cáiliú le haghaidh Sochar Cuardaitheora Poist. Bronntar iad sa chás go raibh tú i do mhac léinn lánaimseartha le linn na bliana cánach ábhartha agus gur íoc tú ranníocaíochtaí sula ndeachaigh tú chun an choláiste nó le linn na tréimhse a chaith tú ag an gcoláiste. Caithfidh gur íoc tú ranníocaíochtaí ag Aicme A, gur thosaigh tú oideachas lánaimseartha sula raibh tú 23 bliain d'aois agus go ndeachaigh tú isteach i bhfostaíocht inárachaithe an athuair sula raibh an cúrsa críochnaithe. Ní féidir creidmheasanna mac léinn a bhronnadh ach uair amháin.

An Liúntas chun Filleadh ar an Oideachas

Gheobhaidh gach rannpháirtí sa scéim Liúntas chun Filleadh ar an Oideachas (BTEA) atá faoi bhun 26 bliain d’aois agus a bhí i dteideal íocaíochta íslithe den Liúntas Cuairdaitheora Poist a bhaineann le haois, uasmhéid an BTEA. Más rud é go raibh tú ag fáil an Liúntais chun Filleadh ar an Oideachas le linn do staidéir dara leibhéal, féadfaidh tú Liúntas Cuardaitheora Poist a éileamh lom láithreach.

An Ráthaíocht don Aos Óg

Is é is aidhm don Ráthaíocht don Aos Óg tairiscint mhaith fostaíochta, oideachais, oiliúna nó printíseachta a chur ar fáil do dhaoine óga faoi bhun 25 bliain d'aois laistigh de thréimhse ghairid tar éis dóibh an t-oideachas a fhágáil nó éirí dífhostaithe. Is tionscnamh AE é a forbraíodh mar fhreagairt don ghéarchéim óg-dhífhostaíochta.

In Éirinn, tugadh an ráthaíocht isteach de réir a chéile(pdf). I measc spriocanna na ráthaíochta tá:

  • Tabharfar bealach oideachais 'athdheise' amhail Ógtheagmháil do dhaoine óga faoi bhun 18 mbliana d'aois a d'fhág an córas scoile gan meánoideachas a chríochnú agus atá dífhostaithe nó tabharfar tacaíocht dóibh dul isteach sa chóras scoile an athuair.
  • Gheobhaidh daoine óga idir 18-24 bliain d'aois atá dífhostaithe ar feadh 4 mhí cabhair chun obair a fháil nó gheobhaidh siad tairiscint oiliúna, oideachais nó taithí oibre ardchaighdeáin.

Faoin Ráthaíocht don Aos Óg tá raon tionscnamh á gcur i bhfeidhm.

Is é 4 mhí an tréimhse cháilitheach do JobsPlus (ar a dtugtar JobsPlus Youth) do chuardaitheoirí poist faoi 25. (Tá sé fós ag 12 mhí do chuardaitheoirí poist eile.) Tabharfar deimhniú do dhaoine óga incháilithe go gcáilíonn siad don fhóirdheontas JobsPlus agus is féidir leo é seo a úsáid agus iad ag cur isteach ar phoist.

Féadtar tuilleadh eolais a fháil faoi chúrsaí thacair fostaíochta do dhaoine óga sa dociméad atá againn faoi Scéimeanna fostaíochta do dhaoine óga.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Déanann tú iarratas ar Shochar Cuardaitheora Poist nó ar Liúntas Cuardaitheora in ionad áitiúil Intreo nó i d'oifig áitiúil leasa shóisialaigh.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 3 Eanáir 2023