Anseo atá tú: Baile > Leas Sóisialach > Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh > Daoine Dífhostaithe > Ag síniú de nuair a thosnaíonn tú ag obair

Print Page Send to a Friend

Ag síniú de nuair a thosnaíonn tú ag obair

Eolas

D’fhéadfá Liúntas do Lucht Cuardaigh Fostaíochta, Sochar do Lucht Cuardaigh Fostaíochta, nó Creidmheasanna a fháil má tá tú cláraithe mar dhífhostaithe.

Má tá tú cláraithe mar dhífhostaithe (i bhfocail eile, ag síniú leis an Roinn Coimirce Sóisialaí), ba chóir duit d’oifig leasa shóisialaigh áitiúil a chur ar an eolas maidir leis an dáta a mbeidh tú ag tosú ag obair. I gceantair áirithe is féidir leat é seo a dhéanamh ar líne.

Trí d’oifig leasa shóisialaigh áitiúil a chur ar an eolas maidir leis an am a mbeidh tú ag tosú ag obair, cinnteoidh tú go bhfaighidh tú aon íocaíocht atá dlite duit go dtí an dáta a dtosóidh tú ag obair.

Is féidir leat comhairle a fháil freisin faoin bhféidearthacht de chuid de do shochair agus do thacaí reatha a choinneáil nuair a fhilleann tú ar an obair.

Nuair a thosaíonn tú ag obair d’fhéadfá a bheith i dteideal sochar breise, mar shampla, Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh (FIT). Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil ó d’oifig leasa shóisialaigh áitiúil agus inár ndoiciméad ‘Cúnamh do dhaoine ar phá íseal in Éirinn’.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 31 August 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Do phost a chailliúint
    Má tá do phost caillte agat ba cheart duit eolas a chur ar na hiocaíochtaí agus seirbhísi a thugann tacaíocht do dhaoine dífhostaithe.
  • Conas síniú a dhéanamh
    Má chailleann tú do phost, d’fhéadfá a bheith incháilithe d’íocaíocht leasa shóisialaigh a fháil. Faigh amach conas íocaíocht leasa shóisialaigh a fháil nuair atá tú dífhostaithe.
  • Sochar Cuardaitheora Poist
    Is íocaíocht sheachtainiúil é a dtugtar do dhaoine atá a bpost caillte acu agus atá ag lorg oibre. Faigh amach dá bhfaighfeá seo agus sochair eile.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.