Anseo atá tú: Baile > Leas Sóisialach > Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh > Daoine Dífhostaithe > Féinfhostaíocht agus dífhostaíocht

Print Page Send to a Friend

Féinfhostaíocht agus dífhostaíocht

Réamhrá

Is féidir le daoine féinfhostaithe a bheith dífhostaithe má dhúnann a gcuid gnó. Cé go leanfá de bheith féinfhostaithe, d’fhéadfadh sé tarlú go bhfuil laghdú chomh mór ar do chuid oibre nach soláthraítear dóthain ioncaim duit níos mó.

Má tharlaíonn go bhfuil tú dífhostaithe nó má thagann laghdú ar do chuid oibre, d'fhéadfá a bheith incháilithe d’íocaíocht leasa shóisialaigh. gá duit díchlárú mar dhuine féinfhostaithe chun íocaíocht leasa shóisialaigh a fháil.

Mura gcáilíonn tú le haghaidh íocaíochta leasa shóisialaigh, d'fhéadfá cáiligh chun do chreidmheasa dífhostaíochta a shíniú nó chun ranníocaíochtaí deonacha a íoc. D'fhéadfadh creidmheasanna dífhostaíochta agus ranníocaíochtaí deonacha cuidiú leat a bheith incháilithe d'íocaíocht leasa shóisialaigh san am le teacht.

Cuireann an micreashuíomh, selfemployedsupports.ie, faisnéis ar fáil maidir le seirbhísí poiblí do dhaoine atá féinfhostaithe agus a bhfuil a n-ioncaim laghdaithe.

Sochar Cuardaitheora Poist (SCP)

Íocann daoine féinfhostaithe ÁSPC in Aicme S. Clúdaíonn ÁSPC Aicme S íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe amháin. chlúdaítear Sochar Cuardaitheora Poist.

Mar sin má d’oibrigh tú mar fhostaí sa 4 bhliain chánach is déanaí, b’fhéidir gur íoc tú ÁSPC Aicme A agus ba chóir duit iarratas a dhéanamh ar Shochar Sochar Cuardaitheora Poist i d’Oifig Leasa Shóisialaigh áitiúil. Déanfaidh d’Oifig Leasa Shóisialaigh áitiúil do thaifid a sheiceáil chun fáil amach cibé an bhfuil dóthain ranníocaíochtaí Aicme A agat chun Sochar Cuardaitheora Poist a fháil.

Is féidir leat leanúint le Sochar Cuardaitheora Poist a fháil agus tú agus beagán oibre a dhéanamh. Mar sin féin, caithfidh tú lá amháin fostaíochta a chailliúint ar a laghad - agus a bheith dífhostaithe 3 lá as 6 ar a laghad dá bharr. Lena chois sin, caithfidh laghdú tuilleamh a bheith i gceist leis an gcaillteanas fostaíochta.

Mar shampla, má tá tú faoi chonradh seirbhíse oibre (ar bhonn féinfhostaithe) ar feadh 3 lá in aghaidh na seachtaine, d’fhéadfá a bheith incháilithe do Shochar Cuardaitheora Poist. Tá Sochar Cuardaitheora Poist inchánach.

Mura gcáilíonn tú do Shochar Cuardaitheora Poist, d’fhéadfá Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil. Nuair a dhéantar iarratas ar Shochar Cuardaitheora Poist, iarrfar ort ar mhaith leat go ndéanfaí measúnú ort don Liúntas Cuardaitheora Poist mura mbíonn rath ar an éileamh do Shochar Cuardaitheora Poist.

Liúntas Cuardaitheora Poist

Caithfidh tú na coinníollacha a leanas a shásamh chun Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil:

  • Os cionn 18 agus faoi 66
  • Dífhostaithe
  • Ábalta oibriú, ar fáil chun oibre agus go fírinneach ag cuardach oibre
  • Gnáthchónaí
  • Tástáil Mhaoine a shásamh.

Má tá tú féinfhostaithe, d’fhéadfá a bheith i dteideal do Liúntas Cuardaitheora Poist ag brath ar thuillimh an ghnó atá agat. Ní gá duit do ghnó a dhúnadh nó stopadh ag obair mar dhuine féinfhostaithe chun Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil. Má thiteann sé faoi leibhéal áirithe, gheobhaidh tú Liúntas Cuardaitheora Poist.

Ioncam féinfhostaíochta agus tástáil mhaoine
Déantar na tuillimh ghnó atá agat a mheasúnú sa tástáil mhaoine don Liúntas Cuardaitheora Poist. Caithfidh an measúnú tuar réasúnta a thabhairt den ioncam ón ghnó sna chéad 12 mhí amach romhainn. Glacfar le hioncam sna 12 mhí deiridh mar threoir, ach ceadófar do thosca ar bith a dhéanfadh cúrsaí a athrú. Ba chóir duit a bheith réidh leis na tosca seo a phlé nuair atá measúnú á dhéanamh don Liúntas Cuardaitheora Poist.

Déantar na tuillimh a mheasúnú mar ollioncam lúide na costais a bhaineann le hobair thar tréimhse 12 mhí. Déantar do thuillimh bhliantúla tuartha a roinnt faoi 52 chun d’acmhainní seachtainiúla ó fhéinfhostaíocht a fháil.

Níl ‘tarraingtí’ ar bith a bhaintear ón ngnó incheadaithe mar chostas. Má tá do ‘tharraingtí’ ón ghnó níos mó ná an leibhéal ioncaim a ríomhtar, déantar ‘tarraingtí’ a mheasúnú mar ioncam in airgead tirim.

Níl aon liosta uileghabhálacha de chostais uile toisc nádúr agus réim na féinfhostaíochta. Mar sin, is iad na nithe a leanas na príomhchostais incheadaithe sa chuid is mó de chásanna:

  • Ábhair (costais soláthair)
  • Costais coinneála mótair (sciar a bhaineann leis an ngnó)
  • Dímheas innealra nó trealaimh
  • Árachas a bhaineann leis an ngnó
  • Teileafón (sciar a bhaineann leis an ngnó)
  • Soilsiú agus téamh (don ghnó agus ní úsáid sa bhaile)
  • Fógraíocht
  • Táillí bainc
  • Stáiseanóireacht
  • Léasú Veain
  • Costais saothair
  • Plean pinsin
  • Costais ar bith eile a bhaineann le bainistiú an ghnó.
  • Níl costais reatha teaghlaigh ceadaithe mar asbhaintí in aghaidh bhrabúis ghnó.
  • Ranníocaíochtaí ÁSPC Aicme S (íoctha nó iníoctha) (Sonraigh má tá ranníocaíochtaí iníoctha nár íocadh, caithfear tuairisc ar leith a dhéanamh leis an Imscrúdaitheoir Leasa Shóisialaigh don ghné seo.)

Chun an leibhéal ioncaim ón ghnó atá agat a ríomh caithfidh tú d’admhálacha agus íocaíochtaí (cáipéisíocht a léiríonn airgead ag teacht isteach agus amach ón ghnó atá agat) nó cuntais iniúchta a thabhairt don duine ag déileáil le d’iarratas san Oifig Leasa Shóisialaigh áitiúil.

Nuair a dhéantar iarratas ar Liúntas Cuardaitheora Poist (LCP)
Go hiondúil, iarrfar d’admhálacha agus íocaíochtaí nó cuntais iniúchta ort don bhliain reatha agus an bhliain roimhe sin. Mar shampla, má dhéantar iarratas ar Liúntas Cuardaitheora Poist, iarrfar ort d’admhálacha agus íocaíochtaí ó Eanáir go Meitheamh 2012 agus do 2011 a thabhairt. Mar sin féin, d’fhéadfadh dualgas a bheith ort cuntais iniúchta a thaispeáint do dhá bhliain deiridh nó níos mó. Faigh tuilleadh eolais faoi shíniú d’íocaíocht cuardaitheora poist.

D’fhéadfá a bheith incháilithe don Liúntas Leasa Forlíontach nuair atá tú ag feitheamh ar mheasúnú don íocaíocht cuardaitheora poist nó mura gcáilíonn tú don íocaíocht cuardaitheora poist.

Liúntas Leasa Forlíontach

Soláthraíonn Liúntas Leasa Forlíontach bunliúntas seachtainiúil do dhaoine incháilithe atá ar bheagán ioncaim nó gan ioncam ar bith. Má tá d’ioncam seachtainiúil faoin ráta Liúntais Leasa Fhorlíontaigh do mhéid an teaghlaigh atá agat, is féidir íocaíocht a dhéanamh a thabharfaidh d’ioncam chomh fada le ráta iomchuí Liúntais Leasa Fhorlíontaigh. Ní féidir leat Liúntas Leasa Forlíontach a fháil má tá tú ag obair níos mó na 29 uair in aghaidh na seachtaine.

Má tá éileamh déanta agat ar íocaíocht cuardaitheora poist ach nár íocadh rud ar bith fós agus nach bhfuil aon ioncam eile agat, d’fhéadfá a bheith incháilithe don Liúntas Leasa Forlíontach nuair atá tú ag feitheamh ar d’íocaíocht.

Sochair eile

Sláinte

Má thiteann d’ioncam faoi bhun méid áirithe, d’fhéadfá Cárta LeighisCárta Cuairte DG a fháil.

Tithíocht

D’fhéadfá cúnamh le haisíocaíochtaí úis mhorgáiste a fháil nó cúnamh le cíos a íoc. Má tá tithíocht údaráis áitiúil agat, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an údarás áitiúil agus iarraidh orthu do chíos a athbhreithniú toisc laghdú ioncaim.

Leanaí ar scoil

D’fhéadfá cúnamh a fháil le costas éadaí agus coisbhirt do leanaí scoile. Feidhmíonn an Scéim Liúntais Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua ón 1 Meitheamh go dtí an 30 Meán Fómhair gach bliain.

Riachtanais eisceachtúla agus phráinneacha

Má tá riachtanas eisceachtúil nó práinneach agat, mar shampla cúnamh le bille sochraide, tá raon íocaíochtaí lánroghnacha soláthraithe ag an Oifigeach Leasa Pobail i d'Oifig Sláinte Áitiúil.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 May 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Obair agus Liúntas Cuardaitheora Poist
    Déanann sé cur síos ar an mbealach is féidir le d'ioncam ó obair agus ioncam ó obair do chéile tionchar a bheith acu ar do ráta Liúntais Cuardaitheora Poist.
  • Checklist: information for self-employed people
    Quicklinks to useful documents about self-employment
  • Obair agus Sochar Cuardaitheora Poist
    Tá cúinsí ann inar féidir leat a bheith ag obair agus Sochar Cuardaitheora Poist a fháil. Déanann sé cur síos ar an mbealach is féidir le d'ioncam ó obair agus ioncam fostaíochta do chéile/pháirtí tionchar a bheith acu ar do ráta Sochair Cuardaitheora Poist.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.