Anseo atá tú: Baile > Leas Sóisialach > Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh > Daoine Dífhostaithe > Liúntas Réamhscortha

Print Page Send to a Friend

Liúntas Réamhscortha

Eolas

Tá Liúntas Réamhscoir ar fáil do dhaoine atá 55 bliain agus ós a chionn go bhfuil an fórsa saothair fágtha acu. Tá scrúdú maoine ann agus ní bheidh ort síniú chun fostaíochta níos mó mar ní gá duit a bheith ar fáil chun oibre.

Ní ghlacfar le haon iarratas nua le haghaidh Liúntas Réamhscoir ó 4 Iúil 2007 ar aghaidh. Chuir an tAcht um Athchóiriú an Dlí Leasa Shóisialaigh agus um Pinsin 2006 deireadh le Liúntas Réamhscoir ach ní chuireann sé isteach orthu siúd atá á fháil cheana féin agus féadfaidh siad é a fháil i gcónaí.

Rialacha

Le bheith intofa, caithfidh tú

(a) bheith idir 55 agus 66 bliain

(b) bheith scortha

(c) ceachtar acu seo leanas

  • Bheith ag fáil Sochar Cuardaitheora Poist nó Liúntas Cuardaitheora Poist ar feadh 15 mí nó
  • Stopadh a bheith i dteideal Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora, nó Liúntas Cúntora nó
  • Bheith i do chéile scortha nach raibh ag obair le 15 mí.

(d) scrúdú maoine a shásamh

tá an scrúdú maoine mar an gceanna leis an scrúdú maoine do Liúntas Cuardaitheora Poist.

Ag obair agus Liúntas Réamhscoir á fháil

Má bhí Liúntas Réamhscoir á fháil agat ar feadh tréimhse 12 mhí nó níos faide tá tú incháilithe le haghaidh ceachtar de na scéimeanna seo Liúntas um Fhilleadh ar ObairLiúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair. Féadfaidh sealbhóirí beaga airgead a thuilleamh óna ngabháltais agus féadfaidh siad Liúntas Réamhscoir a fháil má shásaíonn siad an tástáil mhaoine.

Má tá tú ag fáil Pinsean Réamhscortha ní gá duit a bheith ar fáil chun oibre agus ní gá duit síniú chun fostaíochta.

Rátaí

Ráta Seachtainiúil (2011)

Pearsanta Rátaí
Ráta Pearsanta €188
Duine fásta Cáilithe €124.80
Páiste Cáilithe €29.80

Conas iarratas a dhéanamh

Ó 4 Iúil 2007, ní bheidh aon iarratas nua ar Liúntas Réamh-Scoir glactha. Chuir an t-Acht um Athchóiriú an Dlí Leasa Shóisialaigh agus um Pinsin 2006 deireadh leis an Liúntas Réamh-Scoir. Níl aon difear déanta do faighteoirí reatha agus leanfaidh siad an íocaíocht a fháil.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 6 January 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Budget 2007
    Budget 2007 was announced on 6 December 2006. Summary of the main changes.
  • Ag éileamh do chleithiúnaí aosaigh
    Tá méid breise a fháil do chleithiúnaí aosaigh mar ardú ar d'íocaíocht phearsanta. Déanann an doiciméad seo cur síos air/uirthi a bheith cáilithe mar cleithiúnaí aosaigh.
  • Tástáil mhaoine don Liúntas Cuardaitheora Poist
    Chun cáiliú don Liúntas Cuardaitheora Poist, caithfidh tú tástáil mhaoine a shásamh. Le tástáil mhaoine, scrúdaítear d’fhoinsí ioncaim ar fad. Áfach, tá ioncam nach nglactar san áireamh agus d’fhoinsí ioncaim á ríomh.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.