Daoine scothaosta agus íocaíochtaí cuardaitheora poist

Réamhra

Tá roinnt forálacha speisialta riaracháin i bhfeidhm do chuardaitheoirí poist scothaosta, agus é mar aidhm leo an t-aistriú ón lucht saothair go scor a éascú. Aithníonn na forálacha sin go bhféadfadh go mbeadh sé ní ba dheacra do chuardaitheoirí poist scothaosta athoiliúint a fháil agus athdhul isteach sa lucht saothair dá gcaillfidís a bpost agus iad ag druidim ar aois scoir.

I gcásanna áirithe, bíonn ar dhaoine scothaosta dul ar scor agus iad 65 bliain d’aois, ach is féidir nach gcáileoidh siad do phinsean Stáit go dtí go mbainfidh siad 66 bliain amach.

Is féidir leat a léamh faoi Luathscor freisin.

Sochar Cuardaitheora Poist do dhaoine os cionn 65 bliain d’aois

Daoine atá os cionn 65 bliain d’aois, atá ag éileamh Sochar Cuardaitheora Poist agus a bhfuil 156 ranníocaíocht ÁSPC ar a laghad déanta acu, is féidir leo leanúint le Sochar Cuardaitheora Poist a fháil go dtí go mbainfidh siad 66 bliain amach, fiú amháin i gcásanna ina bhfuil a n-éileamh le dul in éag roimh an dáta sin. Tá an fhoráil speisialta sin ar fáil do thréimhse iomlán an tSochair Chuardaitheora Poist do dhaoine atá 65 bliain d’aois nó níos sine agus is é an aidhm atá léi tacú le hoibrithe scothaosta agus iad ag aistriú ón lucht saothair go scor.

Socruithe eile do chuardaitheoirí poist scothaosta

Más rud é go bhfuil Sochar Cuardaitheora Poist nó Liúntas Cuardaitheora Poist á éileamh agat agus go bhfuil tú 62 bliain d’aois nó níos sine, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

  • Ní éileofar ort a thuilleadh páirt a ghlacadh sa phróiseas gníomhachtaithe (féach thíos) agus ní bheidh tú faoi réir rátaí pionóis de bharr neamh-rannpháirtíochta. Tá feidhm ag gach riail eile a bhaineann le Liúntas nó Sochar Cuardaitheora Poist fós.
  • Beidh tú in ann leas a bhaint go deonach as raon tacaí éagsúla (mar shampla, cláir thacaíocht oiliúna nó fostaíochta) ón Roinn Coimirce Sóisialaí.

  • Áfach, nuair sroichfidh tú 62 bliana d’aois, má ghlacann tú páirt i ngníomhachtú (roghnaithe agus tarchurtha i gcomhair rannpháirtíochta) nó má ghlacann tú páirt i gclár gníomhachtaithe (mar shampla, Fostaíocht Pobail, JobPath nó cúrsa oiliúna, bítear ag súil leis go gcríochnaíonn tú an clár. Má fhágann tú cláir gníomhachtaithe roimh chríochnú, d’fhéadfadh go laghdófar d’íocaíocht.

Cad is gníomhachtú ann?

Is é is aidhm do bheartais chun an lucht saothair a ghníomhachtú ná deis níos fearr do chuardaitheoirí poist fostaíocht a fháil. Cuireann an Roinn Coimirce Sóisialaí síos ar ghníomhachtú mar rannpháirtíocht le cuardaitheoirí poist atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt dóibh filleadh ar ais ar an obair. Tá súil ann go nglacfaidh cuardaitheoirí poist páirt iomlán sa phróiseas agus go mbainfidh siad úsáid as na tacaí a chuirfear ar fáil dóibh le linn an phróisis ghníomhachtaithe, lena n-áireofaí scéimeanna oideachais agus oiliúna, scéimeanna tacaíocht fostaíochta chun cabhrú leo filleadh ar an ionad oibre, intéirneachtaí agus tacaí eile.

Daoine faoi bhun 62 bliain d’aois nach nglacann páirt sa phróiseas gníomhachtaithe, is féidir go laghdófar an íocaíocht a fhaigheann siad agus go ndícháileofar iad ina ndiaidh sin ó íocaíocht a fháil ar feadh 9 seachtaine ar a mhéad.

Léigh tuilleadh faoi na coinníollacha a bhaineann leis an íocaíocht cuardaitheora poist.

Ina theannta sin, déanfar formhór na gcuardaitheoirí poist atá 62 bliain d’aois nó níos sine a chur ar shocrú sínithe bhliantúil le hionad Intreo nó le hoifig áitiúil leasa shóisialaigh (a fhágfaidh nach mbeidh orthu síniú ar an dól go rialta) agus aistreofar an chuid is mó díobh go híocaíochtaí Ríomhaistriú Airgid (EFT) ionas go mbeifear in ann íocaíochtaí a dhéanamh go díreach ina gcuntas bainc. Is féidir go n-éileofar ar chatagóirí áirithe de chuardaitheoirí poist dul i dteagmháil níos minice leis an ionad áitiúil leasa shóisialaigh. Mar shampla, ní mór do chuardaitheoirí poist atá 62 bliain d’aois nó níos sine agus a dhéanann obair ócáideach taifid sheachtainiúla a chur isteach ar a n-uaireanta oibre.

Tabhair faoi deara: chun cáiliú do Shochar Cuardaitheora Poist nó do Liúntas Cuardaitheora Poist, ní mór iarracht mhacánta a bheith á déanamh agat obair a fháil agus ní mór duit bheith ar fáil d’fhostaíocht lánaimseartha. Tá feidhm ag na coinníollacha sin go fóill maidir le gach cuardaitheoir poist.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 6 Eanáir 2022