Sochar Cuardaitheora Poist dóibh siúd atá faoí arachas, atá as obair agus clúdaithe in aghaidh árachais shóisialta. Tugadh Sochar Dífhostaíochta an aimn ar Shochar Cuardaitheora Poist. D'athraigh ainm na híocaíochta i 2006. Mura gcáilíonn tú le haghaidh Sochair Chuardaitheora Poist, d'fhéadfá le haghaidh Liúntas Cuardaitheora Poist a cháiliú.
Ó 15 Meán Fómhair 2008 d’fheadfadh Sochar Cuardaitheora Poist íoctha suas go dtí 12 mhí (312 lá) do iarratasóirí nua atá 260 ranníocaíocht íoctha acu. Ó 15 Meán Fómhair 2008 d’fheadfadh Sochar Cuardaitheora Poist íoctha suas go dtí 9 mhí (234 lá) do iarratasóirí nua atá is lú ná 260 ranníocaíocht íoctha acu.
Cuireann JobBridge, an Scéim Náisiúnta Intéirneachta taithí oibre ar fáil do dhaoine a fhaigheann íocaíocht cuardaitheora poist nó atá ag síniú i gcomhair creidmheasanna ar feadh 3 mhí ar a laghad. Léigh tuilleadh faoi JobBridge. Má tá tú ag dífhostaithe agus ag fáil Liúntas Chuardaitheora Poist ar feadh 3 mhí ar a laghad, d' fhéadfá a bheith incháilithe don Chlár Sochrúcháin Oibre agus do Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil. Teigh i dteagmháil le d'oifig FÁS áitiuil chun tuilleadh eolais a fháil.
Chun a bheith i dteideal Sochar Cuardaitheora Poist ní mór duit :
Chun a bheith i dteideal Sochar Cuardaitheora Poist ní mór duit ranníocaíochtaí rannóg A, H, nó P de ÁSPC a bheith íoctha agat. Íocann for mhór d'fostaithe sa rannóg phríomháideach ranníocaíochtaí isteach i rannóg A. Íocann saighdiúirí, cúltacaí, agus banaltraí sealadach an airm, nach bhfuil i dteideal Sochar Cuardaitheora Poist go bhfágann siad an tarm, ranníocaíochtaí isteach i rannóg H.
Agus
Nó
* Mura mbíonn ort 13 ranníocaíocht a bheith íoctha agat sa bhliain chánach ábhartha tá ort na 13 ranníocaíocht a bheith íoctha agat in aon bhliain de na blianta seo leanas:
Is í an bhliain cánach ábhartha an dara bhliain dheireanach cánach roimh tús na bliana sochar, m.sh., i gcás éilimh a rinneadh i 2012, is é 2010 an Bhliain Chánach Ábhartha.
Tá roinnt cásanna ann go dtabharfar ranníocaíochtaí creidiúnaithe duit. Mar shampla, faigheann tú roinnt creidiúintí réamhiontráil nuair a thosnaíonn tú i bhfostaíocht don chéad uair. Ciallaíonn sé seo go bhfuil tú i dteideal Sochar Cuardaitheora Poist chomh luath agus atá 104 ranníocaíochtaí déanta agat. Tugtar ranníocaíochtaí creidiúnaithe duit nuair a bhíonn tú ag tarraingt cinéalacha áirithe leasa shóisialaigh mar shampla, Sochar Cuardaitheora Poist (más do sé lá é), Líuntas Cuardaitheora Poist nó Sochar Breoiteachta.
Tógtar san áireamh ranníocaíochtaí atá déanta agat in aon cheann de stáit an AE/LEE chomh maith leo siúd atá déanta in Éirinn agat. Má theastaíonn uait iarratas a dhéanamh ar Sochar Cuardaitheora Poist in Éirinn caithfidh na ranníocaíochtaí deireanacha bheith déanta in Éirinn agat.
Tá tú ábalta obair a dhéanamh mura gcruthaíonn tú a mhalairt. Caithfidh tú fianaise leighis a thabhairt mar chruthú nach bhfuil tú ábalta obair a dhéanamh. Mura mbíonn tú ábalta obair a dhéanamh ar feadh tamall, beidh ort teastas leighis deireanach mar chruthú go bhfuil tú ábalta obair a dhéanamh.
Má tá tú tinn agus nach bhfuil tú ábalta obair a dhéanamh, b'fhéidir go bhfuil tú i dteideal Sochar Breoiteachta.
Ní mór duit bheith ar fáil chun obair a dhéanamh agus ag lorg oibre go gníomhach chun bheith i dteideal Sochar Cuardaitheora Poist. Beidh ort a thaispeáint go bhfuil tú ag lorg oibre in dáiríre, mar shampla, litir iarratais ar phost nó litir ag insint duit nár bhfuair tú post.
Níl ar fáil chun obair a dhéanamh
Má chuireann tú srianta neamhréasúnacha mar a leanas thíos, b'fhéidir go measfar nach bhfuil tú ar fáil chun obair a dhéanamh agus nach bhfuil tú i dteideal Sochar Cuardaitheora Poist:
Má chreidinn Oifigeach Cinnidh go gcuireann tú srianta neamhréasúnacha, cuirfear agallamh ort agus tabharfar deis duit chun freagra a thabhairt.
Má tá tú ag tabhairt aire do sheanduine nó do dhuine tinn, d'fhéadfá bheith i dteideal Sochar Chúramóra a fháil.
Ní mór duit do fhostaíocht a bheith caillte agat in aon tréimhse 6 lá leanúnach chun go mbeidh tú i dteideal Sochar Cuardaitheora Poist a fháil. Chun an coinníoll seo a chomhlíonadh ní mór duit lá amháin iomlán oibre a bheith caillte agat agus toisc na caille sin bheith dífhostaithe ar feadh 3 lá ar a laghad as 6 lá. Caithfidh do thuarastal a bheith íslithe dá réir freisin. Beidh cosc curtha ort Sochar Cuardaitheora Poist a tharraingt go ceann 9 seachtaine má:
Chun a bheith i dteideal Sochar Cuardaitheora Poist ní mór duit bheith dífhostaithe nó lá fostaíochta amháin a bheith caillte agat agus a bheith as obair ar feadh 3 lá ar a laghad as 6 lá leanúnach oibre. Mura bhfaigheann aon obair ach amháin obair páirtaimseartha nó ócáideach, d'fhéadfadh go leanfaidh tú Sochar Cuardaitheora Poist a fháil. Tá tuilleadh eolais faoi obair agus Sochar Cuardaitheora Poist ar fáil.
Ar aghaidh, má tá tú faoi bhun 55 agus má fhaigheann tú íocaíocht iomarcaíochta atá os cionn €50,000 dícháileofar tú ó Sochar Cuardaitheora Poist a éileamh ar feadh na tréimhsí ama seo a leanas.
| Méid na hÍocaíochta Iomarcaíochta | Tréimhse Dhícháilithe |
| €50,000.00 - €55,000 | Seachtain amháin |
| €55,000.01 - €60,000 | 2 Seachtaine |
| €60,000.01 - €65,000 | 3 Seachtaine |
| €65,000.01 - €70,000 | 4 Seachtaine |
| €70,000.01 - €75,000 | 5 Seachtaine |
| €75,000.01 - €80,000 | 6 Seachtaine |
| €80,000.01 - €85,000 | 7 Seachtaine |
| €85,000.01 - €90,000 | 8 Seachtaine |
| €90,000.01 agus os a chionn | 9 Seachtaine |
Má tá tú ar stailc níl tú dífhostaithe agus dá bhrí sin níl tú i dteideal Sochar Cuardaitheora Poist. Áfach is féidir do theaghlach Liúntas Leasa Forlíontach a fháil.
Tá cás difriúil ann, áfach, má tá tú ligthe chun siúil toisc go bhfuil stailc ar siúl. Bfhéidir go bhfuil tú i dteideal Sochar Cuardaitheora Poist muna "bhfuil tú páirteach sa stailc nó muna bhfuil aon bhaint agat leis an gconspóid trádála a dfhág as obair tú".
Ó 15 Meán Fómhair 2008 d’fheadfadh Sochar Cuardaitheora Poist íoctha go dtí 12 mhí duit, tá eisceachtaí áirithe ann, áfach. Ó 15 Meán Fómhair 2008 d’fheadfadh Sochar Cuardaitheora Poist íoctha suas go dtí 9 mhí (234 lá) do iarratasóirí nua atá is lú ná 260 ranníocaíocht íoctha acu. Má tá tú faoi 18 ní gheobhaidh tú Sochar Cuardaitheora Poist ach ar feadh 156 lá.
Má tá do theidlíocht ar Shochar Cuardaitheora Poist (SCP) úsáidte agat, is féidir leat cáiliú an athuair trí dhul ag obair agus na ranníocaíochtaí cuí ÁSPC a íoc ar feadh 13 seachtain ar a laghad. Má tá tú ag obair agus ag fáil SCP, mar a bhíonn amhlaidh d’oibrithe gearr-ama córasacha agus roinnt oibrithe páirtaimseartha, féadfaidh na 13 seachtain de ranníocaíochtaí íoctha tosú arís tar éis duit SCP a éileamh ar feadh 156 lá.
Ní mór go mbeifeá tar éis caillteanas suntasach fostaíochta a fhulaingt chun cáiliú an athuair do SCP, sin mura oibrí ócáideach tú. Má chaill tú do phost beidh tú tar éis caillteanas suntasach fostaíochta a fhulaingt. Más oibrí páirtaimseartha nó oibrí gearr-ama córasach tú breathnóidh an Roinn Coimirce Sóisialaí ar do phatrún fostaíochta le 13 seachtain anuas nó le haghaidh tréimhse ionadaíche eile chun fáil amach ar fhulaing tú caillteanas suntasach fostaíochta.
Mar shampla, má tá SCP á fháil agat agus má tá tú ag obair ar feadh 3 lá gach seachtain mar oibrí gearr-ama córasach nó oibrí páirtaimseartha agus murar athraigh do phatrún fostaíochta le linn d’éilimh ar SCP, ní bheidh caillteanas suntasach fostaíochta fulaingthe agat agus ní cháileoidh tú an athuair do Shochar Cuardaitheora Poist. Má thagann deireadh le d’éileamh SCP agus má laghdaítear do sheachtain oibre 3 lá go seachtain 2 lá, áfach, beidh caillteanas suntasach fostaíochta fulaingthe agat agus is féidir go gcáileodh tú an athuair don Sochar Cuardaitheora Poist.
Má tá do chéile, do pháirtí sibhialta nó do chomháiritheoir ag brath ort nó má tá siad ar ioncam íseal d’fhéadfadh sé go mbeidh tú in ann méadú a éileamh ar d’íocaíocht dó nó di. Glaoitear Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe (QA) air seo. Má tá do cleithiúnaí fásta ag tuilleamh €100 nó níos lú gheobhaidh tú an IQA uasta. Má tá sé nó sí ag tuilleamh idir €100 agus €310 gheobhaidh tú ráta laghdaithe den IQA. Má tá do chleithiúnaí fásta ag tuilleamh níos mó ná €310 ní bhfaighidh tú méadú i do Shochar Cuardaitheora Poist do do chleithiúnaí fásta.
Is féidir leat féachaint ar ár gcáipéisí ar Ag Éileamh do chleithiúnaí fásta agus Sochar Cuardaitheora Poist agus obair chun tuilleadh a fháil amach.
Má tá páistí cleithiúnacha agat d’fhéadfadh sé go mbeidh tú in ann méadú a éileamh dóibh freisin i do chuid íocaíochtaí.
Ní íoctar Sochar Cuardaitheora Poist don chéad 3 lá den fhostaíocht bhriste. Séard is fostaíocht bhriste ann ná aon 3 lá (ní gá dóibh a bheith leanúnach) in aon tréimhse 6 lá leanúnach.
Má tharlaíonn dhá bhriseadh dá leithéid seo in aon tréimhse 13 seachtain níl aon bhriseadh san iarratas agus ní chaillfidh tú 3 lá eile gan íocaíocht.
Rátaí seachtainiúil maidir le Sochar Cuardaitheora Poist i 2012
| Meánthuilleamh seachtainiuil | Ráta pearsanta | Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe |
| Níos lú ná €150 | €84.50 | €80.90 |
| Idir €150 agus €219.99 | €121.40 | €80.90 |
| Idir €220 agus €299.99 | €147.30 | €80.90 |
| Níos mó ná €300 | €188 | €124.80 |
Gheobhaidh tú ráta pearsanta agus is féidir méadú do dhuine fásta cleithiúnach agus do leanbh cleithiúnach a fháil. Ní bhíonn aon tionchar ar mhéadú do leanbh cleithiúnach ag do mheántuilleamh seachtainiúil.
Ráta laghdaithe Sochair Cuardaitheora Poist
Tá rátaí Sochair Cuardaitheora Poist grádaithe de réir tuillimh sa bhliain cánach ábhartha d'éilimh. Ó Eanáir 2009 tá ráta laghdaithe de Sochar Cuardaitheora Poist má bhí do mheánioncam seachtainiúil roimh duit a bheith dífhostaithe níos lú ná €300. Is é atá i do mheántuilleamh seachtainiúil ná d’olltuilleamh bliantúil ó fhostaíocht roinnte faoin líon ranníocaíochtaí A, H nó P atá íoctha sa Bhliain Chánach Ábhartha.
Is an Bhliain Chánach Ábhartha í dhá bhliain roimh dháta d'éileamh. Mar shampla, má tá tú ag éileamh Sochar Cuardaitheora Poist i 2011, is í 2009 an bhliain chánach ábhartha. Má thagann tú isteach faoin riail seo b'fhéidir gur bhfearr duit iarratas a dhéanamh ar Liúntas Cuardaitheora Poist seachas ar Sochar an Chuardaitheora Poist.
Éilimh a cheangal
I gcásanna áirithe, is féidir éileamh ar SCP le héileamh níos sine a cheangal. Sa chás seo, ní bheidh d' éileamh SCP mar éileamh nua, beidh sé ceangailte le d' éileamh roimhe sin. Má tá d'éileamh ceangailte le héileamh déanta is luaithe ná 2009 tá rátaí grádaithe mar a leanas:
Éilimh SCP a thosaigh i 2009
| Meánthuilleamh seachtainiuil | Ráta pearsanta | Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe |
| Níos lú ná €80 | €84.50 | €80.90 |
| Idir €80 agus €124.99 | €121.40 | €80.90 |
| Idir €125 agus €149.99 | €147.30 | €80.90 |
| Níos mó ná €150 | €188 | €124.80 |
Is féidir do Shochar Cuardaitheora Poist a bhailiú ón Oifig an Phoist is
gaire duit gach seachtain.
Ní mór duit aitheantas fótagrafach bailí a thabhairt leat chun
d'íocaíocht a bhailiú
Meastar na cáipéisí seo leanas mar aitheantas fótagrafach bailí:
Is féidir an fhoireann ag obair san Oifig an Phoist iarr ort d'aitheantas fótagrafach a fheiceáil roimh ag tabhairt d'íocaíocht duit.
Tá Sochar Cuardaitheora Poist inchánach. Áfach, má tá tú ag fáil Sochar Cuardaitheora Poist mar tá do sheachtain oibre giorraithe (obair ghearr-ama córasach), ní ghearrfar cáin ar do Shochar Cuardaitheora Poist. Leigh níos mó faoi gearradh cánach ar Shochar Cuardaitheora Poist.
Má tá tú ag tarraingt Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach), nó ag fáil Íocaíocht Aontuismitheora, nó íocaíocht do mhná tréigthe ónRoinn Coimirce Sóisialaí agus go gcomhlíonann tú na coinníollacha go léir maidir le Sochar Cuardaitheora Poist beidh tú i dteideal leath den ráta iomlán a éileamh duit féin. Ní íocfar Méadú do leanbh Cleithúnach leat mar go bhfuil an íocaíocht a fháil agat orthu cheanna féin sa phríomh íocaíocht a fhaigheann tú.
Má tá tú ag tarraingt Sochar Cuardaitheora Poist b'fhéidir go bhfuil tú i dteideal :
Ba chóir duit iarratas a dhéanamh ar Shochar Cuardaitheora Poist an chéad lá atá tú dífhostaithe.
Tá sé tábhachtach iarratas a dhéanamh an chéad lá dífhostaíochta toisc ní bheidh tú íoctha do na 3 lá d'éilimh tosaigh.
Táfoirmeacha Sochair Cuardaitheora Poist ar fáil ar líne anois. Is féidir leat foirm iarratais a fháil ó d'oifig leasa shóisialaigh áitiúil.
Ní mór duit cáipéisí áirithe a thabhairt leat chun d'éileamh a chruthú. Tá liosta na cáipéisí atá gá duit nuair tá tú ag déanamh iarratas ar Shochar Cuardaitheora Poist. Mura bhfuil na cáipéisí seo agat faoi láthair ba chóir duit iarratas a dhéanamh agus iad a fháil ina dhiaidh sin. Ná déan dearmad má bhíonn tú déanach ag cur d'iarratas isteach ar Shochar Cuardaitheora Poist b'fhéidir go gcaillfeá roinn airgid dá bharr.
Is féidir le d'oifig leasa shóisialaigh áitiúil nó Lárionad Faisnéise do Shaoránaigh cuidiú leat chun d'fhoirm iarratais a chomhlánú.
Má cheapann tú go bhfuil sochar diúltaithe duit go héagórach, is féidir achomharc a chur.
Tá tuilleadh eolais faoi iarratas ar Shochar Cuardaitheora Poist ar fáil sa doiciméid maidir le ag siniú don chéad uair.
Ba chóír duit d'iarratas ar Shochar Cuardaitheora Poist a thabhairt isteach ag d'oifig leasa shóisialaigh áitiúil.
Más mian leat achomharc a chur maidir le híocaíocht leasa shóisialaigh diúltaithe duit, ba chóír duit an achomharc a chur tríd na sonraí teagmhála thíos a úsáíd.
Teach D'Olier
Sráid D'Olier
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:(01) 673 2800
Lóghlao:1890 747 434
Facs:(01) 671 8391
Láithreán Gréasáin: http://www.socialwelfareappeals.ie/
R-phost: swappeals@welfare.ie
Mura n-eisíonn d’fhostóir foirm P45 duit d’fhéadfadh sé a bheith amhlaidh toisc nár cláraigh sé nó sí tú le haghaidh ÁSPC. D’fhéadfadh sé gur cláraíodh tú ach nár íoc d’fhostóir na ranníocaíochtaí ÁSPC a bhí iníoctha nó nár íocadh an méid ceart. Faoi réir An Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú) 1993 ní mór don fhostóir gach fostaí a chlárú chun críche ÁSPC. Léigh tuilleadh faoi dhualgas d’fhostóra árachas sóisialta a íoc
Má dhiúltaíonn d’iarfhostóir P45 a thabhairt duit d’fhéadfadh tionchar a bheith aige sin ar d’iarratas ar Sochar Cuardaitheora Poist (JB) a fháil. Féadfaidh tú cur isteach ar Shochar Cuardaitheora Poist ach ní fhéadfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí é a íoc leat go dtí go bhfíoraíonn siad an scéal faoin bhfostaíocht a bhíodh agat.
Má tharlaíonn sé nach bhfuil P45 agat féadfaidh an Roinn dul i dteagmháil go neamhfhoirmiúil le d’iarfhostóir nuair a chuireann tú isteach ar Shochar Cuardaitheora Poist agus a iarraidh air nó uirthi ceann a sheoladh chugat le cabhrú leo d’iarratas a phróiseáil. Mura dtugann sé nó sí P45 duit dá thoradh sin féadfaidh tú a iarraidh san Oifig Leasa Shóisialaigh áitiúil go gcomhlíonfá foirm IA49.
Is éard atá sa bhfoirm IA49 ná dearbhú go gcreideann tú nár chomhlíon d’iarfhostóir na rialacháin árachais shóisialta. Déanfar fiosrú ar na híocaíochtaí ÁSPC a rinne d’iarfhostóra de thoradh do dhearbhaithe. B’fhéidir nach bhfaighidh tú P45 de bharr IA49 a chomhlánú ach cabhróidh le cinneadh a dhéanamh an bhfuil tú incháilithe chun Sochar Cuardaitheora Poist a fháil.
Mura dtugtar P45 duit nuair a fhágann tú do phost ba chóir duit iarraidh ar d’fhostóir ar dtús í a thabhairt duit. Mura gcuireann sé nó sí ar fáil í ba chóir duit dul i dteagmháil leis an oifig cánach.
Má théann tú i dteagmháil le d’oifig cánach rachaidh na
Coimisinéirí Ioncaim i dteagmháil le d’fhostóir agus gheobhaidh siad do
P45 duit. Cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim teastas nua creidmheasa cánach
chugat má tá tú ag obair i jab nua chun nach mbeidh ort cáin éigeandála a
íoc. Léigh
tuilleadh faoi conas do P45 a fháil
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.