Socrú idirthréimhseach Liúntas Cuardaitheora Poist

Réamhrá

Is socrú speisialta í an íocaíocht idirthréimhseach do Chuardaitheoir Poist faoin scéim Liúntais Chuardaitheora Poist leis an aidhm chun tacú le tuismitheoirí aonair isteach sa lucht saothair agus leanaí óga acu. Tugtar JST ar an íocaíocht.

Bíonn an íocaíocht sin ar fáil do dhaoine nach comhchónaitheoirí iad agus leis an leanbh is óige acu idir 7 agus 13 bliain d’aois san áireamh.

Má chuirtear stop le do JST ós rud é nach gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilithe, féadfaidh tú a bheith incháilithe arís má athraíonn do chás. Mar shampla, má tá do thuilleamh ró-ard ar feadh tamaill agus níl tú incháilithe dá bharr sin, féadfaidh tú a bheith incháilithe do JST arís níos déanaí má laghdaíonn do thuilleamh.

Mura mbíonn tú i dteideal An Íocaíócht Thealaigh Aontuismitheora (ITA) a thuilleadh, agus go bhfuil an leanbh is óige leat d’aois 14 bliain agus os a cionn, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an ngnáth-Liúntas Cuardaitheora Poist.

Rialacha

Is comhchosúil iad na rialacha a fheidhmíonn don Liúntas Cuardaitheora Poist (JA) agus don JST. Is comhionann an t-uasráta íocaíochta seachtainiúil. Is iad na príomhdhifríochtaí idir an JA agus an JST ná:

  • Ní chaitheann tú bheith ar fáil agus ag lorg oibre lánaimseartha go dílis. Ligfidh sé sin duit chun d'fhreagrachtaí cúraim a shásamh nuair a bhíonn leanaí óga agat.
  • Is féidir leat rannpháirt a ghlacadh i gcúrsa oideachais agus JST a fháil (agus deontas cothabhála mic léinn leis más incháilithe tú). Ba cheart duit a fháil amach ámh an rogha níos fearr é an Liúntas chun íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus an deontais do mhic léinn. Filleadh ar an Oideachas duitse agus inár gcáipéis i leith íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus an deontais do mhic léinn.
  • Ní chaitheann tú bheith lánfhostaithe ar feadh 4 lá as 7 lá. Ciallaíonn sé sin gur féidir leat obair go páirtaimseartha ar feadh 5 lá agus íocaíocht a fháil fós féin (faoi réir tástála acmhainne). Ligfeadh sé sin duit chun maidineacha amháin a obair nuair a bheadh do leanaí ar scoil.
  • Ní féidir leat bheith i do chomhchónaí le duine éigin eile agus tú ag fáil JST.
  • Caithfidh gur tú féin an príomhchúramóir do leanbh amháin, ar a laghad. Ciallaíonn seo gur gá don leanbh cónaí leat, agus an chuid is mó dá n-am a chaitheamh leat. Níl ÍICP iníoctha má tá comhchaomhnóireacht chothrom ag tuismitheoirí ar leanbh. Má tá comhchaomhnóireacht ag tuismitheoirí, tá ÍCPI iníoctha leis an bpíomhchúramóir.

Caithfidh tú dearbhú ráithiúil a shíniú agus tú ag fáil JST chun deimhniú go mbíonn tú fós i dteideal JST. Caithfidh tú aon athrú ar do chúinsí a dhearbhú i gcónaí, lena n-áirítear athrú ar do shocrú cónaithe nó ar d’acmhainn a d'fhéadfadh dul i bhfeidhm ar do theidlíocht do JST.

Coinníollacha chun JST a fháil

Caithfidh tú tástáil acmhainne Liúntais Chuardaitheora Poist a shásamh. Déantar an t-ioncam ón obair a mheasúnú go héagsúil ón JST (féach thíos).

Chun bheith incháilithe do JST caithfidh tú bheith i do ghnáthchónaí in Éirinn, ní foláir nach mbíonn tú i do chomhchónaitheori agus bheith in ann obair a dhéanamh. Nuair a bhaineann an leanbh is óige leat 14 bliain d’aois amach, beidh feidhm leis na gnáthchoinníollacha Liúntais Chuardaitheora Poist duitse.

Nuair a thosaíonn tú ag fáil íocaíochta Idirthréimhseach do Chuardaitheoir Poist, is amhlaidh a chuirfear tú ar sceideal chun freastal ar chruinniú le duine amháin d’Oifigigh Cháis na Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí. Is éard is cuspóir leis an gcruinniú sin ná chun tacaíochtaí a aithint agus chun rochtain a fháil orthu (ar nós scéimeanna oideachais, oiliúna agus fostaíochta) lena n-ullmhófar tú d’fhostaíocht lánaimseartha. Mura nglacann tú rannpháirt sa phróiseas seo, féadfar ráta laghdaithe JST a íoc leat (ráta pionóis) nó d’fhéadfá bheith dícháilithe ó fháil d’íocaíochta JST.

An Obair agus JST

Is féidir leat obair agus JST a fháil. Níl aon teorainn ar líon na n-uaireanta agus laethanta a bhfuil cead agat oibriú. Braithfidh méid na híocaíochta a fhaigheann tú ar d’acmhainn sheachtainiúil.

Déantar neamhaird den chéad €165 ar aghaidh i leith d’olltuilleamh seachtainiúil (nó ní ghlactar san áireamh é). Déantar 50% den iarmhéid a mheasúnú mar acmhainn.

Má tá tú féinfhostaithe, níl an neamhard ioncaim seo i bhfeidhm. Ina áit sin, deantar measúnúar do ghlanbhrabús (oll-chostais lúide brabús) mar acmhainn.

An Forlíonadh Ioncaim Theaghlaigh; ní iníoctha leis an JST é.

Sampla

Tá Niamh ag obair agus tuilleann sí €350 in aghaidh na seachtaine agus tá leanbh amháin aici.

Is ionann an íocaíocht uasta JST is féidir a fháil agus an ráta pearsanta €220 chomh maith le méadú i leith Leanbh Cáilithe faoi 12 blian d'aois €42 = €262

Tuilleamh €350 – €165 neamhaird = €185

50% de €185 = €92.50 = tuilleamh inmheasúnaithe Niamh

Íocaíocht uasta JST €262 - tuilleamh inmheasúnaithe €92.50 = €169.50

Íocfar JST €169.50 le Niamh

Ioncam ó chothabháil

Déantar aon ioncam ó chothabháil a mheasúnú mar mhaoin. Áirítear leis seo cothabháil duit agus cothabháil a thugtar duit d’aon chinn de do leanaí. Má fhaigheann tú cothabháil ó níos mó ná duine amháin, suimítear gach íocaíocht le chéile agus déantar an t-iomlán a mheasúnú mar mhaoin. Ní dhéanfar, áfach, ach leath de d'ioncam ó chothabháil a ghearradh ó do JST. Má tá costais tithíochta agat, is féidir d'íocaíocht chíosa nó mhorgáiste a mhéid agus €95.23 sa tseachtain a fhritháireamh i leith íocaíochtaí cothabhála. Déanfar leath an iarmhéid a mheasúnú mar mhaoin. Ní mór duit cruthúnas ar íocaíochtaí cíosa nó morgáiste a chur ar fáil. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas a dhéantar cothabháil a mheasúnú mar mhaoin.

Rataí

Ráta Íocaíocht idirthréimhseach do Chuardaitheoir 2023
Uasráta pearsanta Méadú do leanbh incháilithe
€220

€42 (child aged under 12)

€50 (child aged 12 and over)

Sochair bhreise

Má fhaigheann tú JST d’fhéadfá bheith incháilithe don Liúntas Breosla (bíodh tú ag fáil ITA roimhe seo nó ná bíodh). Is féidir leat Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua agus Forlíonadh Cíosa a éileamh. Ní féidir leat Forlíonadh Cíosa a éileamh má fhaigheann tú deontas cothabhála do mhic léinn nó má bhíonn tú san oideachas lánaimseartha.

Conas iarratas a dhéanamh

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar íocaíocht Idirthréimhseach do Chuardaitheoir Poist ach leas a bhaint as an bhfoirm JST1. Is féidir leat foirm iarratais a fháil freisin ó d’Ionad Intreo nó ó Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh.

Is féidir leat cúnamh a fháil le comhdú d’fhoirme iarratais ag d’Ionad Intreo, Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh nó ag an Ionad Faisnéis do Shaoránaigh is áitiúla.

Má smaoiníonn tú gur diúltaíodh go héagórach íocaíocht idirthréimhseach do Chuardaitheoir Poist duit, is féidir leat an cinneadh a achomharc chuig Oifig Achomhairc Leasa Shóisialaigh.

Cá ndéanfaidh mé iarratas?

Tuilleadh eolais

Más mian leat labhairt le duine éigin faoi do chuid teidlíochtaí, féadfaidh tú dul i dteagmháil le d’Ionad áitiúil um Fhaisnéis do Shaoránaigh, d’Ionad Intreo nó d’Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh.

Is féidir le Treoir agus One Family tacaíocht agus faisnéis a sholáthar freisin nuair is tuismitheoir aonair tú.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 4 Eanáir 2023