Má tá tú 18 bliana d'aois nó os a chionn agus dífhostaithe in Éirinn, is féidir Liúntas Cuardaitheora Poist (LCP) nó Sochar Cuardaitheora Poist (SCP) a íoc leat. Is í an Roinn Coimirce Sóisialaí a dhéanann an dá íocaíocht seo. Is Cúnamh Dífhostaíochta a tugadh ar an Liúntas Cuardaitheora Poist roimhe seo. Tháinig an t-ainm nua i bhfeidhm ar an 4 Deireadh Fómhair, 2006.
D'fhéadfadh sé go níocfaí Liúntas Cuardaitheora Poist leat muna gcaillíonn tú do Shochar Cuardaitheora Poist nó má tá an teidlíocht Sochar Cuardaitheora Poist a bhí agat úsáidte suas. I gcúinsí áirithe, cé go mbeifeá i dteideal íocaíocht lagdaithe Sochar Cuardaitheora Poist, d'fhéafadh sé a bheith níos fearr duit Liúntas Cuardaitheora Poist a roghnú. Tá an íocaíocht bunaithe ar scrúdú maoine agus caithfidh do mhaoin a bheith faoi leibhéal áirithe.
Caithfidh tú a bheith dífhostaithe chun Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil. Mar sin féin má tá d'uaireanta oibre laghdaithe nó má fhaigheann tú obair pháirtaimseartha nó ócáideach b'fhéidir go gheofá cuid do Liúntais Cuardaitheora Poist. Beidh tionchar ag an ioncam a fhaigheann tú ón obair ar mhéid an Liúntais Cuardaitheora Poist gur féidir leat a fháil. Faigh amach conas ioncam fostaíochta a mheasúnú ar Liúntas Cuardaitheora Poist.
Seirbhís nua ón Roinn Coimirce Sóisialaí is ea Intreo a soláthróidh pointe teagmhála aonair le haghaidh iomlán tacaíochtaí fostaíochta ioncaim. Tá Intreo ar fáil i 4 oifig na Roinne Coimirce Sóisialaí láithreach. Ta a thuilleadh Lárionad Intreo le hoscailt faoi dheireadh na bliana 2012. Foilseoidh sonraí de na láithreacha nua ar welfare.ie agus beidh Intreo ar fáil sna hoifigí go léir faoin mbliain 2014.
Tá na coinníollacha chun Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil mar seo a leanas, caithfidh tú:
Chun Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil caithfidh tú a bheith dífhostaithe. Mar sin féin, d'fhéadfá ioncam áirithe a thuilleamh ó fhostaíocht faoi chúinsí áirithe agus Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil. Is féidir leat freisin dhá sheachtain saoire a ghlacadh in aghaidh na bliana, agus leanúint de d'íocaíocht a fháil.
Obair pháirt-aimsearach nó fhánach
Má fhaigheann tú obair pháirtaimseartha nó ócáideach (suas le 3 lá in aghaidh na seachtaine), b'fhéidir go gheofá cuid do Liúntais Cuardaitheora Poist. Áfach, ní mór duit a thaispeáint go bhfuil tú gníomhach ag cuardach oibre lánaimseartha.
Laethanta laghdaithe oibre
Má laghdaíonn d'fhostóir laethanta oibre go 3 lá sa seachtain d'fhéadfá Liúntais Cuardaitheora Poist o thaobh na laethanta eile a fháil. Caithfidh tú na coinníollacha eile maidir le Liúntas Cuardaitheora Poist a chomhlánú, mar shampla, caithfidh tú tástáil mhaoine a shásamh.
Asleagan
Bíonn asleagan i gceist mura mbíonn d'fhostóir in ann obair a chur ar fáil duit ach go gcreideann sé/sí gur fadhb shealadach é agus tugann sé/sí fógra duit gur mar sin atá sula n-éiríonn tú as do chuid oibre. Má thugtar tú a asleagan d'fhéadfá Liúntais Cuardaitheora Poist a fháil. Ní fhaigheann tú Liúntais Cuardaitheora Poist i gcomhar aon lá a fhaigheann tú pá saoire.
Féin-fhostaíocht
Má tá tú féin-fhostaithe, d'fhéadfá a bheith i dteideal Liúntas Cuardaitheora Poist, ag brath ar d'ioncam ón ngnó. Faigh amach tuilleadh eolais faoi féin-fhostaíocht agus dífhostaíocht.
Ba cheart do fheirmeoirí féin-fhostaithe ar ioncam íseal cur isteach ar Chúnamh Feirme.
Obair dheonach
Seans go mbeidh tú in ann obair dheonach a dhéanamh agus leanúint den Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil. Ní mór duit leanúint de choinníollacha na híocaíochta a shásamh – ciallaíonn sé sin go gcaithfidh tú a bheith ar fáil i gcomhair oibre agus a bheith ar lorg oibre. Ní mór duit cead a fháil ar dtús ón Oifigeach Breithiúnachta ag d’Oifig Leasa Shóisialaigh Áitiúil. Faigh tuilleadh eolais mar gheall ar obair dheonach agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh.
Ar stailc
Má tá tú ar stailc, ní bhreathnaítear ort mar a bheith dífhostaithe agus mar sin ní bheidh tú i dteideal Liúntas Cuardaitheora Poist. Má tá tú as obair mar thoradh ar stailc, áfach, mar shampla, má scaoileadh chun bealaigh tú, tá tú i gcás éagsúl. D'fhéadfá cáiliú do Liúntas Cuardaitheora Poist a "muna bhfuil tú ag glacadh páirt nó muna bhfuil suim ar leith agat sa gconspóid trádála a bhí mar chúis leis an stop san obair".
Má tá tú ar stailc, d'fhéadfadh do chlann Liúntas Leasa Forlíontach a fháil.
Meastar go bhfuil tú ábalta oibriú mura féidir leat fianaise leighis a sholáthar chun cruthú nach bhfuil tú ábalta oibriú. Mura raibh tú ábalta oibriú ar feadh scaithimh, caithfidh tú teastas dochtúra a sholáthar chun cruthú go bhfuil tú ábalta oibriú anois.
Má tá tú breoite agus nach bhfuil tú ábalta oibriú, d'fhéadfá a bheith i dteideal Liúntas Míchumais nó Shochar Breoiteachta a fháil.
Caithfidh tú a bheith ar fáil d'obair agus a bheith gníomhach ag cuardach oibre chun cáiliú don Liúntas Cuardaitheora Poist. D'fhéadfaí iarraidh ort fianaise a thaispeáint go bhfuil tú gníomhach ag cuardach oibre. Litreacha a léiríonn iarratais ar phoist nó gur theip ort post a fháil mar shampla.
Níl ar fáil chun obair a dhéanamh
D'fhéadfaí breathnú ort nach bhfuil tú ar fáil chun oibre agus dá bhrí sin nach bhfuil tú i dteideal Liúntas Cuardaitheora Poist má chuireann tú srianta neamhréasúnacha ar na rudaí seo leanas:
Má tá tuairim ag an Oifig Cinnidh go bhfuil do srianta neamhréasúnacha, rachaidh tú faoi agallamh agus tabharfaí seans duit chun freagra a chur.
Má tá tú ag déanamh cúraim de duine tinn nó aosta, b'fheidir go mbeadh tú i dteideal chun Liúntas Cúramóra a fháil.
Is íocaíocht de réir tástála acmhainne Liúntas Cuardaitheora Poist. Caithfidh do acmhainne bheith faoi leibhéal áirithe chun Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil. Breathnaíonn tástáil mhaoine ar d'fhoinsí ioncaim go léir, ioncam do chéile, do pháirtnéir sibhialta nó do chomhchónaitheoir san áireamh. Mar sin féin, an seans nach dtógtar ioncam áirithe san áireamh. (Is comhchónatheoir duine a chónaíonn i gcaidreamh caidreamhach agus domhain le duine den ghnéas céanna nó den ghnéas eile nach céile, páirtnéir sibhialta, nó muintir an duine sin é/í.)
Déantar acmhainní iomlána an teaghlaigh agat a asbhaint ón íocaíocht uasta (de ghnáth is í an ráta pearsanta lena n-áirítear méaduithe ar bith do chleithiúnaithe aosaigh agus leanaí cleithiúnacha) chun an méid iarbhír an Liúntais Cuardaitheora Poist lena bhfuil tú incháilithe a dhéanamh amach. Faigh amach tuilleadh faoin tástáil mhaoine don Liúntas Cuardaitheora Poist.
Má tá tú 24 bhliana d'aois nó níos lú agus tú i do chónaí le tuismitheoir nó le leas-tuismitheoir in áras an teaghlaigh, tógfar ioncam do thuismitheoirí san áireamh freisin. Glaonn an Roinn Coimirce Sóisialaí measúnú ar an 'leas agus pribhléid' a fhaigheann tú ó bheith i do chónaí le do thuismitheoirí air seo. Tá tuilleadh eolais ar fáil o thaobh conas a bheith i do chónaí le do thuismitheoirí a mheas sa tástáil acmhainne.
Roinntear d’acmhainní ina ndá leath má tá do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir:
Ní gheobhaidh tú an méadú do dhuine fásta cáilithe agus ach amháin leath-ráta an mhéadú do chleithiúnaí linbh.
Má tá do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir ag obair is féidir leis tionchar a bheith aige ar do Liúntas do Lucht Cuardaigh Fostaíochta. Déantar measúnú ar a dtuillimh ó fhostaíocht inárachais ar an mbealach céanna le do thuillimh ó obair pháirtaimseartha nó ócáideach. Faigh amach tuilleadh maidir le obair agus Liúntas Cuardaitheora Poist.
D'fheadfá a bheith dícháilithe ó Liúntas Cuardaitheora Poist ar feadh naoi seachtainí má:
Ní chomhaireann fostaíocht oiriúnach an fostaíocht i bpost atá folamh mar gheall ar chonspóid trádála. Chomh maith leis seo, caithfidh an post a bheith oiriúnach ó thaobh aoise, gnéis, déanamh coirp, oideachas, gnáth obair, áit cónaí, ráta páigh agus cúinsí clainne de.
Déantar foráil san Acht Leasa Shóisialaigh, 2010 gur féidir d’íocaíocht a laghdú:
Ní mheastar gurb ionann Scéimeanna Fostaíochta Pobail agus deiseanna oiliúna FÁS.
Má tá tú:
Má tá an scoil díreach fágtha agat, ní féidir leat Liúntas Cuardaitheora Poist a éileamh go dtí go bhfuil tú imithe ón scoil ar feadh trí mhí agus 18 bliana d'aois sroichte agat ar a laghad.
Tá córas mear oibrithe ag an Roinn Coimirce Sóisialaí do chustaiméirí a shíníonn d’íocaíocht cuardaitheora poist chun obair ghearrthéarmach a ghlacadh (suas go 8 seachtaine) nó chun dul ar ghearrchúrsa oiliúna (suas go 8 seachtaine). Cinntíonn sé sin go n-atosófar d’íocaíocht gan mhoill. Tá sé tábhachtach go ndéarfá le d’oifig leasa shóisialaigh áitiúil é roimh ghlacadh le hobair nó dul ar chúrsa oiliúna. D’fhéadfadh d’éileamh ar Fhorlíonadh Cíos nó ar Fhorlíonadh Ús Morgáiste a chur ar fionraí ar feadh tréimhse suas le 8 seachtain.
Cuireann JobBridge, an Scéim Náisiúnta Intéirneachta taithí oibre ar fáil do dhaoine a fhaigheann íocaíocht cuardaitheora poist nó atá ag síniú i gcomhair creidmheasanna ar feadh 3 mhí ar a laghad. Léigh tuilleadh faoi JobBridge. Má tá tú ag dífhostaithe agus ag fáil Liúntas Chuardaitheora Poist ar feadh 3 mhí ar a laghad, d' fhéadfá a bheith incháilithe don Chlár Sochrúcháin Oibre agus do Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil. Teigh i dteagmháil le d'oifig FÁS áitiuil chun tuilleadh eolais a fháil.
Uasráta Líuntas Chuardaitheora Poist do dhuine 25 bliana d'aois nó níos sine
| Éilitheoirí nua agus reatha | Ráta pearsanta | Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe | Ardú Cleithiúnaí Linbh |
| Uasráta | €188 | €124.80 | €29.80 |
Uasráta Liúntas Chuardaitheora Poist do dhuine faoi 25 bliana d'aois
| Aois | Ráta pearsanta | Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe |
| 18-19 | €100 | €100 |
| 20-21 | €100 | €100 |
| 22-24 | €144 | €124.80 |
Eisceachtaí maidir le híocaíochtaí Liúntas Chuardaitheora Poist do dhaoine faoi 25 bliain d'aois ag brath ar aois
Ní bheidh an ráta pearsanta laghdaithe agus an ráta d’aosach cáilithe an Liúntais Cuardaitheora Poist maidir le héilitheoirí faoi 25 bliain d’aois infheidhmithe áfach sna cásanna a leanas:
Measfar leanaí áirithe faoi chúram FSS ar feadh na 12 mbliana sula mbíonn siad 18 bliana d'aois freisin. Measfar iad de réir ráta LCP do dhaoine os cionn 25 bliana d'aois.
Má cháilíonn tú i gcomhar Liúntas Cuardaitheora Poist, faigheann tú méid duit féin, ar a nglaoitear 'rátá pearsanta íocaíochta'. D'fhéadfá a bheith i dteideal méadú a fháil i d'íocaíocht reatha do dhuine fásta cáilithe agus leanbh cáilithe.
Cleithiúnaí linbh
Má tá tú ag fáil Liúntas Cuardaitheora Poist ar feadh 156 lá agus do pháiste in oideachas lánaimseartha, íocfar Méadú do Chleithiúnaí Linbh suas go dtí 22 bliain d'aois nó suas go dtí deireadh na bliana acadúla ina sroicheann sé/sí 22.
Má tá tú féin agus do chéile/pháirtí araon ag fáil íocaíochta leasa shóisialaigh, gheobhaidh tú leath-ráta Méadú do Chleithiúnaí Linbh. Gheobhaidh gach duine agaibh leath an Méadú do Chleithiúnaí Linbh
Cleithiúnaí aosaigh
D'fhéadfá Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe (MDFC) a fháil do chleithiúnaí aosaigh (de gnáth do chéile, do pháirtnéir sibhialta nó do chomhchónaitheoir). Má tá tú neamhphósta, i do bhaintreach, colscartha, scartha, iar-pháirtnéir sibhialta nó mura bhfuil tú i do chónaí le do pháirtnéir sibhialta agus ag cónaí le duine in aois 16 bliana nó os cionn, is féidir leat méadú a éileamh dóibh chomh fada agus atá sé/sí ag tabhairt aire do chleithiúnaí linbh de do chuid.
Ní bhfaighidh tú méadú do dhuine fásta cáilithe ach gheobhaidh tú méadú leath-ráta do gach leanbh cáilithe má tá do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir:
Is féidir do Liúntas Cuardaitheora Poist a bhailiú ón Oifig an Phoist is gaire duit gach seachtain.
Caithfidh tú aitheantas fótagrafach a thabhairt leat chun d’íocaíocht a bhailiú. Meastar na rudaí a leanas mar aitheantas fótagrafach bailí:
Féadfar go n-iarrfaidh an fhoireann in Oifig an Phoist d’aitheantas fótagrafach a fheiceáil roimh d’íocaíocht a thabhairt duit.
B’fhéidir go bhfaighfeá sochair bhreise le Liúntas Cuardaitheora Poist.
Ba chóir duit iarratas a dhéanamh ar Liúntas Cuardaitheora Poist an chéad lá a bhíonn tú dífhostaithe.
Tá sé tábhachtach iarratas a dhéanamh an chéad lá dífhostaíochta toisc ní íocfar tú don chéad trí lá den éileamh.
Tá foirmeacha Liúntáis Cuardaitheora Poist ar fáil ar líne anois. Is féidir leat foirm iarratais a fháil ó d'oifig leasa shóisialaigh áitiúil. Beidh ort doiciméid a thabhairt leat leis an éileamh a chruthú. D'fhéadfadh an liosta doiciméad atá ag teastáil uait nuair a dhéanann tú iarratas ar Liúntas Cuardaitheora Poist a bheith úsáideach duit chomh maith.
Is féidir le d'oifig leasa shóisialaigh áitiúil nó Lárionad Faisnéise do Shaoránaigh cuidiú leat chun d'fhoirm iarratais a chomhlánú.
Tá tuilleadh eolais faoi iarratas ar Liúntas Cuardaitheora Poist ar fáil sa doiciméid maidir le ag siniú don chéad uair.
Má cheapann tú go bhfuil sochar diúltaithe duit go héagórach, is féidir
achomharc a chur.
Déan iarratas ar Liúntas Cuardaitheora Poist ag an oifig leasa shóisialaigh áitiúil.
D'fhéadfaí breathnú ort nach bhfuil tú ar fáil chun oibre agus dá bhrí sin nach bhfuil tú i dteideal Liúntas Cuardaitheora Poist má chuireann tú srianta neamhréasúnacha ar na rudaí seo leanas:
Má tá tuairim ag an Oifig Cinnidh go bhfuil do srianta neamhréasúnacha, rachaidh tú faoi agallamh agus tabharfaí seans duit chun freagra a chur.
Má tá tú breoite agus nach bhfuil tú ábalta oibriú, d'fhéadfá a
bheith i dteideal Liúntas Míchumais a fháil. Má tá tú ag fáil Sochar
Cuardaitheora Poist agus go n-éiríonn tú breoite, d'fhéadfá a bheith i
dteideal Shochar Breoiteachta a fháil.Má tá tú ag déanamh cúraim de duine
tinn nó aosta, b'fheidir go mbeadh tú i dteideal chun Liúntas Cúramóra a
fháil.
Má tá tú ag fáil Liúntas Cuardaitheora Poist, d'fhéadfadh sé go mbeifeá i dteideal:
Má fhaigheann tú Liúntas Cuardaitheora Poist, ní bheidh tú incháilithe le haghaidh Pacáiste Sochar Teaghlaigh nó Saor Thaisteal
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 8in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.