Forbhreathnú ar an Scéim Liúntas Forlíontach Leasa Shóisialaigh
Is éard atá sa Scéim Liúntas Forlíontach Leasa Shóisialaigh buníocaíocht, ar a dtugtar Liúntas Leasa Forlíontach, agus fordheontais airgid eile le haghaidh costas eile ab fhéidir nach bhféadfaidh tú a ghlanadh, lena n-áirítear cásanna éigeandála. Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le hionadaí na Roinne Coimirce Sóisialaí (tugadh an tOifigeach Leasa Pobail orthu roimhe seo) ag d’ionad sláinte nó d’oifig DSP áitiúil.
Íocaíocht sheachtainiúil é an Liúntas Leasa Forlíontach a dhéantar le daoine nach bhfuil a ndóthain acmhainní acu nó atá gan ioncam. Mar shampla, is féidir LLF a íoc leat le linn don Roinn a bheith ag próiseáil an éilimh a rinne tú ar íocaíocht eile.
Is éard atá san Fhorlíonadh Cíosa íocaíocht a dhéantar le cabhrú le daoine atá ina gcónaí i gcóiríocht phríobháideach ar cíos costas an chíosa sin a ghlanadh.
Is éard atá san Fordheontas Úis Mhorgáiste íocaíocht a dhéantar le cabhrú le daoine costas aisíocaíochtaí úis mhorgáiste a ghlanadh.
Is éard atá sa Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua íocaíocht a dhéantar le cabhrú le daoine costas na héide scoile agus an choisbhirt do leanaí atá ar scoil a ghlanadh.
Is éard atá san Fhordheontas Aiste Bia íocaíocht a dhéantar le cabhrú leat costas sainaiste bia a d’ordaigh an dóchtúir nó an comhairleach ospidéil duit a ghlanadh.
Is éard atá san Fordheontas Téimh íocaíocht a dhéantar le cabhrú le daoine ag a bhfuil riachtanais bhreise maidir le téamh costas téimh an tí a ghlanadh. Mar shampla, daoine atá tinn nó faoi mhíchumas.
Is éard atá san Íocaíocht Riachtanas Eisceachtúil íocaíocht aon uaire amháin le cabhrú le daoine i gcás caiteachais eisceachtúil aon uaire nach bhféadfaí a cheapadh go réasúnta go bhféadfaidís é a ghlanadh as a n-ioncam seachtainiúil. Mar shampla, d’fhéadfaí íocaíochtaí a dhéanamh le haghaidh éadaí speisialta do dhuine ar a mbeadh galar trom, nó le haghaidh leapacha nó gréithe cócaireachta do dhuine atá ag dul i mbun a thí féin den chéad uair, ag tabhairt cuairte ar ghaolta atá san ospidéal nó i bpríosún nó le haghaidh costas sochraide.
Is éard atá san Íocaíocht Riachtanas Éigeandála íocaíocht a dhéantar le duine atá i gcás éigeandála. Mar shampla, i gcás dóiteáin nó tuile, b’fhéidir go bhfaighidh tú íocaíocht le cabhrú leat costas láithreach bia agus éadaí a ghlanadh.
Achomharc á dhéanamh in aghaidh chinnidh
Mura bhfuil tú sásta leis an toradh d'achomhairc Feidhmeannachta na Seirbhíse Sláinte, is féidir leat achomharc ar an Oifig Achomharc Leasa Shóisialaigh neamhspleách a dhéanamh. Bíonn an Oifig Achomharc Leasa Shóisialaigh ag déileáil le hachomhairc faoi LLF bunúsach agus forlíonta LLF. Áfach ní dhéanann an Oifig cinntí maidir le hÍocaíochtaí Riachtanais Eisceachtúil nó Práinneach.
