Soláthraíonn Liúntas Leasa Forlíontach liúntas bunúsach seachtainiúil mar cheart ag daoine incháilithe atá ar bheagán ioncaim nó gan ioncam. D'fhéadfadh daoine le hioncaim ísle cáiliú chomh maith d'íocaíocht sheachtainiúil forlíontach faoin Scéim Leasa Liúntas Forlíontach chun riachtanais speisialta áirithe a shroicheadh, mar shampla, cuidiú le híocaíochtaí cíosa/úis ar mhorgáiste. Ina theannta sin, is féidir íocaíochtaí a dhéanamh do riachtanais práinneacha agus eisceachtúla.
Mura bhfuil aon ioncam agat, b'fhéidir go mbeifeá i dteideal do Liúntas Leasa Forlíontach bunúsach. Má tá d'ioncam seachtainiúil taobh thíos den ráta Liúntais Leasa Forlíontach do mhéid an teaghlaigh atá agat, d’fhéadfadh íocaíocht a bheith déanta a thugann d'ioncam suas go dtí an ráta oiriúnach Liúntais Leasa Forlíontach. Má tá éileamh déanta agat ar shochar leasa shóisialaigh nó phinsean ach nach bhfuil sé íoctha fós agus nach bhfuil aon ioncam eile agat, d'fhéadfá cáiliú do Liúntas Leasa Forlíontach nuair atá tú ag fanacht ar íocaíocht.
CoinníollachaCáileoidh tú go hiondúil do Liúntas Leasa Forlíontach má shásaíonn tú na coinníollacha a leanas:
Ní cháileoidh tú go hiondúil do Liúntas Leasa Forlíontach má tá tú
Siad na míreanna a leanas na príomhrudaí a thógtar san áireamh don tástáil acmhainne:
Iomlán an ioncaim airgead tirim, a chuimsíonn formhór íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus Feidhmeannachta na Seirbhíse Sláinte, lasmuigh de Shochar Leanaí, Liúntas um Chúram Baile agus Liúntas Leasa do Dhaille. Cuimsíonn sé seo an cúiteamh airgid ar fad lasmuigh de chúiteamh atá bronnta ag cúirt ar dhaoine a tholg Heipitíteas C trí úsáid an Ghlobailín Imdhíonachta Daonna Frith-D nó trí tháirgí fola nó fhuilaistrithe in Éirinn, Binsí Cúitimh Heipitíteas C agus VEID, An Bord um Shásamh i leith Foras Cónaithe, nó míchumas a cúisíodh toisc úsáid an druga Tailídimíd.
Ó Mheitheamh 2007, ní ghlactar san áireamh Íocaíocht Caomhnóra (Ranníocach), Íocaíocht Caomhnóra (Neamh-Ranníocach) agus Deontas um Chúram Faoisimh sa tástáil acmainne le haghaidh Liúntas Leasa Forlíontach.
Fostaíocht athshlánúcháin: Déantar neamhaird ar suas le €120 ón bhfostaíocht athshlánúcháin.
Luach aon sochair nó pribhléide: Má tá tú 24 bliana d’aois nó faoina bhun agus má tá tú i do chónaí le tuismitheoir nó le leastuismitheoir in áras an teaghlaigh, cuirfear cuid d’ioncam do thuismitheoirí san áireamh nuair atá measúnú á dhéanamh ó thaobh Liúntais Leasa Forlíontaigh. Is éard a thugann an Roinn Coimirce Sóisialaí air seo ná measúnú an ‘tsochair agus na pribhléide’ a fhaigheann tú de thoradh bheith i do chónaí le do thuismitheoirí. Tá tuilleadh eolais sa doiciméid maidir le conas a dhéantar sochar agus pribhléid a mheasúnú i dtástáil mhaoine.
Luach infheistíochtaí, taisce nó maoine: Meastar iad seo (ach ní luach do bhaile féin) de réir na foirmle seo a leanas:
| Caipiteal | Acmhainn sheachtainiúil mheasúnaithe |
| An chéad €5,000 | Ní ghlactar san áireamh |
| An chéad €10,000 eile | €1 sa €1,000 |
| An chéad €25,000 eile | €2 sa €1,000 |
| Iarmhéid | €4 sa €1,000 |
I gcás lánúin phósta, páirtnéirí sibhialta nó comhchónaitheoirí, suimítear ioncam na beirte san áireamh nuair déantar an teastas mhaoine.
I gcúinsí áirithe, b'fhéidir go mbeadh ort aon chúnamh a fuair tú faoin Scéim Liúntais Leasa Forlíontach a aisíoc. Mar shampla:
Má íoctar Liúntas Leasa Forlíontach leat nuair atá tú ag fanacht le sochar leasa shóisialaigh, cúnamh nó pinsean, déanfar an méid a íocadh a asbhaint ó riaráistí d'íocaíocht leasa shóisialaigh.
Má dhéantar Íocaíocht Riachtanach Phráinneach leat, b'fhéidir go mbeadh ort í ar fad nó cuid áirithe a íocadh leat a aisíoc má tá tú ag obair nó chomh luath agus a dhéantar éileamh árachais a shocrú.
Tá an Liúntas Leasa Forlíontach déanta suas as ráta pearsanta don iarrthóir agus méideanna breise do dhuine fásta cleithiúnach agus/nó do pháistí cleithiúnacha. Is páiste cleithiúnach duine faoi 18 bliana d'aois a chónaíonn leat agus atá ag brath ort i gcomhair tacaíocht airgeadais. Is é an teorainn aoise do pháiste cleithiúnach atá ag fáil oideachas lánaimseartha ná 22 bliain d'aois. Má tá an liúntas leasa forlíontach príomhá i bhfeidhm le 27 seachtaine nó níos mó leanfaidh an íocaíocht ar aghaidh go dtí deireadh na bliana acadúla i ndiaidh an breithlá sin.
Uasráta Líuntais Leasa Forlíontaigh do dhuine 25 bliana d'aois nó níos sine
| Ráta pearsanta | Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe | Ardú Cleithiúnaí Linbh | |
| Uasráta | €186 | €124.80 | €29.80 |
Uasráta Líuntais Leasa Forlíontaigh do dhuine faoi 25 bliana d'aois
| Aois | Ráta pearsanta | Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe |
| 18-19 | €100 | €100 |
| 20-21 | €100 | €100 |
| 22-24 | €144 | €124.80 |
Mar sin féin, ní bheidh an ráta pearsanta laghdaithe agus ráta d’aosach cáilithe an Liúntais Leasa Forlíontaigh maidir le héilitheoirí faoi bhun 20 bliana d’aois infheidhmithe sna cásanna a leanas:
Ba cheart duit iarratas ar Liúntas Leasa Forlíontach a dhéanamh chuig an Oifigeach Leasa Phobail ag d'ionad sláinte áitiúil chomh luath agus a bhíonn an gá ann. Ní mór duit foirm iarratais Liúntais Leasa Fhorlíontaigh (pdf) a chomhlánú ach cabhróidh an tOifigeach Leasa Phobail leat. Chun cabhrú led' iarratas, ba cheart duit na rudaí seo a leanas a bheith agat:
Tá sé de cheart agat athchomharc a dhéanamh i gcoinne cinneadh muna bhfuil tú sásta le toradh d'éileamh. Chun achomharc a dhéanamh, ba cheart duit scríobh chuig an Oifigeach Achomhairc ag d'Oifig Áitiúil Sláinte. Mura bhfuil tú sásta leis an toradh d'achomhairc Feidhmeannachta na Seirbhíse Sláinte, is féidir leat achomharc ar an Oifig Achomharc Leasa Shóisialaigh neamhspleách a dhéanamh. Bíonn an Oifig Achomharc Leasa Shóisialaigh ag déileáil le hachomhairc faoi LLF bunúsach agus forlíonta LLF. Áfach ní dhéanann an Oifig cinntí maidir le hÍocaíochtaí Riachtanais Eisceachtúil nó Práinneach.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.