Tugann Fordheontas Ús Morgáiste tacaíocht ghearrthéarmach chun cabhrú leat d’íocaíochtaí ús morgáiste a íoc. Meastar d'ús mar ús comhlán míosúil arna laghdú d' fhaoiseamh úis morgáiste agus de aon liúntas morgáiste nó fóirdheontas morgáiste a íocann an t-údarás áitiúil le haghaidh na coda úis de do mhorgáiste.
Ní thabharfar cúnamh duit ach amháin le sciar úis na haisíocaíochtaí morgáiste atá agat. Ní thabharfar cúnamh duit leis an sciar a íocann an iasacht iarbhír agus árachas tí. Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le d’iasachtóir chun aisíoc na hiasachta iarbhír a phlé. Déanann ár ndoiciméad Fiachas morgáiste agus cóid um chosaint tomhaltóirí cur síos ar cad is féidir leat a dhéanamh má tá riaráistí morgáiste i gceist.
Má tá iasacht chomhdhlúite agat, ní ghlacfar san áireamh ach an chuid
úis de d’iasacht a bhaineann leis an gceannach riachtanach, deisiú nó
cothabháil do thí.
Caithfear na coinníollacha a leanas a shásamh chun Fordheontas Ús Morgáiste a fháil:
Ní bheifear incháilithe d’Fhordheontas Ús Morgáiste má tá:
Ní bheifear incháilithe d’Fhordheontas Ús Morgáiste má tá fostaíocht lánaimseartha agat. Sin fostaíocht de 30 uair nó níos mó in aghaidh na seachtaine. (I gcás lánúineacha, má tá fostaíocht lánaimseartha ag duine den lánúin, bíonn an bheirt eisiata ó Fhordheontas Ús Morgáiste a éileamh). Mar sin féin, tá socruithe coinneála speisialta ann a thugann féidearthacht duit maidir le codán den bhFordheontas Ús Morgáiste a choinneáil.
Socruithe coinneála speisialta
Is féidir leanúint ag fáil Fordheontais Ús Morgáiste nuair atá tú i mbun
fostaíochta faoi shocruithe coinneála speisialta, mar shampla, má tá tú
rannpháirteach i Scéim
Fostaíochta Pobail nó ag fáil Liúntas um
Fhilleadh ar Obair. Ní féidir leis an oll-ioncam teaghlaigh bheith níos
mó ná €317.43 sa tseachtain.
Is féidir neamhaird a dhéanamh de Liúntas um Fhilleadh ar Obair, Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh (FIT), ÁSPC, costais taistil réasúnta agus liúntas cúraim leanaí ar bith ar chúrsaí oiliúna áirithe sa mheasúnú den teorainn ioncam sheachtainiúil de €317.43.
Faoi na socruithe coinneála speisialta seo, leanfaidh tú ag fáil 75% den ráta Fordheontais Úis Mhorgáiste sa chéad bhliain fostaíochta, 50% sa dara bliain agus 25% sa tríú agus ceathrú bliain. Tar éis an ceathrú bliain, ní bheifear incháilithe d’Fhordheontas Ús Morgáiste níos mó má táthar i mbun fostaíochta.
Ní cháileoidh tú d’Fhordheontas Ús Morgáiste má tá tú ag freastal ar oideachas lánaimseartha. Má tá Fordheontas Ús Morgáiste á fháil agat, áfach, agus go gcáilíonn tú don Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas, coinneoidh tú an teidlíocht do Fhordheontas Ús Morgáiste. Déanfar tástáil acmhainne ort, agus má d’athraigh tú ó íocaíocht leasa shóisialaigh laghdaithe go dtí an ráta Liúntais um Fhilleadh ar an Oideachas beidh tionchar aige seo ar an méid den fhordheontas a fhaigheann tú.
Nuair a dhéanann tú iarratas ar Fhordheontas Ús Morgáiste, déanfaidh an tOifigeach Leasa Pobail measúnú ar d’acmhainní. Taispeánfaidh sé seo don Oifigeach Leasa Pobail cén mhéid den ús morgáiste is féidir leat a íoc. Déanann tástáil acmhainne iniúchadh ar gach foinse ioncaim atá agat. Ní chuirtear ioncam áirithe, áfach, san áireamh nuair atá d’acmhainn á ríomh. D’fhéadfadh sé go gcáileodh tú don Fhordheontas Ús Morgáiste má tá d’ioncam faoi mhéid áirithe agus go gcomhlíonann tú na coinníollacha eile - féach ‘Rialacha’ thíos.
Déanfar luach caipitil maoine (seachas do theach féin), infheistíochtaí agus coigiltis a mheasúnú ar bhonn seachtainiúil mar seo a leanas:
| Caipiteal | Maoin sheachtainiúil measúnaithe mar |
| An chéad €5,000 | Dada |
| An chéad €10,000 eile | €1 in aghaidh gach €1,000 |
| An chéad €25,000 eile | €2 in aghaidh gach €1,000 |
| Caipiteal ar bith os cionn €40,000 | €4 in aghaidh gach €1,000 |
Íocaíochtaí iomarcaíochta
Breathnófar ar íocaíocht iomarcaíochta nó íocaíocht cnapshuime mar chaipiteal, mura úsáideadh í chun iarmhéid do mhorgáiste nó iasachtaí eile a laghdú.
Ó Mheitheamh 2007, nuair atá Fordheontas Ús Morgáiste á ríomh, ní thógfaidh an tOifigeach Leasa Pobail (OLP) ioncam ó fhoinsí a leanas san áireamh:
*Ioncam teaghlaigh bhreise is ea ioncam ó fhostaíocht pháirtaimseartha nó féinfhostaíocht pháirtaimseartha, Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh, Fostaíocht Pobail (FP), Liúntas um Fhilleadh ar Obair, Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair nó cúrsa FÁS. Déantar cothabháil a mheasúnú mar ioncam teaghlaigh bhreise freisin (féach thíos).
Déantar cothabháil a mheasúnú mar 'ioncam teaghlaigh bhreise' (féach thuas) agus déantar íocaíochtaí chothabhála suas go dtí €95.23 in aghaidh na seachtaine a mheasúnú ar an iomlán. Baineann an Neamhaird Ioncaim Teaghlaigh le híocaíochtaí chothabhála os cionn an méid seo. Mar shampla, más cothabháil an t-aon ioncam breise atá agat, déantar d’íocaíocht chothabhála ar fad suas go dtí €95.23 in aghaidh na seachtaine a mheasúnú ar an iomlán. úsáidtear Neamhaird Ioncaim Teaghlaigh. Más cothabháil an t-aon ioncam breise atá agat, a mheasúnú ar an iomlán. Baineann an Neamhaird Ioncaim Teaghlaigh €75 le suimeanna os cionn €95.23 agus dá bhrí sin ní chuirtear aon chothabháil idir €95.23 agus €170.23 san áireamh. Lena chois sin, ní thógtar 25% de chothabháil ar fad os cionn €170.23 san áireamh.
Ní mór duit ar a laghad €24 a íoc i dtreo ús do mhorgáiste.
D’fhéadfadh sé go mbeifeá ag íoc níos mó ná €24 mar ní mór duit
aon acmhainn (féach thuas) atá agat a íoc i dtreo d’ús morgáiste.
Is féidir leis a bheith casta d’Fhordheontas Ús Morgáiste a ríomh. Déanfaidh an tOifigeach Leasa Pobail i d’oifig sláinte áitiúil cinneadh an bhfuil tú incháilithe d’Fhordheontas Ús Morgáiste agus an méid a bheidh le fáil agat a ríomh.
Suimeoidh an tOifigeach Leasa Pobail (OLP) d’ioncam ar fad le chéile, a thógtar san áireamh sa tástáil mhaoin don Fhordheontas Ús Morgáiste -féach thuas. Bainfidh an OLP ioncam ar bith nach bhfuil curtha san áireamh ansin Déantar d’ioncam ag Ranníocaíocht Teaghlaigh atá fágtha a shuimiú le chéile chun do ranníocaíocht don ús morgáiste atá agat a fháil - féach thuas. Faigh tuilleadh eolais maidir le conas Forlíonadh Ús Morgáiste a ríomh.
An Fordheontas Ús Morgáiste atá iníoctha leat ná an difríocht idir ús morgáiste iarbhír agus do ranníocaíocht don ús morgáiste, cibé fad is méid réasúnach chun do riachtanais cónaithe a freastal é an difríocht. Is féidir d’Oifigeach Leasa Pobail na huasleibhéil cíosa maidir le Forlíonadh Cíos a úsáid chun cinnidh faoin méid réasúnach a dhéanamh.
Go ginearálta, cinnteoidh an OLP nach dtitfidh d’ioncam, tar éis ús a
íoc ar do mhorgáiste, faoi bhun an leibhéil íosmhéide. An leibhéal seo
ná Liúntas Leasa Forlíontach lúide €24.
Déan foirm iarratais don Fhordheontas Ús Morgáiste (pdf) a chomhlánú chun iarratas a dhéanamh. Beidh ar do ghníomhaire iasachta cuid den fhoirm a líonadh isteach. Beidh ort foirm iarratais ar leith don Liúntas Leasa Forlíontach (pdf) a líonadh isteach, úsáidtear an fhoirm seo chun sonraí breise maidir le d’iarratas ar Fhordheontas Ús Morgáiste a bhailiú. Is féidir leis an Oifigeach Leasa Pobail nó leis an tSeirbhís um Fhaisnéis do Shaoránaigh áitiúil cabhrú leat chun na foirmeacha seo a chomhlánú.
I measc na gcineálacha doiciméid nach mór duit a thabhairt leat tá:
Is féidir leat liosta iomlán de na doiciméid a d’fhéadfadh a bheith uait nuair a chuireann tú isteach ar an bhFordheontas Ús Morgáiste a fháil anseo.
Is iondúil go dtabharfaidh an tOifigeach Leasa Pobail cuairt ort chun d’imthosca a chinntiú.
Mura bhfuil tú sásta le cinneadh maidir le Fordheontas Ús Morgáiste, faigh amach ar dtús cén fáth atá leis an gcinneadh trí theagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Leasa Pobail, a thabharfaidh na cúiseanna duit i scríbhinn. Má tá cáipéisíocht bhreise ar bith agat mar thacaíocht le do chás, tabhair iad seo don Oifigeach Leasa Pobail.
Ina dhiaidh sin, labhair leis an Maoroifigeach Leasa Pobail faoin gcinneadh. Is féidir leo an cinneadh a athrú má thuilleann do chás sin.
Mura mbíonn athrú ar an gcinneadh, déan foirm achomhairc a lorg. Tabhair
an oiread sonraí gur féidir agus coinnigh fótachóipeanna de gach rud. Mura
bhfuil rath ar d’achomharc, tá tú i dteideal an achomharc a atreorú chuig
an Príomh-Oifig Achomharc san Oifig Achomhairc Leasa Shóisialaigh. Is féidir
leat éisteacht duine le duine a iarraidh agus is féidir ionadaí a thabhairt
leat chun do chás a argóint.
Tháinig na neamhairdeanna nua ioncaim i bhfeidhm ar 5 Meitheamh 2007. Measúnaíodh éilimh a rinneadh roimh 5 Meitheamh 2007 ag baint úsáide as na sean-neamhairdeanna ioncaim (féach thíos).
Déanfar gach éileamh ar Fhorlíonadh Úis Mhorgáiste atá á n-íoc faoi láthair ar 5 Meitheamh 2007 a athbhreithniú agus a mheasúnú ag úsáid idir na neamhairdeanna reatha ioncaim agus na sean-neamhairdeanna ioncaim. Dá bhfaighfeá níos mó Forlíonta Úis Mhorgáiste ag úsáid na sean-neamhairdeanna ioncaim, leanfaidh tú de bheith do do mheasúnú ag úsáid na seanrialacha go dtí go ndéantar athbhreithniú ar do chás mar gheall ar athrú imthosca. Chuimseodh athrú imthosca, mar shampla, athrú ar ioncam an teaghlaigh nó briseadh i d’éileamh a mhairfeadh níos mó na 13 seachtaine.
Níor cuireadh ioncam ó na foinsí seo a leanas san áireamh agus éilimh ar Fhorlíonadh Úis Mhorgáiste a rinneadh roimh 5 Meitheamh 2007 á measúnú:
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.