Anseo atá tú: Baile > Leas Sóisialach > Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh > Scéimeanna Leasa Forlíonacha > Na híocaíochtaí ar riachtanais eisceachtúil agus phráinneach

Print Page Send to a Friend

Na híocaíochtaí ar riachtanais eisceachtúil agus phráinneach

Eolas

Is íocaíochtaí iad Íocaíocht ar Riachtanais Eisceachtúil agus Íocaíocht ar Riachtanais Phráinneach faoin scéim Liúntas Leasa Forlíontach.

Íocaíocht ar Riachtanais Eisceachtúil

Is íocaíocht shingil í Íocaíocht ar Riachtanais Eisceachtúil chun cabhrú le caiteachas riachtanach aon uair ar chúinsí faoi leith, nach bhféadfaidh duine a ghlanadh ón ioncam seachtainiúil. Mar shampla, d’fhéadfaí íocaíochtaí a dhéanamh le haghaidh éadaí speisialta do dhuine ar a mbeadh galar trom, nó le haghaidh leapacha nó gréithe cócaireachta do dhuine atá ag dul i mbun a thí féin den chéad uair, ag tabhairt cuairte ar ghaolta atá san ospidéal nó i bpríosún, nó le haghaidh costas sochraide.

Cúnamh le costaisí sochraide

D'fhéadfá a bheith i dteideal Íocaíocht ar Riachtanais Eisceachtúil chun cabhrú leat le costaisí na sochraide má tá tú ar mhaoin íseal. Déantar cinneadh ar gach cás ag brath ar na cúinsí ar leith a bhaineann leis, agus is é/í an Oifigeach Leasa Phobail ag do ionad sláinte áitiúil a dhéanann an cinneadh.

Cúnamh le billí breosla

D’fhéadfá cúnamh a fháil le costas do bhille leictreachais nó gáis nádúrtha, ach ní tharlóidh sé seo ach amháin i gcúinsí eisceachtúla. Déanfaidh an tOifigeach Leasa Pobail cinneadh ar do chás trí úsáid a bhaint as an gCód Cleachtais ar Fhiacha Breosla.

Íocaíochtaí ar Riachtanais Phráinneach

D'fhéadfaí Íocaíocht ar Riachtanais Phráinneach a bheith íoctha le daoine i gcásanna éigeandála. Mar shampla i gcás tine, tuile nó tubaiste eile, d'fhéadfaí íocaíocht a dhéanamh chun cabhrú leat le riachtanais láithreach cosúil le bia agus éadach. Ag brath ar do chúinsí, má tá tú ag obair nó nuair a thagann íocaíocht tríd ó árachas, b'fhéidir go mbeadh ort cuid de seo nó é ar fad a íoc ar ais níos déanaí.

Rialacha

Íocaíocht ar Riachtanais Eisceachtúil

D'fhéadfá a bheith i dteideal Íocaíochta ar Riachtanais Eisceachtúil a fháil má:

  • Tá tú i do chónaí sa stáit
  • Éiríonn leat i scrúdú maoine
  • Tá tú taréis cur isteach ar aon sochar/ liúntas eile a bhfuil tú i dteideal
  • Tá tú cláraithe i gcomhair obair le FÁS (má tá tú in aois oibre).

Go hiondúil ní bheith tú ina theideal má tá tú:

  • Ag obair go lán-aimsearthach (níos mó ná 30 uair sa tseachtain)
  • In oideachas lán- aimseartha
  • a glacadh páirt in aighneas trádála. Is féidir leat, áfach, iarratas a chur isteach ar Liúntas Leasa Forlíontach ar son do chleithiúnaigh

Íocaíochtaí ar Riachtanais Phráinneach

D'fhéadfá Íocaíocht ar Riachtanais Phráinneach a fháil is cuma cén maoin atá agat, ach b'fhéidir go mbeadh ort é a íoc ar ais níos déanaí, mar shampla, má tá tú ag saothrú nó ag fáil cúiteamh árachais.

Rataí

Tá an méid cabhrach a bhfaighfidh tú le costaisí sochraide ag brath ar scrúdú maoine.

Conas iarratas a dhéanamh

Moltar go ndéanfá iarratas ar chabhair sochraide roimh an sochraid, ach muna néiríonn leat é seo a dhéanamh, ba cheart duit an tiarratas a dhéanamh chomh luath agus is féidir leat taréis na sochraide.

Chun cur isteach ar íocaíocht géarghá beidh gá agat le:

  • Uimhir Pearsanta Seirbhís Poiblí (PSP) duit féin, do chéile/páirtnéir sibhialta/comhchónaitheoir agus do pháistí (leabhair Sochar Páistí nó teastais breithe muna bhfuil uimhreacha PSP agat dod' pháistí)
  • Cruthúnas de aon ioncam nó cúnamh leasa shóisialaigh atá tú ag fáil
  • Leabhar cíosa nó ráiteas ded' íocaíochtaí úis morgáiste má tá tú ag lorg cúnamh le do chíos nó morgáiste.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Ba chóír duit dul i dteaghmháil leis an Oifigeach Leasa Pobail i d'oifig sláinte áitiúil.

Tá tuilleadh eolais sa bhileog Liúntas Leasa Forlíontach (SW54) atá ar fáil ó d'oifig sláinte áitiúil freisin.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 7 January 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.