Is féidir le daoine áirithe in Éirinn a bhfuil riachtanais chothaithe agus téimh speisialta acu cáiliú le haghaidh forlíontaí breise seachtainiúla faoin Scéim Liúntas Leasa Forlíontach.
Chun go mbeadh tú in ann cáiliú do na forlíontaí speisialta seo, caithfidh tú na riachtanais atá leagtha amach thíos a chomhlíonadh.
Tá tú i dteideal forlíonadh aiste bia ó thaobh aiste bia atá ordaithe má:
Chun forlíonadh aiste bia a fháil, ní mór do sainchomhairleoir ospidéil nó cláraitheoir a deimhniú:
D'fhéadfadh aiste bia saor ó ghlútan do dhuine fásta nó leanbh idir aois 18 agus 22 bheith ordaithe ag do dhochtúir teaghlaigh (LG).
I gcás forliontais aiste bia, mar shampla, do dhaoine le fiobróis chisteach tá an leabhar scéime tinnis fadtéarmach inghlactha mar chruthú go bhfuil oideas tugtha i gcomhair a leithéid seo d'aiste bia. I ngach cás, ní mór an fad a mbeidh an aiste bia i gceist agus an cineál aiste bia a insint.
Tá an costas seachtainiúil de gach aiste bia atá ordaithe leagtha síos ag an Roinn Coimirce Sóisialaí. Tá na haistí bia incháilithe maidir le forlíonadh aiste bia mar a leanas
Aistí bia incháilithe |
Costas an aiste bia |
| Aiste bia íseal i lachtós, saor ó bhainne | €65.43 |
| Aiste bia saor ó ghlútan | €68.43 |
| Aiste bia ard i bpróitéin, agus ard i gcalraí | €71.43 |
| Aiste bia raimhre athraithe (leachtaithe) | €74.93 |
Is íocaíocht bhreise an forlíonadh téimh í chun cabhrú le costais téimh de do theach. D'fhéadfá forlíonadh téimh a fháil:
Ríomhtar na rátaí i gcomhair duine aonair agus tuismitheoir aonair mar seo a leanas: Costas an aiste bia mar atá leagtha síos ag an Roinn Coimirce Sóisialaí lúide aon tríú de d'íocaíocht leasa shóisialaigh = an forlíonadh aiste bia atá le íoc leat.
Ríomhtar na rátaí i gcomhair lánúineacha pósta nó lánúineacha atá in aontíos mar a leanas: Costas an aiste bia mar atá leagtha síos ag an Roinn Coimirce Sóisialaí lúide an séú cuid de d'íocaíocht leasa shóisialaigh ag ráta 2007 = an forlíonadh aiste bia atá le íoc leat.
Má tá tú ag fáil Forlíonadh Cíos nó Ús Morgáiste, baintear úsáid as an ráta pearsanta um Fhorlíonadh Leasa Shóisialaigh do 2007, agus ráta duine fásta incháilithe áit a bhfuil a leithéid i gceist, chun an méid forlíonaidh aiste bia a ríomh. Nuair a bhíonn maoin á meas, tugtar neamhaird ar íocaíochtaí i gcomhair leanaí atá sna híocaíochtaí leasa shóisialaigh.
Tá na rátaí do leanaí incháilithe mar seo a leanas:
Deirtear gur leanbh cleithiúnach atá ann má tá sé/sí faoi 18 nó os cionn 18 agus faoi 22 agus in oideachas lánaimseartha.
Níl aon ráta socruithe d'fhorlíonadh téimh. Tá an méid fhorlíonaidh téimh a fhaigheann tú bunaithe ar do riachtanas mar atá sé measúnaithe ag d'Oifigeach Leasa Pobail.
Ba chóir duit foirm forlíonadh téimh (pdf) a chomhlánú chun iarratas a dhéanamh ar fhorlíonadh téimh. Is féidir leis an Oifigeach Leasa Pobail cabhrú leat chun an fhoirm a chomhlánú.
Ba chóir duit foirm iarratas a chomhlánú chun iarratas a dhéanamh ar fhorlíonadh aiste bia. Má dhéanann tú iarratas i gcomhair dhuine fásta, ba chóir duit foirm fhorlíonadh aiste bia do dhuine fásta (pdf) a chomhlánú. Má dhéanann tú iarratas i gcomhair linbh, ba chóir duit foirm fhorlíonadh aiste bia do leanbh (pdf) a chomhlánú. Is féidir leis an Oifigeach Leasa Pobail cabhrú leat chun an fhoirm a chomhlánú.
Is féidir leat achomharc in aghaidh cinnidh a dhéanamh chuig an Oifigeach Achomhairc den FSS.
Chun forlíonadh aiste bia nó téimh a fháil, ba chóir duit iarratas a dhéanamh chuig do Oifigeach Leasa Phobail i d'ionad sláinte áitiúil.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.