Anseo atá tú: Baile > Leas Sóisialach > Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh > Scéimeanna Leasa Forlíonacha > Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus Oifigigh Leasa Pobail

Print Page Send to a Friend

Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus Oifigigh Leasa Pobail

Eolas

Tá Oifigigh Leasa Pobail (OLP) fostaithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar fud na tíre.

Tá na hOifigigh Leasa Pobail lonnaithe in ionaid sláinte agus freagrach as riarachán na Seirbhísí Leasa Pobail ó lá go lá. I measc na scéimeanna a thiteann faoi Sheirbhísí Leasa Pobail tá an Liúntas Leasa Forlíontach.

Ról na nOifigeach Leasa Pobail (OLP)

Don chuid is mó baineann an obair a dhéanann Oifigigh Leasa Pobail le riarachán na Scéime Liúntais Leasa Forlíontach. Tá an scéim seo dhá mhaoiniú agus achtaithe ag an Roinn Coimirce Sóisialaí agus dhá riaradh ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS). I measc na n-íocaíochtaí a dhéantar faoin scéim seo tá an Liúntas Leasa Forlíontach go seachtainiúil, Forlíonadh Cíosa, Forlíonadh Úis Mhorgáiste, Forlíontaí Téimh agus Aiste Bia, Scéim Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil agus íocaíochtaí do riachtanais eisceachtúla do nithe ar nós bugaithe, éadaí & rl.

Tá an tOifigeach Leasa Pobail freagrach as measúnú a dhéanamh ar ioncam an iarrthóra ar íocaíochtaí faoin Scéim Liúntas Leasa Forlíontach. D'fhéadfadh cuairteanna baile a bheith i gceist don mheasúnú seo le cinntiú cá bhfuil duine ina c(h)ónaí maidir le Forlíonadh Cíosa nó go simplí ar mhaithe le hagallamh a chur ar dhuine in áit atá níos compordaí nó sa chás go bhfuil riachtanais speisialta ag duine nó nach bhfuil sé/sí in ann teacht i láthair san ionad sláinte go pearsanta.

Cuirfidh an tOifigeach Leasa Pobail daoine ar aghaidh chuig eagraíochtaí eile stáit agus/nó eagraíochtaí deonacha má cheapann sé/sí gur fearr a fheileann a gcuid seirbhísí na riachtanais atá ag an duine sin. Mar shampla, d'fhéadfadh an OLP duine a chur ar aghaidh chuig an tSeirbhís Chomhairle Airgid agus Buiséadachta (MABS) nó chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí.

I roinnt áiteanna (go háirid faoin tuath), beidh Oifigigh Leasa Pobail ag plé chomh maith le hiarratais a bhaineann le cártaí leighis agus Deontais Tithe Altranais. I gceantar uirbeacha, Baile Átha Cliath, Corcaigh nó Gaillimh mar shampla, tá rannóga faoi leith den FSS atá ag plé leis na scéimeanna seo agus scéimeanna eile.

Rialacha

Cinneadh a dhéanann Oifigeach Leasa Pobail

Déanann Oifigeach Leasa Pobail cinneadh a bhaineann le hiarratais ó dhaoine faoin Scéim Liúntas Leasa Forlíontach. Cé gurb é/í an tOifigeach Leasa Pobail a dhéanann an cinneadh is féidir leis/léi dul i gcomhairle lena b(h)ainisteoir (an tOifigeach Stiúrthóra Leasa Pobail). I roinnt cásanna, iarrfar ar an Oifigeach Stiúrthóra Leasa Pobail breathnú ar iarratas nó ar chás (go háirid má tá an cás sin casta).

Achomharc a dhéanamh maidir le cinneadh a rinne Oifigeach Leasa Pobail

Má tá tú míshásta le cinneadh a rinne Oifigeach Leasa Pobail nó Oifigeach Stiúrthóra Leasa Pobail, is féidir leat achomharc a lorg. Tá oifigigh achomhairc ceapaithe ag cuid de na Limistéir Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Má bhaineann d'achomharc le bunLiúntas Leasa Forlíontach, Forlíonadh Úis Morgáiste nó Cíosa, tá sé de cheart breise agat achomharc a chur ós comhair an Bhoird Achomhairc Leasa Shóisialaigh.

Más rud é go bhfuil tú míshásta fós leis an toradh ar an achomharc, d'fhéadfá do chás a chur chuig Oifig an Ombudsman nó athbhreithniú dlíthiúil a lorg ón Ard Chúirt.

Rátaí

Níl aon táille le n-íoc as achomharc a dhéanamh maidir le cinneadh a dhéanann Oifigeach Leasa Pobail nó Oifigeach Stiúrthóra Leasa Pobail.

D'fhéadfadh costais a bheith le n-íoc agat maidir le athbhreithniú dlíthiúil a lorg san Ard Chúirt. D'fhéadfadh sé sa chás seo go mbeadh tú in ann cúnamh dlí a fháil.

Conas iarratas a dhéanamh

Déan teagmháil leis an Oifig Sláinte Áitiúil le heolas a fháil maidir le huaireanta oscailte na n-ionad sláinte i do cheantar. Beidh an Oifig Sláinte Áitiúil in ann a insint duit freisin an bhfuil oifigeach achomhairc/gearáin ag an mbord sláinte agus cé na scéimeanna a bhfuil an tOifigeach Leasa Pobail áitiúil freagrach astu.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Seirbhísí Faisnéise Leasa Shóisialaigh

Information Services
College Road
Sligo
Ireland

Lóghlao:1890 66 22 44
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie/


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 6 October 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.