Forlíonadh Cíosa agus athruithe ar do chúinsí

Réamhrá

Má thagann athrú ar do chúinsí fad atá Forlíonadh Cíosa á fháil agat, d’fhéadfadh go laghdófaí d'íocaíocht nó nach mbeidh tú i dteideal í a fháil a thuilleadh. Braitheann an méid den Fhorlíonadh Cíosa a fhaigheann tú ar roinnt tosca – lena n-áirítear d’ioncam, coigilteas, tuillimh, comhdhéanamh an teaghlaigh agus na teorainneacha reatha áitiúla cíosa.

Ríomhtar d’íocaíocht Forlíonadh Cíosa lena chinntiú nach lú d’ioncam ná ráta an bhun Liúntais Leasa Fhorlíontaigh (SWA) do do chuid cúinsí, (mar shampla, €206 do dhuine singil agus €344 do lánúin) lúide ranníocaíocht íosta €30 (nó €40 do lánúin). Má mhéadaítear d’ioncam os cionn an mhéid seo, féadtar d'íocaíocht Forlíonadh Cíosa a laghdú.

Déantar athbhreithniú rialta ar d’éileamh ar Fhorlíonadh Cíosa (gach 6 mhí go ginearálta). Nuair a dhéantar athbhreithniú ar d’éileamh, iarrfar ort Foirm Athbhreithnithe ar Fhorlíonadh Cíosa a chomhlánú. Ba cheart duit an fhoirm a sheoladh ar ais a luaithe is féidir chuig an oifigeach a dhéileálann le d'éileamh lena chinntiú nach mbeidh aon mhoill ar d'íocaíocht.

Ba cheart duit a insint don Roinn Sóisialaí (RCS) láithreach (féach ‘Conas iarratas a dhéanamh’ thíos), má thagann aon athrú ar do mhaoin. Ina theannta sin, ba cheart duit an RCS a chur ar an eolas má thagann athruithe ar mhaoin daoine eile muinteartha i do theaghlach, nó ar an líon daoine a chónaíonn i do theaghlach.

Tugtar breac-chuntas sa cháipéis seo ar céard a tharlaíonn do d’íocaíocht Forlíonadh Cíosa i roinnt cásanna coitianta.

Athruithe ar do mhaoin

Má fhaigheann tú féin nó do pháirtnéir obair lánaimseartha:

Go ginearálta, ní bhíonn daoine a oibríonn go lánaimseartha (a shainítear mar 30 uair an chloig sa tseachtain nó níos mó) i dteideal Forlíonadh Cíosa a fháil. Déantar éilimh ó dhaoine féinfhostaithe a mheasúnú ar chúinsí aonair an cháis agus d'fhéadfaí iarraidh ort a thaispeáint go bhfuil tú ag obair níos lú ná 30 uair sa tseachtain.

Má fhaigheann tú obair lánaimseartha agus má ghlacadh leat amhail cóiríocht bheith ag teastáil uait faoin Scéim Cóiríochta Cíosa (RAS) ag d’údarás áitiúil, d’fhéadfadh go mbeifeá in ann d’Fhorlíonadh Cíosa a choimeád (a fhad agus atá tú dífhostaithe nó gan bheith fostaithe go lánaimseartha ar feadh 12 mhí ar a laghad sula dtosaíonn tú ag oibriú). Má tá tú ag obair i bhféinfhostaíocht os cionn 30 uair an chloig sa tseachtain nó má tá an Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair á fháil agat ní mór go measfaidh do údarás áitiúil go bhfuil tú incháilithe don scéim RAS chun Forlíonadh Cíosa a fháil.

Déanfar athmheasúnú ort, áfach, don Fhorlíonadh Cíosa agus cuirfear d’ioncam ó obair san áireamh. Mar thoradh ar an athmheasúnú, d’fhéadfadh go gcáileofaí nó nach gcáileofaí thú chun leanúint le Forlíonadh Cíosa a fháil. Má cháilítear thú d’Fhorlíonadh Cíosa, d’fhéadfá ráta éagsúil an Fhorlíonta a fháil. Baineann an neamhaird bhreise a thugtar d’ioncam teaghlaigh (féach thíos) le hioncam ó obair.

Tá go leor daoine a bhfuil Forlíonadh Cíosa fadtéarmach a fháil acu á n-aistriú chuig an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (an ÍCT). Is féidir leat oibriú go lánaimseartha agus leanúint leis an ÍCT a fháil.

Má fhaigheann do chéile, páirtnéir sibhialta nó do chomháititheoir obair lánaimseartha, ní bheidh do theaghlach i dteideal Forlíonadh Cíosa a fháil a thuilleadh. (Tabhair faoi deara gur féidir le neamhchleithiúnaí muinteartha oibriú go lánaimseartha ach ní mór dóibh ranníocaíocht íosta a dhéanamh leis an gcíos – féach ‘Má athraíonn cúinsí nó méid do theaghlaigh’ thíos.)

Má fhaigheann tú obair lánaimseartha agus mura bhfuil tú i dteideal d’Fhorlíonadh Cíosa a choimeád, féadfaidh tú leanúint le Forlíonadh Cíosa a fháil a mhéid le 30 lá i ndiaidh duit tosú ag oibriú nó go n-íocfar thú, pé ceann is luaithe.

Aistreofar daoine a bhfuil Forlíonadh Cíosa a fháil acu a bhfuil riachtanas fadtéarmach tithíochta acu, chuig an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT). Is féidir leat oibriú go lánaimseartha agus leanúint leis in ÍCT a fháil. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an RCS lena dheimhniú an féidir thú a aistriú chuig an ÍCT.

Má fhaigheann tú obair pháirtaimseartha:

Má fhaigheann tú obair pháirtaimseartha (a shainítear mar obair níos lú ná 30 uair sa tseachtain), féadfaidh tú d’Fhorlíonadh Cíosa a choimeád ach déanfar measúnú ar d’ioncam ó obair i leith d’Fhorlíonadh Cíosa agus d’fhéadfaí é a laghdú. Baineann an neamhaird bhreise a thugtar d’ioncam teaghlaigh (féach thíos) le hioncam ó obair pháirtaimseartha.

Baineann sé le do chéile, páirtnéir sibhialta nó do chomháititheoir chomh maith - déanfar measúnú ar aon ioncam a fhaigheann sé/sí ó obair pháirtaimseartha i leith d’Fhorlíonadh Cíosa agus féadfar an Forlíonadh a laghdú.

Neamhaird a thugtar d'ioncam breise teaghlaigh

Ní chuirtear roinnt ioncaim ó fhostaíocht pháirtaimseartha agus ó fhoinsí eile san áireamh sa tástáil mhaoine don Fhorlíonadh Cíosa. Is éard is ioncam breise teaghlaigh ó fhostaíocht nó ó fhéinfhostaíocht, íocaíocht Teaghlaigh Oibre, Fostaíocht Pobail, scéim Tús, an Scéim Shóisialta Tuathe, Gateway, an Scéim Dreasachta poist Pháiraimseartha, an Scéim Socrúcháin Oibre, Liúntas um Fhilleadh ar Obair, Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair nó cúrsa faofa BOO. Áirítear leis, chomh maith, ioncam os cionn an ráta den LLF dóibh siúd atá rannpháirteach i gclár Skillnets.

Faoin neamhaird a thugtar d’ioncam teaghlaigh breise, ní chuirtear an chéad €75 sa tseachtain d’ioncam breise teaghlaigh a sháraíonn an ráta cuí den LLF do do chás san áireamh agus ní chuirtear 25% d’ioncam breise teaghlaigh os cionn €75 sa tseachtain san áireamh (níl aon teorainn uasta ar an méid ar féidir neamhaird a thabhairt dó). Déantar measúnú ar chuid de na híocaíochtaí cothabhála mar ioncam breise teaghlaigh. Is féidir measúnú a dhéanamh ar an gcéad €95.23 sa tseachtain d’íocaíochtaí cothabhála ina n-iomláine agus déantar measúnú ar aon mhéid os a chionn seo faoin neamhaird a thugtar d’ioncam teaghlaigh breise. Is féidir leat ár gcáipéis ar Forlíonadh Cíosa a Ríomh a úsáid chun don neamhaird a thugtar d’ioncam teaghlaigh breise a dheimhniú.

Má tá Liúntas Míchumais nó Pinsean na nDall á fháil agat agus má oibríonn tú, féadtar neamhaird a thabhairt do €140, ar a mhéid, sa tseachtain de na tuillimh ón bhfostaíocht seo. Ní féidir an neamhaird seo a chur i bhfeidhm i dteannta na neamhairde a thugtar d’ioncam teaghlaigh breise, áfach. Ní féidir ach neamhaird amháin a chur i bhfeidhm – pé ceann is mó a théann chun do shochair.

Má athraíonn tú ó íocaíocht leasa shóisialaigh amháin go dtí ceann eile:

Ní athraítear d’íocaíocht Forlíonadh Cíosa mura n-athraítear an méid a fhaigheann tú ón íocaíocht nua.

Má aistrítear thú chuig íocaíocht éagsúil agus níos airde, laghdófar d’Fhorlíonadh Cíosa ar aon dul leis an méadú (mura bhfuil tú 65 bliain d’aois nó níos sine nó má tá íocaíocht chúramóra á fáil agat - féach thíos). Mar shampla, i gcás duine a bhfuil Sochar Breoiteachta á fháil acu a aistríonn chuig Sochar Máithreachais ar ráta níos airde, d’fhéadfaí a bhForlíonadh Cíosa a laghdú faoin difríocht idir an dá íocaíocht.

Má tá tú 65 bliain d’aois nó níos sine (nó nuair atá duine amháin den lánúin 65 bliain d’aois nó níos sine) agus má tá comhioncam teaghlaigh agaibh atá níos mó ná an ráta LLF atá cuí i dtaobh do chúinsí, ceadaítear neamhaird duit. Is ionann an neamhaird agus an difríocht idir an ráta uasta den Phinsean Stáit (Ranníocach) atá cuí i dtaobh do chúinsí agus an ráta den Liúntas Bunúsach Leasa Forlíontach (LLF) do do chúinsí. Mar shampla, gheobhadh lánúin a bhfuil an bheirt acu 66 bliain d’aois agus a bhfuil pinsin Stáit (Neamh-Ranníocach) á bhfáil acu íocaíocht €506.60. Mar sin féin ríomhtar a neamhaird neamh-65 ar 2 ráta Pinsean Stáit (Ranníocach). Mar sin, oibrítear a neamhaird gan an bunráta SWA a dhealú do lánúin (€344) ó €506.60. Ní chuirtear an difríocht €162.60 san áireamh, ach d’fhéadfadh aon ioncam atá ag an lánúin os a chionn seo difear a dhéanamh dá n-íocaíocht Forlíonta Cíosa.

Baineann neamhaird do chúramóir le daoine a bhfuil íocaíochtaí cúramóra á bhfáil acu. Mar sin, má tá íocaíocht Liúntas Cúramóra nó Sochar Cúramóra a fáil agat, ní chuirtear an méid den íocaíocht chúramóra féin san áireamh atá os cionn an ráta chuí de LLF do chás (an ráta do dhuine fásta cáilithe má tá Liúntas Cúramóra á fháil ag duine amháin de lánúin nó an ráta pearsanta de LLF má tá an cúramóir singil). Ní chuirtear Liúntas Cúramóra ar leathráta san áireamh riamh.

Chun neamhaird a fháil ar do chúramóir, dealaigh tú an ráta ábhartha SWA (€ 138 nó € 206) ón ráta iarbhír de Liúntas nó Sochar Cúramóra a fhaigheann tú (gan aon Mhéaduithe do Leanaí Cáilithe san áireamh).

Má stoptar do phríomhíocaíocht leasa shóisialaigh:

Má tá do phríomhíocaíocht leasa shóisialaigh ar fionraí, go dtí go ndéanfar imscrúdú, is féidir stop a chur le d'Fhorlíonadh Cíosa. Má stoptar d'íocaíocht leasa shóisialaigh, ba cheart duit dul i dteagmháil le d'ionadaí DSP chomh luath agus is féidir chun comhairle a fháil - féach ‘Conas iarratas a dhéanamh’ thíos.

Má thugann tú faoi scéim fostaíochta:

Tugtar achoimre sa tábla a leanas ar conas a dhéileáiltear le hioncam ó scéimeanna éagsúla.

Scéim Tionchar ar Fhorlíonadh Cíosa
Clár Socrúchán Oibre Meastar gur clár taithí oibre atá sa Chlár Socrúchán Oibre chomh maith. Ní chuirtear aon liúntas breise, agus ar an ábhar sin, ní dhéanfaidh sé difear do d’Fhorlíonadh Cíosa.
Scéimeanna Fostaíocht Pobail/ an Scéim Shóisialta Tuaithe, Tús, Gateway Leanann tú a bheith i dteideal Forlíonadh Cíosa a éileamh má bhí sé á éileamh agat nuair a thosaigh tú an scéim ach is féidir d’íocaíocht a laghdú. Baineann an neamhaird a thugtar d’ioncam teaghlaigh breise le d’íocaíocht
Íocaíocht Teaghlaigh agus Scéim Dreasachta Poist Pháirtaimseartha Is féidir leat Forlíonadh Cíosa a choimeád nuair a bhíonn tú rannpháirteach sna scéimeanna seo (a fhad agus nach n-oibríonn tú breis agus 30 uair sa tseachtain) agus is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Fhorlíonadh Cíosa nuair a bhíonn siad á bhfáil agat. Bíonn an neamhaird a thugtar d’ioncam teaghlaigh breise i gceist. Féach, chomh maith, ‘Má fhaigheann tú obair lánaimseartha’ thuas chun teacht ar eisceachtaí.

Má fhilleann tú ar oideachas:

I dtromlach na gcásanna, ní bhíonn daoine atá in oideachas lánaimseartha i dteideal Forlíonadh Cíosa a fháil. Féadfaidh do chéile, páirtnéir sibhialta nó do chomháititheoir bheith in oideachas lánaimseartha fad atá Forlíonadh Cíosa á fháil agat.

Má tá Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas á fháil agat nó má tá páirt á glacadh agat i gcúrsa Springboard, féadfaidh tú d’Fhorlíonadh Cíosa a choimeád.

Má tá tú ar chúrsa faofa oiliúna (cúrsa BOO (cúrsa FÁS roimhe seo)), is féidir leat Forlíonadh Cíosa a choimeád nó cur isteach air. Má tá páirt á glacadh agat i gcúrsa oiliúna faofa, is féidir neamhaird a thabhairt ar aon liúntais lóin nó taistil a íoctar.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Fhorlíonadh Cíosa nó e a choimeád fad a bhíonn tú rannpháirteach i Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (an SDOG) nó in Ógtheagmháil.

Is féidir le roinnt daoine filleadh ar oideachas agus a misean Liúntas Míchumais nó Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora a choimeád, ach caillfidh siad a bhForlíonadh Cíosa mar gheall go bhfuil siad in oideachas lánaimseartha.

Má fhaigheann tú airgead le hoidhreacht nó má thugtar airgead duit:

Is ísle na teorainneacha ioncaim don Scéim Liúntas Leasa Forlíontach (faoina n-íoctar Forlíonadh Cíosa) ná iad siúd d’íocaíochtaí leasa shóisialaigh eile. Má fhaigheann tú €15,000 le hoidhreacht, cuir i gcás, d’fhéadfadh nach mbeadh aon tionchar aige seo ar do phríomhíocaíocht (mar gheall gur féidir leat caipiteal a mhéid le €20,000 a bheith agat do thromlach na n-íocaíochtaí leasa shóisialaigh ar a ndéantar tástáil mhaoine agus caipiteal €50,000 a bheith agat do Liúntas Míchumais) ach d’fhéadfadh sé difear a dhéanamh do d’Fhorlíonadh Cíosa (mar gheall go ndéantar measúnú ar aon chaipiteal os cionn €5,000).

Athruithe ar an líon daoine sa teaghlach

Má athraíonn cúinsí nó méid do theaghlaigh:

Bítear ag súil leis go n-íocfaidh gach neamhchleithiúnaí muinteartha fásta ranníocaíocht íosta €30 i dtreo an chíosa. (Is ionann duine muinteartha neamhchleithiúnach duine ar bith nach do chéile, páirtnéir sibhialta nó comháitritheoir é/í ata ag oibriú nó a bhfuil íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil acu ina gceart féin.)

Is é an gnás agus an cleachtas ná go ndéantar ioncam inmheasúnaithe an duine mhuinteartha neamhchleithiúnaigh (is é sin, ollioncam lúide ÁSPC agus costais taistil chun na hoibre) a roinnt faoin ráta cuí LLF dá gcás agus iolraítear ansin é faoi €30 lena dheimhniú cé mhéid ba cheart dóibh a ranníoc le cíos an teaghlaigh.

Más lánúin na neamhchleithiúnaithe muinteartha, is ionann a ranníocaíocht agus €40.

Nuair a bhaineann do leanbh/leanaí 18 mbliana amach, má tá siad fós in oideachas lánaimseartha, ní athrófar d’Fhorlíonadh Cíosa. Má bhaineann leanbh a chónaíonn sa teaghlach 18 mbliana amach agus má fhaigheann sé/sí post nó íocaíocht leasa shóisialaigh as a gceart féin, bítear ag súil leis go n-íocfaidh siad ranníocaíocht íosta €30. Mar sin féin, má rinneadh measúnú ar shochar agus ar phribhléid, áfach, i leith a n-íocaíochta leasa shóisialaigh, ní gá dóibh €30 a ranníoc.

Má fhágann leanbh an baile, ní mór go mbeidh do chíos faoi bhun na teorann do mhéid laghdaithe do theaghlaigh. (Athraíonn teorainneacha an Fhorlíonta Cíosa ag brath ar cén áit a gcónaíonn tú. Beidh ort fios a bheith agat céard iad na teorainneacha i do cheantar áitiúil.)

Má tá leanbh nua agat nó má uchtaíonn tú leanbh nó má dhéanann tú leanbh a altramú, tiocfaidh méadú ar mhéid do theaghlaigh, agus ar an ábhar sin, d’fhéadfadh méadú teacht ar an teorainn chíosa a bhaineann le do theaghlach. Má tá teaghlach mór agat agus má theastaíonn breis cóiríochta uait a chosnaíonn níos mó ná na teorainneacha cíosa atá i bhfeidhm i do cheantar, ba cheart duit do chás a phlé leis an ionadaí áitiúil den RCS - féach ‘Conas iarratas a dhéanamh’ thíos.

Is féidir leis an DSP íocaíochtaí breise a dhéanamh maidir le Forlíonadh Cíosa os cionn teorainneacha cíosa nuair is gá. Déantar é seo ar bhonn cás ar chás, do dhaoine atá ag fáil Forlíonadh Cíosa agus d'iarratasóirí nua.

Má phóstar thú, má iontrálann tú i bpáirtnéireacht shibhialta nó má thosaíonn tú ag cónaí le páirtnéir nua

Má thagann duine chun cónaí leat mar chéile, páirtnéir sibhialta nó comháititheoir, caithfear libh mar lánúin agus beifear ag súil leis go n-íocfaidh tú ranníocaíocht íosta teaghlaigh €40 i dtreo do chíosa. Ní gá duit iarratas nua a dhéanamh ar Fhorlíonadh Cíosa. Déanfar athbhreithniú ar d’éileamh reatha agus aon ioncam atá ag do chéile, páirtnéir sibhialta nó comháitritheoir ón obair nó ó íocaíocht leasa shóisialaigh san áireamh, áfach. Má tá an duine sin ag oibriú go lánaimseartha, ní bheidh tú i dteideal an Forlíonadh Cíosa a fháil a thuilleadh.

Má scarann tú ó do chéile, páirtnéir sibhialta nó comháititheoir:

Má fhágann do chéile, páirtnéir sibhialta nó comháititheoir teach an teaghlaigh agus má fhanann tú ann le do chuid leanaí, ní athraítear d’íocaíocht Forlíonadh Cíosa (mar gheall gurb ionann na teorainneacha cíosa do theaghlach aontuismitheora agus lánúin). Má tá caomhnóireacht do leanbh/leanaí ag do pháirtnéir do thuras mór an ama, áfach, féadtar na teorainneacha cíosa a cuireadh i bhfeidhm do mhéid an teaghlaigh athrú (mar gheall nach bhfuil an leanbh/na leanaí sa teach an t-am ar fad a thuilleadh).

Má íocann d’iarchéile nó d-iarpháirtnéir cothabháil, déanfar measúnú air seo sa tástáil mhaoine d’Fhorlíonadh Cíosa. Is féidir measúnú a dhéanamh ar an gcéad €95.23 sa tseachtain d’íocaíochtaí cothabhála ina n-iomláine (mar gheall go meastar gur ranníocaíocht i dtreo do chostais tithíochta) agus déantar measúnú ar aon mhéid os a chionn seo faoin neamhaird ioncam teaghlaigh bhreise - féach ‘An neamhaird a thugtar d'ioncam teaghlaigh breise’ thuas.

Mura bhfuil leanaí agat agus má fhágann do pháirtnéir thú, déanfar measúnú ort amhail mar dhuine singil d'Forlíonadh Cíosa.

Más comhúinéirí thú féin agus do pháirtnéir ar bhur dteach agus má dhéanann an duine a fhágann an teach iarratas ar Fhorlíonadh Cíosa, d’fhéadfaí é a dhiúltú dóibh mar gheall go meastar go bhfuil leas acu sa teach. A luaithe a bhíonn comhaontú idirscartha i bhfeidhm agus gur réitíodh na ceisteanna úinéireachta, áfach, ba cheart go mbeadh an duine a d’fhág in ann iarratas a dhéanamh ar Fhorlíonadh Cíosa as a gceart féin. Beidh orthu measúnú a fháil ar a riachtanas tithíochta ag an údarás áitiúil ar an ngnáthbhealach.

Má chaitheann do leanaí roinnt ama le tuismitheoir amháin agus roinnt eile ama leis an tuismitheoir eile:

Má tá caomhnóireacht nó cúram comhroinnte agat ar leanbh agus má fhanann an leanbh sin leat thar oíche ar feadh cuid den tseachtain, ba cheart duit a sheiceáil leis an ionadaí áitiúil den Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí (tugadh Oifigeach Leasa Pobail nó CWO orthu seo roimhe seo) lena dheimhniú cén leibhéal d’Fhorlíonadh Cíosa is féidir a sholáthar. Déantar gach éileamh ar Fhorlíonadh Cíosa a scrúdú agus aird ar chúinsí uile an cháis.

Murach tú féin an príomhchúramóir agus má tá cóiríocht á cuardach agat chun soláthar a dhéanamh do do leanaí, cuirfidh an RCS an méid a leanas san áireamh nuair a bhíonn d’éileamh ar Fhorlíonadh Cíosa á phróiseáil:

  • Comhdhéanamh agus méid do theaghlaigh
  • Cibé acu arb ann nó nach ann d’orduithe cúirte nó do chomhaontuithe a thugann le fios an bhfuil socruithe comhchaomhnóireachta nó socruithe rochtana i bhfeidhm.
  • An áit a gcónaíonn tú maidir leis an bpríomhchúramóir
  • Cibé acu an bhfuil an leanbh ag cónaí leat go sealadach mar chuid de chomhaontú rochtana
  • Aon fhianaise i leith staire de thacaíocht leantach tuismitheora don leanbh, ar nós aistriú maoine chuig an bpríomhchúramóir, fianaise i leith tacaíocht airgeadais agus tacaíochtaí eile ar nós freastal ar chruinnithe tuismitheora-múinteora agus leanbh a bhailiú ón scoil
  • Aon fhianaise a thugann le fios an raibh nó nach raibh fáil agat ar rochtain thar oíche ar an leanbh/na leanaí sula ndearna tú d’iarratas ar Fhorlíonadh Cíosa
  • Aon fhianaise ó aon oibrí sóisialta nó aon tuairiscí leighis
  • Cibé acu an ann d’aon litreacha toilithe ón bpríomhchúramóir nó an dteastaíonn siad
  • Ábhar aon Mheasúnaithe ar Riachtanais Tithíochta ó d’údarás áitiúil

Athruithe eile ar do chúinsí

Má ardaíonn do thiarna talún an cíos:

Ní gnách go n-íoctar Forlíonadh Cíosa sa chás go bhfuil an cíos atá iníoctha leis an tiarna talún os cionn na dteorainneacha. Faoi roinnt cúinsí, áfach, féadfaidh ionadaí na Roinne Forlíonadh Cíosa a íoc sa chás go bhfuil an cíos os cionn an leibhéil ábhartha; d’fhéadfadh seo bheith i gceist sa chás gurb ann do riachtanais speisialta tithíochta nó ar bhonn an-ghearrthréimhseach go dtí go bhfuil an tionónta in ann filleadh le freagracht a ghlacadh as a c(h)íos féin.

Má mhéadaíonn do thiarna talún an cíos os cionn na teorann cíosa ba chóir duit dul i dteagmháil le d'Ionad Intreo áitiúil nó d'Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh áitiúil. Nuair is féidir, tacóidh an DSP leat fanacht i do theach.

Más gá duit do chóiríocht reatha a fhágáil:

Más ann d’údar maith go bhfuil ort do chóiríocht reatha a fhágáil (mar shampla, níl do thiarna talún toilteanach do léas a athnuachan), féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar Fhorlíonadh Cíosa do sheoladh nua.

Beidh ort iarratas a dhéanamh arís, áfach, agus foirmeacha nua iarratais a chomhlánú duit féin agus do do thiarna talún nua. D’fhéadfadh bearna bheith ann san íocaíocht fad a phróiseáiltear d’iarratas nua.

Má cáilíodh thú d’Fhorlíonadh Cíosa bunaithe ar riachtanas tithíochta (is é sin, go bhfuil tú ar liosta tithíochta sóisialta údaráis áitiúil) agus má tá tú ag aistriú go dtí limistéar nua údaráis áitiúil, beidh ort iarratas nua a dhéanamh leis an údarás nua áitiúil.

Baineann forálacha speisialta má tá tú i mbaol bheith gan dídean.

Má théann tú chuig an ospidéal nó má chuirtear sa phríosún thú:

Má théann tú chuig an ospidéal ar feadh tamall gearr, nó má chuirtear sa phríosún thú nó má athchuirtear faoi choinneáil thú ar feadh níos lú ná 13 sheachtain, féadfaidh tú leanúint ar aghaidh agus d’Fhorlíonadh Cíosa a fháil. Má mhaireann an tréimhse níos faide ná 13 sheachtain, ní féidir leat cáiliú a thuilleadh nó féadtar íocaíocht do theaghlaigh a leasú. Sa chás seo, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le d’ionadaí áitiúil den RCS - féach ‘Conas iarratas a dhéanamh’ thíos.

Má fhaigheann tú tairiscint tithíochta ó údarás áitiúil:

Má dhiúltaíonn tú dhá thairiscint tithíochta sóisialta ó údarás áitiúil laistigh de thréimhse 12 mhí, stopfar d’Fhorlíonadh Cíosa agus ní ligfear duit an Forlíonadh Cíosa a éileamh ar feadh 12 mhí.

Conas iarratas a dhéanamh

Má thagann athrú ar do chúinsí (má thagann méadú ar do chíos ina measc) déan teagmháil leis an Roinn Sóisialaí.

Más mian leat Iarratas a dhéanamh ar Fhorlíonadh Cíosa den chéad uair, ba cheart duit ár gcáipéis ghinearálta ar Forlíonadh Cíosa a léamh. Is féidir leat an fhoirm iarratais a íoslódáil ó láithreán gréasáin na Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí (pdf).

Cá ndéanfaidh mé iarratas?

Ba cheart teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Coimirce Sóisialaí ag d’Ionad Intreo áitiúil nó d’Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh nó teagmháil a dhéanamh leis an Aonad Cíosa do do cheantar (féach liosta an láraonaid chíosa).

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 10 Eanáir 2022