Anseo atá tú: Baile > Leas Sóisialach > Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh > Scéimeanna Leasa Forlíonacha > Conas Forlíonadh Cíosa a Ríomh

Print Page Send to a Friend

Conas Forlíonadh Cíosa a Ríomh

Réamhrá

Tá sé an-chasta Forlíonadh Cíosa a ríomh. Déanfaidh an tOifigeach Leasa Pobail atá agat do theidlíocht ar Fhorlíonadh Cíosa a ríomh. Má tá ceisteanna ar bith agat faoi do theidlíocht maidir le Forlíonadh Cíosa, ba chóir duit dul i dteagmháil le d'Oifigeach Leasa Pobail.

Léiríonn an doiciméad seo na céimeanna a bhaineann le Forlíonadh Cíosa a ríomh. Tá 5 céim ann:

  • Céim 1 chun d'ioncam teaghlaigh iomlán seachtainiúil a fháil amach.
  • Céimeanna 2 agus 3 chun d'ioncam inmheasúnaithe seachtainiúil a fháil amach.Ní dhéantar ach méid áirithe den ioncam teaghlaigh iomlán seachtainiúil atá agat a thógáil san áireamh. An t-ioncam inmheasúnaithe atá agat ná an méid ioncaim teaghlaigh a thógann an tOifigeach Leasa Pobail san áireamh nuair atá Forlíonadh Cíosa á ríomh duit.
  • Céim 4d'ioncam inmheasúnaithe seachtainiúil a chur leis an Ranníocaíocht Teaghlaigh íosmhéide atá leagtha síos ag an Roinn Coimirce Sóisialaí chun do 'ranníocaíocht cíosa iomlán seachtainiúil' a fháil amach.
  • Céim 5 ná doranníocaíocht iomlán i dtreo do chíos (an figiúr ó chéim 4) a thógáil agus a dhealú ón gcíos seachtainiúil atá agat. An toradh ar chéim 5 ná an Forlíonadh Cíosa atá agat.

Céim 1: Faigh amach ioncam teaghlaigh iomlán

Faigh amach d'ioncam teaghlaigh iomlán seachtainiúil. Mar shampla:

Foinse ioncaim Méid in aghaidh na seachtaine
Ioncam inmheasúnaithe ó fhostaíocht - féach Nóta 1
Liúntais oiliúna FAS
Íocaíochtaí leasa shóisialaigh
Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh
Ioncam in airgead tirim (mar shampla, cothabháil)
Caipiteal (mar shampla, maoin, coigiltis agus infheistíochtaí - féach Nóta 2

Nóta 1
Is éard is ioncam inmheasúnaithe ó fhostaíocht ná Ollioncam lúide ÁSPC agus speansais taistil réasúnta.

Tá measúnú do chostais taisteal ag brath ar an áit ina bhfuil tú i do chónaí. Ba chóir duit déan teagmháil le d'Oifigeach Leasa Phobal chun aimsiú conas a bheith do chostais taisteal measúnaithe.

Nóta 2
Déanfar luach caipitil maoine (seachas do theach féin), infheistíochtaí agus coigiltis a mheasúnú ar bhonn seachtainiúil mar seo a leanas:
Ní chuirtear an chéad €5,000 san áireamh
Déantar an chéad €10,000 eile a mheasúnú ag €1 in aghaidh €1,000
Déantar an chéad €25,000 eile a mheasúnú ag €2 in aghaidh €1,000
Déantar caipiteal ar bith eile os cionn €40,000 eile a mheasúnú ag €4 in aghaidh €1,000.

Céim 2: Dealaigh neamhaird ioncaim

Dealaigh ioncam ar bith nach dtógtar san áireamh sa mheasúnú maidir le Forlíonadh Cíosa.

Príomhneamhaird ioncaim

Ní thógtar na míreanna seo a leanas san áireamh mar ioncam agus Forlíonadh Cíosa á ríomh:

  • Sochar Leanaí
  • Liúntas Gluaiseachta
  • Íocaíochtaí um chúram altrama ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
  • Íocaíochtaí as cóiríocht a thabhairt do leanaí faoin Acht um Chúram Leanaí
  • Ioncam ó mhic léinn ag freastal ar an nGaeltacht
  • Deontais nó liúntais ó scéimeanna a chuireann leas na ndall chun cinn
  • Airgead a fhaightear ó eagraíochtaí carthanachta, mar shampla, Cumann Naomh Uinseann de Pól
  • Cúiteamh a dhámh an Bord um Shásamh maidir le Heipitíteas C fuarthas ó tháirgí fola áirithe, dóibh siúd a bhfuil míchumais orthu mar gheall ar Tailídimíd agus dóibh siúd a bhfuil cúiteamh á fháil acu ón mBord um Shásamh i leith Foras Cónaithe
  • Deontais chothabhála arna íoc ag an gCoiste Gairmoiliúna nó ag na hÚdaráis Áitiúla chun críocha oideachasúla
  • Liúntas Cúram Baile
  • Ioncam ó fhostaíocht leis an FSS mar Chúntóir Baile
  • Má tá tú 65 bliana d'aois nó níos sine ná sin (nó sa chás go bhfuil aois an phinsin bainte amach ag duine de lánúin) agus comhioncam teaghlaigh acu atá níos mó ná ráta an LLF atá iomchuí d'imthosca do theaghlach, ceadaítear neamhaird duit atá cothrom leis an difear idir uasráta an Phinsin Stáit (Ranníocach) atá iomchuí do d'imthosca agus ráta an LLF atá iomchuí do d'imthosca
  • An Liúntas Cúramóra ar leathráta nua
  • Má tá an Liúntas Cúramóra caighdeánach á fháil agat, ní thógtar an méid ón Liúntas Cúramóra atá os cionn ráta bunúsach an LLF a bhaineann le do staid (ceachtar den ráta do chleithiúnaí aosaithe nó den ráta pearsanta do dhuine aonair) san áireamh.
  • Ní thógtar Sochar Cúramóra os cionn ráta bunúsach an LLF a bhaineann le do staid (ceachtar den ráta do chleithiúnaí aosaithe nó den ráta pearsanta do dhuine aonair) san áireamh
  • Deontas Cúraim Faoisimh
  • Íocaíocht Chaomhnóra (Ranníocach) agus Íocaíocht Chaomhnóra (Neamh-Ranníocach)

Neamhaird Ioncaim Teaghlaigh Bhreise

Is méid áirithe é an Neamhaird Ioncaim Teaghlaigh de d'ioncam teaghlaigh nach dtugtar san áireamh. Ní thugtar €75 de ioncam teaghlaigh breise ar bith san áireamh. Ina theannta sin, ní thugtar 25% ó do ioncam teaghlaigh breise os cionn €75 san áireamh. Níl aon uasteorainn ar an méid gur féidir neamhaird a dhéanamh de.

Is éard atá san Ioncam Teaghlaigh Breise ná méid an ioncaim atá os cionn ráta an Liúntais Leasa Fhorlíontaigh a bhaineann le d'imthosca teaghlaigh san áireamh leis tá roinnt ioncaim ón méid seo a leanas:

  • Fostaíocht páirtaimseartha nó féinfhostaíocht páirtaimseartha (faoi bhun 30 uair in aghaidh na seachtaine)
  • Fostaíocht lánaimseartha nó féinfhostaíocht lánaimseartha (30 uair nó níos mó ná sin in aghaidh na seachtaine) áit atá an t-éilitheoir as obair lánaimseartha ar feadh 12 mhí nó níos mó agus a ghlactar go bhfuil cóiríocht de dhíth ar an éilitheoir de réir na Scéime um Chóiríocht ar Cíos.
  • Scéim fostaíochta nó oiliúna ar bith, mar shampla, FP, Liúntas um Fhilleadh ar Obair nó cúrsa FÁS
  • Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh
  • Íocaíochtaí Cothabhála os cionn €95.23

D'fhonn an Neamhaird Ioncaim Teaghlaigh Bhreise a ríomh:
An méid iomlán ó Chéim 3
Lúide €75
Lúide 25% ó ioncam ar bith atá agat i ndiaidh duit €75 a dhealú uaidh

Mar shampla:
Ioncam (lúide ráta LLF) €200
Lúide €75
€125.00

Faigh 25% de €125
(€125 ÷ 4 = €31.25) - €31.25
€93.75

Sa chás seo, is é €106.25 (€75 + €31.25 = €106.25) an Neamhaird Ioncaim Theaghlaigh.

Is é €93.75 (€200 - €106.25 = €93.75) an t-ioncam inmheasúnaithe seachtainiúil iomlán i ndiaidh don Neamhaird Ioncaim Teaghlaigh a bheith tugtha san áireamh

Neamhaird Tuillimh Athshlánúcháin

Má tá tú ag obair agus ag fáil Liúntais Míchumais nó Pinsin na nDall, is féidir leat Neamhaird Tuillimh Athshlánúcháin nó Neamhaird Ioncaim Teaghlaigh a úsáid (ní féidir an dá cheann a úsáid). Úsáid cibé ceann is fearr a oireann duit féin.
Neamhaird Tuillimh Athshlánúcháin is ea méid áirithe den ioncam atá agat ó obair athshlánúcháin nach dtógtar san áireamh. Ní thógtar €120 ó oiliúint nó fostaíocht athshlánúcháin san áireamh sa mheasúnú maidir le Forlíonadh Cíosa. Tógtar gach tuilleamh os cionn €120 ó oiliúint nó fostaíocht athshlánúcháin san áireamh agus beidh tionchar aige ar bForlíonadh Cíosa atá agat.

Céim 3: Bain as ráta an Liúntais Leasa Fhorlíontaigh

Dealaigh an ráta bunúsach seachtainiúil de Liúntas Leasa Forlíontach (LLF) an teaghlaigh ón ioncam teaghlaigh iomlán seachtainiúil atá ríofa agat i gCéim 2.

Tá bonn ráta an LLF mar seo a leanas:
Ráta pearsanta €186
Cleithiúnaí aosaithe €124.80
Cleithiúnach linbh €29.80 (in aghaidh an linbh)

Céim 4: Faigh amach do i dtreo do chíosa

Faigh amach an méid iomlán a chaithfidh tú a íoc i dtreo do chíosa. Leis an méid seo a dhéanamh, suimigh d'ioncam inmheasúnaithe seachtainiúil (an figiúr iomlán ó Chéim 3) agus do Ranníocaíocht Teaghlaigh íosmhéide. Íocfaidh tú €24 ar a laghad i dtreo do chíosa i gcónaí.

Ioncam inmheasúnaithe seachtainiúil €
Suimigh Ranníocaíocht Teaghlaigh - €____
Ranníocaíocht cíosa iomlán €

Nóta 3: Tuilleadh faisnéise faoi ranníocaíocht teaghlaigh

Ní mór don teaghlach (lena n-áirítear an t-éillitheoir agus na baill chleithiúnacha go léir) €24 a ranníoc.

Ní do bhaill teaghlaigh neamhchleithiúnacha atá ag brath go hiomlán ar íocaíocht leasa shóisialaigh phearsanta €24 a ranníoc chomh maith. É sin ráite, má bhí an Sochar agus Pribhléid measúnaithe i gcoinne d'íocaíocht leasa shóisialaigh ní bheidh ort €24 a ranníoc.

Is féidir leis an Oifigeach Leasa Pobail méid an Fhorlíonta Cíosa atá iníoctha a laghdú faoi mhéid ar bith atá inchurtha i leith gach ball teaghlaigh neamhspleách i bhfostaíocht dar leis. Is é an nósmhaireacht agus an cleachtas go ndéantar ioncam inmheasúnaithe an bhaill teaghlaigh neamhchleithiúnaigh (i., ollioncam lúide ÁSPC agus costais taistil go dtí an áit oibre) a roinnt faoi ráta iomchuí an LLF dá staid agus ansin déantar é sin a iolrú faoi €24 chun a dhliteanas i leith ranníocaíochta a oibriú amach.

Mar shampla, má tá d'iníon atá 26 bliana d'aois ina cónaí leat agus €700 á shaothrú aici i aghaidh na seachtaine:

€700 ÷ €186 (LLF) = €3.76
Iolraigh 3.76 faoi €24 = €90.24
Sa chás seo, laghdaítear d'Fhorlíonadh Cíosa faoi €90.24

Ní dhéanfaidh lánúin thar aois 65 a bhfuil ioncam acu atá cothrom nó níos lú ná an Pinsean Stáit (Ranníocach) dá staid ach €24 a íoc i leith a gcuid cíosa. Ní dhéanfaidh lánúin a bhfuil Pinsin Stáit (Ranníocach) ag an mbeirt acu gan ioncam ar bith eile ach €24 a íoc i leith a gcuid cíosa ach an oiread.

Céim 5: Faighamach d'íocaíocht forlín cíosa

Dealaigh do ranníocaíocht ón gcíos leis an bhForlíonadh Cíosa a fháil.

Fuair tú an ranníocaíocht iomlán do do chíos i gCéim 4. Caithfidh tú fáil amach anois cén cíos seachtainiúil atá agat. B'fhéidir go bhfuil a fhios agat cheana féin cén cíos seachtainiúil atá agat. Mar sin féin, mura bhfuil ar eolas agat ach an cíos míosúil, caithfidh tú an figiúr cíosa míosúil a iolrú faoi 12 agus a roinnt faoi 52 leis an bhfigiúr cíosa seachtainiúil a fháil.

Cíos seachtainiúil €
Lúide do ranníocaíocht - €_____
Forlíonadh Cíosa Iomlán €

Leis an bhfigiúr cíosa seachtainiúla a fháil, iolraigh an figiúr cíosa míosúla faoi 12 agus roinn faoi 52 é.

Mar shampla:

Tá Susan agus Paul ina gcónaí i mBaile Átha Cliath agus €1,110 á íoc acu in aghaidh na míosa as cóiríocht - féach Nóta 4.

Leis an bhfigiúr cíosa seachtainiúil a fháil, iolraigh €1,110 faoi 12 agus roinn faoi 52.
Cíos míosúil €1,110
(Iolraigh faoi 12 mhí ) x 12
€13,320
(Roinn faoi 52 seachtain) ÷ 52
Cíos seachtainiúil €256.15

Nóta 4: Socraítear leibhéal cíosa uasta le haghaidh gach tír. Déanann an Roinn Coimirce Sóisialaí an leibhéal cíosa uasta a shocrú. Is féidir leis an FSS rátaí níos ísle a shocrú laistigh de na teorainneacha seo. Má tá do chíos iarbhír níos airde ná an t-uasmhéid áitiúil, is féidir go ndéanfar an Forlíonadh Cíosa a dhiúltú duit.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Téigh i dteagmháil le hOifigeach Leasa Pobail ag oifig sláinte áitiúil.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 February 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.