Conas Forlíonadh Ús Morgáiste a ríomh

Réamhrá

Ó 1 Eanáir 2014, tá deireadh leis an scéim Forlíonadh Ús Morgáiste d'iarratasóirí nua agus ní ghlacfar aon iarratas nua ón dáta seo. Ní bhainfidh an beart seo le héilitheoirí reatha láithreach (daoine a fhaigheann Forlíonadh Ús Morgáiste roimh 1 Eanáir 2014. Tiocfaidh an scéim chun críche d’éilitheoirí reatha thar thréimhse 4 bhliain.

Roimh d’Fhorlíonadh Ús Morgáiste a ríomh, caithfidh tú faigh amach go bhfuil tú cáilithe. Tá tuilleadh eolais faoi na critéir cáilithe ar fáil sa doiciméad maidir le Forlíonadh Ús Morgáiste.

Ní thabharfar cúnamh duit ach amháin le sciar úis na haisíocaíochtaí morgáiste atá agat. Ní thabharfar cúnamh duit leis an sciar a íocann an iasacht iarbhír agus árachas tí. Meastar d'ús mar ús comhlán míosúil arna laghdú d' fhaoiseamh úis morgáiste agus de aon liúntas morgáistefóirdheontas morgáiste a íocann an t-údarás áitiúil le haghaidh na coda úis de do mhorgáiste.

Tá sé an-chasta Forlíonadh Ús Morgáiste a ríomh. Déanfaidh an tOifigeach Leasa Pobail atá agat do theidlíocht ar Fhorlíonadh Ús Morgáiste a ríomh. Má tá ceisteanna ar bith agat faoi do theidlíocht maidir le Forlíonadh Ús Morgáiste, ba chóir duit dul i dteagmháil le an t-ionadaí Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí (a tugadh an tOifigeach Leasa Pobail air roimhe seo).

Léiríonn an doiciméad seo na céimeanna a bhaineann le Forlíonadh Ús Morgáiste a ríomh. Seo iad na 5 céimeanna:

  • Céim 1 chun d'ioncam teaghlaigh iomlán seachtainiúil a fháil amach.
  • Céimeanna 2 agus 3 chun d'ioncam inmheasúnaithe seachtainiúil a fháil amach. Ní dhéantar ach méid áirithe den ioncam teaghlaigh iomlán seachtainiúil atá agat a thógáil san áireamh. An t-ioncam inmheasúnaithe atá agat ná an méid ioncaim teaghlaigh a thógann an t-ionadaí Roinne Coimirce Sóisialaí san áireamh nuair atá Forlíonadh Ús Morgáiste á ríomh duit.
  • Céim 4 ná d'ioncam inmheasúnaithe seachtainiúil a chur leis an Ranníocaíocht Teaghlaigh íosmhéide chun do ranníocaíocht ús morgáiste iomlán mhíosúil a fháil amach.
  • Céim 5 ná do ranníocaíocht míosúíl iomlán i dtreo d’úis morgáiste a thógáil agus a dhealú ón ús morgáiste míosúil atá agat chun do Fhorlíonadh Ús Morgáiste dlite d’iasachtóir a fháil.

Céim 1: Faigh amach ioncam teaghlaigh seachtainiúil

Faigh amach d'ioncam teaghlaigh iomlán seachtainiúil. Mar shampla:

Foinse ioncaim Méid in aghaidh na seachtaine
Ioncam inmheasúnaithe ó fhostaíocht páirtaimseartha - féach Nóta 1
Íocaíochtaí leasa shóisialaigh
Liúntas oiliúna FÁS
Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh
Ioncam in airgead tirim (mar shampla, cothabháil)
Caipiteal (mar shampla, maoin, coigiltis agus infheistíochtaí - féach Nóta 2

Nóta 1
Is éard is ioncam inmheasúnaithe ó fhostaíocht ná ollioncam lúide ÁSPC agus speansais taistil réasúnta.

Tá measúnú do chostais taisteal ag brath ar an áit ina bhfuil tú i do chónaí. Ba chóir duit déan teagmháil le d'Oifigeach Leasa Phobal chun aimsiú conas a bheith do chostais taisteal measúnaithe.

Nóta 2
Déanfar luach caipitil maoine (seachas do theach féin), infheistíochtaí agus coigiltis a mheasúnú ar bhonn seachtainiúil mar seo a leanas:

Ní chuirtear an chéad €5,000 san áireamh
Déantar an chéad €10,000 eile a mheasúnú ag €1 in aghaidh €1,000
Déantar an chéad €25,000 eile a mheasúnú ag €2 in aghaidh €1,000
Déantar caipiteal ar bith eile os cionn €40,000 eile a mheasúnú ag €4 in aghaidh €1,000.

Céim 2: Dealaigh neamhairde ioncaim

Dealaigh ioncam ar bith nach dtógtar san áireamh sa mheasúnú maidir le Forlíonadh Ús Morgáiste. Tugtar neamhaird ioncaim freisin ar ioncam nach bhfuil san áireamh.

Neamhaird ioncaim príomhúil

Ní thógtar na míreanna seo a leanas san áireamh mar ioncam agus Forlíonadh Ús morgáiste á ríomh:

  • Sochar Leanaí
  • Liúntas Gluaiseachta
  • Íocaíochtaí um chúram altrama ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
  • Íocaíochtaí as cóiríocht a thabhairt do leanaí faoin Acht um Chúram Leanaí
  • Ioncam ó mhic léinn ag freastal ar an nGaeltacht
  • Deontais nó liúntais ó scéimeanna a chuireann leas na ndall chun cinn
  • Airgead a fhaightear ó eagraíochtaí carthanachta, mar shampla, Cumann Naomh Uinseann de Pól
  • Cúiteamh a dhámh an Bord um Shásamh maidir le Heipitíteas C fuarthas ó tháirgí fola áirithe, dóibh siúd a bhfuil míchumais orthu mar gheall ar Tailídimíd agus dóibh siúd a bhfuil cúiteamh á fháil acu ón mBord um Shásamh i leith Foras Cónaithe
  • Deontais chothabhála arna íoc ag an gCoiste Gairmoiliúna nó ag na hÚdaráis Áitiúla chun críocha oideachasúla
  • Liúntas Cúram Baile
  • Má tá tú 65 bliana d'aois nó níos sine ná sin (nó sa chás go bhfuil aois an phinsin bainte amach ag duine de lánúin) agus comhioncam teaghlaigh acu atá níos mó ná ráta an LLF atá iomchuí d'imthosca do theaghlach, ceadaítear neamhaird duit atá cothrom leis an difear idir uasráta an Phinsin Stáit (Ranníocach) atá iomchuí do d'imthosca agus ráta an LLF atá iomchuí do d'imthosca
  • An Liúntas Cúramóra ar leathráta nua
  • Má tá an Liúntas Cúramóra caighdeánach á fháil agat, ní thógtar an méid ón Liúntas Cúramóra atá os cionn ráta bunúsach an LLF a bhaineann le do staid (ceachtar den ráta do chleithiúnaí aosaithe nó den ráta pearsanta do dhuine aonair) san áireamh.
  • Ní thógtar Sochar Cúramóra os cionn ráta bunúsach an LLF a bhaineann le do staid (ceachtar den ráta do chleithiúnaí aosaithe nó den ráta pearsanta do dhuine aonair) san áireamh
  • Deontas Cúraim Faoisimh
  • Íocaíocht Chaomhnóra (Ranníocach) agus Íocaíocht Chaomhnóra (Neamh-Ranníocach)

Neamhaird Ioncaim Teaghlaigh Bhreise

Má tá tú ag obair nó ag fáil cothabhála nó má tá ioncam teaglaigh bhreise agat, caithfidh tú an Neamhaird Ioncaim Teaghlaigh Bhreise a úsáid.

Is méid áirithe é an Neamhaird Ioncaim Teaghlaigh de d'ioncam teaghlaigh nach dtugtar san áireamh. Ní thugtar €75 de ioncam teaghlaigh breise ar bith san áireamh. Ina theannta sin, ní thugtar 25% ó do ioncam teaghlaigh breise os cionn €75 san áireamh. Níl aon uasteorainn ar an méid gur féidir neamhaird a dhéanamh de – féach Nóta 3.

Áiríonn Neamhaird Ioncaim Teaghlaigh Bhreise ioncam mar a leanas:

  • Fostaíocht páirtaimseartha nó féinfhostaíocht páirtaimseartha
  • Scéim fostaíochta nó oiliúna ar bith, mar shampla, FP, Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair nó cúrsa FÁS
  • Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh
  • Íocaíochtaí Cothabhála os cionn €95.23

D'fhonn an Neamhaird Ioncaim Teaghlaigh Bhreise a ríomh:

Neamhaird Ioncaim Teaghlaigh Bhreise
Lúide ráta Liúntas Leasa Forlíontach (LLF) – féach Céim 3 thíos
Lúide €75
Lúide 25% ó ioncam ar bith atá agat i ndiaidh duit €75 a dhealú uaidh

Mar shampla:

Ioncam (lúide ráta LLF) €200
Lúide €75
€125

Faigh 25% de méid iomlán: €125 ÷ 4 = €31.25

Suimigh an dá neamhairde: €75 + €31.25 = €106.25

Neamhaird Ioncaim Teaghlaigh = €106.25

Nóta 3: Neamhaird Tuillimh Athshlánúcháin

Má tá tú ag obair agus ag fáil Liúntais Míchumais nó Pinsin na nDall, is féidir leat Neamhaird Tuillimh Athshlánúcháin nó Neamhaird Ioncaim Teaghlaigh a úsáid (ní féidir an dá cheann a úsáid). Úsáid cibé ceann is fearr a oireann duit féin.

Neamhaird Tuillimh Athshlánúcháin is ea méid áirithe den ioncam atá agat ó obair athshlánúcháin nach dtógtar san áireamh. Ní thógtar €120 ó oiliúint nó fostaíocht athshlánúcháin san áireamh sa mheasúnú maidir le Forlíonadh Ús Morgáiste. Tógtar gach tuilleamh os cionn €120 ó oiliúint nó fostaíocht athshlánúcháin san áireamh agus beidh tionchar aige ar bForlíonadh Ús Morgáiste atá agat.

Céim 3: Bain as ráta an Liúntais Leasa Fhorlíontaigh

Dealaigh an ráta bunúsach seachtainiúil de Liúntas Leasa Forlíontach (LLF) an teaghlaigh ón ioncam teaghlaigh iomlán seachtainiúil i ndiaidh neamhairde atá ríofa agat i gCéim 2, mura mbíonn an Neamhaird Ioncaim Teaghlaigh Bhreise úsáidte agat. Má tá an Neamhaird Ioncaim Teaghlaigh Bhreise úsáidte agat i Céim 2, beidh an ráta LLF an teaglaigh asbhainte cheana féin.

Tá bonn ráta an LLF mar seo a leanas (2014):

Ráta pearsanta €186
Cleithiúnaí aosaithe €124.80
Cleithiúnach linbh €29.80

Tá tuilleadh eolais faoin ráta LLF do dhaoine faoi bhun 26 bliana d’aois ar fáil sa doiciméad maidir le Liúntas Leasa Forlíontach.

Anois, tá d'ioncam inmheasúnaithe seachtainiúil ríofa agat.

Céim 4: Faigh amach do ranníocaíocht mhíosúil úis morgáiste

Faigh amach an méid iomlán a chaithfidh tú a íoc i dtreo d’ús morgáiste.

Leis an méid seo a dhéanamh, suimigh d'ioncam inmheasúnaithe seachtainiúil (an figiúr iomlán ó Chéim 3) agus do Ranníocaíocht Teaghlaigh íosmhéide (€30 ó €40 sa tseachtain – féach Nóta 5)

Ansin iolraigh an figúir seo faoi 52 agus roinn faoi 12 chun do ranníocaíocht mhíosúil úis morgáiste a fháil


Ioncam inmheasúnaithe seachtainiúil €
Suimigh Ranníocaíocht Teaghlaigh €____
Ranníocaíocht sheachtainiúil úis morgáiste €
x 52

÷12

Méid iomlán ranníocaíocht mhíosúil úis morgáiste €

Nóta 5: Faisnéis bhreise faoi Ranníocaíocht Teaghlaigh

Ní mór don teaghlach €30 i dtreo úis morgáiste a ranníoc. Má tá tú ceann de lánúin ní mór duit a íoc €40.

Ní do bhaill teaghlaigh neamhchleithiúnacha atá ag brath go hiomlán ar íocaíocht leasa shóisialaigh phearsanta €30 a ranníoc chomh maith. É sin ráite, má bhí an Sochar agus Pribhléid measúnaithe i gcoinne d'íocaíocht leasa shóisialaigh ní bheidh ort €30 a ranníoc.

Is féidir leis an Oifigeach Leasa Pobail méid an Fhorlíonta Ús Morgáiste atá iníoctha a laghdú faoi mhéid ar bith atá inchurtha i leith gach ball teaghlaigh neamhspleách i bhfostaíocht dar leis. Is é an nósmhaireacht agus an cleachtas go ndéantar ioncam inmheasúnaithe an bhaill teaghlaigh neamhchleithiúnaigh (i., ollioncam lúide ÁSPC agus costais taistil go dtí an áit oibre) a roinnt faoi ráta iomchuí an LLF dá staid agus ansin déantar é sin a iolrú faoi €30 chun a dhliteanas i leith ranníocaíochta a oibriú amach.

Mar shampla

Má tá d'iníon atá 26 bliana d'aois ina cónaí leat agus €700 á shaothrú aici i aghaidh na seachtaine:

€700 ÷ €196 (LLF) = €3.57

Iolraigh 3.57 faoi €24 = €85.68

Sa chás seo, laghdaítear d'Fhorlíonadh Ús Morgáiste faoi €85.68

Ní dhéanfaidh lánúin thar aois 65 a bhfuil ioncam acu atá cothrom nó níos lú ná an Pinsean Stáit (Ranníocach) dá staid ach €40 a íoc i leith a gcuid ús morgáiste. Ní dhéanfaidh lánúin a bhfuil Pinsin Stáit (Ranníocach) ag an mbeirt acu gan ioncam ar bith eile ach €40 a íoc i leith a gcuid ús morgáiste ach an oiread.

Céim 5: Faigh amach d’íocaíocht ús morgáiste

Dealaigh do ranníocaíocht mhíosúíl ón ús morgáiste dlite d’iasachtóir chun do Fhorlíonadh Ús Morgáiste a fháil.

Ús morgáiste míosúil dlite d’iasachtóir €
Lúide do ranníocaíocht mhíosúil úis morgáiste - €_____
Forlíonadh Ús Morgáiste iomlán €

Nóta: Is an Forlíonadh Ús Morgáiste iníoctha duit é an difríocht idir d' Fhorlíonadh Ús Morgáiste agus do ranníocaíocht mhíosúil úis morgáiste agus is an difríocht méid réasúnach í chun do riachtanais cónaithe a shásamh. Is féidir le d’ Oifigeach Leasa Pobail na uasteorainneacha cíosa socraithe maidir le Forlíonadh Cíos a úsáid chun treoir mhéid réasúnach a chinneadh.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Ó 1 Eanáir 2014, tá deireadh leis an scéim Forlíonadh Ús Morgáiste d'iarratasóirí nua agus ní ghlacfar aon iarratas nua ón dáta seo. Ní bhainfidh an beart seo le héilitheoirí reatha láithreach (daoine a fhaigheann Forlíonadh Ús Morgáiste roimh 1 Eanáir 2014. Tiocfaidh an scéim chun críche d’éilitheoirí reatha thar thréimhse 4 bhliain.

Téigh i dteagmháil le na t-ionadaí Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí (a tugadh an tOifigeach Leasa Pobail air roimhe seo).

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 13 Nollaig 2022