Anseo atá tú: Baile > Leas Sóisialach > Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh > Scéimeanna Leasa Forlíonacha

Print Page Send to a Friend

Scéimeanna Leasa Forlíonacha

Overview Document Forbhreathnú ar an Scéim Liúntas Forlíontach Leasa Shóisialaigh Tugann cuntas ar an Scéim Liúntas Forlíontach Leasa Shóisialaigh; lena n-áirítear, an bhuníocaíocht agus na fordheontais éagsúla de réir na scéime.

Liúntas Leasa Forlíontach
Liúntas Leasa Forlíontach é íocaíocht do dhaoine incháilithe atá gan ioncam. Cur síos gairid ar na coinníollacha teidlíochta ar Liúntas Leasa Forlíontach lena n-áirítear an scrúdú maoine.

Riar na Scéime Liúntais Leasa Fhorlíontaigh
Tá ionadaithe na Roinne Coimirce Sóisialaí (tugadh Oifigigh Leasa Pobail (CWOanna) orthu roimhe seo) freagrach as riar laethúil na Scéime Liúntais Leasa Fhorlíontaigh. Is féidir leat níos mó faisnéise a fháil faoina bhfeidhm agus faoina gcuid freagrachtaí.

Na híocaíochtaí ar riachtanais eisceachtúil agus phráinneach
Cur síos ar na rialacha a bhaineann le hiarratas ar íocaíocht riachtanais eisceachtúil nó práinneach. Áirítear cúnamh le costais na sochraide agus billí breosla. Caithfidh tú bheith riachtanas práinneach agat nó bheith ar bheagán nó gan aon mhaoin chun an íocaíocht seo a fháil.

Forlíontaí téimh agus aiste bia
Tá forlíonta breise seachtainiúla do riachtanais speisialta teasa agus aistí bia ar fáil faoin Liúntas Breise Leasa.

Forlíonadh Ús Morgaíste
Is íocaíocht é Forlíonadh Ús Morgáiste a dhéanann an Roinn Coimirce Sóisialaí. Soláthraíonn sé tacaíocht ghearrthéarmach chun cabhrú leat d’aisíocaíochtaí úis morgáiste a íoc.

Conas Forlíonadh Ús Morgáiste a ríomh
Léirítear na céimeanna a bhaineann leis an bhForlíonadh ús morgáiste atá agat a ríomh.

Forlíonadh Cíos
B’fhéidir go mbeadh daoine a bhíonn ag fáil íocaíocht leas sóisialach incháilithe le haghaidh Forlíonta Cíosa lena chinntiú nach dtitfidh a n-ioncam faoi íosleibhéal tar éis dóibh a gcíos a íoc.

Conas Forlíonadh Cíosa a Ríomh
Léirítear na céimeanna a bhaineann leis an bhForlíonadh Cíosa atá agat a ríomh.

Liúntas Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil
Íoctar an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil gach bliain le teaghlaigh atá ar íocaíochtaí áirithe leasa shóisialaigh agus sochair. Cabhraíonn an scéim leo leis an gcostas a bhaineann le páistí a chur ar ais chuig an scoil.
This document is in: Leas Sóisialach > Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh > Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh le Teaghlaigh agus le Leanaí

Humanitarian Assistance Scheme
This scheme provides emergency financial assistance to households who are not in a position to meet costs for essential needs immediately after flooding.

Teanga

English

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.