Aistriú ó Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora

Réamhrá

Tháinig laghdú ar an aoisteorainn d’Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora (ÍTA) anuas go dtí 7 mbliana i measc fhormhór na n-éilitheoirí. Ciallaíonn seo nach gcáileoidh líon mór daoine a thuilleadh don ÍTA ó Iúil 2015 ar aghaidh mar gheall go bhfuil a leanbh is óige os cionn na haoisteorann. Tá eisceachtaí maidir leis an aoisteorainn i measc daoine a dhéanann tuistiú aonair a bhfuil Liúntas Cúram Baile nó Pinsean na nDall á fháil acu, a thugann cúram do dhuine nó a bhí thíos le méala le déanaí.

Tugtar forbhreathnú sa cháipéis seo ar na roghanna atá ar fáil duit. Féadfaidh tú breis faisnéise agus comhairle a fháil ag d’Ionad Intreo nó ag d’oifig áitiúil leasa shóisialaigh nó ag an Ionad um Fhaisnéis do Shaoránaigh is gaire duit.

Seimineáir faisnéise

Thug an Roinn Coimirce Sóisialaí cuireadh do dhaoine, a ndearna na hathruithe ar Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora difear dóibh, chun freastal ar sheimineáir faisnéise. Murar fhreastail tú ar sheimineár faisnéise, ar chúis éigin, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le d’ionad Intreo nó d’oifig áitiúil leasa shóisialaigh a luaithe is féidir chun plé a dhéanamh ar na roghanna atá ar fáil duit.

Sa mhullach air sin, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ionad Intreo nó le hoifig leasa shóisialaigh má bhíonn aon cheisteanna agat faoin deireadh atá á chur le d’Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora agus do theidlíocht d’íocaíocht idirthréimhseach Chuardaitheora Poist.

Rialacha

Íocaíocht Idirthréimhseach Chuardaitheora Poist

Aistreofar formhór na ndaoine nach gcáilíonn a thuilleadh d’Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora mar gheall go bhfuil a leanbh 7 mbliana d’aois, chuig íocaíocht Idirthréimhseach Chuardaitheora Poist (ar a dtugtar ICP).

Íoctar ICP le daoine nach bhfuil ag comhchónaí le duine agus a bhfuil a leanbh is óige idir 7 agus 13 bliana d’aois. Tá de chuspóir ag an íocaíocht tacú leat áit a bhaint amach sa lucht saothair agus a aithint, i gcomhthráth, go bhfuil cúram á thabhairt agat do leanaí óga. Féadfaidh tú páirt a ghlacadh i gcúrsa oideachais agus ICP a fháil. Is féidir leat teacht ar thuilleadh faisnéise inár gcáipéis ar Íocaíocht Idirthréimhseach Chuardaitheora Poist.

An ÍTA agus Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh

Má tá tú ag oibriú agus Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht (ITF) á fháil agat anuas ar do ÍTA, déanfar athbhreithniú uathoibríoch ar d’íocaíocht ITF nuair a chríochnaíonn do ÍTA. I bhformhór na gcásanna, eascróidh méadú as seo ar d’íocaíocht ITF.

Anuas air sin, d’fhéadfá cáiliú don Díbhinn Teaghlaigh um Fhilleadh ar Obair (DTFAO). Ceadaíonn an íocaíocht nua seo do thuismitheoirí a bhfuil Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora nó íocaíocht chuardaitheora poist á fáil acu chun an Méadú iomlán do Leanbh Cáilithe a choimeád don chéad bhliain fostaíochta nó féinfhostaíochta agus leath na suime sin a choimeád sa dara bliain. Féadtar an DTFAO a íoc mar aon le FIT agus ní bheidh aon tionchar aige ar do theidlíocht do FIT.

Má tá ÍTA agus FIT á bhfáil agat faoi láthair agus má bheidh do ÍTA ag críochnú in Iúil 2015, seolfar foirm iarratais chugat don DTFAO mar aon le litir ina mínítear na hathruithe a dhéanfar ar d’íocaíocht ÍTA.

Má bhíonn ceisteanna ginearálta agat faoin FIT, féadfaidh tú glao ar an rannóg FIT ar (043) 334 0053 nó ríomhphost a sheoladh chuig FISSection@welfare.ie.

ÍTA agus Liúntas Cúramóra

Féadfaidh daoine a dhéanann tuistiú aonair, a thugann cúram do dhuine dá leanaí nó do dhuine fásta (ar nós tuismitheora nó siblín) cáiliú anois do ÍTA agus do Liúntas Cúramóra leathráta, a fhad agus atá a leanbh is óige faoi bhun 16 bliana d’aois. (Achtaíodh leasú leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 2005 chun an t-athrú seo a cheadú).

Ciallaíonn seo gur féidir leat ÍTA agus Liúntas Cúramóra Leathráta (LC) a éileamh go dtí go mbaineann do leanbh is óige 16 bliana amach, a fhad agus a leanann tú leis na coinníollacha don dá scéim a chomhlíonadh. Anuas air sin, gheobhaidh tú Méadú do Leanbh Cáilithe (MLC) d’aon leanaí eile sa teaghlach go dtí go mbainfidh siad 18 mbliana d’aois amach (nó 22 bliain d’aois má tá siad in oideachas lánaimseartha) fad atá LC agus ÍTA á n-íoc.

Má bhí ÍTA agus LC leathráta á bhfáil agat roimhe seo, agus má rinne leasuithe athrú aoise ÍTA difear duit, tá tú anois i dteideal chun iarratas a dhéanamh ar an dá íocaíocht.

Cuimsíonn an fhoráil seo iontrálaithe nua chuig an scéim ÍTA, a bhfuil a leanbh is óige idir 7 agus 15 bliana, na blianta sin san áireamh, nuair a cháilíonn siad do Liúntas Cúramóra.

ÍTA agus Liúntas Cúram Baile

Má tá Liúntas Cúram Baile (LCB) á fháil agat do dhuine de do leanaí, ní bhaineann an aoisteorainn 7 mbliana don leanbh is óige, agus féadfaidh tú d’íocaíocht ÍTA a choimeád. Ciallaíonn seo gur féidir leat leanúint le cáiliú do ÍTA go dtí go mbaineann an leanbh sin 16 bliana d’aois amach nó go gcuirtear stop le do LCB. Anuas air sin, gheobhaidh tú Méadú do Leanbh Cáilithe (MLC) d’aon leanaí eile sa teaghlach go dtí go mbainfidh siad 18 mbliana d’aois amach (nó 22 bliain d’aois má tá siad in oideachas lánaimseartha) fad atá an LCB agus an ÍTA á n-íoc. Má tá do leanbh is óige faoi bhun 7 mbliana d’aois nuair a chuirtear stop le do LCB, féadfaidh tú leanúint le cáiliú do ÍTA chomh maith.

ÍTA agus Pinsean na nDall

Pinsean na nDall iníoctha le ÍTA. Ciallaíonn seo gur féidir le duine a cháilíonn dó ÍTA agus Pinsean na nDall an dá íocaíocht a fháil ar an ráta iomlán. Beidh daoine a cháilíonn do Phinsean na nDall díolmhaithe ó na coinníollacha aoise do ÍTA. Ciallaíonn seo gur féidir leat Pinsean na nDall agus ÍTA (agus aon mhéaduithe do leanaí cáilithe atá iníoctha le Pinsean na nDall agus ÍTA) a éileamh i dteannta a chéile go dtí go mbaineann do leanbh 16 bliana d’aois amach. T

ÍTA agus filleadh ar oideachas

Má tá páirt á glacadh agat i gcúrsa aitheanta oideachais nuair a chríochnaíonn do theidlíocht do ÍTA, féadfaidh tú do chúrsa a chríochnú agus íocaíocht a fháil. Braitheann an íocaíocht a mbíonn tú incháilithe di ar do chúinsí.

Má tá tú in oideachas agus má chuirtear deireadh le do ÍTA mar go bhfuil an teorann aoise sroichte ag to pháiste is óige féadfaidh tú aistriú go Sochar Idirthréimhseach Liúntas Cuardaitheora Poist (JST) agus leanúint ar aghaidh le do chúrsa.Is féidir LCPI agus deontas mic léinn a éileamh ag an am céanna agus ní dhéanfar an deontas a mheas mar mhaoin le haghaidh. Ba chóir duit é a thabhairt faoi deara áfach nach féidir leat Forlíonadh Cíosa a éileamh má bhíonn deontas mic léinn á fháil agat ná má bhíonn tú in oideachas lánaimseartha (Ní bhaineann an riail seo le teidlíocht ar ÍCT).

Ta sé tábhachtach tábhachtach go gcuimhníonn tú go dtiocfaidh deireadh le do theidlíocht do LCPI nuair a bhaineann do leanbh is óige 14 bliana d’aois amach. Mura mbeidh do chúrsa críochnaithe agat nuair a bhaineann do leanbh aois 14 bliana amach, beidh ort aistriú chuig an Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas chun do chúrsa a chríochnú nó rogha a dhéanamh leanúint le do dheontas mic léinn a fháil.

ÍTA agus scéimeanna fostaíochta

Má tá tú rannpháirteach i scéim fostaíochta (ar nós Fostaíocht Pobail) nuair a chríochnaíonn do theidlíocht don ÍTA, féadfaidh tú leanúint bheith rannpháirteach sa scéim go dtí go gcríochnaíonn sí agus íocaíocht a fháil. Socróidh foireann an RCS seo duit.

ÍTA agus tacaíocht tithíochta

Áirítear an chuid is mó d'fhoinsí ioncaim (ÍTA san áireamh) sa tástail maoine do thacaíocht tithíochta sóisialta agus chun cíosanna difearálacha a ríomh.

Má tá tú ag cur isteach ar thithíocht sóisialta ba cheart an t-údarás áitiúil a chur ar an eolas maidir le haon athrú ar d'ioncam ionas gur féidir do mhaoine a athmheas.

Má tá tithíocht ar cíos agat cheana féin ó údarás áitiúil nó ó chumann tithíochta ba cheart iad a chur ar an eolas maidir le haon athrú ar d'ioncam ionas gur féidir do chíos a athríomh. Má tá tithíocht ar cíos agat faoin scéim um Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (HAP), ba cheart an t-údarás áitiúil a chur ar an eolas maidir le haon athrú ar d'ioncam ionas gur féidir do ranníocaíocht cíosa a athríomh.

Má tá Forlíonadh Cíosa agat, d'fhéadfaí go mbeadh baint ag aon athrú ar do chúinsí le do theidlíocht agus ba cheart duit oifig na Roinne Coimirce Sóisialaí a íocann d'fhorlíonadh a chur ar an eolas. Go háirithe mar atá thuasluaite, ní féidir Forlíonadh Cíosa a éileamh má fhaigheann tú deontas mic léinn nó má tá tú in oideachas lánaimseartha. Tá teorann chomh maith ar líon na n-uaireanta oibre gur féidir leat a dhéanamh in aghaidh na seachtaine agus tú ag leanúint le forlíonadh cíosa a fháil. (Nóta: má aistríonn tú go (HAO) ina ionad, is féidir leat post lánaimseartha a bheith agat agus do theidlíocht ar HAP a choinneáil).

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 4 Eanáir 2023