Print Page Send to a Friend

Toircheas agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh

Réamhrá

Is é an íocaíocht leasa shóisialaigh is mó a aithnítear maidir le toircheas ná Sochar Máithreachais. Má tá tú ag iompar clainne áfach, agus íocaíocht leasa shóisialaigh dhifriúil á fháil agat, leanfaidh tú led' íocaíocht a fháil chomh fada is a shásaíonn tú na coinníollacha a bhaineann léi. D'fhéadfadh go mbeadh tú i dteideal Sochar Máithreachais ar leathráta a fháil má tá íocaíocht leasa shóisialaigh áirithe á fháil agat (mar shampla, Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora) agus go bhfuil tú fostaithe.

Ní féidir leat cáiliú do Shochar Máithreachais má tá tú dífhostaithe agus tú ag iompar clainne, ach amháin má thagann deireadh le do chonradh fostaíochta laistigh de 16 seachtaine den seachtain ina bhfuil tú ag súil leis an leanbh agus go sásaíonn tú na coinníollacha maidir le ranníocaíocht ASPC. Sa chás seo, íoctar Sochar Máithreachais ón lá i ndiaidh an dáta ar do P45.

Mura gcáilíonn tú do Shochar Máithreachais d'fhéadfá cáiliú d'íocaíocht leasa shóisialaigh eile.

Míníonn an cháipéis seo conas mar a pléitear le toircheas má tá Sochar Cuardaitheora Poist, Liúntas Cuardaitheora Poist, Sochar BreoiteachtaÍocaíocht Teaghlach Aontuismitheora.

Toircheas agus Sochar Cuardaitheora Poist

Is féidir leat leanúint le Sochar Cuardaitheora Poist a fháil agus tú ag iompar clainne. Meastar go bhfuil tú in ann obair ach amháin má tá fadhbanna agat le linn na tréimhse toirchis nó má tá tú breoite. Caithfidh tú a bheith ar fáil agus ag lorg oibre go dáiríre chun Sochar Cuardaitheora Poist a fháil; ciallaíonn sé seo gur gá duit leanúint ag lorg oibre le linn do thoirchis.

gá duit síniú isteach ag d'oifig leasa shóisialaigh áitiúil agus gá duit a chruthú go bhfuil tú ag lorg oibre 4 seachtaine roimh dáta breithe ionchais an linbh agus ar feadh 8 seachtaine i ndiaidh na breithe áfach. Caithfidh tú insint do d'oifig leasa shóisialaigh áitiúil go bhfuil tú ag iompar clainne.

Ní íocfar do Shochar Cuardaitheora Poist ach le haghaidh an líon seachtaine atá fágtha ar d'éileamh. Mura gcáilíonn tú do Shochar Cuardaitheora Poist a thuilleadh is féidir leat iarratas a chur isteach ar Liúntas Cuardaitheora Poist - féach thíos. Tá na rialacha do Liúntas Cuardaitheora Poist cosúil leis na cinn a bhaineann le Sochar Cuardaitheora Poist ach beidh ort tástáil mhaoine a dhéanamh.

I ndiaidh bhreith do linbh d'fhéadfá cáiliú le haghaidh méadú i do Shochar Cuardaitheora Poist dod' leanbh. Ba chóir duit dul i dteagmháil le rannóg an tSochair Chuardaitheora Poist le fáil amach an gcáilíonn tú.

Toircheas agus Liúntas Cuardaitheora Poist

Is féidir leat leanúint le Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil agus tú ag iompar clainne. Meastar go bhfuil tú in ann obair ach amháin má tá fadhbanna agat le linn na tréimhse toirchis nó má tá tú breoite. Caithfidh tú a bheith ar fáil agus ag lorg oibre go dáiríre chun Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil; ciallaíonn sé seo gur gá duit leanúint ag lorg oibre le linn do thoirchis.

gá duit síniú isteach ag d'oifig leasa shóisialaigh áitiúil agus gá duit a chruthú go bhfuil tú ag lorg oibre 4 seachtaine roimh dáta breithe ionchais an linbh agus ar feadh 8 seachtaine i ndiaidh na breithe áfach. Caithfidh tú insint do d'oifig leasa shóisialaigh áitiúil go bhfuil tú ag iompar clainne.

I ndiaidh bhreith do linbh d'fhéadfá cáiliú le haghaidh méadú i do Liúntas Cuardaitheora Poist dod' leanbh. Ba chóir duit dul i dteagmháil le rannóg an Liúntais Chuardaitheora Poist le fáil amach an gcáilíonn tú.

Cad a tharlaíonn mura féidir liom Liúntas/Sochar Cuardaitheora Poist a fháil de bharr breoiteachta le linn na tréimhse toirchis?

Má tá tú breoite nó tinn le linn duit a bheith ag iompar clainne ní cháilíonn tú do Liúntas Cuardaitheora Poist ná Sochar Cuardaitheora Poist. D'fhéadfá Sochar Breoiteachta a fháil má bhí tú ag obair agus go bhfuil go leor ranníocaíochtaí árachais shóisialta agat - féach thíos. Mura bhfuil tú i dteideal Sochar Breoiteachta agus más cosúil go leanfaidh do bhreoiteacht ar feadh breis agus 12 mhí d'fhéadfá a bheith i dteideal Liúntas Míchumais a fháil.

D'fhéadfá roinnt tacaíochta airgeadais a fháil faoin Scéim Liúntais Leasa Fhorlíontaigh, má tá tú ag iompar clainne agus nach bhfuil íocaíocht leasa shóisialaigh á fháil agat agus nach bhfuil tú i dteideal aon cheann de na híocaíochtaí leasa shóisialaigh thuas a fháil.

Toircheas agus Sochar Breoiteachta

Má tá tú dífhostaithe, ag iompar clainne agus Sochar Breoiteachta á éileamh agat leanfar leis an Sochar Breoiteachta a íoc leat chomh fada is atá riocht ort seachas toircheas a dhlíonn tú a bheith ar Shochar Breoiteachta. Caithfidh tú leanúint le teastais dochtúra a chur isteach le cáiliú don Sochar Breoiteachta.

Ní féidir leat an toircheas féin a úsáid mar chúis leighis le Sochar Breoiteachta a éileamh. D'fhéadfadh fadhbanna sláinte a eascraíonn de bharr an toirchis na critéir mhíochaine don Sochar Breoiteachta a shásamh áfach.

I ndiaidh bhreith do linbh d'fhéadfá cáiliú le haghaidh méadú i do Shochar Breoiteachta do leanbh cleithiúnach. Ba chóir duit dul i dteagmháil le rannóg an tSochair Bhreoiteachta le fáil amach an gcáilíonn tú.

Torrach agus ar shaoire bhreoiteachta ón obair

Má tá tú ar shaoire bhreoiteachta ón obair agus Sochar Breoiteachta á fháil agat díreach roimh dháta tosaithe do shaoire mháithreachais, íocfar Sochar Máithreachais leat sa ghnáthshlí má shásaíonn tú na coinníollacha maidir le ranníocaíochtaí árachais shóisialta.

Níl na ranníocaíochtaí árachais shóisialta do Shochar Máithreachais agus Sochar Breoiteachta mar an gcéanna. Dá bhrí sin, má tá tú fostaithe ach ar shaoire bhreoiteachta agus nach bhfuil Sochar Breoiteachta á fháil agat d'fhéadfá fós cáiliú le haghaidh Sochar Máithreachais. Caithfidh tú na ranníocaíochtaí árachais shóisialta a shásamh áfach.

Toircheas agus Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora

Má tá tú ag iompar clainne agus Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora á fháil agat, leanfaidh tú le híocaíocht a fháil chomh fada is a shásaíonn tú na coinníollacha. I ndiaidh bhreith do linbh cáileoidh tú do mhéadú id' íocaíocht do leanbh cleithiúnach.

Má tá tú ag iompar clainne agus nach bhfuil leanaí eile agat, níl tú i dteideal Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora a fháil go dtí go dtagann do leanbh ar an saol.

D'fhéadfá Sochar Máithreachais ar leathráta a fháil led' Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora má tá tú fostaithe agus go leor ranníocaíochtaí árachais shóisialta agat. Ní íoctar Sochar Breoiteachta ar leathráta leis an Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora níos mó ó 1 Feabhra 2012.

Mura bhfuil tú i dteideal Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora agus nach bhfuil aon ioncam eile agat d'fhéadfá roinnt tacaíochta airgeadais a fháil faoin Scéim Liúntais Leasa Fhorlíontaigh.

Priacail sláinte ag an obair nó obair istoíche

Is íocaíocht sheachtainiúil é Sochar Sláinte agus Sábháilteachta do mhná fostaithe atá ag iompar clainne nó a bhfuil leanbh cíche acu, agus a thugann a bhfostóirí Saoire Sláinte agus Sábháilteachta dóibh.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 7 February 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Sochar Máithreachais
    Is íocaíocht í Sochar Máithreachais a dhéanann an Roinn Coimirce Sóisialaí le mná a bhíonn ar shaoire mháithreachais ón obair. Faigh tuilleadh faoi Shochar Máithreachais agus conas iarratas a dhéanamh.
  • Ag éileamh íocaíocht leasa shóisialaigh bhreise ar leathráta
    Go hiondúil ní féidir ach íocaíocht chúnaimh leasa shóisialaigh nó íocaíocht bunaithe ar árachas amháin a éileamh ag aon uair amháin. Mar sin féin, i gcúinsí áirithe féadann tú a bheith i dteideal d'íocaíocht leasa shóisialaigh a fháil in éineacht le leath íocaíocht leasa shóisialaigh eile. Faigh tuilleadh faisnéise.
  • Saoire mhaithreachais
    Tá fostaithe mná in Éirinn i dteideal saoire mháithreachais, roimh agus i ndiaidh breithe a leanbh. Sonraí breise ar fáil anseo.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.