Soláthraíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí íocaíochtaí leasa shóisialaigh chun cúnamh a thabhairt do theaghlaigh agus go háirithe do leanaí. Tá go leor cineál teaghlach agus is í an aidhm atá leis na híocaíochtaí leasa shóisialaigh ná tacaíocht a thabhairt dóibh siúd a bhfuil géarghá acu le cúnamh airgeadais. Féach anseo i gcomhair níos mó faisnéise ar an réimse leathan cearta agus teidlíochtaí do theaghlaigh.
Is é Sochar Leanaí an íocaíocht is coitianta do theaghlaigh le leanaí. Tá tú i dteideal an íocaíocht sin a fháil nuair a shásaíonn tú an coinníoll gnáthchónaí agus nuair atá leanaí cleithiúnacha agat, a shásaíonn na coinníollacha iomchuí.
Cuirfear do chúinsí teaghlaigh agus nithe eile san áireamh agus íocaíochtaí eile á meas, mar shampla an bhfuil do dhóthain ranníocaíochtaí ÁSPC íoctha agat, an bhfuil tú ar ioncam íseal.
Íoctar Sochar Máithreachais ar feadh 26 seachtain le mná atá ar saoire máithreachais óna bhfostaíocht nuair atá méid áirithe ÁPSC ( Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa) íoctha acu. Braitheann an méid airgid a íoctar leat gach seachtain ar do thuillimh.
Ciallaíonn Sochar Sláinte agus Sábháilteachta íocaíocht do mhná dá ndeonaítear saoire sláinte agus sábháilteachta agus a bhfuil a ndóthain ranníocaíochtaí ÁSPC acu. Tugann d'fhostóir saoire sláinte agus sábháilteachta duit nuair nach féidir leis/léi deireadh a chur le riosca áirithe duitse le linn duit a bheith torrach, ag tabhairt na cíche nó ag obair i rith na hoíche agus nuair nach féidir leis/léi dualgas eile saor ó riosca a thabhairt duit.
Íoctar Sochar Uchtála le máthair nó fear aonair a uchtaíonn leanbh. Ní mór coinníollacha áirithe um ranníocaíochta árachais shóisialaigh a shásamh i do thaifead árachais féin.
Ciallíonn Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora íocaíocht do mhná agus fir atá ag tógáil clainne gan páirtí. Ní mór duit tástáil acmhainne agus an coinníoll gnáthchónaí a shásamh. Má tá tú ag obair, tá tú i dteideal Creidmheas Chánach Teaghlaigh Aontuismitheora. Ní gá duit Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora a fháil chun an chreidiúint chánach seo a éileamh a fháil.
Tugtar Íocaíocht Chaomhnóra do chaomhnóirí dílleachtaí faoi bhun 18 mbliana d'aois nó go dtí 22 bhliain d'aois má tá sé/sí in oideachas lánaimseartha. Tá trí íocaíocht difriúla ann do dhílleachtaí agus cáilíonn leanbh le haghaidh ceann acu má tá an bheirt thuismitheoirí marbh, nó má tá tuismitheoir amháin marbh nó má dhiúltaigh sé/sí soláthar don leanbh agus má tá an tuismitheoir eile gan fios cé hé é ó í nó má thréig sé/sí an leanbh nó má dhiúltaigh sé/sí soláthar don leanbh.
Is íocaíocht sheachtainiúil é an Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh a thugtar saor ó cháin d' fhostóirí le leanaí. Le cáiliú, ní mór leanbh amháin ar a laghad a bheith agat atá ina c(h)ónaí leat agus atá á c(h)othú agat agus ní mór meánioncam teaghlaigh seachtainiúil faoi bhun méid áirithe do do líon teaghlaigh a bheith agat.
Is í aidhm an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua ná cúnamh a thabhairt éide scoile agus coisbhirt a cheannach do leanaí ag freastal ar scoil in Éirinn. Feidhmíonn an scéim seo ó 1 Meitheamh go dtí 30 Meán Fómhair gach bliain. Le cáiliú, caithfidh meánioncam do theaghlaigh a bheith faoi bhun méid áirithe nó caithfidh íocaíochtaí áirithe leasa sóisialaigh a bheith agat.
Is íocaíocht é Íocaíocht Banchéile Thréigthe do mhná atá tréigthe ag a bhfear céile agus nach bhfuil aon leanaí cleithiúnacha acu. Dúnadh an scéim seo d'iarratais nua in Eanáir 1997.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.