An Íocaíocht Theaghlaigh Aontuismitheora

Céard é an Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora?

Is íocaíocht í an Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora (OFP) do mhná agus d’fhir atá faoi 66 bliain d’aois agus a bhfuil leanaí á dtógáil acu gan tacaíocht ó pháirtí.

Chun OFP a fháil ní mór go mbeadh do leanaí faoi aois ar leith.

Is féidir leat a bheith ag obair agus OFP a fháil. Chun OFP a fháil, áfach, ní mór go mbeadh d’ioncam faoi mhéid áirithe.

Sochair Bhreise

Má fhaigheann tú an Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora is féidir leat an Scéim Buiséad Teaghlaigh a úsáid chun cabhrú leat do bhillí a úsáid. Chomh maith leis sin, b’fhéidir go mbeadh sochair eile á bhfáil agat cosúil le Liúntas Breosla, Íocaíocht Teaghlaigh oibre, cárta leighis agus cabhair le do chíos.

Ní chuirtear Íocaíocht Teaghlaigh Oibre (WFP) san áireamh nuair a mheastar d’ioncam le haghaidh OFP.

Conas cáiliú don Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora

Chun cáiliú don Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora (OFP) ní mór duit na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:

  • A bheith faoi 66 bliain d’aois
  • A bheith i do thuismitheoir, leastuismitheoir, tuismitheoir uchtála nó caomhnóir dlíthiúil linbh faoi aois ar leith - féach ‘Aoisteorainn do leanbh’ thíos
  • A bheith ag feidhmiú mar phríomhchúramóir leanbh amháin ar a laghad atá faoin aoisteorainn. Ní mór go mbeadh an leanbh ina c(h)ónaí leat. Ní íoctar OFP má tá coimeád cothrom comhpháirteach ag tuismitheoirí ar leanbh nó ar leanaí.
  • Ní mór tástáil acmhainne a dhéanamh – tástáil acmhainne a chuireann aon ioncam atá agat san áireamh – féach ‘Conas a mheastar d’ioncam don Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora’ thíos
  • Ní mór duit a bheith i do chónaí in Éirinn agus an coinníoll gnáthchónaithe a chomhlíonadh – léigh tuilleadh faoi na díolúintí ón gcoinníoll gnáthchónaithe.
  • Níor cheart go mbeifeá i do chónaí le céile, páirtí sibhialta nó i do chomháitritheoir

Má tá tú scartha, colscarthamá tá deireadh le do pháirtnéireacht shibhialta ní mór duit na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:

  • Ní mór nach mbeifeá i do chónaí in áit éigin eile seachas le do chéile nó páirtí sibhialta le haghaidh 3 mhí ar a laghad. Ní bhaineann sé seo le comháitritheoirí (is éard atá i gceist le comháitritheoirí lánúin atá ina gcónaí le chéile, ach nach bhfuil pósta nó páirteach i bpáirtnéireacht shibhialta)
  • Ní mór go mbeadh íocaíocht chothabhála mí-oiriúnach (íocaíocht chothabháil nach bhfuil ceart) á cur ar fáil ag do chéile nó páirtí sibhialta duit (más é/í do pháirtí sibhialta tuismitheoir an linbh)

Má tá do chéile nó páirtí sibhialta i bpríosún:

  • Ní mór go mbeadh pianbhreith 6 mhí ar a laghad i bpríosún gearrtha air/uirthi nó ní mór go mbeadh 6 mhí ar a laghad caite aige/aici i faoi choimeád.

Aoisteorainn do leanbh

Chun an Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora (OFP) a fháil ní mór go mbeadh leanbh amháin faoi 7 mbliana d’aois agat.

Eisceachtaí a bhaineann leis an aoisteorainn

D’fhéadfá OFP a fháil le haghaidh linbh 7 mbliana d’aois nó níos sine, sna cásanna seo a leanas:

  • Tá Liúntas Cúraim Baile, Liúntas Cúramóra Leathráta; nó Pinsean na nDall á fháil agat
  • I ndiaidh do chéile, páirtí nó páirtí sibhialta fáil bháis

Liúntas Cúraim Baile

Má tá Liúntas Cúraim Baile (DCA) á fháil agat do leanbh, is féidir leat OFP a fháil go dtí go mbíonn an leanbh 16 bliana d’aois nó go dtí go gcuirtear stop le DCA. Ní mór duit na coinníollacha cáilitheacha eile le haghaidh OFP a chomhlíonadh.

Chomh maith leis sin, gheobhaidh tú Méadú le haghaidh Leanbh Cáilithe (IQC) le haghaidh aon leanbh eile sa teaghlach go dtí go mbíonn sé/sí 18 mbliana d’aois (nó 22 bliain d’aois má tá sé/sí ag tabhairt faoi chúrsa oideachais lánaimseartha) fad is atá DCA agus OFP á n-íoc.

Liúntas Cúramóra

Má tá OFP á fháil agat agus má tá cúram agus aire lánaimseartha á tabhairt agat do cheann amháin de do leanaí nó do dhuine fásta (cosúil le siblín nó tuismitheoir), is féidir leat do OFP a choinneáil agus Liúntas Cúramóra Leathráta a éileamh freisin, go dtí go mbíonn do leanbh is óige 16 bliain d’aois. Ní mór duit na coinníollacha atá luaite leis an dá scéim a chomhlíonadh.

Chomh maith leis sin, gheobhaidh tú Méadú le haghaidh Leanbh Cáilithe (IQC) le haghaidh aon leanbh eile sa teaghlach go dtí go mbíonn sé/sí 18 mbliana d’aois (nó 22 bliain d’aois má tá sé/sí ag tabhairt faoi chúrsa oideachais lánaimseartha) fad is atá Liúntas Cúramóra agus OFP á bhfáil agat.

I ndiaidh do chéile, páirtí nó páirtí sibhialta fáil bháis

Má rinne tú iarratas ar Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora de bhrí gur tuismitheoir aonair thú i ndiaidh do chéile, páirtí nó páirtí sibhialta bás a fháil, b’fhéidir go mbeadh OFP á fháil agat le haghaidh 2 bhliain ón dáta báis. Ní féidir OFP a íoc leat nuair a bhíonn do leanbh is óige 18 mbliana d’aois fiú amháin má fuair an duine ábhartha bás níos lú ná 2 bhliain i ndiaidh an dáta báis.

Pinsean na nDall

Is féidir Pinsean na nDall a íoc le OFP. Ciallaíonn sé seo go bhféadfadh duine atá cáilithe do OFP agus do Phinsean na nDall an dá íocaíocht a fháil. Is féidir leat Pinsean na nDall agus OFP a fháil (agus aon IQCanna a íoctar le Pinsean na nDall agus OFP) go dtí go mbíonn do leanbh is óige 16 bliain d’aois.

Céard a tharlaíonn má tá do leanbh os cionn na haoisteorann?

Cuirfear stop le OFP nuair a shroicheann do leanbh is óige an aoisteorainn. Cuirfidh an Roinn Coimirce Sóisialaí (DSP) fógra chugat maidir le dáta deiridh d’íocaíochta.

D’fhéadfá Íocaíocht Idirthréimhseach Cuardaitheora Poist a fháil. Is íocaíocht í seo do thuismitheoirí aonair a bhfuil leanaí idir 7 agus 13 bliain d’aois acu.

Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi cad a tharlaíonn nuair a chuirtear deireadh le do OFP.

Chomh maith leis sin, is féidir leat eolas agus comhairle a fháil faoi do roghanna ó d’Ionad Intreo nó Oifig Brainse Leasa Shóisialaigh áitiúil nó Ionad Eolais do Shaoránaigh.

Conas a dhéantar ioncam a mheas don Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora?

Is íocaíocht tástáilte ó thaobh acmhainne de an Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora (OFP).

Mar chuid de thástáil acmhainne scrúdaíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí (DSP) d’fhoinsí ioncaim ar fad. Chun OFP a fháil, ní mór go mbeadh d’ioncam faoi mhéid áirithe.

Seo a leanas na príomh-mhíreanna a áirítear sa tástáil acmhainne:

  • Ioncam airgid thirim - d’fhéadfaí roinnt ioncaim airgid thirim a chur as an áireamh nuair a dhéantar an tástáil acmhainne – féach ‘Ioncam ó obair’ thíos
  • Caipiteal, mar shampla, luach coigiltis, infheistíochtaí, scaireanna nó aon réadmhaoin atá agat (ach ní do theach féin). Ní chuirtear an chéad €20,000 de do chaipiteal san áireamh. Tá tuilleadh faisnéise faoi chaipiteal a chuirtear as an áireamh nuair a dhéantar an tástáil acmhainne le fáil.
  • Íocaíocht chothabhála íoctha leat – ní gá roinnt íocaíochtaí cothabhála a chur san áireamh sa tástáil acmhainne - féach ‘Ioncam ó íocaíochtaí cothabhála’ thíos.

Is éard atá i gceist le d’acmhainní d’fhoinsí ioncaim lúide aon ioncam nach gcuireann DSP san áireamh. Tá eolas le fáil i leabhrán Rátaí Íocaíochta Leasa Shóisialaigh (pdf) SW 19 faoin méid OPF atá iníoctha bunaithe ar d’acmhainní.

Ioncam ó obair

Ní chuirtear an chéad €165 de d’olltuilleamh seachtainiúil (pá agus brabús ó fhéinfhostaíocht) san áireamh sa tástáil acmhainne.

Déantar measúnú ar leath de d’olltuilleamh fágtha sa tseachtain mar acmhainní agus b’fhéidir go mbeifeá i dteideal ráta laghdaithe OFP.

Ní chuirtear ranníocaíochtaí árachais shóisialta, ranníocaíochtaí aoisliúntais/PRSA agus síntiúis cheardchumainn san áireamh nuair a bhíonn d’olltuilleamh á ríomh.

Má laghdaítear do phá ón obair

B’fhéidir go bhfaighfeá méadú ar d’Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora (OFP) má laghdaítear do phá. Seol duillín pá reatha (ar a bhfuil do phá laghdaithe sonraithe) le litir ó d’fhostóir, ag deimhniú d’uaireanta oibre agus pá nua, chuig an tIonad Intreo nó Oifig Brainse Leasa Shóisialaigh atá ag déileáil le do OFP.

Má tá Íocaíocht Teaghlaigh i bhFostaíocht (WFP) á fáil agat freisin, fanfaidh do ráta WFP mar an gcéanna. Má laghdaítear na huaireanta a oibríonn tú go dtí faoi 19 n-uair an chloig sa tseachtain (38 uair sa choicís), áfach, ní bheidh tú i dteideal WFP níos mó.

Má tá Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (HAP) á fáil agat, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le d’údarás áitiúil lena fháil amach an bhfuil tú i dteideal laghdú a fháil i ndáil le do ranníocaíocht sheachtainiúil cíosa HAP. Má tá áit chónaithe ar cíos agat ó údarás áitiúil nó cumann tithíochta ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leo chun a fháil amach an bhfuil tú i dteideal laghdaithe cíosa.

Mura bhfuil cárta leighis nó cárta cuairte dochtúra agat, ba cheart duit a fháil amach an bhfuil tú cáilithe chun ceann a fháil anois.

Ioncam ó íocaíochtaí cothabhála

Déantar íocaíochtaí cothabhála duitse agus íocaíochtaí cothabhála a dhéanann tú le haghaidh aon cheann de do leanaí a mheas mar chuid den tástáil acmhainne. Má tá íocaíocht chothabhála á fáil agat ó níos mó ná duine amháin, suimítear na híocaíochtaí ar fad agus meastar an figiúr iomlán. Ní asbhainfear ach leath de d’ioncam ó íocaíochtaí cothabhála ó do OFP, áfach.

Má tá costais tithíochta á n-íoc agat, is féidir d’aisíocaíocht chíosa nó mhorgáiste, suas go huasmhéid €95.23 sa tseachtain, a fhritháireamh i gcoinne íocaíochtaí cothabhála. Ansin meastar leath an iarmhéid mar acmhainní. Ní mór duit fianaise maidir le híocaíochtaí cíosa nó morgáiste a sholáthar. Tá tuilleadh eolais ar fáil maidir le conas a mheastar íocaíochtaí cothabhála mar acmhainní.

Oideachas agus oiliúint

Is féidir leat leanúint le d’Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora (OFP) a fháil má tá cúrsa oideachais á dhéanamh agat.

B’fhéidir go mbeadh an rogha agat aistriú chun an Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas (BTEA) nó leanúint leis an íocaíocht atá á fáil agat faoi láthair a fháil agus iarratas a dhéanamh ar dheontas mic léinn. Ní mór duit eolas a fháil faoin rogha is oiriúnaí duit.

Ní féidir BTEA agus deontas mic léinn a fháil le chéile. Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus deontais mic léinn.

Cúram Leanaí

Is féidir leat a fháil amach an bhfuil aon tacaíochtaí cúraim leanaí ar fáil duit fad is atá tú ag staidéar, i mbun oiliúna nó ag obair.

Ráta na hÍocaíochta Teaghlaigh Aontuismitheora

Rátaí na hÍocaíochta Teaghlaigh Aontuismitheora 2024

Uasráta seachtainiúil pearsanta

Méadú do leanbh cleithiúnach

 

€232

Leanbh faoi 12 blian d'aois

€46

Leanbh 12 bliana d'aois agus níos sine

€54

Má tá do leanbh is óige faoin aoisteorainn, íocfar Méadú le haghaidh Leanbh Cáilithe (IQC) le haghaidh leanaí eile sa teaghlach go dtí go mbíonn siad 18 mbliana d’aois (nó 22 má tá siad ag tabhairt faoi chúrsa oideachais lánaimseartha).

Is foinse incháinithe ioncaim é an Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora.

Conas iarratas a dhéanamh ar anÍocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora

Chun iarratas a dhéanamh comhlánaigh foirm iarratais don Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora (pdf).

Seol an fhoirm agus na doiciméid thacaíochta chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí - féach 'Conas iarratas a dhéanamh' thíos.

Cathain iarratas a dhéanamh

Más baintreach/baintreach fir thú nó páirtí sibhialta marthanacha, ba cheart duit iarratas a dhéanamh laistigh de 3 mhí ó bhá do chéile nó do pháirtí sibhialta.

Más duine singil thú, ba cheart duit iarratas a dhéanamh laistigh de 3 mhí ó bhreith do linbh.

Má tá tú scartha, colscartha nó mura bhfuil tú páirteach i bpáirtnéireacht shibhialta níos mó, ní mór daoibh a bheith ina gcónaí in áiteanna difriúla le haghaidh 3 mhí roimh iarratas a dhéanamh ar an Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora.

Más céile nó páirtí sibhialta príosúnaigh thú, ba cheart duit iarratas a dhéanamh nuair a chomhlíonann do chéile nó páirtí sibhialta na critéir seo a leanas:

  • Tá sé/sí faoi choimeád le haghaidh 6 mhí ar a laghad ach níor gearradh pianbhreith air/uirthi nó
  • Cuireann sé/sí tús lena p(h)ianbhreith (tá pianbhreith 6 mhí ar a laghad gearrtha air/uirthi)

Cliceáil ar an nasc má theastaíonn tuilleadh eolais uait faoi éileamh déanach ar leas sóisialach a dhéanamh.

D’íocaíocht a bhailiú

Is féidir do OFP a íoc go díreach i do chuntas Oifige Poist nó i do chuntas bainc.

Beidh ort do Chárta Seirbhíse Poiblí (PSC) a úsáid chun d’íocaíocht a bhailiú in Oifig an Phoist. Mura bhfuil PSC agat, beidh foirm eile d’aitheantais fhótagrafaigh ag teastáil uait chun d’íocaíocht a bhailiú.

Achomhairc

Má shíleann tú gur cinneadh go mícheart gan an Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora a thabhairt duit, nó má tá tú míshásta faoi chinneadh a rinne Oifigeach Breithiúnachta leasa shóisialaigh, is féidir leat an cinneadh seo a achomharc.

Cá háit ar féidir iarratas adhéanamh ar an Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora?

Seol d’iarratas ar an Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora chuig d’Ionad Intreo nó Oifig Brainse Leasa Shóisialaigh áitiúil.

Tuilleadh eolais

Más mian leat labhairt le duine éigin faoi do chuid teidlíochtaí, féadfaidh tú dul i dteagmháil le d’Ionad áitiúil um Fhaisnéis do Shaoránaigh, d’Ionad Intreo nó d’Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh.

Is féidir le Treoir agus One Family tacaíocht agus faisnéis a sholáthar freisin nuair is tuismitheoir aonair tú.

Treoir (Comhdháil Seirbhísí do Thuismitheoirí nach bhfuil Pósta agus dá gClann)

28 North Great Georges Street
Dublin 1
Ireland

Teil: +353 (01) 670 0120
Láithreán Gréasáin: http://www.treoir.ie
Téigh i dteagmháil linn: http://www.treoir.ie/contact-contact.php

Clann Amhain

8 Coke Lane
Baile Átha Cliath 7
Éire

Teil: +353 (0)1 662 9212
Lóghlao: 0818 66 22 12
Láithreán Gréasáin: https://onefamily.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 9 Eanáir 2024