Print Page Send to a Friend

An Íocaíocht Theaghlaigh Aontuismitheora

Eolas

Is íocaíocht d'fhir agus do mhná a bhíonn ag tógáil clainne gan tacaíocht óna p(h)áirtnéir atá i gceist leis an Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora (ÍTA). Tá sí iníoctha le duine nach bhfuil pósta, le baintreach (fir/mná), le céile príosúnaigh, le duine atá scartha nó le duine a bhfuil colscaradh aige/aici, nó le duine ar déanadh neamhniú ar a p(h)ósadh.

Íoctar í faoi réir coinníollacha áirithe agus ní mór do dhuine scrúdú maoine a shásamh. Ní mór iarracht a bheith déanta agat íocaíocht chothabhála a lorg ó athair/mháithair do pháiste.

Is féidir leat leas a bhaint as an Scéim Bhuiséid Teaghlaigh, scéim a chuidíonn leat do chuid billí a bhainistiú, má bhíonn tú ag fáil na híocaíochta. D'fhéadfá a bheith i dteideal sochar eile freisin, liúntais bhreosla, Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh, Liúntas Leasa Forlíontach nó cárta leighis mar shampla.

Má mheasann tú nár cheart gur diúltaíodh Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora ort, nó mura bhfuil tú sásta le cinneadh a rinne Oifigeach Cinnidh Leasa Shóisialaigh faoi do theidlíochtaí tá sé de rogha agat achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh seo.

Athruithe chuig an Íocaíocht Theaghlach Aontuismitheora

Ó Aibreán 2011, ní bhfaighidh éilitheoirí nua Íocaíocht Theaghlach Aontuismitheora ach amháin go dtí go sroichfidh a leanbh cáilithe aois 14 bliain, ach amháin i gcúinsí sonracha teorannaithe. D’éilitheoirí atá ann cheana, beidh tréimhse 6 bliana céimniú-isteach d’aoisteorainn nua. Do thuilleadh eolais faoi na hathruithe seo – féach ‘Aoisteorainn do leanbh cáilithe’ thíos.

Rialacha

Chun cáiliú i gcomhair Íocaíochta Teaghlaigh Aontuismitheora:

  • Ní mór duit bheith i do thuismitheoir, leasthuismitheoir, tuismitheoir uchtaíoch nó caomhnóír dlíthiúíl linbh cháilithe
  • Caithfidh páiste amháin ar a laghad a bheith "faoi do chúram agus tú freagrach as/aisti" agus an páiste a bheith faoi bhun 18 mbliana d'aois, nó 18-22 agus ag freastal ar an oideachas lán-aimseartha. Caithfidh an páiste a bheith ina c(h)ónaí leat. Má tá comhcoimeád cothrom ag na tuismitheoirí i gcomhair leanbh nó leanaí ní íocfar Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora.
  • Ní féidir leat ach ioncam seachtainiúil de €425 nó níos lú a bheith agat.
  • Caithfidh tú scrúdú maoine a shásamh
  • Ní chóir duit a bheith i do chónaí le céile/páirtnéir sibhialta/comhchónaitheoir
  • Caithfidh tú an Coinníoll Gnáthchónaithe a shásamh

Má tá tú scartha, colscartha nó tá do pháirtnéireacht sibhialta díscaoilte, caithfidh:

  • Go bhfuil tú i do chónaí óna chéile ó do chéile/pháirtnéir sibhialta do ar a laghad 3 mhí
  • Go ndearna tú iarrachtaí ar chothábháil a fháil ó do chéile nó do pháirtnéir sibhialta áit ar tuismitheoir é do pháirtnéir ar an leanbh/na leanaí
  • Nach bhfuil cothabháil acmhainneach déanta ort ag do chéile nó páirtnéir sibhialta áit ar tuismitheoir é do pháirtnéir ar an leanbh/na leanaí

Má tá do chéile/pháirtnéir sibhialta sa phríosún:

  • Caithfidh sé/sí tréimhse phríosúntachta ós cionn 6 mhí a bheith gearrtha air/uirthi, nó sé mhí ar a laghad a bheith caite aige/aici faoi choimeád.

Mura bhfuil tú pósta le tuismitheoir do leanbh/leanaí, ní gá duit cothabháil ó thuismitheoir eile a lorg nuair a dhéanann tu iarratas ar ÍTA don chéad uair. Áfach, caithfidh tú iarrachtaí a dhéanamh ar chothábháil a fháil ó thuismitheoir eile chun fanacht incháilithe d’ÍTA. Tá tuilleadh eolais ar fáil maidir le tuismitheoirí idirscartha agus tuismitheoirí neamhphósta ag déanamh iarracht ar chothábháil a fháil. Féach freisin ‘Dliteanas Teaglach a Chothabháil’ thíos.

Aoisteorainn do leanbh cáilithe

Chun Íocaíocht Theaghlach Aontuismitheora a fháil caithfidh do leanbh cáilithe a bheith faoin aoisteorainn.

Éilitheoirí nua

Ó Aibreán 2011, ní bhfaighidh éilitheoirí nua Íocaíocht Theaghlach Aontuismitheora ach amháin go dtí go sroichfidh a leanbh cáilithe aois 14 bliain, ach amháin i gcúinsí sonracha teorannaithe. Tá eisceachtaí ar an aoisteorainn i bhfeidhm i gcúinsí speisialta, áfach, – féach ‘Eisceachtaí ar an aoisteorainn’ thíos.

Éilitheoirí atá ann cheana

Má tá tú ag fáil ÍTA roimh Aibreán 2011, beidh an aoisteorainn nua céimnithe isteach thar 6 bliana. Is féidir le heisceachtaí a bheith i bhfeidhm i gcúinsí speisialta, áfach - féach ‘Eisceachtaí ar an aoisteorainn’ thíos.

Céimniú isteach ar an aoisteorainn nua
2011 agus 2012 Fanfaidh an aoisteorainn ag 18
2013 Beidh an aoisteorainn 17
2014 Beidh an aoisteorainn 16
2015 Beidh an aoisteorainn 15
2016 Beidh an aoisteorainn 14

Má tá do leanbh idir 18 agus 22 bliain d’aois agus in oideachas lánaimseartha nuair a thagann na hathruithe in éifeacht in Aibreán 2011, féadfaí go leanfaidh an íocaíocht ar aghaidh go dtí deireadh na bliana acadúla 2012 – 2013, nó nuair a sroichfidh an leanbh 22 bliain d’aois, cibé acu is luaithe.

Má tá tú ag fáil ÍTA roimh Aibreán 2011 agus fágann tú an scéim go hiarshníoch chun fostaíocht a thógáil nó le páirt a ghlacadh sa Scéim Filleadh ar an Oideachas, beidh tú in ann athghabháil a dhéanamh suas go dtí deireadh 2016 má chomhlíonann tú na coinníollacha ar an tréimhse céimniú isteach.

Eisceachtaí ar an aoisteorainn

Tá eisceachtaí ar an aoisteorainn a bheidh i bhfeidhm ar idir éilitheoirí nua agus iad siúd atá ann cheana. Is éilitheoirí atá ann cheana iad daoine atá ann roimh Aibreán 2011. Ní bheidh cuid de na heisceachtaí seo bainteach le héilitheoirí atá ann cheana go dtí 2013 mar gheall is í sin an uair a thosóidh na híosaoisteorainneacha ag teacht i bhfeidhm.

Íocaíochtaí do leanaí níos sine

Áit a bhfuil teidlíocht d’Íocaíocht Theaghlach Aontusimitheora bunaithe ar aois an linbh is óige sa teaghlach, leanfaidh íocaíocht d’Ardú ar Leanbh Cháilithe (ALC) ar aghaidh do na leanaí eile sa teaghlach go dtí go sroichfidh siad 18 nó 22 bliain d’aois má tá siad in oideachas lánaimseartha.

Liúntas Cúram Baile

Má tá Liúntas Cúram Baile á fháil agat do leanbh, leanfaidh an ÍTA ar aghaidh go dtí go sroichfidh an leanbh 16 bliain d’aois agus ar féidir leo cur isteach ar Liúntas Míchumais. Gheobhaidh tú ALC do leanaí eile sa teaghlach go dtí go dtí go sroichfidh siad 18 nó 22 bliain d’aois má tá siad in oideachas lánaimseartha an fhad is atá LCB (ag mar sin ÍTA) á íoc.

Bás céile, páirtnéara nó páirtnéir sibhialta

Má tá tú ag tuistiú go haonair mar gheall ar bhás céile, páirtnéara nó páirtnéir sibhialta agus tá do leanbh is óige thar an aoisteorainn nó níos lú ná 2 bhliain ón aoisteorainn, d’fhéadfaí go bhfaighfeá an ÍTA ar feadh 2 bhliain go dtí go sroichfidh an leanbh 18, cibé acu is giorra.

Mar shampla:

Ma tá an leanbh is óige agat os cionn aois 14, d’fhéadfaí go bhfaighfeá an ÍTA ar feadh 2 bhliain nó go dtí go sroichfidh do leanbh 18, cibé acu is giorra. Má ta do leanbh idir 12 agus 14 bliain d’aois ag am básaithe do chéile, pháirtnéara nó páirtnéir sibhialta, d’fhéadfaí go gcáileodh tú don íocaíocht do 2 bhliain.

Íocaíocht do Theaghlach Aon-Tuismitheora agus Rialacha an AE

Ó 5 Bealtaine 2005 ar aghaidh, ní bheidh ar na dreamanna seo a leanas: Saoránaigh an AE, saoránaigh LEE agus náisiúnaithe de chuid na hEilvéise atá fostaithe nó féinfhostaithe in Éirinn, agus atá ag íoc ranníocaíochtaí le Córas Árachais Sóisialta na hÉireann na critéir ghnáthchónaithe a chomhlíonadh le bheith incháilithe don íocaíocht do Theaghlach Aon-Tuismitheora.

Féadfaidh tú Íocaíocht do Theaghlach Aon-Tuismitheora a fháil más saoránach den AE/LEE nó den Eilvéis tú má bhíonn tú dífhostaithe agus má tá Sochar Cuardaitheora Poist á fháil agat. Caithfidh tú na critéir eile go léir a chomhlíonadh maidir le hÍocaíocht do Theaghlach Aon-Tuismitheora a fháil.

Íocaíocht do Theaghlach Aon-Tuismitheora agus Sochar Banchéile Thréigthe

Má bhí ort aistriú ó Shochar Banchéile Thréigthe go hÍocaíocht do Theaghlach Aon-Tuismitheoira ionas go bhféadfá páirt a ghlacadh ar Scéim Fostaíochta Pobail, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh anois go dtabharfaí an Sochar Banchéile Thréigthe ar ais duit. Cé nach dtugtar an Sochar Banchéile Thréigthe d'iarratasóirí nua a thuilleadh íoctar fós é leo siúd a bhí i dteideal é a fháil roimh 2 Eanáir 1997.

Tá uasráta íocaíochta níos airde i gceist i gcás Sochar Banchéile Thréigthe ná mar atá i gcás Íocaíocht do Theaghlach Aon-Tuismitheora. Má tá tú i dteideal an Sochar Banchéile Thréigthe a thabhairt ar ais duit d'fhéadfá a bheith i dteideal riaráistí a fháil ar ais freisin.

Cothabháil

Meastar ioncam iomlán ó chothabháil mar acmhainn. Áirítear cothabháil duitse agus cothabháil chugatsa le haghaidh duine ar bith de do leanaí araon anseo. Má fhaigheann tú cothabháil ó níos mó ná duine amháin cuirfear é go léir le chéile agus measfar an t-iomlán mar acmhainn. Áfach, féadfar d'aisíocaíocht cíosa nó morgáiste d'uasmhéid €95.23 sa tseachtain a fhritháireamh in aghaidh íocaíochtaí cothabhála. Ansin meastar leath an fhuílligh mar acmhainn agus beidh d’íocaíocht leasa shóisialaigh laghdaithe leis an méid sin. Ní mór duit fianaise a thabhairt ar d'íocaíochtaí cíosa nó morgáiste. Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi conas cothabháil a mheas mar acmhainn.

Dliteanas Teaglach a Chothabháil

Tá dualgas ar fhir agus ar mhná, de réir dlí, cothabháil a íoc le chéile, le pháirtnéir sibhialta nó le chomhchónaitheoir atá cleithiúnach agus le haon leanbh cleithiúnach nach gcónaíonn leo. Tugtar 'gaolta faoi dhliteanas' ar na daoine seo. Más gaol faoi dhliteanas thú agus má theipeann ort dóthain cothabhála a íoc le do chéile, do pháirtnéir sibhialta nó do chomhchónaitheoir agus/nó do leanbh cleithiúnach/leanaí cleithiúnacha, ní mór duit ranníocaíocht a dhéanamh as costas na hÍocaíochta Teaghlaigh Aontuismitheora, a íoctar le do theaghlach.

Déanfaidh an tAonad Aisghabhála Cothabhála na Roinne Coimirce Sóisialaí teagmháil leis an ngaol faoi dhliteanas mura mbíonn dóthain cothabhála íoctha aige/aici, nuair a dheonaítear an Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an tAonad Aisghabhála Cothabhála ag (071) 96 72599 chun a thuilleadh eolais a fháil. Is féidir leat freisin faigh amach tuilleadh faoi ‘Dhliteanas Teaglach a Chothabháil’.

An Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora agus obair

Is feidir leat bheith ag obair agus Íocaíocht Theaghlaigh Aontuismitheora a fháil. Braitheann an méid a íoctar ar d'acmhainn sheachtainiúil. Braitheann an tsuim a fhaigheann tú ar do mhaoin seachtainiúil. Ríomhtar ioncam ó fhostaíocht nó fhéinfhostaíocht mar a leanas:

Déantar neamhaird ar an gcéad €146.50 de do thuilleamh seachtainiúil. Ciallaíonn sé seo gur féidir leat suas le €146.50 a thuilleamh in aghaidh na seachtaine agus fós a bheith incháilithe don Íocaíocht do Theaghlach Aon-Tuismitheora.

Meastar leath an mhéid eile de do thuilleamh suas go €425 sa tseachtain mar mhaoin. Má thuilleann tú idir €146.50 agus €425 in aghaidh na seachaine d'fhéadfá a bheith incháilithe chun íocaíocht laghdaithe a fháil. Tugtar sonraí san LS 19 Leabhrán na Rátaí Íocaíochta faoin méid ÍAT atá iníoctha maidir le d’acmhainní.

Ar an ábhar sin ní chuirfear ranníocaíochtaí leasa shóisialaigh, aoisliúntais/CPCS, ná ceardchumainn san áireamh nuair atá tuilleamh á mheas. Ach, caithfidh d’ollthuilleamh bheith níos lú ná €425.

Má oibríonn tú 19 uair sa tseachtain ar a laghad, d’fhéadfá cáiliú i gcomhair Forlíonadh Ioncam Teaglaigh (FIT). Is féidir leat leanúint Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora a éileamh agus ní mheastar d’íocaíocht FIT mar acmhainn. Faigh amach tuilleadh faoi Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh.

Sa chás go dtosaíonn tú ag obair go lánaimseartha d'fhéadfadh liúntais chánacha breise a bheith ar fáil duit faoi scéim Chúnamh Poist na gCoimisinéirí Ioncaim.

Is féidir leat oibriú ar scéim Fhostaíochta Pobail agus cuid de do ÍTA nó í ar fad a choimeád. Téigh i dteagmháil le d'oifig FÁS áitiúil le sonraí a fháil.

Is féidir leat filleadh ar an oideachas tríd an gClár Ar Ais ar an Oideachas agus do ÍTA a choimeád, faoi choinníollacha áirithe.

Íocaíocht idirthréimhse

Má tá Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora dhá fháil agat agus má tá ioncam agat atá níos mó ná an €425 sa tseachtain atá leagtha síos d'fhéadfadh sé go mbeadh tú in ann íocaíocht idirthréimhse a fháil atá cothrom le leath de do ráta íocaíochta ar feadh suas le 6 mhí.

Is féidir íocaíocht idirthréimhse a fháil sa chás go raibh Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora dhá fháil agat ar feadh tréimhse leanúnaigh de 52 seachtain ar a laghad.

Ní bheidh iarrthóirí nua a bhfuil ioncam de níos mó ná €425 sa tseachtain acu i dteideal Íocaíochta Teaghlaigh Aontuismitheora.

Má laghdaítear do phá san ionad oibre

D'fhéadfá a bheith i dteideal méadú a fháil i d'Íocaíocht do Theaghlach Aon-Tuismitheora má laghdaítear do phá.

Chun méadú a fháil i d’Íocaíocht do Theaghlach Aon-Tuismitheora, seol duillín pá reatha (a thaispeánann do phá laghdaithe) le litir ó d’fhostaí, ag dearbhú do chúinsí oibre nua, chuig an Oifig Áitiúil Leasa Shóisialaigh atá ag láimhseáil d’éilimh.

Má laghdaítear do phá ní bheidh athrú íocaíochta ar bith don Fhorlíonadh Ioncaim Teaghlaigh (FIT). Má laghdaítear na huaireanta oibre a oibríonn tú gach seachtain go dtí faoi bhun 19 uair in aghaidh na seachtaine (38 uair in aghaidh na coicíse), ní bheidh tú i dteideal FIT níos mó. Ba chóir duit fógra a thabhairt don rannóg FIT má thiteann do chuid uaireanta oibre faoi bhun an riachtanais íosta. Faigh amach tuilleadh inár gcáipéis faoi Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh.

D'fhéadfá a bheith i dteideal méadú a fháil i do Fhorlíonadh Cíosa. Má tá áit ar cíos agat ó údarás áitiúil nó ó chumann tithíochta ba chóir duit dul i dteagmháil leo chun fáil amach an bhfuil tú i dteideal laghdú a fháil ar do chíos. Mura bhfuil Cárta Leighis nó Cárta Cuairte Dochtúra agat, ba chóir duit a fháil amach an bhfuil tú i dteideal ceann a fháil anois.

Ranníocaíochtaí creidiúnaithe

Má fhaigheann tú Íocaíocht Theaghlaigh Aontuismitheora agus má fhaigheann tú am saor ón obair tar éis breith leanbh, gheobhaidh tú ranníocaíochtaí creidiunaithe.

Rátaí

Tá d'íocaíocht comhdhéanta de ráta duit féin agus de shuimeanna breise i leith aon leanaí cáilithe. Braitheann an méid a íoctar ar d'acmhainn sheachtainiúil.

Íocaíochta Teaghlaigh Aontuismitheora 2012

Íocaíochta Teaghlaigh Aontuismitheora Ráta seachtainiúil
Ráta pearsanta Faoi bhun 66 €188
Páiste cáilithe €29.80

Ní mór duit iarratas a dhéanamh ar Íocaíocht do Theaghlach Aon-Tuismitheora laistigh de 3 mhí duit a bheith ina teideal.

An Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh eile

D'fhéadfá a bheith i dteideal leath den ráta pearsanta do na híocaíochtaí seo a leanas: chomh maith le do ÍTA, ar feadh tréimhse teoranta. Níl tú i dteideal Liúntas Breosla a fháil má tá tú ag fáil leath an ráta pearsanta de Liúntas Cuardaitheora Poist, Sochar Breoiteachta nó Sochar Díobhála Ceirde mar aon le d’Íocaíocht do Theaghlach Aon-Tuismitheora.

Conas iarratas a dhéanamh

Ba cheart duit Foirm OFP1 a íoschóipeáil agus a chomhlánú (pdf). Líon isteach an fhoirm agus cuir ar ais í leis na cáipéisí cuí tacaíochta chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí ag an seoladh thíos.

Más baintreach thú, ba cheart duit iarratas a dhéanamh taobh istigh de 3 mhí ó bhás do chéile.

Muna bhfuil tú pósta, ba cheart duit iarratas a dhéanamh taobh istigh de 3 mhí ó bhreith do linbh.

Má tá tú scartha/colscartha, ba cheart duit iarratas a dhéanamh taobh istigh de 6 mhí ó dháta an scartha ó do chéile. Ní mór duit a bheith scartha ar a laghad ar feadh 3 mhí roimh duit a bheith in ann iarratais a dhéanamh.

Más céile príosúnaigh thú, ba cheart duit iarratas a dhéanamh:

  • nuair atá do chéile faoi choimeád ar feadh ar a laghad 6 mhí gan téarma a bheith gearrtha fós air/uirthi
  • nuair a chuireann do chéile tús lena t(h)éarma sa phríosún, nach mór a bheith ar feadh ar a laghad 6 mhí.

Beidh áthas ar an bhfoireann san oifig áitiúil leasa shóisialaigh cúnamh a thabhairt duit an fhoirm iarratais a chomhlánú agus aon cheisteanna atá agat a fhreagairt.

Féadfar an Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora a íoc leat trí íocaíocht dhíreach le do bhanc nó is féidir leat do Chárta Seirbhísí Sóisialacha a úsáid ag oifig an phoist chun do chuid airgid a bhailiú. Nuair a fhaigheann tú do Chárta Seirbhísí Sóisialacha, sínigh ar an gcúl é agus coinnigh in áit shábháilte é.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An Roinn Coimirce Sóisialaí

Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Bóthar an Choláiste
Sligeach
Éire

Teil:(071) 915 7100
Lóghlao:1890 500 000
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie/

Soláthraíonn na heagraíochtaí seo thíos cúnamh agus tacaíocht d'aontuismitheoir:

Treoir (Comhdháil Seirbhísí do Thuismitheoirí nach bhfuil Pósta agus dá gClann)

14 Teach Gandon
Sráid an Mhéara Íochtarach,
IFSC
Dublin 1
Ireland

Teil:+353 (0)1 6700120
Lóghlao:1890 252084
Facs:+353 (0)1 6700199
Láithreán Gréasáin: http://www.treoir.ie
R-phost: info@treoir.ie

OPEN

7 Lána na Bó Deirge
Margadh na Feirme
Baile Átha Cliath 7
Éire

Teil:+353 (0)1 814 8860
Facs:+353 (0)1 814 8890
Láithreán Gréasáin: http://www.oneparent.ie
R-phost: enquiries@oneparent.ie

Clann Amhain

Teach Cherish
2 Sráid Pheambróg Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil:+353 (0)1 6629212
Lóghlao:1890 662212
Facs:+353 (0)1 6629096
Láithreán Gréasáin: http://www.onefamily.ie
R-phost: info@onefamily.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 January 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Na híocaíochtaí leasa shóisialaigh banchéile thréigthe
    Is íocaíocht árachais shóisialaigh é an Sochar Banchéile Thréigthe a íoctar le bean ar thréig a fear céile í. Is liúntas de réir tástála acmhainne é an Liúntas Banchéile Thréigthe a íoctar le mná nach bhfuil cáilithe do Shochar Banchéile Thréigthe. Cuireadh deireadh leis an dá íocaíocht d' iarratasóirí nua i mí Eanáir 1997. Faigheann roinnt ban, áfach, íocaíocht banchéile thréigthe go fóill.
  • Ag éileamh íocaíocht leasa shóisialaigh bhreise ar leathráta
    Go hiondúil ní féidir ach íocaíocht chúnaimh leasa shóisialaigh nó íocaíocht bunaithe ar árachas amháin a éileamh ag aon uair amháin. Mar sin féin, i gcúinsí áirithe féadann tú a bheith i dteideal d'íocaíocht leasa shóisialaigh a fháil in éineacht le leath íocaíocht leasa shóisialaigh eile. Faigh tuilleadh faisnéise.
  • Scéim Fhostaíochta Pobail
    Tugann an Scéim Fhostaíochta Pobail cabhair do dhaoine dífhostaithe fadtéarmach agus daoine eile chun dul ar ais ag obair. Cuireann an scéim socrúcháin páirtaimseartha agus sealadacha ar fáil i jabanna pobail áitiúla.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.