Print Page Send to a Friend

Sochar Máithreachais

Eolas

Is íocaíocht í a dhéantar le mná a bhíonn ar shaoire mháithreachais ón obair agus a bhfuil méid áirithe ÁSPC (Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa) íoctha acu. Caitear iarratas a dhéanamh ar an íocaíocht 6 seachtainí roimh dhul ar shaoire mháithreachais (12 seachtainí má tá tú féinfhostaithe). Braitheann an méid a íoctar leat gach seachtain ar thuilleamh. Má bhíonn duine ag fáil íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe cheana féin, íoctar Sochar Máithreachais ag leath an ráta. Má cheapann tú go bhfuil éagóir déanta mar gheall go bhfuil Sochar Máithreachais diúltaithe duit, nó má tá tú míshásta le cinneadh a thóg Oifigeach Leasa Shóisialaigh maidir lena bhfuil tú ina theideal, tá an rogha agat achomharc a lorg maidir leis an gcinneadh seo.

Íoctar Sochar Máithreachais leat gach seachtain isteach díreach i do chuntas bainc nó do chuntas leis an gcumann foirgníochta. Leanfaidh roinnt fostóirí ag íoc an fhostaí, go hiomlán, le linn di a bheith ar shaoire mháithreachais agus éileoidh an fostóir aon íocaíocht leasa shóisialaigh a íoc ar ais leis/léi. Ba chóir duit féachaint ar do chonradh fostaíochta leis an riail a bhaineann leatsa a chinntiú. Íocaíocht saor ó cháin is ea Sochar Máithreachais. Tabharfaidh na Coimisinéirí Ioncaim eolas duit conas a dhéileáiltear le Sochar Máithreachais ó thaobh cánach de.

Aisíoc Cánach agus ÁSPC

Féadfaidh tú a bheith i dteideal aisíoc cánach nó ÁSPC a fháil, má íoctar do shochar máithreachais le d’fhostóir agus má leanann d’fhostóir de do ghnáthphá seachtainiúil a íoc. Más amhlaidh atá an scéal, nuair atá do Shochar Máithreachais críochnaithe, is féidir leat scríobh chuig Rannóg an tSochair Mháithreachais nó teagmháil a dhéanamh le Rannóg an tSochair Mháithreachais ar líne chun Ráiteas MB21 a iarraidh, agus ba chóir duit í a chur ar aghaidh ansin chuig d’oifig cánach chun aisíoc cánach a fháil. Ba cheart duit Foirm Iarratais ar Aisíoc Ranníocaíochtaí ÁSPC a chomhlánú agus í a sheoladh chuig an Rannóg um Aisíoc Ranníocaíochtaí ÁSPC chun aisíoc ÁSPC a fháil.

Saoire a dheimhniú

Ní mór do gach fostaí a saoire a fháil deimhnithe ag an bhfostóir, Ach, sa chás go gcríochnaíonn do chonradh taobh istigh de 16 seachtainí den dáta a bhfuil súil aici lena leanbh agus má tá sí in ann na gcoinníollacha maidir le ranníocaíochtaí ASPC a shásamh íocfar an sochar ón lá i ndiaidh an dáta atá ar an bhfoirm P45.

An t-achar ama a íoctar Sochar Máithreachais

Íoctar Sochar Máithreachais ar feadh tréimhse 26 seachtaine. Ní foláir duit tús a chur le do Shochar Máithreachais ar 1 Márta 2007 nó ina dhiaidh sin má tá tú le bheith incháilithe le haghaidh 26 seachtaine de Shochar Máithreachais. Ní mór 2 sheachtain ar a laghad a ghlacadh roimh dheireadh na seachtaine ina meastar go mbéarfar do leanbh ach ní féidir níos mó na 16 seachtaine a ghlacadh roimhe.

Féadfaidh tú 16 seachtaine breise de Shaoire Máithreachais gan pá a ghlacadh i ndiaidh 1 Márta 2007 ach ní bhaineann an Sochar Máithreachais leis. Cliceáil anseo le tuilleadh a fháil amach faoi Shaoire Mháithreachais.

Breitheanna roimh am

Má saoltar do leanbh roimh an am (is é sin roimh do do shaoire mháithreachais a bheith in ainm tosnú), ba cheart duit litir ó do dhochtúir a sheoladh ag deimhniú gur rugadh do leanbh roimh am agus an dáta a raibh súil leis an leanbh chuig an Rannóg an tSochair Mháithreachais den Roinn Coimirce Sóisialaí.

Marbh-bhreith agus breith anabaí

Má bhíonn marbh-bhreith nó breith anabaí i gceist ag am ar bith tar éis an 24ú seachtain den toircheas, tá tú i dteideal 26 seachtainí de Shochar Máithreachais agus de shaoire mháithreachais, má tá na coillíollacha ÁSPC comhlíonta agat.

Le hiarratas a dhéanamh ar Shochar Máithreachais i gcás marbhghine, ní mór duit litir ó do dhochtúir a sheoladh in éineacht leis an bhfoirm iarratais ar Shochar Máithreachais, a dheimhníonn an dáta a raibh súil leis an leanbh, an dáta a saolaíodh an leanbh agus an líon seachtainí den toircheas a bhí caite.

Do leanbh á c(h)oinneáil san ospidéal

Má tá do leanbh á choinneáil san ospidéal, agus má bhí Sochar Máithreachais á fháil agat ar feadh 14 seachtaine ar a laghad, féadfaidh tú íocaíocht an tSochair Mháithreachais den 12 sheachtain atá fágtha a chur siar (ó 1 Márta 2007 ar aghaidh) ar feadh tréimhse chomh fada le 6 mhí. Ba chóir duit scríobh chuig Rannóg Shochar Máithreachais na Roinn Coimirce Sóisialaí más mian leat íocaíocht do Sochar Máithreachais a chur siar. Ní mór duit scéal a chur i scríbhinn chuig Rannóg an tSochair Mháithreachais nuair a scaoiltear do leanbh amach as an ospidéal agus tosófar ag íoc na 12 sheachtain atá fágtha de do Shochar Máithreachais leat laistigh de seacht lá.

Cé mar a dhéantar an íocaíocht

Íoctar Sochar Máithreachais díreach isteach i do chuntas bainc nó i do chuntas cumann foirgníochta (cuntas reatha nó taisce, seachas cuntas morgáiste) nó d’fhéadfá a roghnú go n-íoctar é díreach isteach i gcuntas bainc d’fhostóra. Déantar íocaíocht gach seachtain roimh ré.

Rialacha

Íocann an Roinn Coimirce Sóisialaí Sochar Máithreachais le mná a bhfuil méid áirithe ranníocaíochtaí ÁSPC déanta acu ar a dtaifead árachais féin agus a bhíonn in obair aitheanta suas go dtí an chéad lá dá saoire mháithreachais. Is féidir leis an lá oibre deireanach a bheith ar lá ar bith laistigh de 16 seachtainí den dáta ar a bhfuil tú ag súil le breith an linbh.

Is féidir leis na ranníocaíochtaí teacht ó fhostaíocht nó ó fhéinfhostaíocht - is iad A, E, H agus S (féinfhostaíocht) na haicmí ÁSPC a bhíonn i gceist.

Má tá tú fostaithe caithfidh tú:

  • Ar a laghad 39 seachtainí ÁSPC a bheith íoctha agat sa tréimhse 12 mí roimh an gcéad lá de do shaoire mháithreachais;

  • Ar a laghad 39 seachtainí ÁSPC a bheith íoctha agat ó thosaigh tú ag obair agus ar a laghad 39 seachtainí ÁSPC a bheith íoctha agat nó creidiúnaithe duit sa bhliain cánach ábhartha nó sa bhliain cánach roimh an bhliain cánach ábhartha. Mar shampla, má bhíonn tú ag dul ar shaoire mháithreachais i 2012, is í 2010 an bhliain chánach ábhartha.

  • Ar a laghad 26 seachtainí ÁSPC a bheith íoctha agat sa bhliain chánach ábhartha agus ar a laghad 26 seachtainí ÁSPC a bheith íoctha agat sa bhliain chánach roimh an mbliain chánach ábhartha. Mar shampla, má bhíonn tú ag dul ar shaoire mháithreachais i 2012, is í 2010 an bhliain chánach ábhartha agus is í 2008 an bhliain chánach roimh an bhliain chánach ábhartha.

Mura gcomhlíonann tú na coinníollacha ÁSPC sin agus má bhí tú féinfhostaithe sular thosaigh tú ag obair mar fhostaí, féadfaidh tú do ranníocaíochtaí Aicme S a úsáid le cáiliú le haghaidh Sochair Mháithreachais - féach ar na coinníollacha ÁSPC i gcomhair daoine féinfhostaithe thíos.

Má tá tú féinfhostaithe, caithfidh tú bheith i bhfostaíocht inárachais agus:

  • 52 seachtainí de ranníocaíochtaí ÁSPC a bheith íoctha agat ag Aicme S sa bhliain chánach ábhartha. Mar shampla, má bhíonn tú ag dul ar shaoire mháithreachais i 2012, is í 2010 an bhliain chánach ábhartha.

Nó

  • 52 seachtainí de ranníocaíochtaí ÁSPC a bheith íoctha agat ag Aicme S sa bhliain cánach roimh an bhliain chánach ábhartha. Mar shampla, má bhíonn tú ag dul ar shaoire mháithreachais i 2012, is í 2009 an bhliain chánach roimh an bhliain chánach ábhartha.

  • 52 seachtainí de ranníocaíochtaí ÁSPC a bheith íoctha agat ag Aicme S sa bhliain chánach cuí i ndiaidh na bliana cánach ábhartha. Mar shampla, má bhíonn tú ag dul ar shaoire mháithreachais i 2012, is í 2011 sa bhliain chánach cuí i ndiaidh na bliana cánach ábhartha.

Ní bhronntar ranníocaíochtaí ÁSPC Aicme S i gcomhair aon bhliain ar leith go dtí go mbíonn an cháin atá le híoc don bhliain sin íoctha agat. Caithfidh do dhliteanais cháin ioncaim agus ÁSPC a bheith íoctha i gcás bliain ar bith a raibh tú féinfhostaithe má tá tú le bheithe incháilithe le haghaidh Sochair Mháithreachais.

Mura gcomhlíonann tú na coinníollacha ÁSPC sin agus má bhí tú ag obair i bhfostaíocht inárachais sula raibh tú féinfhostaithe, féadfaidh tú do ranníocaíochtaí ÁSPC (Aicme A, E agus H) san fhostaíocht sin a úsáid le cáiliú le haghaidh Sochair Mháithreachais - féach ar na coinníollacha ÁSPC i gcomhair daoine féinfhostaithe thuas.

Lena chois sin féadfar a iarraidh ort do chuntais a sheoladh isteach nó ráiteas ó do chuntasóir i gcomhair na bliana reatha le cruthú go bhfuil tú féinfhostaithe agus faoi dhliteanas ranníocaíocht Aicme S a íoc.

Árachas ó fhostaíocht i dtír eile

Má bhí tú fostaithe cheana i dtír ar bhain rialacháin an AE léi nó tír a bhfuil Comhaontú Déthaobhach Leasa Shóisialaigh ag Éirinn léi, d'fhéadfá do thuairisc árachais ón tír sin a chur le do ranníocaíochtaí ÁSPC in Éirinn ar an gcoinníoll go bhfuil ar a laghad ranníocaíocht amháin ÁSPC ag an ráta iomlán íoctha agat ó tháinig tú ar ais go hÉirinn chun cabhrú leat cáiliú don Sochar Uchtaíoch. Níor mhór gur íoc tú ar a laghad ranníocaíocht ÁSPC iomlán amháin in Éirinn laistigh de 16 seachtaine ó dheireadh na seachtaine ina bhfuil coinne leis go saolófaí do leanbh.

Tá tuilleadh eolais in ár doiciméad maidir le ranníocaíochtaí árachais shóisialta ón choigríoch a chomhcheangal.

Má tá tú ag fáil íocaíochta cheana féin

Íocfar Sochar Máithreachais leat ag leath an ráta má tá tú ag fáil aon cheann de na híocaíochtaí seo a leanas:

Má tá cúram lánaimseartha á sholáthar agat do dhuine eile, féadfaidh tú cáiliú do Liúntas Cúramóra ar leathráta le do Shochar Máithreachais.

Faoin Acht um Chosaint Mháithreachais, 1994, tá bean a cháilítear do Shochar Máithreachais i dteideal éileamh a dhéanamh ar Fhorlíonadh Ioncam Teaghlaigh (FIT).

Dícháiliú chun Sochar Máithreachais a fháil

Déanfar tú a dhícháiliú (cuirfear cosc ort) maidir le Sochar Máithreachais a fháil i rith na tréimhse sin ina bhfuil do Shochar iníoctha má bhíonn tú páirteach in aon fhostaíocht nó obair seachas gníomhaíochtaí tí i d’áras teaghlaigh féin.

Má tá sé ar intinn agat filleadh ar do chuid fostaíochta níos luaithe ná mar atá scríofa ar d’fhoirm iarratais caithfidh tú é sin a chur in iúl do Rannóg an tSochair Mháithreachais coicís ar a laghad roimh an ‘dáta nua fillte ar an obair’.

Ní íocfar Sochar Máithreachais leat d’aon tréimhse a chaitheann tú lasmuigh den AE. Más saoránach den AE thú, is féidir leat Sochar Máithreachais a fháil d’aon tréimhse de do shaoire mháithreachais a chaith tú i dtír eile den AE. Ní féidir leat íocaíocht a fháil d’aon tréimhse ama a chaith tú lasmuigh den AE. Mura saoránach den AE thú, ní bhfaighidh tú Sochar Máithreachais ach do thréimhsí a chaith tú i bPoblacht na hÉireann.

Mura gcuireann tú isteach ar Shochar Máithreachais laistigh de shé mhí ón tráth a shaolaítear do leanbh, féadfaidh tú an sochar a chailliúint.

Rataí

Cé mar a ríomhtar méid an tSochair Mháithreachais

Má tá tú fostaithe ríomhtar do ráta seachtainiúil don Sochar Máithreachais tríd d’ioncam iomlán sa bhliain chánach chuí a roinnt ar an méid seachtainí a d'oibrigh tú an bhliain sin - tá 80% den méid seo iníoctha go seachtainiúil faoi réir ag íosíocaíocht agus uasíocaíocht. (Is í an Bhliain Chánach Ábhartha an dara bhliain dheireanach chánach ioncaim iomláin roimh an mbliain ina dtosaíonn do shaoire mháithreachais. Tosaíonn an Bhliain Shochair ar an gcéad Luan de mhí Eanáir gach bliain fhéilire agus críochnaíonn ar an Domhnach díreach roimh an gcéad Luan sa bhliain fhéilire dár gcionn.)

Má tá tú féinfhostaithe, ríomhtar do ráta seachtainiúil don Sochar Máithreachais tríd d'ioncaim iomlán sa bhliain chánach chuí a roinnt ar 52 seachtainí - tá 80% den méid seo iníoctha go seachtainiúil faoi réir ag íosíocaíocht agus ag uasíocaíoch.

Is iad seo na rátaí reatha íocaíochta i 2012
Íosíocaíocht: €217.80
Uasíocaíocht: €262

Má tá cleithiúnaithe agat cuirtear an ráta de Shochar Máithreachais a fhaigheann tú (gan méaduithe do chleithiúnaithe a áireamh) i gcomparáid le ráta an tSochair Bhreoiteachta (méaduithe do chleithiúnaithe san áireamh) a d’íocfaí leat dá mbeifeá as láthair ón obair de bharr breoiteachta. Íoctar an ráta is airde den dá ráta leat. Cé go dtosaíonn ráta an tSochair Bhreoiteachta ó bhunmhéid íseal pearsanta (is é €188 an t-uasráta pearsanta den Sochar Breoiteachta), cuireann sé i gcuntas, freisin, íocaíochtaí breise do do theaghlach, agus seo an fáth, ag brath ar chúinsí do chéile, do pháirtnéara shibhialta nó do chomháititheora agus ar cé mhéid leanaí atá agaibh, gur féidir leis an ráta a íoctar leat bheith níos mó ná an t-uasráta den Sochar Máithreachais (€262).

Mar shampla (rátaí 2012): Tá Mary i dteideal uasráta an tSochair Mháithreachais de €262 a fháil. Tá a páirtí dífhostaithe agus ag saighneáil i gcomhair creidmheasanna dífhostaíochta. Tá beirt leanaí acu. Dá bhfaigheadh sí Sochar Breoiteachta gheobhadh sí €372.40 (is é sin an ráta pearsanta de Shochar Breoiteachta + Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe + Méadú do Leanaí Cáilithe). Ní féidir léi níos lú Sochar Máithreachais a fháil ná an méid a gheobhadh sí dá mbeadh sí tinn agus Sochar Breoiteachta á fháil aici. Gheobhaidh sí €372.40 de Shochar Máithreachais ar an gcúis sin.

Má tá do chleithiúnaí aosaithe ag fáil íocaíochta leasa shóisialaigh ní bhfaighidh tú Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe (MDFC) ach féadfaidh tú Méadú do Leanbh Cáilithe (MLC) ar leathráta a fháil.

Beidh tú incháilithe do MDFC ag an ráta iomlán agus MLC ag an ráta iomlán, má tá do chleithiúnaí aosaithe dífhostaithe agus ag saighneáil i gcomhair creidmheasanna nó ag tuilleamh níos lú ná €100.01 sa tseachtain.

Má tá do chleithiúnaí aosaithe ag tuilleamh idir €100.01 agus €310 sa tseachtain gheobhaidh tú MDFC ag ráta laghdaithe agus MLC ag an ráta iomlán. Má tá do chleithiúnaí aosaithe ag tuilleamh idir €310.01 agus €400 sa tseachtain ní bhfaighidh tú MDFC ach gheobhaidh tú MLC ag leathráta. Má thuilleann do chleithiúnaí aosaithe os cionn €400.00 sa tseachtain ní bhfaighidh tú MDFC ná MLC.

Conas iarratas a dhéanamh

Is féidir leat an fhoirm MB10 (foirm pdf) a chomhlánú 6 seachtainí roimh an dáta a bhfuil sé i gceist agat dul ar shaoire mháithreachais agus seol chuig an Rannóg Shochair Mháithreachais í.

Má tá tú féinfhostaithe, ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar a laghad 12 seachtainí roimh é a bheith i gceist agat dul ar Shaoire Mháithreachais. Tá an fhoirm seo ar fáil tríd an bpost ag an seoladh thíos.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Rannóg an tSochair Mháithreachais

Roinn Coimirce Sóisialaí
Bóthar Mhic Artúir
Ard Rámhann
Bun Crannacha
Dún na nGall
Éire

Teil:(01) 471 5898
Lóghlao:1890 690 690
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie

Is féidir leat ríomhphost a chur chuig Rannóg an tSochair Mháithreachais agus úsáid á baint as foirm fhiosrúcháin shlán maidir le Sochar Máithreachais.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 April 2012

Teanga

English | Polsku | Română

Ábhar Gaolmhar

  • Sochar Uchtaíoch
    Déanann an doiciméad seo cur síos ar an íocaíocht sochar uchtaíoch a íocann an RGSPT le daoine a comhlíonann critéir áirithe. Míníonn sé chomh maith conas a ríomhtar an ráta íocaíochta.
  • Sochar Sábháilteachta agus Sláinte
    Achoimre ar Shochar Sábháilteachta agus Sláinte do mhná in Éirinn atá ag iompar/ag tabhairt bainne cíche dá leanaí.
  • Ag éileamh do chleithiúnaí aosaigh
    Tá méid breise a fháil do chleithiúnaí aosaigh mar ardú ar d'íocaíocht phearsanta. Déanann an doiciméad seo cur síos air/uirthi a bheith cáilithe mar cleithiúnaí aosaigh.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.