Íoctar an Sochar Sláinte agus Sábháilteachta go seachtainiúil do mhná fostaithe atá ag iompar clainne nó ag tabhairt na cíche do leanbh agus a bhfuil saoire shábháilteachta agus sláinte tugtha dóibh ag a bhfostóir siúd.
Tá soláthar Saoire Shláinte agus Sábháilteachta ó obair in Éirinn curtha ar fáil faoi Alt 18 den Acht um Chosaint Máithreachais 1994. Tugtar saoire shláinte agus sábháilteachta óna cuid oibre do bhean mura féidir lena fostóir contúirt ar bith dá sláinte a dhíothú agus í ag iompair clainne nó ag tabhairt na cíche do leanbh, nó mura bhféadtar obair shábháilte a sholáthar di.
Chun bheith i dteideal Sochar Sláinte agus Sábháilteachta a fháil, caithfear roinnt critéir ar leith agus coinníollacha ranníocaíochta árachas shóisialaigh (ÁSPC) a shásamh. Íocfaidh d’fhostóir an chéad 21 lá den saoire shláinte agus sábháilteachta; an Roinn Coimirce Sóisialaí a íocfaidh an fuílleach.
Má mheasann tú gur diúltaíodh go héagórach do d’iarratas ar shochar, is féidir leat achomharc a dhéanamh i leith an chinnidh seo.
Le linn do thréimhse Shaoire Sláinte agus Sábháilteachta measfar go bhfuil tú fós fostaithe. Breathnaítear ar am atá caite ar shaoire sláinte agus sábháilteachta mar thréimhse fostaíochta don fhostaí, agus is féidir an t-am seo a úsáid chun teidlíocht saoire bhliantúil a charnadh. Níl an fostaí i dteideal saoire maidir le saoirí poiblí ar bith a tharlaíonn nuair atá sí ar saoire sláinte agus sábháilteachta.
Chun Sochar Sláinte agus Sábháilteachta a fháil:
Caithfidh tú na coinníollacha ÁSPC seo leanas a shásamh:
Ciallaíonn bliain chánach ábhartha an bhliain chánach iomlán leathdheireanach roimh an bhliain ar a n-éilítear Sochar Sláinte agus Sábháilteachta. I gcás éileamh don bhliain 2012 is í 2010 an bhliain chánach ábhartha.
Leantar le híocaíocht an tSochair Sláinte agus Sábháilteachta go dtí:
Stoptar an Sochar Sláinte agus Sábháilteachta má chuirtear deireadh le do shaoire shláinte agus sábháilteachta ar cheann de na cúiseanna seo:
Céimnítear na rátaí i gcomhair an tSochair Sláinte agus
Sábháilteachta de réir do mheántuillimh seachtainíúil sa
bhliain chánach a bhaineann le hábhar.
Rátaí seachtainiúil maidir le éileamh nua i 2012:
| Tuilleamh seachtainiúil | Ráta Pearsanta | Duine Fásta Cáilithe |
| Níos lú ná €150 | €84.50 | €80.90 |
| €150-219.99 | €121.40 | €80.90 |
| €220-299.99 | €147.30 | €80.90 |
| €300 nó níos mó | €188 | €124.80 |
Is féidir Sochar Sláinte agus Sábháilteachta a íoc isteach díreach i do chuntas bainc nó, is féidir an íocaíocht a dhéanamh le seic. Geobhaidh tú ráta pearsanta agus is féidir go bhfaighidh tú íocaíocht do dhuine fásta cáilithe agus do leanbh cáilithe. Ní dhéanann do mheánioncaim seachtainiúil difear don ráta íocaíochta do leanbh cáilithe.
Comhlánaigh an fhoirm HSB1 agus seol ar ais í chuig Rannnóg an tSochair Shláinte agus Sábháilteachta (seoladh thíos).
Caithfidh tú cuid 1,2 agus 4-8 a chomhlánú.
Ba chóir do d’fhostóir cuid 3 a chomhlánú.
Ba chóir do do dhochtúir teaghlaigh cuid 9 a chomhlánú.
Bóthar Mhic Artúir
Ard Rámhann
Bun Crannacha
Dún na nGall
Éire
Teil:(01) 471 5898
Lóghlao:1890 690 690
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.